2025 13 SamhainD’eisíoc an Coimisiún dhá íocaíocht dar luach €5.9 billiún leis an Úcráin 29 Deireadh FómhairTháinig an comhaontú trádála nuashonraithe idir an tAontas agus an Úcráin i bhfeidhm23 Deireadh FómhairGhlac an tAontas an 19ú pacáiste de smachtbhannaí in aghaidh na Rúise25 LúnasaRinne an tAontas comóradh ar Lá Neamhspleáchais na hÚcráine le tacaíocht bhreise €4 bhilliún18 IúilGhlac an tAontas Eorpach an 18ú pacáiste smachtbhannaí in aghaidh na Rúise10 IúilD’fhógair an tAontas pacáiste nua infheistíochta €2.3 billiún ag Comhdháil Téarnaimh na hÚcráine 202530 MeitheamhTháinig an tAontas agus an Úcráin ar chomhaontú i bprionsabal maidir le caidreamh trádála nuachóirithe.4 MeitheamhMhol an Coimisiún bearta nua chun cabhrú le dídeanaithe ón Úcráin aistriú ó chosaint shealadach ar deireadh20 BealtaineGhlac an tAontas Eorpach an 17ú pacáiste smachtbhannaí in aghaidh na Rúise9 BealtaineComhaontú chun Binse Speisialta um Choir an Fhogha faoin Úcráin a bhunú, laistigh de Chomhairle na hEorpa10 AibreánChuir an tAontas agus an Úcráin síneadh lena gcomhaontú maidir le hiompar de bhóthar go dtí an 31 Nollaig 20251 AibreánD’eisíoc an Coimisiún an tríú híocaíocht rialta faoin tSaoráid don Úcráin24 FeabhraGhlac an tAontas Eorpach an 16ú pacáiste smachtbhannaí in aghaidh na Rúise4 FeabhraLeagadh síos an bhunchloch do bhinse speisialta chun an Rúis a chur faoi thriail as fogha a thabhairt faoin ÚcráinTaispeáin 9 de ní eile10 EanáirD’eisíoc an Coimisiún an chéad €3 bhilliún d’iasacht G7 leis an Úcráin, suim a bheidh le haisíoc le fáltais ó shócmhainní díluailithe na Rúise 2024 18 NollaigD’eisíoc an Coimisiún an dara híocaíocht rialta faoin tSaoráid don Úcráin16 NollaigGhlac an tAontas Eorpach an 15ú pacáiste smachtbhannaí in aghaidh na Rúise20 Meán FómhairMhol an Coimisiún iasacht cúnaimh macrairgeadais dar luach suas le €35 bhilliún don Ucráin. Is é an iasacht sin rannchuidiú an Aontais le pacáiste cúnamh airgeadais foriomlán dar luach suas le €45 bhilliún idir an tAontas Eorpach agus an G7, agus déanfar í a mhaoiniú trí shárbhrabúis ó shócmhainní blocáilte de chuid na Rúise a ghiaráil19 Meán FómhairD’fhógair an Coimisiún €160 milliún de thacaíocht do shlándáil fuinnimh na hÚcráine13 LúnasaD’eisíoc an Coimisiún beagnach €4.2 billiún leis an Úcráin faoin gcéad cholún den tSaoráid don Úcráin. Fágann sé sin gur fiú €12.2 bhilliún an maoiniú iomlán ón Aontas a eisíocadh le rialtas na hÚcráine faoin tSaoráid go dtí seo.26 IúilChuir an tAontas Eorpach an chéad íocaíocht €1.5 billiún ar fáil don Úcráin, airgead a gineadh ó shócmhainní blocáilte de chuid na Rúise17 IúilThug an Coimisiún measúnú dearfach uaidh maidir leis an gcéad íocaíocht rialta dar luach beagnach €4.2 billiún faoin tSaoráid don Úcráin10 IúilCuireadh síneadh leis an gcomhaontú deonach idir 22 oibreoir teileachumarsáide Eorpacha agus seacht n-oibreoir teileachumarsáide de chuid na hÚcráine chun a chinntiú gur féidir le dídeanaithe ón Úcráin fanacht nasctha thar theorainneacha.25 MeitheamhChomhaontaigh an Chomhairle síneadh a chur leis an gcosaint shealadach do dhaoine atá ag teitheadh ó ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine go dtí mí an Mhárta 2026.25 MeitheamhChuir an tAontas tús le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin.24 MeitheamhGhlac an tAontas an 14ú pacáiste de smachtbhannaí eacnamaíocha agus smachtbhannaí aonair i gcoinne na Rúise.11 MeitheamhMhol an Coimisiún síneadh a chur leis an gcosaint shealadach do dhaoine atá ag teitheadh ó ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine go dtí mí an Mhárta 2026.13 BealtaineChuir an tAontas síneadh bliana leis an tacaíocht trádála don Úcráin.24 AibreánChuir an Coimisiún tacaíocht bhreise €1.5 billiún ar fáil don Úcráin faoin tSaoráid don Úcráin.20 MártaChuir an Coimisiún an chéad €4.5 billiún de thacaíocht ar fáil don Úcráin faoin tSaoráid don Úcráin.24 FeabhraI gCív, thug an tUachtarán Ursula von der Leyen gluaisteáin d’fhórsaí slándála na hÚcráine chun feabhas a chur ar an gcobhsaíocht agus chun imscrúduithe ar choireacht chogaidh a threisiú i gcríocha dí-áitithe.20 FeabhraD’fhógair an Coimisiún €83 mhilliún tosaigh i gcabhair dhaonnúil chun tacú leis na daoine atá thíos le cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine in 2024.23 FeabhraGhlac an tAontas an 13ú pacáiste de smachtbhannaí eacnamaíocha agus smachtbhannaí aonair i gcoinne na Rúise.1 Feabhra Chomhaontaigh ceannairí an Aontais tacaíocht rialta intuartha a chur ar fáil don Úcráin trí ionstraim airgeadais thiomnaithe nua. Cuirfidh an tSaoráid don Úcráin suas le €50 billiún ar fáil i bhfoirm deontas agus iasachtaí go dtí 2027.Taispeáin 14 de ní eile31 EanáirMhol an Coimisiún fionraí na ndleachtanna agus na gcuótaí iompórtála na hÚcráine chuig an Aontas a athnuachan go ceann bliana eile. 2023 20 NollaigD’oscail an Coimisiún Oifig nua Fís Eorpach i gCív.18 NollaigGhlac an tAontas an 12ú pacáiste de smachtbhannaí eacnamaíocha agus smachtbhannaí aonair i gcoinne na Rúise.14 NollaigChinn ceannairí an Aontais tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin.14 NollaigChinn ceannairí an Aontais tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin.24 SamhainD’íoc an Coimisiún €1.5 billiún breise leis an Úcráin. Fágann an íocaíocht sin go bhfuil €16.5 billiún faighte go dtí seo ag an Úcráin as na €18 mbilliún atá beartaithe faoi Chúnamh Macrairgeadais+ do 2023.8 SamhainMhol an Coimisiún go gcuirfeadh an Chomhairle tús le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin, mar chuid de Phacáiste um Méadú 2023.22 Meán Fómhair€1.5 billiún breise íoctha ag an gCoimisiún leis an Úcráin. Tar éis na híocaíochta seo, tá €13.5 billiún faighte ag an Úcráin go dtí seo i mbliana faoin gCúnamh Macrairgeadais ‘Plus’.19 Meán FómhairMhol an Coimisiún síneadh a chur leis an gcosaint shealadach do dhaoine atá ag teitheadh ó ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine go dtí mí an Mhárta 2025.15 Meán FómhairTar éis dhul in éag na mbeart sriantach maidir le heaspórtálacha gráin agus táirgí bia eile ón Úcráin chuig an Aontas, d’aontaigh an Úcráin bearta a thabhairt isteach chun borradh athnuaite faoi iompórtálacha an Aontais a sheachaint.3 LúnasaD’fhorchuir an tAontas bearta srianta spriocdhírithe breise ar an mBealarúis.3 IúilCuireadh tús leis an Lárionad Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh Choir an Ionsaithe in aghaidh na hÚcráine sa Háig20 MeitheamhBheartaigh an Coimisiún Saoráid thiomnaithe a bhunú chun tacú le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine.23 MeitheamhGhlac an tAontas an 11ú pacáiste de smachtbhannaí eacnamaíocha agus smachtbhannaí aonair i gcoinne na Rúise.22 MeitheamhD’íoc an Coimisiún €1.5 billiún faoin bpacáiste de Thacaíocht Macrairgeadais (MFA)+ don Úcráin. Leis an tráinse sin, tá €9 mbilliún as an €18 mbilliún atá beartaithe do 2023 eisíoctha cheana féin.14 MeitheamhShlóg an tAontas stoc-chairn éigeandála agus cistiú chun tacú leis an bhfreagairt ghéarchéime ar bhearnú dhamba Nova Kakhovka.6 MeitheamhChomhtháthaigh an Coimisiún an Úcráin tuilleadh i Margadh Aonair an Aontais Eorpaigh tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa le haghaidh maoiniú bonneagair.23 BealtaineD’íoc an Coimisiún €1.5 billiún breise i gcúnamh macrairgeadais don Úcráin. Leis an tráinse sin, tá €7.5 billiún eisíoctha ag an gCoimisiún go dtí seo as pacáiste tacaíochta ar fiú suas le €18 mbilliún é do 2023.9 BealtaineThug Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen cuairt ar Chív agus d’fhógair sí an 11ú pacáiste de smachtbhannaí i gcoinne na Rúise.5 BealtaineChomhaontaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh tacaíocht €1 bhilliún faoin tSaoráid Eorpach Síochána.25 AibreánD’íoc an Coimisiún €1.5 billiún breise i gcúnamh macrairgeadais don Úcráin.20 AibreánTháinig an Úcráin isteach i Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, an creat dlúthpháirtíochta Eorpach a chabhraíonn le tíortha atá thíos le tubaiste.13 AibreánGhlac an Chomhairle beart cúnaimh ar fiú €1 bhilliún é faoin tSaoráid Eorpach Síochána (EPF) chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine. Fágann an beart sin gurb é €4.6 billiún méid iomlán na ranníocaíochta atá tugtha ag an Aontas don Úcráin faoin tSaoráid Eorpach Síochána go dtí seo.21 Márta€1.5 billiún breise eisíoctha ag an gCoimisiún i gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin.20 MártaChomhaontaigh Ballstáit an Aontais dlús a chur le seachadadh agus soláthar comhpháirteach armlóin don Úcráin.16 MártaBauhaus Eorpach Nua: seoladh clár fothaithe acmhainneachta chun tús a chur le hatógáil na hÚcráine.8 MártaD’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht faoin gcosaint shealadach atá á cur ar fáil le bliain anuas do dhaoine atá ar a dteitheadh ó fhogha na Rúise faoin Úcráin.4 MártaBa dhíol sásaimh d’Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, bunú an Lárionaid Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh Choireanna an Fhogha faoin Úcráin.3 MártaMar chuid de chomhthionscadal leis an gCoimisiún Eorpach, gheall an chuideachta fuinnimh Enel 5,700 grianphainéal fótavoltach a bhronnadh ar an Úcráin. Tá an tionscnamh sin mar chuid d’iarracht níos leithne