Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Na príomhphointí is déanaí

Féach ar na príomhphointí ó mhí Eanáir go mí Aibreáin 2021

Protective equipment

27 Aibreán 2021 – Tacaíocht ríthábhachtach á sheoladh ag an Aontas go dtí an India trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta

Déanfaidh Ballstáit de chuid an Aontais lastas d’ocsaigin, leigheas agus trealamh, a bhfuil géarghá leis, a sheachadadh chun na hIndia sna laethanta amach romhainn, tar éis don tír tacaíocht a iarraidh. Chuir Éire 700 dlúthaitheoir ocsaigine ar fáil; 1 ghineadóir oscaigine; 365 aerálaí; Chuir an Bheilg 9,000 dáileog den leigheas frithvíreasach Remdesivir ar fáil; Chuir an Rómáin 80 dlúthaitheoir ocsaigine agus 75 shorcóir ocsaigine ar fáil; Chuir Lucsamburg 58 n-aerálaí ar fáil; Chuir an Phortaingéil 5,503 fhial de Remdesivir agus 20,000 lítear ocsaigine in aghaidh na seachtaine ar fáil, agus chuir an tSualainn 120 aerálaí ar fáil. Táthar ag dréim leis go mbeidh tuilleadh tacaíochta de chuid an Aontais ag teacht ó Bhallstáit eile sna laethanta amach romhainn, an Fhrainc agus an Ghearmáin ina measc.

Berlaymont

16 Aibreán 2021 – Maoiniú infheistíochta REACT-EU dar luach €562.5 milliún leithdháilte ar an mBulgáir, an Fhionlainn, an Fhrainc agus an Liotuáin

Le hinfheistíochtaí REACT-EU ar fiú €562.5 milliún iad, cuirfear leis an bhfreagairt ar an gcoróinvíreas sa Bhulgáir, san Fhionlainn, sa Fhrainc agus sa Liotuáin tríd an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas. Is cuid de NextGenerationEU é REACT-EU agus tá sé ag cur tacaíocht bhreise dar luach €47.5 billiún ar fáil do chláir an Bheartais Chomhtháthaithe in 2021 agus 2022, agus béim ar leith aige ar thacú le poist, le gnólachtaí agus leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Cuireadh an infheistíocht i leataobh chun tacú le hoiriúnuithe bonneagair fadtéarmacha agus athléimneacht na ngnólachtaí a neartú sa Bhulgáir, chun an taighde agus an nuálaíocht a fhorbairt san Fhionlainn, chun caipiteal oibre a chur ar fáil sa Fhrainc agus chun infheistíochtaí taighde a fheabhsú agus táirgí nua a fhorbairt sa Liotuáin ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar an bpaindéim.

President von der Leyen

14 Aibreán 2021 – 100 milliún vacsaíniú in aghaidh COVID-19 san Aontas Eorpach

Seo mar a labhair an tUachtarán von der Leyen: ‘Tá dlús á chur leis an vacsaíniú ar fud na hEorpa! Faoin lá inné bhí breis agus 126 mhilliún dáileog de vacsaíní faighte ag na Ballstáit. Agus tá áthas orm a rá go bhfuil 100 milliún vacsaíniú bainte amach againn san Aontas inniu. Is cloch mhíle é sin as ar féidir linn a bheith bródúil.’

Picture of the Berlaymont facade

14 Aibreán 2021 – Tá obair ullmhúcháin ar bun ag an gCoimisiún Eorpach chun suas le €800 billiún a thiomsú faoi NextGenerationEU leis an téarnamh a mhaoiniú

Tá bearta déanta ag an gCoimisiún Eorpach le cinntiú go ndéanfar iasachtaí ón ionstraim téarnaimh shealadaigh NextGenerationEU a mhaoiniú ar na téarmaí is mó tairbhe do na Ballstáit agus na saoránaigh. Bainfidh an Coimisiún leas as straitéis maoiniúcháin éagsúlaithe chun tuairim agus €800 billiún a thiomsú i bpraghsanna reatha suas go dtí 2026.

