Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
alt=""
European Union/Getty Images
Aontas Sláinte na hEorpa

Ár sláinte á cosaint i dteannta a chéile

Ní féidir linn fanacht go deireadh na paindéime sula dtéimid i mbun deisiúcháin agus sula n-ullmhaímid don todhchaí. Cuirfimid bunchloch níos láidre faoi Aontas Sláinte na hEorpa, aontas ina n-oibríonn 27 dtír as lámha a chéile chun fadhbanna a bhrath, muid féin a ullmhú lena n-aghaidh agus freagairt orthu i dteannta a chéile.

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus í ag labhairt ag an gCruinniú Mullaigh Domhanda um Shláinte (25 Deireadh Fómhair 2020)

Cad é Aontas Sláinte na hEorpa?

Tá Aontas Sláinte na hEorpa atá láidir á thógáil ag an gCoimisiún Eorpach, aontas ina n-ullmhaíonn gach tír san Aontas Eorpach do ghéarchéimeanna sláinte agus ina bhfreagraíonn siad le chéile orthu, aontas ina bhfuil soláthairtí leighis ar fáil, inacmhainne agus nuálach agus aontas ina n-oibríonn tíortha i gcomhar le chéile chun feabhas a chur ar chosc, ar chóireáil agus ar iarchúram i leith galair ar nós na hailse.

Cuidíonn Aontas Sláinte na hEorpa chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • cosaint níos fearr a thabhairt do shláinte ár saoránach
  • a chur ar a gcumas don Aontas agus do na Ballstáit dul i ngleic le paindéimí a bheidh ann amach anseo agus iad a chosc
  • feabhas a chur ar athléimneacht chórais sláinte na hEorpa

Ceachtanna ó phaindéim an choróinvíris

Léirigh an phaindéim an tábhacht a bhaineann leis an gcomhordú i measc thíortha na hEorpa chun sláinte daoine a chosaint, le linn géarchéime agus i ngnáth-amanna araon nuair is féidir linn dul i ngleic le bunfhadhbanna sláinte, infheistíocht a dhéanamh i gcórais láidre sláinte agus oiliúint a chur ar oibrithe cúraim sláinte. Cuireann Aontas Sláinte na hEorpa feabhas ar chosaint, cosc, ullmhacht agus freagairt ar ghuaiseacha sláinte daonna ar leibhéal an Aontais.

Príomhghníomhaíochtaí

Spás Eorpach Sonraí Sláinte

Seoladh Spás Eorpach Sonraí Sláinte le déanaí agus tá sé ar cheann de bhunchlocha Aontas Sláinte na hEorpa agus cloch mhíle i gclaochlú digiteach an Aontais. Is é is aidhm don Spás Eorpach Sonraí Sláinte:

  • feabhas a chur ar sholáthar cúraim sláinte ar fud an Aontais, trí dhaoine a chumhachtú chun a gcuid sonraí sláinte a rialú ina dtír dhúchais nó i dtíortha eile an Aontais
  • creat comhsheasmhach, slán, iontaofa agus éifeachtúil a chur ar fáil chun sonraí sláinte a úsáid. Faoi choinníollacha dochta, beidh rochtain ag taighdeoirí, nuálaithe, institiúidí poiblí nó lucht tionscail ar mhéideanna móra sonraí sláinte ardcháilíochta, ar sonraí iad atá riachtanach chun cóireálacha, vacsaíní nó feistí leighis a fhorbairt a shábhálann beatha daoine.
  • fíormhargadh aonair a chothú le haghaidh seirbhísí agus táirgí sláinte digiteacha

Cuireann an Spás Eorpach Sonraí Sláinte le dianphríobháideachas sonraí, le hidir-inoibritheacht agus le ceanglais slándála, an chibearshlándáil san áireamh, rud atá ríthábhachtach do mhuinín na saoránach agus do stóinseacht an tionscadail.

Faigh tuilleadh eolais faoin Spás Eorpach Sonraí Sláinte

Slándáil sláinte dhomhanda

Chun slándáil sláinte dhomhanda a fheabhsú agus sláinte níos fearr a chur ar fáil do chách i ndomhan atá ag athrú, ghlac an Coimisiún Straitéis Sláinte Dhomhanda nua de chuid an Aontais i mí na Samhna 2022.

Cuireann an Straitéis an tsláinte dhomhanda mar cholún ríthábhachtach de bheartas seachtrach an Aontais. Cuirtear chun cinn inti comhpháirtíochtaí atá inbhuanaithe agus fiúntach agus leas á bhaint as an straitéis Global Gateway. Mar an ghné sheachtrach d’Aontas Sláinte na hEorpa, tá an straitéis ceaptha chun gníomhaíocht an Aontais a threorú chun ullmhacht agus freagairt níos fearr ar bhagairtí a chinntiú.

Doiciméid

25 EANÁIR 2022
Regulation on a reinforced role for the European Medicines Agency
English
(494.86 KB - HTML)
Íoslódáil
11 SAMHAIN 2020
Communication: Building a European Health Union - preparedness and resilience
English
(239.38 KB - HTML)
Íoslódáil
11 SAMHAIN 2020
Togra le haghaidh Rialachán maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte
Gaeilge
(HTML)
Íoslódáil
11 SAMHAIN 2020
Togra maidir le síneadh a chur le sainordú an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú
Gaeilge
(448.08 KB - HTML)
Íoslódáil
11 SAMHAIN 2020
Factsheet: "A European Health Union: tackling health crises together – The role of EU agencies"
Gaeilge
(5.95 KB - HTML)
Íoslódáil