an Aontais chun réitigh lasmuigh den eangach a chinntiú lena soláthrófaí leictreachas do phríomhfhoirgnimh shibhialta phoiblí san Úcráin.25 FeabhraTháinig an tAontas ar chomhaontú faoin 10ú pacáiste de smachtbhannaí i gcoinne na Rúise.24 FeabhraBliain amháin de fhrithbheartaíocht na hÚcráine: Chuir an tUachtarán von der Leyen i dtábhacht tiomantas agus dlúthpháirtíocht bhuanseasmhach an Aontais leis an Úcráin agus lena muintir.23 FeabhraMhol an Coimisiún fionraí na ndleachtanna iompórtála, na gcuótaí agus na mbeart cosanta trádála ar easpórtálacha na hÚcráine chuig an Aontas a athnuachan go ceann bliana eile.3 FeabhraTionóladh an Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin i gCív.2 FeabhraThaistil Coláiste na gCoimisinéirí go Cív chun borradh a chur faoi thacaíocht agus faoi chomhar earnálach an Aontais leis an Úcráin.26 EanáirSheol an tAontas ardán deontóirí chun téarnamh na hÚcráine a éascú.Taispeáin 29 de ní eile17 EanáirD’eisíoc an Coimisiún an chéad tráthchuid de €3 bhilliún don Úcráin ón bpacáiste maidir le Cúnamh Macrairgeadais+, pacáiste ar fiú suas le €18 mbilliún é. 2022 13 NollaigSa chomhdháil ‘Seasaimis le muintir na hÚcráine’ i bPáras, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, seachadadh nua gineadóirí cumhachta ón Aontas, mol sláinte agus fuinnimh rescEU a bhunú sa Pholainn agus bolgáin solais sábhála fuinnimh a dheonú.7 NollaigD’fhógair an Coimisiún an 9ú pacáiste de smachtbhannaí i gcoinne na Rúise.30 SamhainMhol Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen cúirt speisialaithe a chur ar bun chun coir fhoghach na Rúise a imscrúdú agus í a ionchúiseamh. D’fhógair sí freisin comhaontú idirnáisiúnta le comhpháirtithe an Aontais chun a chinntiú go n-íocfaidh an Rúis cúiteamh iomlán as an damáiste a rinneadh don Úcráin.26 SamhainGhlac Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen páirt sa chruinniú mullaigh ‘Grán ón Úcráin’ agus d’fhógair sí tacaíocht an Choimisiúin chun 40,000 tonna gráin a iompar chuig na tíortha is mó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda bia.22 SamhainD’eisíoc an Coimisiún €2.5 billiún breise i gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil.20 SamhainSheol an Coimisiún feachtas dlúthpháirtíochta an Aontais ‘Busanna scoile don Úcráin’.11 SamhainShlóg an Coimisiún Eorpach agus a chomhpháirtithe €1 bhilliún le haghaidh na Lánaí Dlúthpháirtíochta chun an tslándáil bia a fheabhsú ar fud an domhain agus líne tharrthála a thabhairt do gheilleagar na hÚcráine.9 SamhainMhol an Coimisiún pacáiste tacaíochta cobhsaí intuartha dar luach suas le €18 mbilliún don Úcráin le haghaidh 2023.25 Deireadh FómhairRinne an Coimisiún Eorpach agus an Ghearmáin, mar Chathaoirleach ar G7, comhóstáil i mBeirlín ar an gComhdháil Idirnáisiúnta Saineolaithe maidir le Téarnamh, Atógáil agus Nuachóiriú na hÚcráine.18 Deireadh FómhairD’eisíoc an Coimisiún €2 bhilliún breise i gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin.17 Deireadh FómhairGhlac an Chomhairle bearta breise cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chumais agus d’athléimneacht Fhórsaí Armtha na hÚcráine. Is é €3.1 billiún an ranníocaíocht iomlán atá déanta ag an Aontas go dtí seo faoin tSaoráid Eorpach Síochána don Úcráin.17 Deireadh FómhairChomhaontaigh an Chomhairle Misean Cúnaimh Mhíleata a bhunú chun tacú leis an Úcráin (EUMAM Ukraine). Is é is aidhm don mhisean rannchuidiú le cumas míleata Fhórsaí Armtha na hÚcráine a fheabhsú chun oibríochtaí míleata a stiúradh go héifeachtach, ionas go mbeidh an Úcráin in ann a hiomláine chríochach a chosaint laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, sin agus a ceannasacht a fheidhmiú go héifeachtach agus sibhialtaigh a chosaint.6 Deireadh FómhairChomhaontaigh an tAontas Eorpach an t-ochtú pacáiste smachtbhannaí i gcoinne na Rúise.7 Meán FómhairMhol an Coimisiún iasachtaí cúnaimh macrairgeadais (MFA) breise dar luach €5 bhilliún don Úcráin mar an dara cuid den phacáiste eisceachtúil MFA suas le €9 mbilliún a fógraíodh i mí na Bealtaine 2022.6 Meán FómhairMhol an Coimisiún Comhaontú an Aontais Eorpaigh um Eisiúint Víosaí a Éascú leis an Rúis a chur ar fionraí go hiomlán. Tá an méid sin mar fhreagairt ar rioscaí agus bagairtí méadaithe do leasanna slándála an Aontais agus do shlándáil náisiúnta a Bhallstát mar thoradh ar ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine.1 Meán FómhairD’oscail an tAontas mol aslonnaithe leighis sa Pholainn chun aistrithe othar ón Úcráin a éascú. Cuirfidh an Mol spás sábháilte ar fáil do na hothair a thagann ón Úcráin sula gcuirfear ar aghaidh iad chun cóireáil