Humanitarian aid workers in a warehouse

8 Aibreán 2021 – Leanann Team Europe den tacaíocht do thíortha comhpháirtíochta le breis agus €26 bhilliún eisíoctha in aon bhliain amháin

Faoin 1 Eanáir 2021 bhí tacaíocht dar luach breis agus €26 bhilliún curtha ar fáil cheana féin ag Team Europe do níos mó ná 130 tír comhpháirtíochta ar fud an domhain. Caitheadh €3.2 billiún chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais dhaonnúla. Caitheadh €3.5 billiún chun córais sláinte, uisce agus sláintíochta a neartú. Caitheadh €19.5 billiún chun iarmhairtí socheacnamaíocha na paindéime a mhaolú. Tá Team Europe ag obair freisin chun rochtain chomhionann dhomhanda ar vacsaíní in aghaidh COVID-19 a chinntiú, tá sé ag tacú le rolladh amach na bhfeachtas vacsaínithe, agus san am céanna, tá sé ag féachaint ar fhéidearthachtaí chun borradh a chur faoi acmhainneacht mhonaraíochta áitiúla. Bhí ról ceannasach ag an Aontas i mbunú na Saoráide COVAX, agus tá Team Europe ar na deontóirí is mó dó le breis agus €2.2 billiún bronnta aige.

ghs-visual.jpg

7 Aibreán 2021 – Cruinniú Mullaigh Sláinte Domhanda: Bí ar an eolas leis an suíomh gréasáin nua

Chuir an Coimisiún Eorpach suíomh gréasáin nua ar líne ar a bhfuil eolas tábhachtach maidir leis an gCruinniú Mullaigh Sláinte Domhanda atá le teacht. Tionólfar an Cruinniú Mullaigh an 21 Bealtaine 2021 sa Róimh agus is é an Coimisiún Eorpach agus Uachtaránacht na hIodáile ar G20 a óstálfaidh. Deis a bheidh ann do cheannairí G20 agus ceannairí eile a bhfuil cuireadh faighte acu, do cheannairí eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha, agus d’ionadaithe comhlachtaí domhanda sláinte na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19 a chomhroinnt.

Image of the Berlaymont banner "Next Generation EU"

6 Aibreán 2021 – Na chéad bhearta tacaíochta REACT-EU don téarnamh agus don aistriú formheasta i gcás na hÍsiltíre agus na Ostaire

D’fhormheas an Coimisiún na chéad chinntí faoi REACT-EU maidir le modhnú a dhéanamh ar cheithre chlár oibríochtúla le haghaidh Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa san Ísiltír agus san Ostair, rud a chuirfidh beagnach €262 mhilliún ó REACT-EU leis an maoiniú atá ar fáil le haghaidh infheistíochtaí. Dá thoradh sin, ba iad an Ísiltír agus an Ostair na chéad Bhallstáit a ndeachaigh REACT-EU chun tairbhe dóibh. Is cuid de NextGenerationEU iad na hacmhainní sin, agus a bhuí leo, leantar de na bearta atá á ndéanamh trí bhíthin na dTionscnamh Infheistíochta um an bhFreagairt ar an gCoróinvíreas chun freagairt don ghéarchéim agus chun deisiú a dhéanamh, agus déantar na bearta sin a leathnú freisin. Feidhmíonn na hacmhainní sin mar cheangal idir an méid sin go léir agus an plean téarnaimh fadtéarmach.

worker in a shop

30 Márta 2021 – €13 bhilliún breise íoctha amach ag an gCoimisiún Eorpach faoin ionstraim SURE le sé Bhallstát chun oibrithe agus poist a chosaint

Tá €13 bhilliún íoctha amach ag an gCoimisiún Eorpach le sé Bhallstát den Aontas mar chuid den séú tráthchuid den tacaíocht airgeadais atá á cur ar fáil faoin ionstraim SURE chun poist agus oibrithe a chosaint. Is é seo an tríú híocaíocht amach atá déanta ó thús 2021. Mar chuid d’oibríochtaí an lae inniu, tá €1 bhilliún faighte ag an tSeicia, €2.2 billiún ag an mBeilg, €4.06 billiún ag an Spáinn, €2.47 billiún ag Éirinn, €1.87 billiún ag an Iodáil agus €1.4 billiún ag an bPolainn. Is é seo an chéad uair d’Éirinn maoiniú a fháil faoin ionstraim. Tá iasachtaí faoi SURE faighte ag na cúig thír eile cheana féin. Go dtí seo, tá iasachtaí comhfhreagracha dar luach €75.5 billiún san iomlán faighte ag 17 mBallstát faoin ionstraim SURE. Tá forléargas le fáil anseo ar na méideanna atá íoctha amach go dtí seo agus ar aibíochtaí éagsúla na mbannaí.

A nurse

26 Márta 2021 – EU4Health, dar luach €5.1 billiún, tagtha i bhfeidhm

Chuir an Coimisiún fáilte roimh theacht i bhfeidhm an chláir EU4Health. Cuirfidh EU4Health go mór leis an téarnamh ó COVID-19 trí dhaonra an Aontais a dhéanamh níos folláine, tacú leis an gcomhrac i gcoinne bagairtí sláinte trasteorann agus borradh a chur faoi ullmhacht agus cumas an Aontais i dtaca le freagairt go héifeachtúil do ghéarchéimeanna sláinte amach anseo, mar chuid d’Aontas Sláinte na hEorpa, a bheidh go láidir san am atá amach romhainn. Clár maoinithe uaillmhianach agus tiomanta is ea EU4Health le haghaidh na tréimhse 2021-2027 chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a chinntiú i mbeartais agus i ngníomhaíochtaí uile an Aontais. Is é EU4Health an clár sláinte is mó riamh san Aontas ó thaobh airgid de, agus cuirfidh sé maoiniú ar fáil do Bhallstáit an Aontais, d’eagraíochtaí sláinte agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha.

Lot of vaccines doses

24 Márta 2021 - Sásra um thrédhearcacht agus údarú chun vacsaíní in aghaidh COVID-19 a easpórtáil neartaithe ag an gCoimisiún

Thug an Coimisiún isteach prionsabail bhreise a bheidh le cur san áireamh sula dtugtar údarú chun vacsaíní a easpórtáil: cómhalartacht agus comhréireacht. Is éard is brí leis sin gur cheart do na Ballstáit féachaint an bhfuil srianta easpórtála i bhfeidhm ag an tír cinn scríbe, sin agus na dálaí sa tír cinn scríbe a mheas, cuir i gcás an cás eipidéimeolaíoch, na rátaí vacsaínithe agus an stoc vacsaíní atá ag an tír faoi láthair. Seo mar a labhair an tUachtarán von der Leyen: ‘Is cúis bhróid don Aontas é go bhfuil táirgeoirí vacsaíní againn anseo a dhéanann vacsaíní a easpórtáil ar fud an domhain, óir táimid cinnte dearfa de nach mbeimidne sábháilte go dtí go mbeidh gach duine sábháilte. Ach is é an tAontas an t-aon olltáirgeoir in ECFE a leanann ar aghaidh de vacsaíní a easpórtáil, fiú chuig tíortha a bhfuil inniúlachtaí táirgeachta dá gcuid féin acu ach a bhfuil bealaí aimsithe acu chun srian a chur lena n-easpórtálacha. Thairis sin, tá easpórtálacha ag dul chuig tíortha nach bhfuil a gcás eipidéimeolaíoch chomh dáiríre céanna agus atá san Aontas agus atá chun tosaigh orainn i dtaca le saoránaigh a vacsaíniú. Is é sin an fáth a bhfuil gá le cómhalartacht agus comhréireacht a thabhairt isteach i sásra an Aontas um údarú.’

A man supervising a young employer

22 Márta 2021 – Tuarascáil foilsithe lena ndeimhnítear rathúlacht SURE i dtaca le poist a chosaint

D’fhoilsigh an Coimisiún an chéad réamh-mheasúnú ar SURE, an ionstraim dar luach €100 billiún tiomnaithe chun poist agus geilleagair a chosaint ó thionchair phaindéim COVID-19. Léirítear sa tuarascáil go bhfuair idir 25 agus 30 milliún duine tacaíocht ón ionstraim le linn 2020. Idir 1.5 milliún agus 2.5 milliún gnólacht a ndearna paindéim COVID-19 difear dóibh, meastar gur bhain siadsan tairbhe as SURE freisin agus gur chuir sin ar a gcumas dóibh fostaithe a choinneáil. Go dtí seo, tá tacaíocht airgeadais dar luach €90.6 billiún san iomlán molta ag an gCoimisiún le haghaidh 19 mBallstát.

A girl waiting in line at the airport

17 Márta 2021 – Deimhniú Glas Digiteach molta ag an gCoimisiún Eorpach ina mbeidh eolas faoi vacsaíní, tástálacha agus téarnamh

Tá sé á mholadh ag an gCoimisiún creat uile-Aontais a bhunú maidir le Deimhniú Glas Digiteach le haghaidh eisiúint, fíordheimhniú agus glacadh deimhnithe vacsaínithe, tástála agus téarnaimh. Chun idirdhealú a chosc i gcoinne daoine nach bhfuil vacsaín faighte acu, ní bheidh sé ina réamhchoinníoll deimhniú vacsaínithe a bheith ina sheilbh ag duine chun cearta saorghluaiseachta a fheidhmiú, agus ní féidir é a úsáid mar réamhchoinníoll chun seirbhísí iompair paisinéirí trasteorann a úsáid, aerlínte, traenacha, busanna nó báid farantóireachta cuir i gcás. Is é is aidhm don togra feidhmiú an chirt chun saorghluaiseachta laistigh den Aontas a éascú le linn phaindéim COVID-19 trí dheimhnithe slána idir-inoibritheacha a bhunú.

Two people talking

16 Márta 2021 – €9 mbilliún breise eisíoctha ag an gCoimisiún le 7 mBallstát faoi SURE

D’eisíoc an Coimisiún €9 mbilliún le 7 mBallstát sa chúigiú ranníocaíocht faoin ionstraim SURE. An ranníocaíocht, arb í an dara leithdháileadh in 2021 í, clúdaíonn sí Poblacht na Seice (€1 bhilliún), chomh maith leis an Spáinn (€2.87 billiún), an Chróit (€510 milliún), an Iodáil (€3.87 billiún), an Liotuáin (€302 mhilliún), Málta (123 mhilliún) agus an tSlóvaic (€330 milliún). Cuideoidh na hiasachtaí sin leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar mhéaduithe tobanna i gcaiteachas poiblí chun an fhostaíocht a chosaint. Go dtí seo, tá €602.5 billiún san iomlán faighte ag na Ballstáit faoin ionstraim SURE in iasachtaí comhfhreagracha. Sa bhreis ar an méid sin, le linn 2021, déanfaidh an Coimisiún iarracht níos mó ná €25 bhilliún bhreise a chur ar fáil trí bhannaí SURE de chuid an Aontais a eisiúint.

vaccine vials

11 Márta 2021 – an ceathrú vacsaín shábháilte éifeachtach in aghaidh COVID-19 údaraithe ag an gCoimisiún Eorpach

Thug an Coimisiún údarú margaíochta coinníollach don vacsaín in aghaidh COVID-19 a d’fhorbair Johnson & Johnson, rud a d’fhág gurb í an ceathrú vacsaín a údaraíodh san Aontas. Tugadh an t-údarú ar bhonn moladh eolaíoch dearfach atá bunaithe ar mheasúnú cuimsitheach a rinne an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach ar shábháilteacht agus éifeachtúlacht na vacsaíne agus tá sé formhuinithe ag na Ballstáit. Seo mar a labhair an tUachtarán von der Leyen: ‘Is é vacsaín Janssen an ceathrú vacsaín i bpunann an Aontais ag a bhfuil údarú faighte, agus cuideoidh sé linn feabhas a chur ar an bhfeachtas vacsaínithe sa dara ráithe de 2021. Ní theastaíonn ach aon dáileog amháin de, rud a chiallaíonn go bhfuil céim eile chun tosaigh tógtha againn i dtreo ár sprioc chomhchoiteann 70% de dhaoine fásta a vacsaíniú faoi dheireadh an tsamhraidh.’

A nurse

11 Márta 2021 – Mhol an Coimisiún Eorpach €530 milliún a úsáid faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais chun paindéim an choróinvíris a chomhrac

Tá an Coimisiún ag cur chun tosaigh pacáiste tacaíochta airgeadais dar luach beagnach €530 milliún faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais chun tacú leis an gcaiteachas poiblí ar threalamh cosanta leighis agus pearsanta, leis an tacaíocht éigeandála don phobal agus le bearta arb é is aidhm dóibh leathadh an ghalair a chosc agus rialú agus monatóireacht a dhéanamh air. A luaithe a bheidh sé formheasta ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, cuirfidh an moladh leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh i 17 mBallstát agus i 3 thír aontachais. Mar chuid den phacáiste freisin tá an €132.7 milliún de réamhíocaíochtaí atá faighte cheana féin ag an gCróit, Éire, an Ghearmáin, an Ghréig, an Phortaingéil, an Spáinn agus an Ungáir.

Lastas ar phailéid ar a bhfuil bratach an Aontais á luchtú ar eitleán.

10 Márta 2021 – Gníomh nua maidir le seachadadh cabhrach domhanda an Aontais, atá faoi dhúshlán ag COVID-19

Chuir an Coimisiún i láthair Teachtaireacht maidir le gníomhaíocht dhaonnúil, ina leagtar amach conas is féidir leis an Aontas beart a dhéanamh agus freastal ar na dúshláin dhaonnúla arb é paindéim COVID-19 is cúis leo. Sa Teachtaireacht moltar príomhghníomhaíochtaí chun dlús a chur le soláthar na cabhrach daonnúla, chun tacú le timpeallacht cumasúcháin le haghaidh comhpháirtithe daonnúla, agus chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna géarchéimeanna trí chur chuige ‘Team Europe’. Leagtar béim ann freisin ar fhócas athnuaite ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus dírítear ar dhul i ngleic le tionchar drámatúil daonnúil an athraithe aeráide.

Two men working in a factory.

4 Márta 2021 – Téarnamh lena gcruthófar poist a chinntiú: Tacaíocht éifeachtach don fhostaíocht leagtha amach sa phlean gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta

Mar chuid den Phlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, chuir an Coimisiún Eorpach moladh i láthair chuig na Ballstáit maidir leis an mbealach a réiteach don aistriú ón tacaíocht do phoist le linn géarchéime go dtí poist a chruthú a sheasfaidh an aimsir: Tacaíocht ghníomhach éifeachtach don fhostaíocht (EASE). Leis an Moladh cuirtear cruthú na fostaíochta chun cinn, sin agus an t-aistriú ó phoist in earnálacha a bhfuil meath ag teacht orthu go dtí poist in earnálacha atá ag dul i méid, go háirithe sna réimsí glasa agus digiteacha. Tugann na bearta nua achoimre ar thrí phríomhghné ar cheart do na Ballstáit a chur san áireamh ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta: dreasachtaí earcaíochta agus tacaíocht don fhiontraíocht; deiseanna uas-scilithe agus athscilithe; tacaíocht fheabhsaithe ó sheirbhísí fostaíochta.

Picture of the press conference

3 Márta 2021 – Aon bhliain amháin ó thosaigh COVID-19: nuashonrú ar fhreagairt an bheartais fhioscaigh

Ghlac an Coimisiún Teachtaireacht lena dtugtar treoir leathan do na Ballstáit maidir le cur i gcrích an bheartais fhioscaigh sa tréimhse atá romhainn agus ina leagtar amach breithnithe an Choimisiúin i dtaca leis an gclásal éalaithe ginearálta a dhíghníomhachtú nó a choinneáil ag gníomhachtú. Tá sé riachtanach na beartais fhioscaigh náisiúnta a chomhordú chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch. Mhol an Coimisiún go ndéanfaí an clásal éalaithe ginearálta a ghníomhachtú i mí an Mhárta 2020 mar chuid dá straitéis chun freagairt thapa láidir chomhordaithe a thabhairt ar phaindéim an choróinvíris. Chuir sé ar chumas na mBallstát bearta a dhéanamh chun déileáil go héifeachtach leis an ngéarchéim, gan cloí leis na ceanglais bhuiséadacha a bheadh i bhfeidhm de ghnáth faoin gcreat fioscach Eorpach.

President von der Leyen

24 Feabhra 2021 – Labhair an tUachtarán von der Leyen ag seoladh Fheachtas Global Citizen, ‘Plean Téarnaimh don Domhan’

Ag seoladh Fheachtas Global Citizen, bhí an méid seo le rá ag an Uachtarán von der Leyen: ‘Faighimis an lámh in uachtar ar an bpaindéim le feachtas vacsaínithe domhanda. Cuirimis deireadh le géarchéim an ocrais. Osclaímis na seomraí ranga arís do na páistí. Déanaimis an méadú ar éagothromaíochtaí a chomhrac. Agus téimis i mbun téarnaimh ghlais, lena dtabharfaimid aire agus urraim don phláinéad seo againn.’ Chuir sí lena cuid cainte mar seo: ‘Is é an Cruinniú Mullaigh Sláinte Domhanda i mí na Bealtaine an chéad ‘rendez-vous’ tábhachtach a bheidh ann i mbliana. Beidh sé á thionól agam féin leis an bPríomh-Aire Draghi sa Róimh.’

Vaccines

19 Feabhra 2021 – Dúbailt déanta go €1 bhilliún ag an Aontas Eorpach ar a ranníocaíocht le COVAX chun vacsaíní sábháilte éifeachtacha a chinntiú

D’fhógair an tAontas Eorpach €500 milliún breise do shaoráid COVAX, rud a d’fhág go raibh dúbailt déanta aige ar an méid atá ranníoctha aige go dtí seo le haghaidh an tionscnaimh dhomhanda chun rochtain chóir chomhionann a chur ar fáil ar vacsaíní sábháilte éifeachtacha in aghaidh COVID-19. Fágann an ranníocaíocht bhreise gur €1 bhilliún san iomlán atá curtha ar fáil. Agus an ranníocaíocht nua á fógairt aici ag cruinniú mullaigh fíorúil an G7, seo mar a labhair an tUachtarán von der Leyen: "Anuraidh, mar chuid dár bhFreagairt Dhomhanda ar an gCoróinvíreas, gheall muid rochtain uilíoch ar vacsaíní a chinntiú ar fud an domhain, do gach duine a mbeadh gá acu leo. Is é COVAX an tslí is fearr atá againn leis an sprioc sin a bhaint amach. Sin an chúis ar chinneamar ranníocaíocht an Choimisiúin Eorpaigh le COVAX a dhúbailt go €1 bhilliún."

Image of a researcher

17 Feabhra 2021 – Aghaidh á tabhairt ag an gCoimisiún Eorpach ar athraithigh COVID-19 agus an ullmhacht á méadú aige

Bunóidh an Coimisiún plean nua bithchosanta ar a dtabharfar Gorlann HERA chun dul i ngleic le bagairtí gearrthéarmacha agus meántéarmacha agus, ag an am céanna, chun ullmhú don todhchaí mar threoirphlean d’ullmhacht fhadtéarmach an Aontais maidir le héigeandálaí sláinte. Tiocfaidh an lucht taighde, cuideachtaí biteicneolaíochta, monaróirí, rialtóirí agus údaráis phoiblí le chéile faoi Ghorlann HERA chun díriú ar athraithigh a bhrath agus a thréithriú go tapa, vacsaíní a oiriúnú go tapa, Líonra Eorpach um Thrialacha Cliniciúla a bhunú, agus le gur féidir an táirgeacht a mhéadú. Seo mar a labhair an tUachtarán von der Leyen: “Oibreoimid le chéile chun athraithigh nua a shainaithint níos tapúla, vacsaíní atá ann cheana a oiriúnú, trialacha cliniciúla a eagrú, sonraí a roinnt, tús áite a thabhairt don fhormheas rialála agus olltáirgeadh vacsaíní nua a mhéadú.”

euro coin

11 Feabhra 2021 – Réamhaisnéis Eacnamaíoch Gheimhreadh 2021 foilsithe: geimhreadh dúshlánach, ach ábhar dóchais dúinn go léir

D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach Réamhaisnéis Eacnamaíoch Gheimhreadh 2021 ina dtuartar go bhfásfaidh geilleagar an limistéir euro 3.8% in 2021 agus in 2022 araon, agus go bhfásfaidh geilleagar an Aontais 3.7% in 2021 agus 3.9% in 2022. Meastar go sroichfidh geilleagar limistéar an euro agus geilleagar an Aontais na leibhéil aschuir a bhí ann roimh an ngéarchéim níos luaithe ná mar a tuaradh i Réamhaisnéis Eacnamaíoch Fhómhar 2020. Táthar den tuairim go mbeidh fás eacnamaíoch ann arís san earrach agus go gcuirfear dlús leis an bhfás sin sa samhradh de réir mar a leantar ar aghaidh le cláir vacsaínithe agus a chuirtear deireadh de réir a chéile leis na bearta imshrianta. Tá tionchar eacnamaíoch na paindéime fós neamhchothrom ó Bhallstát go chéile agus meastar go mbeidh difríochtaí nach beag iontu maidir le luas an téarnaimh.

Image of the Berlaymont banner "Next Generation EU"

10 Feabhra 2021 – An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta dar luach €672.5 billiún formheasta ag Parlaimint na hEorpa chun cuidiú leis na Ballstáit a bheith níos láidre tar éis na géarchéime

Is díol sásaimh don Choimisiún Eorpach é vóta Pharlaimint na hEorpa lena ndeimhnítear an comhaontú polaitiúil ar ar tháinig sí maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i mí na Nollag 2020. Is céim thábhachtach é i dtreo iasachtaí agus deontais dar luach €672.5 billiún a chur ar fáil do na Ballstáit chun tacú le hathchóirithe agus infheistíochtaí. Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an ionstraim ríthábhachtach is croílár do NextGenerationEU, arb é atá ann plean an Aontais chun go dtiocfaimid slán as paindéim COVID-19 agus gur láidre a bheimid feasta. Seo mar a labhair an tUachtarán Ursula von der Leyen: “Tá sé fíor-riachtanach an ceann is fearr a fháil ar an víreas le vacsaíní. Ach ní mór dúinn freisin cuidiú leis na saoránaigh, gnólachtaí agus pobail teacht slán as an ngéarchéim eacnamaíoch. A bhuí leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, cuirfear €672.5 billiún ar fáil chun é sin a dhéanamh. Déanfar an t-airgead sin a infheistiú in Eoraip atá níos glaise, níos digití agus níos athléimní, rudaí a rachaidh chun tairbhe go fadtéarmach do chách.”

AstraZeneca

An 29 Eanáir 2021 – an tríú vacsaín shábháilte éifeachtach in aghaidh COVID-19 údaraithe ag an gCoimisiún Eorpach

Thug an Coimisiún údarú margaíochta coinníollach don vacsaín in aghaidh COVID-19 a d’fhorbair AstraZeneca, rud a d’fhág gurb í an tríú vacsaín a údaraíodh san Aontas. Tugadh an t-údarú ar bhonn moladh eolaíoch dearfach atá bunaithe ar mheasúnú cuimsitheach a rinne an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach ar shábháilteacht agus éifeachtúlacht na vacsaíne agus tá sé formhuinithe ag na Ballstáit. Seo mar a labhair an tUachtarán von der Leyen: “Is éard atá mar phríomhthosaíocht againn vacsaíní sábháilte a chinntiú do mhuintir na hEorpa. Anois agus vacsaín AstraZeneca údaraithe, cuirfear 400 milliún dáileog bhreise ar fáil san Eoraip. Tá mé ag súil leis go gcuirfidh an chuideachta na dáileoga sin ar fáil faoi mar a aontaíodh ionas go mbeidh muintir na hEorpa in ann an vacsaín a fháil a luaithe is féidir. Leanfaimid orainn ag déanamh ár seacht ndícheall chun níos mó vacsaíní a fháil do mhuintir na hEorpa, dár gcomharsana agus dár gcomhpháirtithe ar fud an domhain.”

proof of COVID-19 vaccination

27 Eanáir 2021 – Treoirlínte glactha ag Ballstáit an Aontais maidir le cruthúnas ar vacsaíniú COVID-19 chun críocha leighis

Ghlac Ballstáit an Aontais, le tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach, treoirlínte maidir le cruthúnas ar vacsaíniú COVID-19 chun críocha leighis. Cuidíonn na treoirlínte sin chun teastais maidir le vacsaíniú COVID-19 a dhéanamh idir-inoibritheach, agus leagann siad síos tacar sonraí íosta, aitheantóir uathúil san áireamh. Is é is aidhm do na treoirlínte scéim a bhunú lena dtacaítear le modhanna digiteacha agus páipéir araon, solúbthacht agus comhoiriúnacht a chinntiú le réitigh náisiúnta atá ann cheana, agus sonraí pearsanta a chosaint go láidir. Tháinig ann do na treoirlínte a bhuí leis an bplé agus leis an machnamh a d’eascair as an Líonra ríomhShláinte, agus as na chéad chomhairliúcháin leis an gCoiste Slándála Sláinte, an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.

 

People walking in an airport

25 Eanáir 2021 – Nuashonrú molta ag an gCoimisiún Eorpach ar an gcur chuige comhordaithe i leith na saorghluaiseachta laistigh den Aontas, agus i leith taisteal ó thríú tíortha isteach san Aontas

Tá coimircí breise agus ceanglais bhreise á moladh ag an gCoimisiún le haghaidh taistealaithe idirnáisiúnta isteach san Aontas, chomh maith le nuashonrú ar an Moladh ón gComhairle maidir le bearta comhordaithe a imríonn tionchar ar an tsaorghluaiseacht laistigh den Aontas. Ar na bearta atá á moladh tá tástáil shainordaitheach roimh imeacht, bearta níos déine dóibh siúd a thagann ó réigiúin ardriosca, agus Foirm choiteann Eorpach Aimsithe Paisinéirí. Mar chuid den togra ón gCoimisiún tá an dath ‘dúdhearg’ a chur leis an léarscáil dhathchódaithe a chuireann an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) ar fáil cheana féin. I ngeall ar athraitheacha nua den choróinvíreas agus an staid sláinte luaineach ar fud an domhain, tá gá le gníomhaíochtaí breise chun a chinntiú go ndéantar aon taisteal ríthábhachtach isteach san Aontas go sábháilte. Is faoin gComhairle atá sé anois féachaint ar an moladh sin agus faoi na Ballstáit é a chomhaontú.

vaccines

21 Eanáir 2021 – D’aontaigh ceannairí an Aontais dlús a chur le vacsaíniú agus pléadh bearta eile i gcruinniú de chuid na Comhairle Eorpaí

Ag cruinniú de chuid na Comhairle Eorpaí, thug na ceannairí dá n-aire a thromchúisí atá an staid, go háirithe i bhfianaise athraitheacha nua an choróinvíris. Is mian le ceannairí an Aontais dlús a chur le vacsaíniú agus d’aontaigh siad oibriú ar fhoirm chaighdeánaithe cruthúnais maidir le vacsaíniú chun críocha leighis. Rinneadh athdhearbhú ar an dlúthpháirtíocht le tríú tíortha freisin. Ina theannta sin, ní mór na teorainneacha a choinneáil ar oscailt le feidhmiú an Mhargaidh Aonair a chinntiú, agus tá gá le tuilleadh tástála agus tuilleadh seicheamhú géanóim. Is ceart moladh go láidir do dhaoine gan taisteal neamhriachtanach a dhéanamh áfach. Mhol an Coimisiún dath nua, dúdhearg, a chur leis an léarscáil a fhoilsíonn an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú gach seachtain. Léigh an preasráiteas ón Uachtarán von der Leyen.

