Do theach a dhéanamh inacmhainne, inbhuanaithe agus ar chaighdeán níos fearr Ó 2013 i leith, tá ardú os cionn 60% tagtha ar phraghsanna tithe san Aontas, agus tá ardú thart ar 20% tagtha ar mheánchíosanna, agus tá cíosanna i gceantair uirbeacha ag ardú níos airde fós.Tá an easpa tithíochta inacmhainne agus costais atá ag dul i méid ag éirí ina n-ábhar mór imní sóisialta do shaoránaigh i bhformhór na mBallstát den Aontas.Níl ach 6-7% de stoc tithíochta an Aontais ina thithíocht shóisialta, agus tá 20% de thithe fós gan áitiú. Tháinig méadú beagnach 93% ar chíosanna gearrthéarmacha idir 2018 agus 2024.Tá plean forbartha ag an gCoimisiún chun soláthar tithíochta inacmhainne, inbhuanaithe agus ar ardchaighdeán a mhéadú, le gníomhaíocht chomhordaithe ar fud na mBallstát den Aontas. 6-7% de stoc tithíochta san Aontas, is tithíocht shóisialta í20% de thithe san Aontas, is tithe gan áitiú iad93% d’fhás ar chíosanna gearrthéarmacha idir 2018 agus 2024 Céard atá beartaithe sa phlean? borradh a chur faoin soláthar tithíochta trí thithe nua a thógáil agus trí athchóiriútacú le nuálaíocht san earnáil tógálaoibrithe a mhealladh agus a athsciliúaghaidh a thabhairt ar chíosanna gearrthéarmacha i limistéir atá faoi strus tithíochtacostais agus ualaí riaracháin a laghdútacú le héifeachtúlacht fuinnimh agus le billí níos ísleinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach a shlógadhna daoine is mó atá thíos leis a chosaint, daoine óga agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste ina measc An soláthar tithíochta a mhéadú agus an nuálaíocht a spreagadhMeasann an Coimisiún go mbeidh ar an Eoraip níos mó ná dhá mhilliún teach a thógáil gach bliain chun freastal ar an éileamh atá ann faoi láthair, is é sin thart ar 650,000 teach breise in aghaidh na bliana anuas ar an 1.6 milliún teach a tógtar sa lá atá inniu ann. Chun na tithe breise sin a sholáthar, bheadh gá le hinfheistíocht thart ar €153 bhilliún in aghaidh na bliana.Chun aghaidh a thabhairt air sin, d’fhorbair an Coimisiún an straitéis Eorpach nua maidir le tógáil tithíochta, chun iomaíochas, táirgiúlacht agus nuálaíocht na hearnála a neartú. Is é is aidhm don straitéis an méid seo a leanas a dhéanamh:nósanna imeachta ceadúcháin a shimpliú agus a dhigitiúan pas táirge digiteach (ó 2028 ar aghaidh) agus na logleabhair dhigiteacha foirgneamh a chur i bhfeidhmdlús a chur le forbairt caighdeán comhchuibhithe le haghaidh táirgí, ábhair agus modhanna tógála nuálachaIna theannta sin, faoin Bauhaus Eorpach Nua, cuirfidh an Coimisiún borradh faoin taighde, agus déanfaidh sé réitigh tógála nuálacha a fhorbairt agus a mhéadú.Tacú le limistéir atá thíos le ganntanas tithíochtaIs minic a bhíonn lóistín i gcathracha agus i gceantair thurasóireachta costasach, rud a fhágann go mbíonn sé níos deacra do mhuintir na háite áiteanna maithe a aimsiú chun cónaí iontu. Mar chuid den Ghníomh um Thithíocht Inacmhainne, atá le glacadh in 2026, tacóidh an Coimisiún le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna, go háirithe saincheisteanna a bhaineann le cíosanna gearrthéarmacha. Tabharfaidh sé aghaidh freisin ar ábhair imní maidir le cleachtais amhantracha agus cuideoidh sé le Ballstáit den Aontas athchóirithe struchtúracha a chur chun cinn.Tacú leo siúd is mó atá thíos leis an ngéarchéimBíonn tionchar ar leith ag an easpa tithíochta inacmhainne ar ghrúpaí ar ioncam íseal agus ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste inár sochaí. Daoine óga, mic léinn agus oiliúnaithe, agus oibrithe riachtanacha nach féidir leo cónaí sna pobail a bhfreastalaíonn siad orthu, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tacú leo trí scéim ráthaíochta a reáchtáil ar bhonn píolótach chun an gá atá le taisce ráthaíochta a laghdú nó a deireadh a chur leis. Tá sé beartaithe aige freisin tacú le tuilleadh gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna leanúnacha casta na heaspa dídine.Próisis cheadúcháin agus athchóirithe níos tapúlaIs é is aidhm don phlean costais a laghdú trí ualaí riaracháin a bhaineann le rialacha tithíochta an Aontais a laghdú. Cuirfidh sé dea-chleachtais chun cinn freisin, cuir i gcás pleanáil dhigiteach agus ceadú digiteach, ar gach leibhéal rialtais.Tacaíocht infheistíochta agus rialacha níos simplí maidir le státchabhairCuirfidh an plean borradh faoin infheistíocht i dtithíocht shóisialta agus inacmhainne, trí ardán nua infheistíochta tithíochta uile-Eorpach san áireamh. Déanfaidh sé na rialacha maidir le státchabhair a shimpliú freisin, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca do Bhallstáit den Aontas tacú le tithíocht inacmhainne. Príomhfhigiúirí Breis agus €43 bhilliún sin an méid a chuir an tAontas ar fáil le haghaidh tithíochta faoi thréimhse bhuiséid 2021-2027€10 mbilliún sin an méid breise a bheidh le cur ar fáil freisin ó bhuiséad an Aontais in 2026 agus 2027€375 bhilliún sin an méid a chuirfidh institiúid airgeadais comhpháirtíochta faoi 2029 Na chéad chéimeanna eile Cuimsítear sa phlean an chéad chruinniú mullaigh riamh de chinn stáit nó rialtais an Aontais maidir le tithíocht, a thionólfar in 2026. Ag an gcruinniú mullaigh, seolfar Comhghuaillíocht Tithíochta Eorpach nua, lena dtabharfar le chéile cathracha, réigiúin, institiúidí náisiúnta agus institiúidí an Aontais, chomh maith le príomhpháirtithe leasmhara tithíochta.In 2026, cuirfidh an Coimisiún i láthair freisin pacáiste tacaíochta um maoiniú éifeachtúlachta fuinnimh agus pacáiste fuinnimh na saoránach arb é is aidhm dó billí fuinnimh a laghdú a thuilleadh, agus béim á leagan ar aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh. Ina theannta sin, tabharfaidh an Coimisiún isteach straitéis frithbhochtaineachta an Aontais chun dul i ngleic leis an easpa dídine agus le bunchúiseanna na bochtaineachta. Naisc ghaolmhara Making housing affordableAffordable energy Bauhaus Eorpach Nua Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 12 Eanáir 2026
Ó 2013 i leith, tá ardú os cionn 60% tagtha ar phraghsanna tithe san Aontas, agus tá ardú thart ar 20% tagtha ar mheánchíosanna, agus tá cíosanna i gceantair uirbeacha ag ardú níos airde fós.Tá an easpa tithíochta inacmhainne agus costais atá ag dul i méid ag éirí ina n-ábhar mór imní sóisialta do shaoránaigh i bhformhór na mBallstát den Aontas.Níl ach 6-7% de stoc tithíochta an Aontais ina thithíocht shóisialta, agus tá 20% de thithe fós gan áitiú. Tháinig méadú beagnach 93% ar chíosanna gearrthéarmacha idir 2018 agus 2024.Tá plean forbartha ag an gCoimisiún chun soláthar tithíochta inacmhainne, inbhuanaithe agus ar ardchaighdeán a mhéadú, le gníomhaíocht chomhordaithe ar fud na mBallstát den Aontas.