a fháil in ospidéal i dtír Eorpach eile.22 IúilGhlac an Chomhairle dhá bheart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána (EPF) arb é is aidhm dóibh dlús a chur le tacaíocht an Aontais d’acmhainneachtaí agus d’athléimneacht Fhórsaí Armtha na hÚcráine chun iomláine chríochach agus ceannasacht na tíre a chosaint, agus an pobal sibhialtach a chosaint ar fhogha míleata leanúnach na Rúise. Is é €2.5 billiún an ranníocaíocht atá déanta ag an Aontas go dtí seo faoin tSaoráid Eorpach Síochána don Úcráin.Chinn an Chomhairle bearta sriantacha a fhorchur ar 54 dhuine aonair agus ar 10 n-eintiteas breise mar fhreagairt ar fhogha míleata leanúnach na Rúise faoin Úcráin gan chúis gan údar.15 IúilShínigh an Coimisiún agus Rialtas na hÚcráine comhaontú lena ndearnadh an Úcráin a chomhlachú leis an gclár EU4Health. Leis an gcomhaontú sin, tabharfar rochtain don Úcráin ar mhaoiniú ón Aontas i réimse na sláinte agus cuirfear ar chumas chóras sláinte na hÚcráine freagairt do riachtanais láithreacha agus cuidiú leis an téarnamh fadtéarmach.Ghlac an Coimisiún togra le haghaidh pacáiste nua beart chun éifeachtacht na sé phacáiste leathana smachtbhannaí gan fasach i gcoinne na Rúise a choinneáil agus a neartú. Leis an bpacáiste nua, tabharfar isteach toirmeasc nua ar iompórtáil ór na Rúise, agus treiseofar san am céanna an dé-úsáid agus na rialuithe easpórtála ardteicneolaíochta. D’fhormheas an Chomhairle na bearta sin an 21 Iúil.1 IúilMhol an Coimisiún oibríocht nua tacaíochta macrairgeadais (MFA) don Úcráin ar fiú €1 bhilliún é, agus is í an chéad chuid den phacáiste eisceachtúil MFA suas le €9 mbilliún a fógraíodh i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 23-24 Meitheamh 2022. Eisíocadh na cistí leis an Úcráin go luath i mí Lúnasa.Ghlac an Coimisiún Cinneadh lena gcuirtear ar chumas na mBallstát dleachtanna custaim agus CBL a tharscaoileadh go sealadach maidir le bia, pluideanna, pubaill, gineadóirí leictreacha agus trealamh tarrthála eile, atá dírithe ar mhuintir na hÚcráine atá thíos leis an gcogadh, a iompórtáil ó thríú tíortha. Beidh feidhm chúlghabhálach ag an mbeart sin, a d’iarr na Ballstáit, ón 24 Feabhra 2022 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2022.28 MeitheamhD’fhógair an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais go gcuirfear tús leis an trádáil leictreachais idir an Úcráin agus an tAontas an 30 Meitheamh. Leanann an fhorbairt sin sioncrónú éigeandála rathúil eangacha na hÚcráine agus na Moldóive leis an Eangach Ilchríochach Eorpach i mí an Mhárta. Is é seo an chéad chéim eile chun córais fuinnimh an dá thír sin a chomhtháthú leis an Eoraip.27 MeitheamhTar éis don Úcráin trealamh leighis, trealamh cosanta agus trealamh speisialaithe a iarraidh i leith rioscaí don tsláinte phoiblí amhail bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha, shlóg an Coimisiún a chúltacaí éigeandála nua rescEU.23 MeitheamhBhronn an tAontas stádas tír is iarrthóir ar an Úcráin agus ar an Moldóiv.17 MeitheamhChuir an Coimisiún a Thuairim i láthair maidir le hiarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas agus mhol sé don Chomhairle stádas mar iarrthóir a bhronnadh ar an tír ar an tuiscint go ndéanfar céimeanna i roinnt réimsí.14 MeitheamhThug an Coimisiún treoraíocht do na Ballstáit maidir leis an dóigh chun daoine atá ag teacht ón Úcráin a lánpháirtiú i margadh an tsaothair agus tacú leis an rochtain atá acu ar oiliúint agus ar fhoghlaim aosach. Tá roinnt samplaí nithiúla sa treoir freisin de thionscadail arna maoiniú ag an Aontas Eorpach a thacaíonn le comhtháthú i margadh an tsaothair.11 MeitheamhBhuail an tUachtarán von der Leyen leis an Uachtarán Zelenskyy i gCív agus bhí plé acu mar ullmhúchán do thuairim an Choimisiúin maidir le hiarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas. 9 MeitheamhD’fhógair an tAontas €205 mhilliún breise i gcúnamh daonnúil don Úcráin. Fágann sé sin gur fiú os cionn €700 milliún maoiniú cabhrach daonnúla agus luach na cabhrach comhchineáil ón Aontas mar fhreagairt ar ionradh mídhleathach na Rúise ar an Úcráin, agus tá €13 mhilliún de sin curtha i leataobh do thionscadail sa Mholdóiv.9 MeitheamhChuir an tAontas ar bun beart tacaíochta €20 milliún le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta san Úcráin tríd an gComhairle Nuálaíochta Eorpach.31 BealtaineSheol an Coimisiún ardán an Aontais chun eolas a mhalartú faoi thairbhithe de chosaint shealadach agus de chosaint leordhóthanach. A bhuí leis an ardán beidh na Ballstáit in ann faisnéis a mhalartú i bhfíor-am faoi dhaoine atá cláraithe ionas gur féidir le daoine atá ag teitheadh ón Úcráin tairbhe éifeachtach a bhaint as a gcearta sna Ballstáit uile, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar chásanna ina bhfuil clárú dúbailte nó níos mó agus mí-úsáid a d’fhéadfadh a bheith ann a theorannú. 