person being vaccinated

19 Eanáir 2021 – Na príomhghníomhaíochtaí leagtha amach ag an gCoimisiún i dtaobh seasamh le chéile chun COVID-19 a chloí

Dhá lá roimh fhíschomhdháil na gCeannairí Eorpacha maidir le freagairt chomhordaithe ar an gcoróinvíreas, d’fhoilsigh an Coimisiún Teachtaireacht inar leagadh amach na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh chun dlús a chur leis an gcomhrac in aghaidh na paindéime agus leis an vacsaíniú. Faoi mhí Márta 2021, ba cheart ar a laghad 80% de dhaoine os cionn 80 bliain d’aois, agus 80% de ghairmithe sláinte agus cúraim shóisialta, a bheith vacsaínithe i ngach Ballstát. Faoi shamhradh 2021, ba cheart ar a laghad 70% de dhaoine fásta a bheith vacsaínithe. Seo mar a labhair an tUachtarán Ursula von der Leyen: “Tá an vacsaíniú riachtanach chun deireadh a chur leis an ngéarchéim seo. Cheana féin tá go leor vacsaíní cinntithe againn chun freastal a dhéanamh ar phobal iomlán an Aontais Eorpaigh. Anois is gá dúinn dlús a chur leis an soláthar agus leis an vacsaíniú féin.”

girl getting vaccinated

12 Eanáir 2021 – Cainteanna tosaigh tugtha chun críche ag an gCoimisiún Eorpach le Valneva maidir le vacsaín fhéideartha nua in aghaidh an choróinvíris a fháil

Tá cainteanna tosaigh tugtha chun críche ag an gCoimisiún Eorpach leis an gcomhlacht cógaisíochta Valneva d’fhonn a vacsaín fhéideartha in aghaidh COVID-19 a cheannach nuair a bheith sé cruthaithe go bhfuil sí sábháilte éifeachtach. Leis an gconradh atá beartaithe, d‘fhéadfadh gach Ballstát 30 milliún dáileog a cheannach, agus bheadh an rogha ann suas le 30 milliún dáileog eile a cheannach sa bhreis air sin. Seo mar a labhair an tUachtarán von der Leyen: “Le céim chun cinn an lae inniu i dtreo comhaontú le Valneva, cuirtear arís le punann vacsaíní an Aontais agus léirítear tiomantas an Choimisiúin réiteach seasmhach a fháil ar an bpaindéim.”

pfizer vaccine

8 Eanáir 2021 – mhol an Coimisiún Eorpach suas le 300 milliún dáileog bhreise a cheannach de vacsaín BioNTech-Pfizer

Mhol an Coimisiún do na Ballstáit 200 milliún dáileog bhreise a cheannach den vacsaín in aghaidh COVID-19 de chuid BioNTech agus Pfizer, leis an rogha ann 100 milliún dáileog eile a fháil. Tosófar ag cur na dáileoga breise ar fáil le linn an dara ráithe de 2021. Cuirfidh sé sin ar chumas an Aontais suas le 600 milliún dáileog a cheannach agus, dá bhrí sin, méid na ndáileog den vacsaín sin atá in úsáid cheana a dhúbailt. Seo mar a labhair an tUachtarán von der Leyen: “Agus an dá vacsaín údaraithe againn, tá go leor dáileoga faighte againn cheana féin chun 380 milliún Eorpach a vacsaíniú. Is ionann sin agus níos mó ná 80% de dhaonra na hEorpa. Agus tá tuilleadh vacsaíní le teacht sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn.”

vaccination medical student

6 Eanáir 2021 – an dara vacsaín shábháilte éifeachtach in aghaidh COVID-19 údaraithe ag an gCoimisiún Eorpach

Thug an Coimisiún údarú margaíochta coinníollach don vacsaín in aghaidh COVID-19 a d’fhorbair Moderna, rud a d’fhág gurb í an dara vacsaín a údaraíodh san Aontas. Tugadh an t-údarú ar bhonn moladh eolaíoch dearfach atá bunaithe ar mheasúnú cuimsitheach a rinne an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach ar shábháilteacht agus éifeachtúlacht na vacsaíne agus tá sé formhuinithe ag na Ballstáit. Seo mar a labhair an tUachtarán von der Leyen: “Is í vacsaín Moderna an dara ceann atá údaraithe anois san Aontas agus tabharfaidh sé 160 milliún dáileog bhreise dúinn. Agus tá tuilleadh vacsaíní fós le teacht.” Tá suas le dhá bhilliún dáileog de vacsaíní féideartha in aghaidh COVID-19 cinntithe ag an Eoraip.