I bhfianaise chogadh foghach na Rúise gan chúis gan údar, tá frithbheartaíocht agus athléimneacht na hÚcráine fós ina n-ardeiseamláir dúinn go léir. An 24 Lúnasa rinneamar Lá Saoirse na hÚcráine a cheiliúradh, lá ina dtugtar urraim don rún diongbháilte sin an tsaoirse agus an daonlathas a chosaint. I léiriú dlúthpháirtíochta, chuir an Coimisiún Eorpach bratach na hÚcráine ar foluain os comhair fhoirgneamh Berlaymont sa Bhruiséil a bhí soilsithe i ndathanna na hÚcráine freisin.Agus sinn ag ceiliúradh na hócáide tábhachtaí sin, leanann an Eoraip de bheith ag seasamh leis an Úcráin i rith an ama. Chuir an tAontas Eorpach cúnamh buanseasmhach polaitiúil, airgeadais, daonnúil, míleata agus taidhleoireachta ar fáil don Úcráin, agus leanfaidh sé de chúnamh den sórt sin a chur ar fáil di a fhad is gá. Go dtí seo, €168.9 billiún atá sa tacaíocht sin. Tá eisíocaíocht bhreise €4.05 billiún san áireamh ann a seachadadh chuig an tír roimh Lá na Saoirse.Tá suas le €50 billiún san áireamh freisin faoin tSaoráid don Úcráin. Tá an ionstraim thiomnaithe sin ag tacú le téarnamh agus atógáil na hÚcráine, agus lena conair i dtreo aontachas leis an Aontas Eorpach. Slógadh €59.6 billiún freisin mar thacaíocht mhíleata don Úcráin, rud atá ag cuidiú chun trealamh míleata a sheachadadh agus oiliúint a chur ar fhórsaí armtha na hÚcráine.Tá an Eoraip ann i gcónaí chun tacú le gnáthmhuintir na hÚcráine, agus tá breis agus €1.1 billiún á leithdháileadh aici le haghaidh cláir cabhrach daonnúla san Úcráin. Thairis sin, ó thús an chogaidh chuir tíortha an Aontais fáilte isteach roimh bhreis agus ceithre mhilliún duine ón Úcráin faoi scéim cosanta sealadaí an Aontais.Is ionann seasamh leis an Úcráin agus an Rúis a thabhairt chun cuntais chomh maith. Le bliain anuas, tá an tAontas tar éis ceithre phacáiste smachtbhannaí eile a ghlacadh i gcoinne na Rúise. Agus an 9 Bealtaine, Lá na hEorpa, ghlac comhghuaillíocht idirnáisiúnta stát Ráiteas Lviv lena gcuirtear a dtacaíocht ar bhonn foirmiúil chun Binse Speisialta maidir le coir an fhogha faoin Úcráin a chruthú, laistigh de Chomhairle na hEorpa.Ar ndóigh, is é an sprioc atá ann síocháin chuimsitheach chóir inbhuanaithe a bhaint amach don Úcráin. Teastaíonn réiteach taidhleoireachta chuige sin. Réiteach lena gcosnófar leasanna slándála ríthábhachtacha na hÚcráine agus na hEorpa, araon. Agus réiteach lena gcuirfear ar chumas na hÚcráine a ceannasacht agus a hiomláine chríochach a chosaint go héifeachtach. Is é sin le rá, réiteach lena gcuirfear ar a cumas don Úcráin a bheith neamhspleách amach is amach.Tuilleadh eolais Preaseisiúint: Breis agus €4 bhilliún curtha ar fáil ag an Aontas don Úcráin roimh Lá na SaoirseDlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin Slava Ukraini, gura fada a mhairfidh an Eoraip Sonraí Dáta foilsithe25 Lúnasa 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide