Tá méadú ag teacht ar ghanntanais saothair agus scileanna i mBallstáit uile an Aontais. Dúirt beagnach dhá thrian (63%) de ghnólachtaí beaga agus meánmhéide i suirbhé a rinneadh le déanaí nach féidir leo teacht ar an tallann atá de dhíth orthu. Ina theannta sin, tá 42 ghairm aitheanta ag an gCoimisiún a bhfuil ganntanas iontu. Chun aghaidh a thabhairt ar na ganntanais saothair agus scileanna sin, tá plean gníomhaíochta curtha i láthair ag an gCoimisiún ina leagtar amach na príomhbhearta ba cheart don Aontas, do na Ballstáit agus do na comhpháirtithe sóisialta a dhéanamh sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma. Cuideoidh sé le hacmhainneacht fáis an Aontais a scaoileadh, tacóidh sé lena iomaíochas, agus cuirfidh sé deiseanna níos fearr ar fáil do chách. Tá cúig réimse gníomhaíochta ann: Tacaíocht a thabhairt do dhaoine atá faoi ghannionadaíocht chun dul isteach sa mhargadh saothair Tacaíocht a chur ar fáil le haghaidh forbairt scileanna, oiliúna agus oideachais Dálaí oibre a fheabhsú Soghluaisteacht chothrom laistigh den Aontas a fheabhsú d’oibrithe agus d’fhoghlaimeoirí Tallann a mhealladh ó lasmuigh den Aontas Chuathas i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta maidir leis an bplean gníomhaíochta, rud atá ríthábhachtach chun riachtanais oibrithe a thuiscint agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin sa mhargadh saothair. Leanann sé freisin an iliomad tionscnamh atá curtha i bhfeidhm cheana féin ag an Aontas, ag na Ballstáit agus ag na comhpháirtithe sóisialta, an Clár Oibre Scileanna don Eoraip, an Comhshocrú um Scileanna agus Bliain Eorpach na Scileanna ina measc. Tá gá leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe má tá an tAontas chun a phríomhspriocanna 2030 maidir le scileanna agus fostaíocht a bhaint amach, i.e. ba cheart 78% ar a laghad den daonra idir 20 agus 64 bliana d’aois a bheith fostaithe, agus 60% de dhaoine fásta ag glacadh páirt in oiliúint bhliantúil. Tuilleadh eolais Geilleagar a oireann do na daoine Preaseisiúint: Gníomhaíochtaí leagtha amach ag an gCoimisiún chun dul i ngleic le ganntanais saothair agus scileanna san Aontas Eorpach Idirphlé Sóisialta Bliain Eorpach na Scileanna An Comhshocrú um Scileanna Clár Oibre Scileanna don Eoraip Cruinniú Mullaigh na gComhpháirtithe Sóisialta Val Duchesse 2024 Sonraí Dáta foilsithe20 Márta 2024ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide