Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
Do shonraí pearsanta agus do phríobháideachas a chosaint

Tá tábhacht le do shonraí

Bí ar an eolas faoi do chearta

  • Bí ar an eolas faoi na sonraí a stóráiltear maidir leat

    Is féidir leat a fhiafraí d’aon eagraíocht cad iad na sonraí pearsanta atá á stóráil aici fút, cén fáth a bhfuil siad aici, agus conas atá siad in úsáid aici. Ní mór di freagra a thabhairt duit laistigh de mhí amháin, agus é sin a dhéanamh saor in aisce. 

  • A iarraidh go gceartófaí do shonraí

    Má tá eolas míchruinn nó neamhiomlán ag eagraíocht fút, tá an ceart agat iarraidh orthu é a cheartú. 

  • A iarraidh go scriosfaí do shonraí

    Is féidir leat a iarraidh go scriosfar do shonraí, nuair nach bhfuil gá leo a thuilleadh, nó má chinneann tú nach mian leat go n-úsáidfí a thuilleadh iad. Tugtar ‘an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad’ air sin.

  • Diúltaigh d’úsáidí áirithe

    Tá an ceart chun agóid a dhéanamh agat i dtaobh conas atá do shonraí á n-úsáid, mar shampla le haghaidh margaíocht dhíreach. Má dhéanann tú agóid, ní mór don eagraíocht éirí as iad a úsáid chuige sin. 

  • Beir leat do shonraí

    Má aistríonn tú ó sheirbhís amháin go seirbhís eile, is féidir leat a iarraidh go n-aistreofaí do shonraí pearsanta go díreach chuig an soláthraí nua. Níor cheart go mothófá riamh go bhfuil tú sáinnithe. 

  • Faigh amach má théann rud éigin amú

    Má chailltear do shonraí pearsanta, má ghoidtear iad nó má fhaightear rochtain orthu gan chead, ní mór don eagraíocht atá freagrach as do shonraí tú a chur ar an eolas go díreach. 

Conas gníomhaíocht a dhéanamh

Má cheapann tú go bhfuil do shonraí pearsanta mícheart, á n-úsáid ar bhealach nach n-aontaíonn tú leis, nó á láimhseáil go héagórach, is féidir leat gníomhaíocht a dhéanamh.

📧Téigh i dteagmháil leis an eagraíocht

Téigh i dteagmháil leis an ngnólacht nó an eagraíocht ag a bhfuil do shonraí agus mínigh cad ba mhaith leat a rochtain, a cheartú, a scriosadh, nó cad ar mhaith leat agóid a dhéanamh ina leith. Is féidir é sin a dhéanamh le ríomhphost nó trí fhoirm ar líne a líonadh isteach de ghnáth, agus ní gá teanga dhlíthiúil a úsáid. Ní mór dóibh freagra a thabhairt duit laistigh de mhí amháin.

🌍Téigh i dteagmháil le d’údarás náisiúnta um chosaint sonraí

Níl tú sásta? Mura dtugann an eagraíocht freagra duit, nó mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a thugann sí, is féidir leat an cás a thabhairt chuig d’údarás náisiúnta um chosaint sonraí, rud a chuidíonn lena chinntiú go gcuirtear rialacha maidir le cosaint sonraí i bhfeidhm i gceart ar fud an Aontais.

An tAontas Eorpach: an áit ina bhfuil na rialacha is láidre ar domhan maidir le cosaint sonraí

Ó bhí 2018 ann tá do chearta á ráthú ag an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), arb é an dlí is láidre ar domhan é maidir le cosaint sonraí. 

  • Tá feidhm ag RGCS maidir le haon eagraíocht a láimhseálann do shonraí pearsanta, bíodh sí poiblí nó príobháideach, mór nó beag.
  • Má thairgeann gnólacht earraí nó seirbhísí do dhaoine san Aontas, cumhdaíonn RGCS an chaoi a láimhseálann sé a gcuid sonraí. Agus ní stopann na rialacha sin ag teorainneacha an Aontais. Má táthar ag plé le do shonraí lasmuigh den Eoraip, cinntíonn an tAontas go gcloítear leis na hardchaighdeáin chosanta chéanna.

Tá dlíthe ann san Aontas chun do phríobháideachas ar líne a chosaint freisin. 

  • A bhuí leis na dlíthe sin, cinntítear go mbíonn do chomhráite príobháideach, tugtar smacht duit ar fhianáin, agus cuirtear ar do chumas duit diúltú do theachtaireachtaí margaíochta nach bhfuil uait.

Bíodh smacht agat

Cé gurb iad do chearta an chosaint is láidre atá agat, is féidir leat céimeanna laethúla a ghlacadh chun do shonraí pearsanta a choinneáil sábháilte. 

🔐 Bain úsáid as pasfhocail láidre uathúla

Bain úsáid as pasfhocal difriúil le haghaidh gach ceann de do chuntais ar líne, agus déan cinnte go mbeadh sé deacair iad a oibriú amach. Is féidir le bainisteoir pasfhocal cabhrú leat iad a bhainistiú.

🤔 Déan do mhachnamh sula roinneann tú sonraí

A luaithe a bhíonn sonraí pearsanta ar líne, d’fhéadfadh sé a bheith deacair í a bhaint. Sula roinneann tú sonraí fút féin nó faoi dhaoine eile, déan do mhachnamh ar cé a d’fhéadfadh iad a fheiceáil agus conas a d’fhéadfaí iad a úsáid.

🎣 Bí ar an airdeall faoi chamscéimeanna

Is minic a dhéantar iarracht bob a bhualadh ort le ríomhphoist agus teachtaireachtaí calaoiseacha chun go dtabharfaidh tú do shonraí pearsanta. Má thagann rud aniar aduaidh ort, mar shampla seoltóir nach n-aithníonn tú, iarraidh phráinneach nó nasc amhrasach, ná cliceáil air.

🧐 Léigh é sula nglacann tú leis

Nuair a iarrann suíomh gréasáin nó aip do thoiliú chun do shonraí a úsáid, glac nóiméad chun tuiscint a fháil ar an méid a bhfuil tú ag glacadh leis. D’fhéadfadh an chuma a bheith ar roinnt seirbhísí go bhfuil siad saor in aisce, ach d’fhéadfaidís luach airgid a chur ar do shonraí in áit táille síntiúis a iarraidh. 

⚙️ Athbhreithnigh do shocruithe príobháideachais

I gcás fhormhór na n-aipeanna agus na n-ardán meán sóisialta, tá smacht agat ar cé atá in ann d’eolas a fheiceáil agus conas a úsáidtear é. Glac cúpla nóiméad chun iad a sheiceáil - ní chun do leasa i gcónaí a bhíonn na réamhshocruithe.

⚠️ Bí san airdeall ar phatrúin dhorcha

Baineann roinnt suíomhanna gréasáin úsáid as cleasa deartha meabhlacha chun brú a chur ort glacadh le fianáin: an cnaipe diúltaithe a chur i bhfolach, cliceáil amháin a bheith i gceist le fianáin a ghlacadh agus roinnt céimeanna a bheith i gceist le hiad a dhiúltú, nó foclaíocht mhíthreorach ar nós ‘Trí úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin, glacann tú le…’. Faoi rialacha an Aontais, ba cheart diúltú a bheith chomh héasca céanna le glacadh.

👋 Díliostáil

Baineann gach ríomhphost margaíochta a fhaigheann tú úsáid as do shonraí pearsanta. An bhfuil do dhóthain agat díobh? Oscail ceann agus cuardaigh ‘díliostáil’, ‘do roghanna a bhainistiú’, ‘roghnú gan bheith páirteach’: faoi rialacha an Aontais, ní mór na roghanna sin a bheith ann i gcónaí.

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 16 Iúil 2026