Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

An tAontas Eorpach ag Comhdháil COP29 maidir leis an Athrú Aeráide

Dlús a chur leis an ngníomhaíocht dhomhanda ar son na haeráide

Na príomhthorthaí

Bhí an Coimisiún Eorpach agus tíortha an Aontais ar thús cadhnaíochta maidir le beart a dhéanamh chun sreafaí airgeadais domhanda a ailíniú le cuspóirí Chomhaontú Pháras. Agus Comhsprioc Nua Chainníochtaithe ann maidir le Maoiniú don Aeráid, leathnaigh an tAontas an bonn ranníocóirí domhanda chun tionscadail aeráide a mhaoiniú. Bainfidh sé USD 1.3 trilliún ar a laghad amach in aghaidh na bliana faoi 2035, trí infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a chomhcheangal agus trí ról neartaithe a thabhairt do bhainc forbartha iltaobhacha.

Le linn COP29, rinne an tAontas Eorpach an méid seo a leanas freisin:

  • bailchríoch a chur ar chomhaontú maidir le rialacha an mhargaidh carbóin, rud a fhágfaidh go mbeidh sláine, trédhearcacht agus cuntasacht chomhshaoil níos fearr ann
  • a fhógairt go bhfuil sé ar intinn aige Rannchuidiú arna Chinneadh go Náisiúnta atá ailínithe le 1.5°C a chur i láthair in 2025
  • comhpháirtíocht a fhógairt maidir leis an aistriú ó bhreoslaí iontaise in éineacht leis an gComhghuaillíocht Beyond Oil and Gas
  • Treochlár Comhpháirtíochta nua um Laghdú Meatáin a sheoladh chun dlús breise a chur leis an laghdú ar astaíochtaí meatáin a bhaineann le táirgeadh agus tomhaltas fuinnimh iontaise
  • an chéad Tuarascáil Dhébhliantúil Trédhearcachta (BTR) riamh a fhoilsiú, ar cloch mhíle shuntasach í i gcur chun feidhme Chomhaontú Pháras

Gníomhaíocht an Aontais ar son na haeráide sa bhaile

Is é an Comhaontú Glas don Eoraip straitéis fáis an Aontais, agus leanfaimid orainn de spriocanna an chomhaontaithe a bhaint amach agus an reachtaíocht uile a chur i bhfeidhm. Is é is aidhm dúinn sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach a mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch aige, agus glanastaíochtaí gás ceaptha teasa nialasacha a bhaint amach faoi 2050. Cuideoidh Comhaontú nua maidir le Tionsclaíocht Ghlan don Eoraip le tionscail dícharbónú a dhéanamh agus poist ghlasa nua a chruthú ar fud an Aontais.

Le reachtaíocht an Aontais atá i bhfeidhm anois i leith na haeráide agus an fhuinnimh, tá an tAontas ar an mbóthar ceart chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú 55% faoi 2030 agus an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Mar chéad chéim idirmheánach eile, molfaidh an Coimisiún Eorpach sprioc laghdaithe glanastaíochtaí 90% le haghaidh 2040, lena leasófar an Dlí Aeráide Eorpach. Tá an Eoraip ag comhlíonadh a gealltanas an t-aistriú glas a mhúnlú ar mhaithe le daoine, le hearnáil na tionsclaíochta agus leis an dúlra.

Ranníocaíocht Team Europe le maoiniú domhanda le haghaidh an chomhraic i gcoinne an athraithe aeráide

€28.6 billiún
de mhaoiniú ó fhoinsí poiblí don troid i gcoinne an athraithe aeráide ón Aontas, ó na Ballstáit agus ón mBanc Eorpach Infheistíochta in 2023
€7.2 billiún
de mhaoiniú príobháideach slógtha an bhliain chéanna

An nuacht is déanaí