30 BealtaineAg teacht le chéile do cheannairí an Aontais ag an gComhairle Eorpach urghnách, tháinig siad ar chomhaontú maidir leis an séú pacáiste de smachtbhannaí i gcoinne na Rúise. 25 BealtaineChun cuidiú le bearta sriantacha an Aontais a chur i bhfeidhm, mhol an Coimisiún sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a chur le liosta choireanna an Aontais, sin agus na rialacha maidir le sócmhainní a aisghabháil agus a choigistiú a threisiú. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfear bearta sriantacha an Aontais i bhfeidhm ina n-iomláine agus nach gceadófar do shárú na mbeart sin. Tá sé mar aidhm leis na tograí sin a chinntiú go bhféadfar sócmhainní na ndaoine aonair agus na n-eintiteas a sháraíonn na bearta sriantacha a choigistiú go héifeachtach amach anseo.20 BealtaineD’eisíoc an Coimisiún Cúnamh Macrairgeadais éigeandála dar luach €600 milliún chun aghaidh a thabhairt ar ghéar-riachtanais airgeadais na hÚcráin, rud a chinnteofar gur féidir léi leanúint de sheirbhísí riachtanacha a fheidhmiú agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais bhunúsacha laethúla. Is í an eisíocaíocht sin an tráinse deiridh den phacáiste cúnaimh airgeadais €1.2 billiún a d’fhógair an Coimisiún ag deireadh mhí Eanáir 2022. 18 BealtaineLeag an Coimisiún amach pleananna maidir le freagairt láithreach an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar bhearna mhaoinithe na hÚcráine, agus d’fhógair sé suas le €9 mbilliún de chúnamh macrairgeadais do 2022, chomh maith leis an gcreat um atógáil níos fadtéarmaí. 16 BealtaineSheol an Coimisiún líne chabhrach ghutháin thiomnaithe in Úcráinis agus i Rúisis chun eolas a chur ar fáil agus chun cuidiú leo siúd a bhí ag teitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin.12 BealtaineLeag an Coimisiún amach plean gníomhaíochta chun Lánaí Dlúthpháirtíochta a bhunú chun a chinntiú go mbeidh an Úcráin in ann grán a easpórtáil, ach go mbeidh sí in ann na hearraí atá ag teastáil uaidh a iompórtáil freisin, ó chabhair dhaonnúil go beatha ainmhithe agus leasacháin.5 BealtaineD’fhógair an Coimisiún pacáiste nua cabhrach €200 milliún chun tacú le daoine easáitithe san Úcráin i gcomhthéacs Chomhdháil Idirnáisiúnta na nDeontóirí a thionóil an Pholainn agus an tSualainn le chéile.29 AibreánTá breis agus €3.5 billiún i réamhíocaíochtaí íoctha ag an gCoimisiún leis na Ballstáit chun cuidiú leo bainistiú a dhéanamh ar theacht isteach ar a gcríocha daoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin. Rinneadh na híocaíochtaí do REACT-EU faoi Ghníomhaíocht Chomhtháthaithe an Aontais le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip.27 AibreánMhol an Coimisiún dleachtanna iompórtála ar na heaspórtálacha go léir ón Úcráin isteach san Aontas a chur ar fionraí ar feadh bliana. Leis an togra, chuirfí bearta frithdhumpála agus cosanta uile an Aontais ar fionraí freisin ar feadh bliana maidir le heaspórtálacha cruach na hÚcráine. Ceapadh an chéim fhorleathan sin chun cuidiú le borradh a chur faoi easpórtálacha na hÚcráine chuig an Aontas agus staid dheacair na dtáirgeoirí agus na n-easpórtálaithe ón Úcráin a mhaolú.17 AibreánTá €50 milliún breise de mhaoiniú daonnúil leithdháilte ag an Aontas chun tacú leis na daoine atá thíos le cogadh na Rúise san Úcráin, €45 mhilliún san áireamh le haghaidh tionscadail dhaonnúla san Úcráin agus €5 mhilliún don Mholdóiv. Leis an méid sin, is é €143 mhilliún maoiniú cabhrach daonnúla iomlán an Aontais mar fhreagairt ar an gcogadh. Tá an maoiniú sin mar chuid den phacáiste tacaíochta €1 bhilliún a gheall an Coimisiún Eorpach ag an ócáid ‘Seasaimis ar son na hÚcráine’.9 AibreánLeis an ócáid gealltanais dhomhanda agus feachtas ‘Seasaimis ar son na hÚcráine’, bailíodh €9.1 billiún do dhaoine atá ag teitheadh ó ionradh na Rúise, laistigh den Úcráin agus thar lear, agus €1 bhilliún ón gCoimisiún Eorpach san áireamh ann. Anuas air sin, tá iasacht bhreise €1 bhilliún fógartha ag an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha chun freastal ar riachtanais na ndaoine atá easáitithe mar thoradh ar an ionradh.8 AibreánTháinig an tAontas ar chomhaontú maidir leis an gcúigiú pacáiste de bhearta sriantacha i gcoinne na Rúise inniu mar fhreagairt ar a hionsaí brúidiúil ar an Úcráin agus ar a muintir. In éineacht leis na 4 phacáiste a tháinig roimhe seo, cuirfidh na smachtbhannaí seo leis an mbrú eacnamaíoch atá á chur ar an gCreimil agus déanfaidh siad an-dochar dá cumas a hionradh ar an Úcráin a mhaoiniú. Is leithne agus is géire na bearta seo agus dá bhrí sin is mó an dochar a dhéanann siad do gheilleagar na Rúise. Rinneadh iad a chomhordú le comhpháirtithe idirnáisiúnta.8 AibreánShínigh oibreoirí teileachumarsáide atá lonnaithe san Aontas agus san Úcráin ráiteas comhpháirteach maidir lena n-iarrachtaí comhordaithe chun fánaíocht agus glaonna idirnáisiúnta inacmhainne nó saor in aisce idir an tAontas agus an Úcráin a chinntiú agus a chobhsú. Tá sé mar aidhm leis an ráiteas comhpháirteach creat níos cobhsaí a bhunú chun cabhrú le muintir na hÚcráine atá easáitithe ar fud na hEorpa fanacht i dteagmháil lena muintir agus lena gcairde sa bhaile.6 AibreánD’fhoilsigh an Coimisiún moladh maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí acadúla agus gairmiúla na ndaoine atá ar a dteitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin. Cuirfidh sé treoraíocht agus comhairle phraiticiúil ar fáil do na Ballstáit chun próiseas aitheantais gasta, cóir agus solúbtha a chinntiú.5 AibreánD’fhógair Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, an cúigiú babhta de smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise. Leis na bearta sriantacha níos leithne agus níos géire, díreofar ar 6 cholún, rud a dhéanfaidh difear suntasach do gheilleagar na Rúise agus a choinneoidh an brú ar rialtas na Rúise.4 AibreánChuir an tAontas Foireann Chomhpháirteach um Imscrúdú in éineacht leis an Úcráin ar bun chun fianaise a bhailiú agus chun imscrúdú a dhéanamh ar choireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna. Tá an tAontas réidh leis an iarracht sin a threisiú trí fhoirne imscrúdaithe a sheoladh ar an láthair chun tacú le Seirbhísí Ionchúisimh na hÚcráine. 1 AibreánGhlac an Coimisiún togra maidir le nótaí bainc hryvnia á gcomhshó in airgeadra na mBallstát óstach ag daoine atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin. Is é is aidhm dó cur chuige comhordaithe a chur chun cinn chun na coinníollacha céanna a chur ar fáil dóibh siúd atá ar a dteitheadh ón Úcráin chun a nótaí bainc hryvnia a chomhshó ina n-airgeadra áitiúil gan beann ar an mBallstát atá á n-óstáil.28 MártaAg an gcruinniú urghnách den Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, chuir an Leas-Uachtarán um ár nDóigh Bheatha Eorpach a chur chun cinn, Margaritis Schinas, agus an Coimisinéir um Ghnóthaí Baile, Ylva Johansson, i gcomhar le hUachtaránacht na Fraince ar an gComhairle dá ndearna an tAire Gérald Darmanin ionadaíocht, Plean 10 bPointe i láthair le haghaidh comhordú Eorpach níos láidre i dtaca le fáilte a chur roimh dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh i gcoinne na hÚcráine.25 MártaD’fhógair an Coimisiún Eorpach agus Rialtas Cheanada feachtas domhanda chun maoiniú a thiomsú a thacóidh le daoine atá ag teitheadh ón ionradh ar an Úcráin, i gcomhar leis an eagraíocht idirnáisiúnta abhcóideachta Global Citizen.23 MártaLeag an Coimisiún amach na bearta atá á ndéanamh chun tacú leis na Ballstáit le freastal ar riachtanais na ndaoine sin atá ag teitheadh ón gcogadh i gcoinne na hÚcráine. Seachas an tacaíocht láithreach a chuirtear ar fáil maidir le cúnaimh ag an teorainn, glacadh agus cosaint shibhialta, tá céimeanna breise glactha ag an Aontas chun cuidiú leis na Ballstáit a chinntiú go mbeidh rochtain éifeachtach ag tairbhithe ar an gceart atá acu ar oideachas, ar chúram sláinte, ar chóiríocht agus ar phoist. 22 MártaSheol an Coimisiún an tairseach ‘Limistéar Eorpach Taighde don Úcráin’, tairseach ilfhreastail le haghaidh seirbhísí eolais agus tacaíochta do thaighdeoirí atá lonnaithe san Úcráin agus atá ag teitheadh ón Úcráin.17 MártaTascfhórsa ‘Calcadh agus Coigistiú’ an Choimisiúin, rud a bunaíodh chun comhordú ar leibhéal an Aontais a chinntiú chun smachtbhannaí a chur chun feidhme i gcoinne olagarcaí na Rúise agus na Bealarúise, chuir sé dlús lena ghníomhaíocht ar an leibhéal idirnáisiúnta. Oibreoidh sé in éineacht leis an ‘Tascfhórsa um Scothaicmí, Seachghníomhaithe agus Olagarcaí na Rúise (REPO)’, faoina n-oibríonn an tAontas Eorpach i gcomhar le tíortha G7 agus leis an Astráil chomh maith.15 MártaMar thoradh ar an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bhí ag ceannairí stáit nó rialtais an Aontais an 10-11 Márta, chinn an Chomhairle an 4ú pacáiste de smachtbhannaí eacnamaíocha agus smachtbhannaí aonair a fhorchur i ndáil le fogha míleata na Rúise faoin Úcráin. Leis na smachtbhannaí sin, cuirfear tuilleadh brú eacnamaíoch ar an gCreimil agus déanfar an-dochar dá cumas a hionradh ar an Úcráin a mhaoiniú.11 MártaD’eisíoc an Coimisiún €300 milliún i gCúnamh Macrairgeadais éigeandála leis an Úcráin. Is é sin an chéad chuid de thráthchuid €600 milliún faoi chlár éigeandála MFA nua na hÚcráine dar luach €1.2 billiún. Is léiriú nithiúil é an clár ar thacaíocht bhuanseasmhach an Aontais don Úcráin.9 MártaChinn an Chomhairle smachtbhannaí spriocdhírithe breise a fhorchur i bhfianaise na staide san Úcráin agus mar fhreagairt ar rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha. Ina measc tá bearta sriantacha maidir le 160 duine breise. In éineacht leis na bearta earnála lena ndírítear ar an mBealarúis agus ar an Rúis a ghlac an Chomhairle, leis na bearta nua sin dúntar bealaí éalaithe agus déantar na bearta atá ann cheana a chomhdhlúthú mar a chomhaontaigh an tAontas chun freagairt ar fhogha míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine.8 MártaThug an Coimisiún achoimre ar an tacaíocht shuntasach atá á cur ar fáil ag an Aontas chun cuidiú leis na daoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin, sin agus chun cuidiú leis na tíortha de chuid an Aontais atá ag glacadh leo. Agus an dlúthpháirtíocht Eorpach á cur i ngníomh, táthar ag cuidiú le daoine trí chabhair dhaonnúil dhíreach, cúnamh éigeandála cosanta sibhialta, tacaíocht ag an teorainn, chomh maith le stádas soiléir dlíthiúil lena gcuirfear ar a gcumas dóibh siúd atá ag teitheadh ón gcogadh cosaint láithreach a fháil san Aontas.8 MártaGhlac an Coimisiún togra le haghaidh Gníomhaíocht Chomhtháthaithe do Dhídeanaithe san Eoraip chun go mbeidh na Ballstáit agus na réigiúin in ann tacaíocht éigeandála a chur ar fáil do dhaoine atá ag teitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin.4 MártaChuir an Coimisiún comhar ar fionraí le heintitis de chuid na Rúise maidir le taighde, an eolaíocht agus an nuálaíocht. Ní thabharfaidh an Coimisiún aon chonradh nua ná aon chomhaontú nua i gcrích le heagraíochtaí Rúiseacha faoin gclár Fís Eorpach. Ar an gcaoi chéanna, chuir an Coimisiún comhar ar fionraí leis an Rúis agus lena comhghuaillí, an Bhealarúis, sna cláir um chomhar trasteorann de chuid na hIonstraime Eorpaí um Chomharsanacht, chomh maith leis an gclár réigiúnach Interreg Mhuir Bhailt, a chur ar fionraí.2 MártaTar éis an fhógra ó Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh dáileadh na n-ardán bréagaisnéise Russia Today agus Sputnik, atá faoi úinéireacht Stát na Rúise, a chur ar fionraí ar fud an Aontais. Clúdaíonn na smachtbhannaí gach modh tarchurtha agus dáilte, mar shampla thar chábla, satailít, IPTV, ardáin, suíomhanna gréasáin agus aipeanna. Cuireadh gach ceadúnas, údarú agus comhshocrú dáilte ábhartha ar fionraí. Clúdaíonn na bearta sin gach Ballstát den Aontas agus beidh siad infheidhme go díreach láithreach.2 MártaMhol an Coimisiún an Treoir um Chosaint Shealadach a ghníomhachtú chun cúnamh tapa éifeachtach a thabhairt do dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin. Faoin togra seo, tabharfar cosaint shealadach san Aontas dóibh siúd atá ag teitheadh ón gcogadh, rud a chiallaíonn go dtabharfar cead cónaithe dóibh agus go mbeidh rochtain ar oideachas agus ar mhargadh an tsaothair acu.2 MártaChomhaontaigh an tAontas príomhbhainc na Rúise a eisiamh ó chóras SWIFT, príomhchóras teachtaireachta airgeadais an domhain. Cuirfidh an beart sin bac ar na bainc sin idirbhearta airgeadais a dhéanamh ar fud an domhain ar bhealach tapa agus éifeachtúil. Rinneadh cinneadh an lae inniu a chomhordú go dlúth le comhpháirtithe idirnáisiúnta an Aontais, cuir i gcás na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe.28 FeabhraD’fhógair an Coimisiún €90 milliún breise do chláir chabhrach éigeandála mar chuid d’éileamh práinneach ar chabhair ó na Náisiúin Aontaithe chun cuidiú le sibhialtaigh atá thíos leis an gcogadh san Úcráin. Cuideoidh an maoiniú le daoine laistigh den Úcráin agus sa Mholdóiv.Tá comhordú á dhéanamh freisin ag an gCoimisiún chun cúnamh ábhartha a chur ar fáil chuig an Úcráin tríd an Sásra um Chosaint Shibhialta, le tairiscintí ó 20 mBallstát faoi láthair, 8 milliún earra cúraim leighis agus tacaíocht don chosaint shibhialta ina measc.Is í an Mholdóiv a ghníomhachtaigh an sásra chun tacú leis na daoine ón Úcráin a thagann isteach sa tír. Tá tacaíocht éigeandála, cuir i gcás earraí dídine agus cúnamh leighis, curtha ar fáil cheana féin ag an Ostair, an Fhrainc agus an Ísiltír don Mholdóiv.27 FeabhraMhol an Coimisiún bearta tacaíochta breise don Úcráin chomh maith le smachtbhannaí i gcoinne na Rúise, a bhfuil an méid seo a leanas san áireamh:maoiniú a chur ar fáil chun airm agus trealamh a cheannach don Úcráin agus iad a sheachadadh chun na tíreaerspás an Aontais a dhúnadh ar gach aerárthach atá faoi úinéireacht na Rúise, atá cláraithe sa Rúis nó atá faoi rialú na Rúise [i bhfeidhm ó bhí an 28 Feabhra ann]cosc a chur san Aontas ar Russia Today agus Sputnik, eagraíochtaí meán atá faoi úinéireacht an stáit, chomh maith lena bhfochuideachtaí [i bhfeidhm ó bhí an 2 Márta ann]Mhol an Coimisiún freisin pacáiste nua i gcoinne Réimeas Lukashenko sa Bhealarúis lena ndírítear ar na hearnálacha is tábhachtaí, lena gcuirtear srian le hearraí dé-úsáide a easpórtáil agus lena gcuirtear smachtbhannaí ar na Bealarúisigh a chuidíonn le hiarracht cogaidh na Rúise.26 FeabhraI gcomhar leis an bhFrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, Ceanada, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe, mhol an Coimisiún sraith nua beart mar fhreagairt ar fhogha na Rúise faoin Úcráin. Tá na bearta dírithe ar an méid seo a leanas:bainc thábhachtacha na Rúise a eisiamh ón gcóras SWIFTtoirmeasc a chur ar idirbhearta bhanc ceannais na Rúise agus a shócmhainní uile a chalcadh [i bhfeidhm ó bhí an 28 Feabhra ann]díriú ar shócmhainní olagarcaí na Rúise [i bhfeidhm ó bhí an 28 Feabhra ann]25 FeabhraMar obair leantach ar na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 24 Feabhra, ghlac an Chomhairle pacáiste de bhearta aonair agus eacnamaíocha atá bunaithe ar chúig cholún:smachtbhannaí in earnáil an airgeadais lena laghdófar an rochtain atá ag an Rúis ar na margaí caipitil is tábhachtaí agus lena ndíreofar ar 70% de mhargadh baincéireachta na Rúise, ach freisin ar phríomhchuideachtaí atá faoi úinéireacht an stáit freisin, réimse na cosanta san áireamhsmachtbhannaí in earnáil an fhuinnimh lena gcuirfear toirmeasc ar earraí agus teicneolaíochtaí sonracha i scagadh ola a dhíol, a sholáthair, a aistriú nó a easpórtáil chun na Rúise agus lena dtabharfar isteach srianta maidir le soláthar seirbhísí gaolmharasmachtbhannaí in earnáil an iompair lena gcuirfear cosc ar gach aerárthach, páirteanna spártha agus trealamh a dhíol d’aerlínte na Rúise. Déanfaidh sé sin dochar do phríomhearnáil gheilleagar na Rúise agus do nascacht na tíre.smachtbhannaí in earnáil na teicneolaíochta lena gcuirfear srianta breise ar earraí agus teicneolaíochtaí dé-úsáide a easpórtáil, chomh maith le srianta ar earraí agus teicneolaíochtaí áirithe a easpórtáil agus a d’fhéadfadh cuidiú leis an Rúis feabhas teicneolaíoch a chur ar an earnáil cosanta agus slándála.smachtbhannaí do beartais víosaí, rud a fhágfaidh nach mbeidh rochtain phribhléideach ag taidhleoirí agus grúpaí gaolmhara, agus an lucht gnó ar an Aontas a thuilleadh.24 FeabhraSa chruinniú urghnách de Chomhairle na hEorpa, cháin ceannairí an Aontais go neamhbhalbh an t-ionsaí míleata a rinne Cónaidhm na Rúise, gan chúis gan údar, i gcoinne na hÚcráine. Chomhaontaigh siad bearta sriantacha breise lena gcuirfear iarmhairtí ollmhóra tromchúiseacha i bhfeidhm ar an Rúis mar gheall ar a cuid gníomhaíochtaí, i dlúthchomhar le comhpháirtithe agus comhghuaillithe an Aontais.24 FeabhraCháin Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, fogha na Rúise ar an Úcráin go láidir. D’iarr sí ar an Rúis deireadh láithreacht a chur leis an bhforéigean agus a cuid trúpaí a tharraingt siar ó chríoch na hÚcráine. D’athdhearbhaigh sí freisin go dtacaíonn an tAontas go hiomlán leis an Úcráin agus lena muintir. Is éard a chuir sí i láthair ceannairí na hEorpa lena nglacadh pacáiste smachtbhannaí ollmhóra lena ndíreofar ar earnálacha straitéiseacha gheilleagar na Rúise trí bhac a chur ar an rochtain atá aici ar theicneolaíochtaí agus ar mhargaí.Taispeáin 60 de ní eile23 FeabhraMar fhreagairt ar an aitheantas a thug an Rúis do na limistéir nach bhfuil faoi rialú rialtais in Donetsk agus in Luhansk na hÚcráine, agus ar chinneadh na Rúise trúpaí a chur chuig an réigiún, ghlac an tAontas pacáiste smachtbhannaí. Díríonn na smachtbhannaí sin ar an méid seo a leanas:daoine aonair agus eintitis a raibh ról acu maidir leis an mbonn a bhaint d’iomláine chríochach agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sincaidreamh eacnamaíoch idir an dá réigiún nach bhfuil faoi rialú an rialtais agus an tAontas, chun a chinntiú go mbraitheann na daoine freagracha iarmhairtí eacnamaíocha a ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha agus ionsaitheacha go soiléircumas stát na Rúise agus rialtas na Rúise margaí agus seirbhísí caipitil agus airgeadais an Aontais a rochtain, chun teorainn a chur le maoiniú beartas atá géaraitheach agus ionsaitheach