Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Lámha a ní chun beatha daoine a shábháil san Afraic Thoir

water cans, ©European Union, 2019

Tá sé léirithe ag paindéim an choróinvíris nach mbeidh aon duine againn sábháilte go mbeimid go léir sábháilte, cibé áit a bhfuil cónaí orainn, cibé rud atá inár seilbh againn. Ní mór dúinn smacht a bheith againn ní hamháin ar an víreas laistigh den Aontas, ach ar a leathadh lasmuigh de freisin.

San Afraic Thoir tá an tAontas Eorpach, i gcomhar leis na húdaráis áitiúla, na Ballstáit agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, ag cinntiú go bhfuil teacht ar uisce sábháilte agus ag méadú na saoráidí sláintíochta chun cuidiú le pobail áitiúla teacht slán as an bpaindéim.

An tSomáil

Somalia - issack © European Union 2019

Issack Liban © An tAontas Eorpach/Mohamed Maslah, 2019

Seo é Issack Liban. Is taoiseach é as pobal Abore, i réigiún iargúlta Gedo sa tSomáil agus tá sé 56 bliana d’aois.

Tá an tAontas Eorpach ag cur maoiniú ar fáil chun tobar uisce nua a thógáil agus córas píblíne, gineadóir agus caidéal a chur isteach chun cuidiú le pobal Issack.

“Féadfaidh tú a bheith cinnte de go dtabharfaimid togha na haire don fhoinse uisce seo, ós rud é go bhfuil ár mbeatha ag brath air.”

Tá sé seo á dhéanamh mar chuid de thionscadal BORESHA (Deiseanna Athléimneachta a Thógáil i gCorn na hAfraice), atá á mhaoiniú ag an Aontas agus á chur i bhfeidhm ag Comhairle Dídeanaithe na Danmhairge agus eagraíochtaí neamhrialtasacha eile.

Somalia - Boresha workers, ©European Union, 2019

Oibrithe BORESHA sa tSomáil © An tAontas Eorpach/Mohamed Maslah, 2019

Cuidíonn an tógáil le muintir na háite a ndea-chleachtais níocháin lámh agus sláinteachais a chleachtadh go rialta, agus ba mhór an cuidiú é freisin i dtaobh leathadh an choróinvíris a chomhrac.

Ach tá níos mó ná sin i gceist leis na buntáistí a bhaineann leis. Is cor cinniúnach í an fhoinse uisce nua seo i saol na 175 theaghlach sa phobal, ós rud é go gcuireann sé soláthar leordhóthanach uisce glaine ar fáil le haghaidh obair tí agus beostoic.

A bhuí le níos mó glantacháin agus níocháin, laghdaítear leathadh tinneas agus galar uisce-iompartha. Féadfaidh na páistí, go háirithe na cailíní, níos mó ama a chaitheamh ar a gcuid oideachais ós rud go bhfuil níos lú ama á chaitheamh acu ag bailiú uisce. Agus, go ginearálta, caitear níos lú ama ar thimireacht, rud a fhágann go bhfuil níos lú oibre le déanamh agus go mbíonn caighdeán maireachtála níos fearr ag na mná.

Local woman and BORESHA project manager in Somalia ©European Union, 2019

Bean de mhuintir na háite agus bainisteoir tionscadail BORESHA sa tSomáil © An tAontas Eorpach/Mohamed Maslah, 2019

Tá tionscadal BORESHA i bhfeidhm san Aetóip agus sa Chéinia freisin. A bhuí leis an tacaíocht a fhaightear uaidh, tá teacht ag níos mó ná 9,000 duine sna trí thír sin ar uisce glan cóngarach don bhaile.

“Bhí níos mó imní orm faoi uisce ná mar a bhí faoi aon rud eile i mo shaol. Tá sé an fhad sin ón uair dheireanach a chonaic mé uisce glan sa sráidbhaile gurb amhail le míorúilt é i bhfírinne.”

An Chéinia

Tá an tAontas Eorpach i mbun oibre le comhpháirtithe chun rochtain a thabhairt do níos mó daoine ar uisce glan agus chun saoráidí sláintíochta níos fearr a thógáil sna 25 theophointe is mó buailte ag an bpaindéim ar fud na Céinia.

Tá stáisiúin chosoibrithe níocháin lámh suiteáilte i margaidh, in institiúidí sláinte, i stáisiúin phóilíní agus i mbeairicí míleata.

Kenya - woman using mobile station ©Water Sector Trust Fund, 2020

Bean ag baint úsáid as an stáisiún soghluaiste níocháin lámh sa Chéinia © Ciste Iontaobhais na hEarnála Uisce, 2020

Agus níl aon imní ann go rithfidh na haonaid sláintíochta soghluaiste sin as uisce glan. Tá umair uisce ollmhóra seachadta ar fud na tíre; tá cuid acu dhá oiread chomh mór le duine agus féadfaidh siad suas le 10,000 lítear a choinneáil. Tá gallúnach curtha ar fáil go forleathan freisin, agus tá cuid mhór eolais á scaipeadh maidir leis an mbealach ar féidir le dea-chleachtais sláinteachais leathadh an víris a chomhrac.

Kenya - officials in front of tank ©Water Sector Trust Fund, 2020

Oifigigh áitiúla os comhair umar uisce sa Chéinia © Ciste Iontaobhais na hEarnála Uisce, 2020

Tá an obair sin mar chuid de ‘Chlár Tacaíochta Covid-19’ an Aontais, clár a bhfuil €1.8 milliún slógtha aige in éineacht leis an Danmhairg, an Fhionlainn agus an tSualainn. Ar an talamh, bíonn muintir an chláir ag obair i gcomhar le hoifigigh sláinte poiblí áitiúla agus le Ciste Iontaobhais na hEarnála Uisce atá faoi úinéireacht an stáit, chomh maith le hoibrithe sláinte pobail agus oibrithe deonacha.

Ar an iomlán, meastar go rachaidh an tacaíocht seo chun tairbhe do bheagnach 120,000 duine a bhfuil cónaí orthu i gceantair uirbeacha ísealioncaim.

Is rúnaí é Edwin Tanui i gCumann Foraoiseachta Phobal Koitegan na Céinia. Is mór aige an dáileoir uisce pobail atá bronnta ag an tionscadal.

“Le linn na paindéime seo, is é an rud is fearr is féidir linn a dhéanamh ná aire a thabhairt don sláinteachas, ár lámha a ní, fanacht ar shiúl ó dhaoine eile agus maisc aghaidhe a chaitheamh,” a deir Edwin Tanui.

Tá an tAontas ag obair leis an gCéinia le fada an lá chun dúshláin éagsúla a shárú, amhail slándáil bhia, tubaistí comhshaoil, agus bainistiú na milliún dídeanaithe a bhí ag lorg tearmainn sa tír sin le blianta beaga anuas.

Níor tháinig aon athrú air sin le linn phaindéim an choróinvíris. Faoi láthair tá an tAontas agus a Bhallstáit ag atreorú a gcuid maoiniúcháin chuig na ceantair is mó atá ina ghátar chun freagairt ar an bpaindéim. Is é is ciall leis sin go gcaitear cuid mhór de ar rochtain ar uisce agus ar shláintíocht, chun cuidiú le pobail áitiúla smacht a fháil ar an ngéarchéim agus chun go mbeidh siad níos athléimní má tharlaíonn ráigeanna eile amach anseo.

Ní bheimid slán ón bpaindéim seo go mbeidh ár gcomhpháirtithe ar fud an domhain slán uaithi freisin.

Kenya - women in front of tank. ©Water Sector Trust Fund, 2020

An pobal áitiúil os comhair umar uisce sa Chéinia © Ciste Iontaobhais na hEarnála Uisce, 2020