Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Cosaint sonraí san Aontas Eorpach

An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i Réimse Fhorfheidhmiú an Dlí, agus rialacha eile um chosaint sonraí pearsanta.

Cearta bunúsacha

Leagtar síos sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go bhfuil sé de cheart ag saoránaigh an Aontais a gcuid sonraí pearsanta a bheith faoi chosaint.

Sonraí pearsanta a chosaint

Reachtaíocht

Tá sé d’aidhm ag an bpacáiste um chosaint sonraí, rud a glacadh i mí na Bealtaine 2016, an Eoraip a chur in oiriúint don ré dhigiteach. Deir níos mó ná 90% de mhuintir na hEorpa gur mhaith leo na cearta céanna maidir le cosaint sonraí a bheith ann ar fud an Aontais, gan beann ar an áit a ndéantar a gcuid sonraí a phróiseáil.

An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)

Rialachán (AE) 2016/679 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin. Cuimsítear sa téacs sin an ceartúchán a foilsíodh san Iris Oifigiúil an 23 Bealtaine 2018.

Is céim riachtanach é an rialachán chun cearta bunúsacha daoine aonair a neartú sa ré dhigiteach agus gnó a éascú trí rialacha a shoiléiriú do ghnólachtaí agus do chomhlachtaí poiblí sa mhargadh aonair digiteach. Le haon dlí amháin gheofar réidh freisin leis an ilroinnt atá ann faoi láthair mar gheall ar chórais náisiúnta éagsúla agus le hualaí riaracháin nach bhfuil gá leo.

An 24 Bealtaine 2016 tháinig an rialachán i bhfeidhm agus tá feidhm aige ó bhí an 25 Bealtaine 2018 ann. Tuilleadh eolais do ghnólachtaí agus do dhaoine aonair.

Eolas maidir le hionchorprú an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) i gComhaontú LEE.

Fógraí ó Bhallstáit an Aontais chuig an gCoimisiún Eorpach faoin RGCS

An Treoir maidir le Cosaint Sonraí i Réimse Fhorfheidhmiú an Dlí

Treoir (AE) 2016/680 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le cionta coiriúla nó le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

Leis an treoir sin, cosnaítear an ceart bunúsach atá ag na saoránaigh chun cosaint sonraí aon uair a bhaineann údaráis forghníomhaithe an dlí choiriúil úsáid as sonraí pearsanta chun críocha fhorfheidhmiú an dlí. Cinnteofar léi go háirithe go ndéanfar sonraí pearsanta íospartach, finnéithe agus daoine atá in amhras coire a chosaint go cuí agus éascófar léi an comhar trasteorann sa chomhrac in aghaidh na coireachta agus na sceimhlitheoireachta.

An 5 Bealtaine 2016 a tháinig an Treoir i bhfeidhm agus bhí ar na Ballstáit í a thrasuí ina ndlí náisiúnta faoin 6 Bealtaine 2018.

30 AIBREÁN 2018
Factsheet - How will the data protection reform help fight international crime?

Údaráis náisiúnta um chosaint sonraí

comhlachtaí náisiúnta bunaithe ag na Ballstáit agus é de chúram ar na comhlachtaí sin sonraí pearsanta a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 8(3) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí

Is comhlacht neamhspleách Eorpach é an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB) arb é an cúram atá air féachaint chuige go gcuirfear na rialacha maidir le cosaint sonraí i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach ar fud an Aontais. Leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) a bunaíodh an EDPB.

Ar an EDPB tá ionadaithe ó údaráis náisiúnta cosanta sonraí ó thíortha an Aontais/LEE agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Bíonn an Coimisiún rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus i gcruinnithe an Bhoird ach níl cead vótála aige.  Is é an Maoirseoir a chuireann an rúnaíocht ar fáil don Bhord. Déanann an rúnaíocht na cúraimí atá uirthi a chomhlíonadh go heisiach faoi threoracha Chathaoirleach an Bhoird.

Is iad príomhchúraimí an Bhoird treoir ghinearálta a thabhairt i dtaobh coincheapa atá lárnach sa RGCS agus sa Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí, comhairle a chur ar an gCoimisiún Eorpach i gcúrsaí a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta agus le tograí reachtacha nua san Aontas Eorpach, agus cinntí ceangailteacha a ghlacadh i ndíospóidí idir údaráis náisiúnta mhaoirseachta.

Cosaint Sonraí in Institiúidí agus Comhlachtaí an Aontais Eorpaigh

Reachtaíocht

Leagtar amach i Rialachán 2018/1725 na rialacha is infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Tá an Rialachán sin ailínithe leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus leis an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i Réimse Fhorfheidhmiú an Dlí. Tháinig sé i bhfeidhm an 11 Nollaig 2018.

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Bunaíodh maoirseoir Eorpach ar chosaint sonraí (EDPS) le Rialachán 2018/1725. Is comhlacht neamhspleách de chuid an Aontais Eorpaigh é an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí arb é cúram atá air monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm rialacha cosanta sonraí laistigh d'Institiúidí an Aontais agus gearáin a imscrúdú.

Oifigeach Cosanta Sonraí sa Choimisiún Eorpach

Oifigeach Cosanta Sonraí ceaptha ag an gCoimisiún Eorpach arb é an cúram atá air monatóireacht a dhéanamh ar na rialacha maidir le cosaint sonraí sa Choimisiún Eorpach agus iad a chur i bhfeidhm. Féachann an t-oifigeach cosanta sonraí chuige, ar bhonn neamhspleách, go bhfuil na rialacha um chosaint sonraí á bhfeidhmiú go hinmheánach, i gcomhar leis an maoirseoir Eorpach um chosaint sonraí.

Clásail Chonarthacha Chaighdeánacha

Tar éis dhá shraith de Chlásail Chonarthacha Chaighdeánacha (CCC) a ghlacadh i mí an Mheithimh 2021 (ceann amháin le húsáid idir rialaitheoirí agus próiseálaithe laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus an ceann eile chun sonraí pearsanta a aistriú chuig tíortha lasmuigh de LEE), d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach Ceisteanna agus Freagraí an 25 Bealtaine 2022 chun treoraíocht phraiticiúil a chur ar fáil maidir le húsáid CCCanna agus chun cúnamh a thabhairt do pháirtithe leasmhara maidir lena n-iarrachtaí comhlíonta faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Tá na Ceisteanna agus na Freagraí sin bunaithe ar aiseolas a fuarthas ó pháirtithe leasmhara éagsúla maidir lena dtaithí ar úsáid a bhaint as na CCCanna nua sna chéad mhíonna tar éis a nglactha. Tá sé i gceist go mbeidh na Ceisteanna agus na Freagraí ina bhfoinse faisnéise ‘dinimiciúil’ agus déanfar iad a nuashonrú de réir mar a thagann ceisteanna nua chun cinn. 

25 BEALTAINE 2022
Questions and Answers for the two sets of Standard Contractual Clauses

Doiciméid

 

15 MÁRTA 2019
Regulation (EU) 2016/679 - General Data Protection Regulation

 

20 MEÁN FÓMHAIR 2017
Directive (EU) 2016/680 on the protection of natural persons regarding processing of personal data connected with criminal offences or the execution of criminal penalties, and on the free movement of such data

 

15 MÁRTA 2019
Regulation (EU) 2018/1725 on the protection of natural persons with regard to the processing of personal data by the EU institutions, bodies, offices and agencies