Page contents Page contents Tá an tAontas eagraithe sa chaoi is gurb iad na húdaráis agus na cúirteanna náisiúnta is mó atá freagrach as dlí an Aontais a chur i bhfeidhm i gceart.Dá bhrí sin, ba cheart duit gach modh sásaimh is féidir a úsáid ar an leibhéal náisiúnta (sásraí riaracháin, breithiúnacha agus/nó idirghabhála lasmuigh den chúirt) sula gcuirfidh tú do ghearán faoi bhráid an Choimisiúin.Cúirteanna náisiúntaIs féidir leat freisin do ghearán a thabhairt chuig córas breithiúnach na tíre inar tharla an fhadhb. Tuilleadh eolais faoi chórais bhreithiúnacha náisiúnta nó faoi dul chun na cúirte.Más gá cinneadh a rinneadh i mBallstát a chealú chun d’fhadhb a réiteach, cuimhnigh gurb iad na cúirteanna náisiúnta agus iadsan amháin is féidir é a chealú, agus i gcás nach bhfuil teorainn ama leis. Ní féidir leis an gCoimisiún an méid sin a dhéanamh. Má tá tú ag lorg cúiteamh damáiste, is ag na cúirteanna náisiúnta amháin atá an chumhacht ordú a thabhairt do na húdaráis náisiúnta caillteanais a thabhaigh daoine de bharr sárú ar dhlí an Aontais a chúiteamh leo. Ní féidir leis an gCoimisiún an méid sin a dhéanamh. Oifigí Ombudsman náisiúntaDe réir an chórais atá i bhfeidhm i do thír, d’fhéadfá freisin do chás a chur faoi bhráid an Ombudsman náisiúnta nó an Ombudsman réigiúnaigh.Comhlachtaí comhionannais náisiúntaMá rinneadh leithcheal ort agus go bhfuil tú ar lorg cuidiú, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht comhionannais náisiúnta i do thír.Údaráis Cosanta SonraíMá cheapann tú go bhfuil próiseáil do shonraí pearsanta ag sárú rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí, is féidir leat gearán a dhéanamh leis na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí.Lárionaid Eorpacha do thomhaltóiríMá tá díospóid agat le trádálaí i dtír eile den Aontas, is féidir leat cabhair a lorg ó lárionaid Eorpacha do thomhaltóirí (líonra lárionad comhairle do thomhaltóirí ar fud na hEorpa). Cearta paisinéiríFaoi rialacha an Aontais, ceanglaítear ar thíortha an Aontais comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta a ainmniú nó a chruthú, arb é an ról atá acu seiceáil a dhéanamh go bhfuil oibreoirí iompair ag leanúint rialacha an Aontais maidir le cearta paisinéirí. Ba chóir do phaisinéirí a chreideann gur sáraíodh a gcearta teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht sa tír inar tharla an eachtra.Gearáin chomhshaoilD’fhoilsigh an Coimisiún eolas maidir le conas déileáil le fadhbanna comhshaoil i gcúirteanna náisiúnta. Áirítear leis sin bileoga eolais i dteangacha oifigiúla uile an Aontais ina mínítear conas do chearta a chosaint faoi dhlí comhshaoil an Aontais, nuair a dhéantar damáiste don chomhshaol, don tsláinte nó do mhaoin ina measc. Tuilleadh eolais ar thairseach e-Justice.Comhairle Your EuropeCuireann Comhairle Your Europe comhairle dlí ar fáil faoi na cearta atá agat faoi dhlí an Aontais. Is féidir leo cabhrú leat tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi a bhfuil feidhm ag an dlí i do chás ar leith agus míniú a thabhairt ar an gcaoi ar féidir leat do chearta a fheidhmiú faoi dhlí an Aontais.SOLVITIs seirbhís é SOLVIT a chuireann na húdaráis náisiúnta ar fáil. Pléann sé le fadhbanna trasteorann a bhaineann le cur i bhfeidhm mícheart dhlí an Aontais ag riaracháin phoiblí náisiúnta i margadh aonair an Aontais. Tá ionad SOLVIT i ngach Ballstát agus san Iorua, san Íoslainn agus i Lichtinstéin. Déanfaidh do thír iarracht an fhadhb a réiteach leis an tír eile lena mbaineann sé. D’fhéadfadh sé go gcaithfear níos lú ama má théitear trí SOLVIT ná a chaithfí dá ndéanfaí gearán oifigiúil leis an gCoimisiún agus d’fhéadfaí an fhadhb a bhaineann leat féin a réiteach ar an mbealach sin. Mura féidir an fhadhb a réiteach, nó má mheasann tú nach réiteach sásúil é an réiteach atá molta, féadfaidh tú dul i mbun caingean dlí i gcúirt náisiúnta nó gearán foirmiúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Mar sin féin, má roghnaíonn tú dul trí SOLVIT ar dtús, d'fhéadfá roinnt ama a chailleadh, má bhíonn ort sa deireadh do chás a thabhairt os comhair na gcúirteanna náisiúnta (ní chuirfear aon teorainneacha ama a bheidh i bhfeidhm ar fionraí).FIN-NetIs éard atá in FIN-Net líonra chun díospóidí airgeadais a réiteach lasmuigh den chúirt i dtíortha san Aontas Eorpach agus san Iorua, san Íoslainn agus i Lichtinstéin. Is orthusan atá sé de chúram díospóidí idir tomhaltóirí agus soláthraithe seirbhísí airgeadais a láimhseáil.