Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Amlíne ghníomhaíocht an Aontais 2022

Deireadh Fómhair 2022

  1. 11 Deireadh Fómhair 2022
    €11 bhilliún sa bhreis bailithe ag an gCoimisiún le haghaidh NextGenerationEU agus chun tacú leis an Úcráin

    D’eisigh an Coimisiún €11 bhilliún in idirbheart déthráinse a n-úsáidfear na fáltais chun tacú leis an Úcráin faoi chlár MFA an Aontais agus faoi théarnamh na hEorpa faoin gclár suaitheanta NextGenerationEU. Is éard a bhí sa chomhaontú rannchuidiú €5 bhilliún den bhanna 7 mbliana a thiocfaidh in aibíocht an 4 Nollaig 2029 agus banna nua 20 bliain €6 bhilliún a thiocfaidh in aibíocht an 4 Samhain 2042.

Meán Fómhair 2022

  1. 26 Meán Fómhair 2022
    Deimhníodh sa cheathrú tuarascáil gur éirigh le SURE poist a chosaint le linn na paindéime

    D’fhoilsigh an Coimisiún an ceathrú tuarascáil leathbhliantúil uaidh maidir le cur chun feidhme agus tionchar SURE. Léirítear sa tuarascáil gur chosain bearta náisiúnta mhargadh an tsaothair, ar thacaigh SURE leo, thart ar 1.5 milliún duine go héifeachtach ar an dífhostaíocht in 2020. Bhí sé ríthábhachtach an fhostaíocht a chosaint chun an téarnamh eacnamaíoch tapa in 2021 a éascú, rud a bhí ní ba thapúla ná mar a bhí i ngéarchéimeanna roimhe sin. Chuidigh SURE le gur féidir sin a dhéanamh trí scéimeanna maoinithe chun deis a thabhairt do ghnólachtaí fostaithe agus scileanna a choinneáil, agus chun cabhrú le daoine féinfhostaithe a bheith réidh chun a ngníomhaíochtaí a atosú láithreach, agus trí mhuinín a spreagadh ar fud an Aontais.

  2. 13 Meán Fómhair 2022
    €12 bhilliún breise tiomsaithe ag an gCoimisiún Eorpach chun tacú le téarnamh na hEorpa

    D’eisigh an Coimisiún €12 bhilliún in idirbheart déthráinse faoina chlár suaitheanta NextGenerationEU. Ba é an comhaontú an 12ú hidirbheart sindeacáite faoi NextGenerationEU agus an 7ú hidirbheart in 2022. Is éard a bhí ann banna nua 5 bliana €7 mbilliún a thiocfaidh in aibíocht an 4 Deireadh Fómhair 2027 agus banna nua 30 bliain €5 bhilliún a thiocfaidh in aibíocht an 4 Deireadh Fómhair 2052.

  3. 8 Meán Fómhair 2022
    Plean téarnaimh agus athléimneachta €4.7 billiún na hÍsiltíre formhuinithe ag an gCoimisiún

    Rinne an Coimisiún measúnú dearfach ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na hÍsiltíre. Sin céim thábhachtach chun an bealach a réiteach don Aontas deontais dar luach €4.7 billiún a eisíoc leis an Ísiltír faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Leis an maoiniú sin, tacófar le cur chun feidhme na mbeart ríthábhachtach infheistíochta agus athchóirithe a leagtar amach i bplean téarnaimh agus athléimneachta na hÍsiltíre. Beidh ról ríthábhachtach aige sin i dtaca lena chur ar chumas na hÍsiltíre a bheith níos láidre tar éis phaindéim COVID-19.

  4. 1 Meán Fómhair 2022
    Dhá vacsaín oiriúnaithe údaraithe ag an gCoimisiún

    Bunaithe ar an moladh ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach, d’údaraigh an Coimisiún an chéad dá theanndáileog vacsaíne in aghaidh COVID-19 le BioNTech Pfizer agus Moderna atá curtha in oiriúint d’athraithigh.

Lúnasa 2022

  1. 2 Lúnasa 2022
    Conradh Soláthair Chomhpháirtigh le HIPRA sínithe ag an gCoimisiún le haghaidh vacsaíní in aghaidh COVID-19

    Shínigh HERA, Údarás an Choimisiúin Eorpaigh um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte, Creatchonradh um sholáthar comhpháirteach leis an gcuideachta HIPRA HUMAN HEALTH chun a vacsaín próitéine in aghaidh COVID-19 a sholáthar. Tá 14 cinn de Bhallstáit agus tíortha rannpháirteach sa soláthar comhpháirteach sin, faoinar féidir leo suas le 250 milliún dáileog a cheannach.

Mí Iúil 2022

  1. 12 Iúil 2022
    €8 mbilliún tiomsaithe ag an gCoimisiún ina 11ú hidirbheart ó cuireadh tús leis an gclár

    Inniu d’eisigh an Coimisiún Eorpach €8 mbilliún in idirbheart déthráinse faoin ionstraim théarnaimh NextGenerationEU. Ba é an comhaontú an 11ú hidirbheart sindeacáite faoi NextGenerationEU agus an 6ú hidirbheart in 2022. Is éard a bhí ann banna nua 7 mbliana €5 bhilliún a thiocfaidh in aibíocht an 4 Nollaig 2029 agus rannchuidiú €3 bhilliún de bhanna 20 bliain atá ann cheana a thiocfaidh in aibíocht an 4 Iúil 2041.

Meitheamh 2022

  1. 24 Meitheamh 2022
    An séú vacsaín in aghaidh COVID-19 údaraithe ag an gCoimisiún

    Thug an Coimisiún údarú margaíochta don vacsaín in aghaidh COVID-19 a d’fhorbair Moderna, an séú vacsaín in aghaidh COVID-19 a údaraíodh san Aontas. Tugadh an t-údarú sin ar bhonn moladh eolaíoch dearfach ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA).

  2. 21 Meitheamh 2022
    €5 bhilliún tiomsaithe ag an gCoimisiún i mbannaí glasa sa 10ú hidirbheart rathúil

    D’eisigh an Coimisiún €5 bhilliún eile i mbannaí glasa NextGenerationEU sa 10ú hidirbheart sindeacáite faoin ionstraim théarnaimh NextGenerationEU. An banna fada 25 bliana a thiocfaidh in aibíocht an 4 Feabhra 2048, bhí sé ró-shuibscríofa faoi shé agus os a chionn sin. Leis an idirbheart sin, d’eisigh an Coimisiún €47.5 billiún ar an iomlán sa chéad leath de 2022, rud a fhágann go bhfuil sé céim amháin níos gaire do sprioc maoinithe €50 billiún NextGenerationEU don chéad sé mhí den bhliain.

  3. 1 Meitheamh 2022
    Plean téarnaimh agus athléimneachta €35.4 billiún na Polainne formhuinithe ag an gCoimisiún

    Rinne an Coimisiún measúnú dearfach ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Polainne, rud ar céim thábhachtach é i dtreo deontais dar luach €23.9 billiún agus iasachtaí dar luach €11.5 billiún a bheith eisíoctha ag an Aontas faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Leis an maoiniú sin, tacófar le cur chun feidhme na mbeart ríthábhachtach infheistíochta agus athchóirithe a leagtar amach i bplean téarnaimh agus athléimneachta na Polainne. Cuirfidh sé ar chumas na Polainne teacht chun cinn níos láidre tar éis phaindéim COVID-19 agus dul chun cinn a dhéanamh leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach.

Bealtaine 2022

  1. 12 Bealtaine 2022
    Dlús a chur le maoiniú chun vacsaíní a leathadh amach san Afraic

    D’fhógair an Coimisiún go bhfuil sé ar intinn aige dlús a chur leis an maoiniú chun borradh a chur faoi leathadh amach agus úsáid vacsaíní agus uirlisí eile maidir le COVID-19 san Afraic, le tacaíocht bhreise €400 milliún. Chomh maith leis sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún ranníocaíocht €427 milliún a thabhairt don Chiste Domhanda um Ullmhacht i leith Paindéimí chun tacú le hiarrachtaí le paindéimí amach anseo a chosc agus chun freagairt dóibh ar bhealach níos fearr.

  2. 11 Bealtaine 2022
    €9 mbilliún breise bailithe ag an gCoimisiún chun tacú le téarnamh agus athléimneacht na hEorpa

    D’eisigh an Coimisiún €9 mbilliún breise in idirbheart déthráinse faoin ionstraim théarnaimh NextGenerationEU. Is é an comhaontú an 9ú hidirbheart sindeacáite faoi NextGenerationEU, agus an 4ú ceann in 2022. Is éard a bhí ann banna nua 3 mbliana €6 bhilliún a thiocfaidh in aibíocht an 4 Iúil 2025 agus rannchuidiú €3 bhilliún de bhanna 30 bliain atá ann cheana a thiocfaidh in aibíocht an 6 Iúil 2051. Is é seo an chéad bhanna 3 bliana atá eisithe ag an gCoimisiún faoina straitéis chistiúcháin éagsúlaithe.

Aibreán 2022

  1. 27 Aibreán 2022
    Iarrtha ag an gCoimisiún ar na Ballstáit dlús a chur leis an ullmhacht don chéad chéim eile den phaindéim

    Mhol an Coimisiún tacar gníomhaíochtaí chun an chéim reatha de phaindéim COVID-19 a bhainistiú agus chun déanamh réidh don chéad chéim eile. D’iarr sé ar na Ballstáit bearta a dhéanamh roimh an bhfómhar chun deimhin a dhéanamh den fhorairdeall agus den chomhordú leanúnach ar ullmhacht agus freagairt sláinte.

  2. 7 Aibreán 2022
    Plean téarnaimh agus athléimneachta €6.3 billiún na Bulgáire formhuinithe ag an gCoimisiún

    Ghlac an Coimisiún measúnú dearfach i leith phlean téarnaimh agus athléimneachta na Bulgáire. Sin céim thábhachtach chun an bealach a réiteach don Aontas deontais dar luach €6.3 billiún a eisíoc faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Leis an maoiniú sin, tacófar le cur chun feidhme na mbeart ríthábhachtach infheistíochta agus athchóirithe a leagtar amach i bplean téarnaimh agus athléimneachta na Bulgáire. Beidh ról lárnach aige sin i dtaca lena chur ar chumas na Bulgáire a bheith níos láidre tar éis phaindéim COVID-19.

Márta 2022

  1. 29 Márta 2022
    Plean téarnaimh agus athléimneachta €3.3 billiún na Sualainne formhuinithe ag an gCoimisiún

    Ghlac an Coimisiún measúnú dearfach i leith phlean téarnaimh agus athléimneachta na Sualainne. Sin céim thábhachtach chun an bealach a réiteach don Aontas deontais dar luach €3.3 billiún a eisíoc leis an tSualainn faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Leis an maoiniú sin, tacófar le cur chun feidhme na mbeart ríthábhachtach infheistíochta agus athchóirithe a leagtar amach i bplean téarnaimh agus athléimneachta na Sualainne. Beidh ról lárnach aige sin i dtaca lena chur ar chumas na Sualainne a bheith níos láidre tar éis phaindéim an choróinvíris. 

  2. 24 Márta 2022
    SURE Rath leanúnach léirithe sa tríú tuarascáil maidir le poist a chosaint agus an téarnamh a chothú

    D’fhoilsigh an Coimisiún an tríú tuarascáil dhébhliantúil uaidh maidir le cur chun feidhme agus tionchar SURE, an ionstraim dar luach €100 billiún a ceapadh chun poist agus ioncaim a chosaint a ndearna paindéim COVID-19 difear dóibh. Deimhníodh sa tuarascáil gur éirigh le SURE tionchar na paindéime a mhaolú agus tacaíocht a thabhairt don téarnamh in 2021.

  3. 22 Márta 2022
    An dara heisiúint bannaí curtha i gcrích go rathúil in 2022

    Thiomsaigh an Coimisiún cistí NextGenerationEU eile dar luach €10 mbilliún tríd an dara sindeacáit bannaí uaidh in 2022. Leis an mbanna 10 mbliana, a thiocfaidh in aibíocht an 6 Iúil 2032, is é €91 bhilliún an maoiniú iomlán atá tiomsaithe faoin gclár. Leanfaidh an socrúchán sin de thacaíocht a thabhairt do théarnamh eacnamaíoch na hEorpa faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus faoi na cláir eile um buiséid an Aontais a mhaoinítear trí NextGenerationEU.

  4. 1 Márta 2022
    Léirithe sa chéad tuarascáil bhliantúil ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta go bhfuil an cur chun feidhme faoi lán seoil

    Ghlac an Coimisiún an chéad tuarascáil bhliantúil uaidh maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), arb í croílár NextGenerationEU í. Cuireann an tSaoráid suas le €723.8 billiún i bhfoirm deontas agus i bhfoirm iasachtaí ar fáil do na Ballstáit chun tacú le hinfheistíochtaí agus athchóirithe claochlaitheacha lena gcuirfear ar a chumas don Aontas Eorpach a bheith níos láidre tar éis phaindéim COVID-19. Léirítear sa tuarascáil go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta agus dearbhaítear inti go bhfuil cur chun feidhme RFF faoi lán seoil.

Feabhra 2022

  1. 10 Feabhra 2022
    An chéad phlean oibre seolta ag HERA, a bhfuil €1.3 billiún ag gabháil leis, maidir le hullmhacht agus freagairt d’éigeandálaí sláinte in 2022

    Chuir an tÚdarás nua Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA) a chéad phlean oibre bliantúil, rud a mbeidh buiséad €1.3 billiún ag gabháil leis in 2022 chun ullmhú agus freagairt d’éigeandálaí sláinte trasteorann agus chun iad a chosc.

  2. 8 Feabhra 2022
    €5 bhilliún breise tiomsaithe ag an gCoimisiún chun tacú le téarnamh na hEorpa

    Sa chéad sindeacáitiú bannaí a bhí aige in 2022, chuir an Coimisiún comhaontú rathúil eile i gcrích agus thiomsaigh sé €5 bhilliún breise i gcistí NextGenerationEU thar ceann an Aontais Eorpaigh. Cuireadh an banna 30 bliain, atá dlite an 6 Iúil 2051, i ngníomh mar mhéadú ar bhanna de chuid an Aontais a bhí ann cheana, agus fágann sé gurb é €78.5 billiún an maoiniú iomlán atá tiomsaithe faoin gclár. Cuideoidh socrúchán rathúil an Choimisiúin chun dlús a choinneáil le téarnamh na hEorpa ó phaindéim COVID-19.

  3. 3 Feabhra 2022
    Molta ag an gCoimisiún síneadh bliana a chur le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais

    Mhol an Coimisiún síneadh bliana a chur le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais Eorpaigh go dtí an 30 Meitheamh 2023. Trí shíneadh a chur leis an Rialachán, cinnteofar go mbeidh taistealaithe in ann leanúint dá nDeimhnithe Digiteacha COVID AE a úsáid agus iad ag taisteal san Aontas, i gcás ina gcoinníonn na Ballstáit bearta sláinte poiblí áirithe i bhfeidhm.

Eanáir 2022

  1. 25 Eanáir 2022
    An tAontas Sláinte Eorpach: ról níos láidre don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach

    Mar chuid den obair leanúnach chun Aontas Sláinte Eorpach láidir a fhorbairt, ghlac an Chomhairle an Rialachán lena n-athbhreithnítear sainordú na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA), agus céim thábhachtach á déanamh aici i dtreo EMA a atreisiú maidir le hullmhacht agus bainistiú i leith géarchéimeanna agus táirgí íocshláinte agus feistí leighis.

  2. 21 Eanáir 2022
    Réamh-mhaoiniú €271 mhilliún eisíoctha ag an gCoimisiún leis an bhFionlainn

    D’eisíoc an Coimisiún réamh-mhaoiniú €271 mhilliún leis an bhFionlainn, méid is ionann agus 13% de leithdháileadh deontais na tíre faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Leis an íocaíocht réamh-mhaoiniúcháin sin cuideofar chun dlús a chur le cur chun feidhme na mbeart ríthábhachtach infheistíochta agus athchóirithe a leagtar amach i bplean téarnaimh agus athléimneachta na Fionlainne.