Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Tuarascáil Bhliantúil 2021 maidir le monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais Eorpaigh

Gach bliain foilsíonn an Coimisiún Eorpach tuarascáil bhliantúil maidir le monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais le linn na bliana roimhe sin. Déantar athbhreithniú sa tuarascáil ar na príomhghnéithe den bhealach ar chuir na Ballstáit dlí an Aontais i bhfeidhm agus ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh chun é a fhorfheidhmiú in 2021. Cuirtear i láthair ar an leathanach gréasáin seo cásanna sáraithe de réir réimse beartais agus de réir Ballstáit, thar thréimhse cúig bliana.

Sáruithe

Cásanna nua maidir le sárú 2017-2021

In 2021 d’oscail an Coimisiún 847 gcás nua maidir le sárú. Is laghdú é sin i gcomparáid le 2020, nuair a d’oscail an Coimisiún 903 chás nua.

Trí chliceáil ar an gcairt idirghníomhach il-leibhéil seo, is féidir leat féachaint ar dháileadh na gcásanna nua maidir le sárú in 2021 de réir an réimse beartais agus de réir an chineáil sáraithe.

Cásanna maidir le sárú a bhí oscailte ag deireadh na bliana (2017-2021)

Ag deireadh 2021, bhí 1930 cás maidir le sárú fós oscailte. Is méadú é sin i gcomparáid le 2020, nuair a bhí 1786 chás oscailte.

Trí chliceáil ar an chairt il-leibhéil thuas is féidir leat féachaint ar líon na gcásanna maidir le sárú a bhí oscailte ag deireadh 2021 de réir an réimse beartais agus de réir an chineáil sáraithe.

Cásanna maidir le sárú 2017-2021

Taispeántar sa chairt thuas líon na gcásanna nua agus na gcásanna dúnta, chomh maith leis na cásanna a bhí oscailte fós ag deireadh na bliana le haghaidh na tréimhse 2017-2021.

Cásanna nua a bhain le trasuí déanach 2017-2021

In 2021 d’oscail an Coimisiún 571 chás nua a bhain le trasuí déanach mar gheall nár thrasuigh Ballstáit treoracha laistigh den sprioc-am. Is méadú é sin i gcomparáid le 2020, nuair a d’oscail an Coimisiún 599 gcás nua a bhain le trasuí déanach.

Trí chliceáil ar an gcairt idirghníomhach il-leibhéil seo, is féidir leat féachaint ar dháileadh na gcásanna nua a bhain le trasuí déanach in 2021 de réir an réimse beartais agus de réir na hearnála laistigh den réimse beartais sin.

An cineál sáraithe de réir Ballstáit ag deireadh na bliana

Sa ghraf thuas léirítear leithdháileadh na gcásanna maidir le sárú atá fós oscailte ag deireadh na bliana i gcoinne Ballstát aonair bunaithe ar an gcineál sáraithe. Tá faisnéis ann freisin maidir leis an Ríocht Aontaithe.

EU Pilot

Cásanna nua maidir le EU Pilot 2017-2021

In 2021 d’oscail an Coimisiún 246 chás nua maidir le EU Pilot. Is méadú é sin i gcomparáid le 2020 nuair a d’oscail an Coimisiún 212 chás nua maidir le EU Pilot.

Trí chliceáil ar an gcairt il-leibhéil idirghníomhach seo, is féidir leat féachaint ar dháileadh na gcásanna nua maidir le EU Pilot in 2021 de réir an réimse beartais agus de réir na hearnála beartais.

Cásanna maidir le EU Pilot 2017-2021

Léirítear sa chairt thuas líon na gcásanna maidir le EU Pilot a bhí nua nó a láimhseáladh nó a bhí oscailte fós ag deireadh na bliana le haghaidh na tréimhse 2017-2021.

Gearáin

Gearáin nua

In 2021 chláraigh an Coimisiún 4276 ghearán nua maidir le sáruithe líomhnaithe nó sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar dhlí an Aontais. Is méadú é sin i gcomparáid le 2020 nuair a chláraigh an Coimisiún 3727 ngearán nua.

Trí chliceáil ar an gcairt il-leibhéil idirghníomhach seo, is féidir leat féachaint ar dháileadh na ngearán nua in 2021 de réir an réimse beartais agus de réir na hearnála beartais.

Gearáin 2017-2021

Taispeántar sa chairt thuas líon na ngearán a cláraíodh, a láimhseáladh nó atá fós oscailte ag deireadh na bliana le haghaidh na tréimhse 2017-2021.

Forléargas ar ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin

Léiríonn an chairt thuas an mheántréimhse ama ina seachtainí a theastaíonn sula ndéanfar cinneadh gearáin, cásanna maidir le EU Pilot agus cásanna maidir le sárú a dhúnadh. D’fhéadfaí cásanna áirithe maidir le EU Pilot nó gearáin áirithe a áireamh níos mó ná uair amháin (e.g. má aistrítear gearán tosaigh chuig EU Pilot nó chuig cás maidir le sárú).

Chun níos mó mínithe a fheiceáil maidir leis na sonraí staidrimh agus leis an modheolaíocht, féach an doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin: Forléiriú ginearálta staidrimh 2021 (roinn IV, Modheolaíocht agus mínithe).

Breis eolais faoi chásanna maidir le sárú de réir an réimse beartais

Na Ballstáit

An Comhaontú um Tharraingt Siar lena leagtar amach socruithe maidir le tarraingt siar ordúil na Ríochta Aontaithe as an Aontas, tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020 agus rinneadh tríú tír den Ríocht Aontaithe go foirmiúil. Tháinig deireadh leis an idirthréimhse a socraíodh leis an gComhaontú um Tharraingt Siar an 31 Nollaig 2020. I gcomhréir leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, féadfaidh an Coimisiún leanúint de chásanna reatha maidir le sárú a shaothrú agus cásanna nua a oscailt i gcoinne na Ríochta Aontaithe mar gheall ar sháruithe ar dhlí an Aontais a tharla roimh dheireadh na hidirthréimhse, nó mar gheall ar shárú ar fhorálacha áirithe den Chomhaontú um Tharraingt Siar nó ar na Prótacail maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann agus maidir leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha sa Chipir. Dá bhrí sin, tá cásanna a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe san áireamh i staitisticí foriomlána na tuarascála seo.

Documents

  • 7 MEITHEAMH 2022
2021 Annual Report on monitoring the application of EU law