Page contents Page contents Cúlra Is ar chearta bunúsacha, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta atá an tAontas Eorpach bunaithe. Foráiltear le hAirteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach go bhfuil an tAontas ‘fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad’. Is comhluachanna ag na Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir.’ Tá dlúthnasc idir na luachanna sin agus is iad a threoraíonn gníomhaíocht inmheánach agus sheachtrach an Aontais. Tá gníomhaíocht an Aontais sa réimse sin bunaithe ar Chonarthaí an Aontais agus ar Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, a bhfuil an luach céanna aici agus atá ag na Conarthaí. Cumhdaítear sa Chairt na cearta bunúsacha atá ag daoine san Aontas. Is ionstraim nua-aimseartha chuimsitheach í lena gcosnaítear agus lena gcuirtear chun cinn cearta agus saoirsí daoine i bhfianaise athruithe sa tsochaí, dul chun cinn sóisialta agus forbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha. Tá feidhm ag an gCairt i gcomhar le córais náisiúnta agus idirnáisiúnta um chearta bunúsacha a chosaint, an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine san áireamh. An méid a chlúdaítear inti Tá cearta agus saoirsí faoi 6 cheannteideal san áireamh sa Chairt: dínit saoirsí comhionannas dlúthpháirtíocht cearta na saoránach ceartas Rinneadh an Chairt ceangailteach ar an Aontas ó thaobh dlí de ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin i mí na Nollag 2009. Chun go mbeidh an Chairt ag teacht leis an tsochaí nua-aimseartha, cuimsítear inti ‘an tríú glúin’ de chearta bunúsacha, cuir i gcás: cosaint sonraí ráthaíochtaí maidir le bitheitic riarachán trédhearcach Cearta an linbh Cur chun cinn chearta an linbh agus iad a chosaint, sin dhá phríomhchuspóir de chuid an Aontais ar cuireadh níos mó béime orthu i ngeall ar Chonradh Liospóin. Trí chearta an linbh a chumhdach sa Chairt, déantar an méid seo a leanas: a aithint gur gá bearta de chuid an Aontais ag a bhfuil tionchar díreach nó indíreach ar leanaí a dhearadh agus a chur chun feidhme, agus monatóireacht a dhéanamh orthu, agus an prionsabal maidir le leas an linbh á chur san áireamh an ceart a ráthú chun na cosanta sin agus an chúraim sin, mar is gá ar mhaithe le leas na leanaí a aithint gur gá leanaí a chosaint ar mhí-úsáid, ar neamart agus ar sháruithe ar a gcearta, agus ar chásanna a chuireann a leas i mbaol I gcomhréir le cur chun feidhme na Cairte, tá an comhrac in aghaidh an chiníochais, na seineafóibe agus na homafóibe á chur chun cinn ag an gCoimisiún Eorpach, chomh maith le cosaint daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. An Coinbhinsiún um Chearta an Duine Tá an Chairt comhsheasmhach leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine. Nuair atá cearta sa Chairt a eascraíonn ón gCoinbhinsiún sin, is ionann brí agus raon feidhme dóibh Neartaíonn an Chairt cosaint na gceart bunúsach trí na cearta sin a dhéanamh níos feiceálaí agus níos follasaí do shaoránaigh. In 2010 ghlac an Coimisiún Eorpach straitéis chun monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach na gceart agus na saoirsí sa Chairt agus chun an cur chun feidhme sin a chinntiú. Naisc ghaolmhara Comhairle na hEorpaAn Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine