Seasann Global Gateway do naisc inbhuanaithe iontaofa a oibríonn do dhaoine agus don phláinéad. Cuideoidh sé chun dul i ngleic leis na dúshláin dhomhanda is práinní, lena n-áirítear an t-athrú aeráide a chomhrac, córais sláinte a fheabhsú, agus borradh a chur faoi iomaíochas agus faoi shlándáil na slabhraí soláthair domhanda.
Tá Global Gateway leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Ardionadaí an Aontais Eorpaigh. Is é atá i gceist leis straitéis Eorpach nua chun borradh a chur faoi naisc chliste, ghlana agus shlána sna hearnálacha digiteacha, fuinnimh agus iompair agus chun córais sláinte, oideachais agus taighde a neartú ar fud an domhain.
Tá an tAontas ag cur dlús lena thairiscint dá chomhpháirtithe a bhfuil infheistíocht mhór déanta acu i bhforbairt bonneagair ar fud an domhain. Idir 2021 agus 2027 déanfaidh Team Europe, a chuimsíonn institiúidí agus Ballstáit an Aontais araon, infheistíochtaí dar luach suas le €300 billiún a shlógadh i dteannta a chéile sna réimsí seo a leanas:
- an réimse digiteach
- an aeráid agus fuinneamh
- iompar
- sláinte
- an t-oideachas agus taighde
Tabharfaimid tacaíocht d’infheistíochtaí cliste i mbonneagar ardcháilíochta, agus na caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil is airde á n-urramú againn, i gcomhréir le luachanna agus caighdeáin an Aontais. Teimpléad don chaoi ar féidir leis an Eoraip naisc níos athléimní a thógáil leis an domhan is ea an straitéis Global Gateway.

Cuirfidh Global Gateway tionscadail inbhuanaithe ar ardchaighdeán ar fáil, agus riachtanais na dtíortha comhpháirtíochta á gcur san áireamh san am céanna, agus cinnteofar léi go mbeidh tairbhí marthanacha ann do phobail áitiúla. Leis sin, beidh comhpháirtithe an Aontais in ann a sochaithe agus a ngeilleagair a fhorbairt, ach cuirfidh sé deiseanna ar fáil freisin d’earnáil phríobháideach na mBallstát infheistíocht a dhéanamh agus fanacht iomaíoch, agus na caighdeáin chomhshaoil agus saothair is airde á gcinntiú ag an am céanna, mar aon le bainistíocht fhónta airgeadais.
Is é Global Gateway an méid atá á dhéanamh ag an Aontas chun an bhearna infheistíochta dhomhanda a laghdú ar fud an domhain. Tá sé i gcomhréir leis na gealltanais a thug ceannairí G7 i mí an Mheithimh 2021 comhpháirtíocht bonneagair atá bunaithe ar luachanna, atá ar ardchaighdeán agus atá trédhearcach a sheoladh chun freastal ar riachtanais forbartha bonneagair domhanda. Tá Global Gateway ag teacht go hiomlán le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus lena Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, chomh maith le Comhaontú Pháras.
Is múnla fadtéarmach é múnla Eorpach na nascachta iontaofa i dtíortha comhpháirtíochta agus tá sé ag teacht le leasanna agus luachanna an Aontais: an smacht reachta, cearta an duine agus noirm agus caighdeáin idirnáisiúnta. Ag a chroílár tá
- infheistíochtaí cliste, glana agus slána i mbonneagar d’ardchaighdeán
- earraí, daoine agus seirbhísí a nascadh ar bhealach inbhuanaithe ar fud an domhain
Trí Global Gateway, neartóidh an tAontas naisc idir an Eoraip agus an domhan agus cabhróidh sé le tíortha comhpháirtíochta aghaidh a thabhairt ar an mbearna dhigiteach agus comhtháthú a thuilleadh san éiceachóras digiteach domhanda.
Is gá infheistíocht a dhéanamh sa mhaolú agus san athléimneacht i leith an athraithe aeráide, agus san fhuinneamh glan araon, ach freisin is deis mhór eacnamaíoch í an infheistíocht i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim. Tacóidh Global Gateway leis an athrú glas sin, i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus gealltanais Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Cuirfidh sé malartuithe teicneolaíochta glasa chun cinn agus treiseoidh sé an tslándáil fuinnimh.
Cuirfidh Global Gateway infheistíochtaí bonneagair ar fud an domhain chun cinn, ar infheistíochtaí iad lena gcruthófar líonraí inbhuanaithe, cliste, athléimneacha, cuimsitheacha agus sábháilte i ngach modh iompair. Tacóidh sé le líonraí amhail an Gréasán Tras-Eorpach Iompair a leathnú.
Tabharfaidh Global Gateway tús áite do shlándáil na slabhraí soláthair agus d’fhorbairt acmhainní monaraíochta áitiúla. Beidh an tAontas ag obair le tíortha comhpháirtíochta chun a slabhraí soláthair cógaisíochta a éagsúlú. Cuirfidh an tAontas freisin le haghaidh a thabhairt ar scrogaill sa slabhra soláthair idirnáisiúnta.
Déanfaidh an tAontas infheistíocht in oideachas ardcháilíochta, lena n-áirítear oideachas digiteach, agus aird ar leith á tabhairt ar chuimsiú na gcailíní agus na mban agus grúpaí leochaileacha eile. Cabhróidh sé le tíortha comhpháirtíochta a gcórais oideachais a athrú ó bhonn agus soghluaisteacht mac léinn, foirne, múinteoirí agus oiliúnaithe a éascú. Oibreoidh an tAontas le tíortha comhpháirtíochta chun an comhar maidir le taighde agus nuálaíocht a neartú.
Cuirfear Global Gateway ar fáil trí chur chuige Team Europe, ina dtugtar an tAontas Eorpach agus na Ballstáit le chéile lena n-institiúidí airgeadais agus forbartha, an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF) ina measc. Féachtar freisin leis an earnáil phríobháideach a shlógadh chun infheistíochtaí a ghiaráil le haghaidh tionchar claochlaitheach.
Baineann Global Gateway leas as na huirlisí airgeadais nua i gcreat airgeadais ilbhliantúil an Aontais Eorpaigh 2021-2027, go háirithe an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta (NDICI-Global Europe), an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) III, an chuid dhigiteach agus idirnáisiúnta den tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, ach freisin Interreg, InvestEU agus Fís Eorpach, clár taighde agus nuálaíochta an Aontais.
Go háirithe, leis an gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe+ (CEFI+), cuirfidh brainse airgeadais NDICI-Global Europe suas le €135 bhilliún ar fáil le haghaidh infheistíochtaí ráthaithe le haghaidh tionscadail bhonneagair idir 2021 agus 2027. Cuirfear maoiniú deontais dar luach suas le €18 mbilliún ar fáil ó bhuiséad an Aontais. Tá méideanna infheistíochta dar luach suas le €145 bhilliún beartaithe ag institiúidí airgeadais agus institiúidí maoinithe forbraíochta Eorpacha.
Ina theannta sin, tá an tAontas ag fiosrú an bhféadfaí Saoráid Chreidmheasa Onnmhairiúcháin Eorpach a bhunú chun na socruithe creidmheasa onnmhairiúcháin atá ann cheana ar leibhéal na mBallstát a chomhlánú agus chun cumhacht fhoriomlán an Aontais sa réimse sin a mhéadú. Chabhródh an tSaoráid le cothrom iomaíochta níos fearr a chinntiú do ghnólachtaí de chuid an Aontais i margaí tríú tíortha, agus ar an gcaoi sin d’éascófaí a rannpháirtíocht i dtionscadail bhonneagair.
Ní hamháin go dtairgfidh an tAontas dálaí daingne airgeadais do chomhpháirtithe, ach cuirfidh sé na caighdeáin is airde chun cinn freisin maidir le cosaint an chomhshaoil, gnóthaí sóisialta agus bainistíocht straitéiseach. Cuirfidh an tAontas cúnamh teicniúil ar fáil do chomhpháirtithe chun feabhas a chur ar a gcumas agus tionscadail bhonneagair inchreidte á n-ullmhú acu lena gcinnteofar luach ar airgead.