Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
alt=""
Eoraip níos láidre sa domhan

An cheannaireacht fhreagrach atá againn sa domhan a threisiú

Ár ngealltanais a chomhlíonadh

Tá sé léirithe go minic ag an Aontas gur féidir leis dúshláin ollmhóra a shárú agus é ag obair le cairde agus le comhpháirtithe. A bhuí le cumas an Aontais comhghuaillíochtaí cumhachtacha a chruthú ar fud an domhain, neartaíodh ról na hEorpa ar fud an domhain.   

Ó 2019 go 2024, le hobair Choimisiún von der Leyen, tá an caidreamh leis na Stáit Aontaithe tugtha go leibhéil nua, tugadh tacaíocht don Úcráin trí dhlúthchomhar, agus tacaíocht maidir le fuinneamh, gníomhú ar son na haeráide, trádáil agus teicneolaíocht. Chuidigh sé freisin leis an gcaidreamh leis an Ríocht Aontaithe a athshocrú tar éis Brexit.  

Ar fud an domhain, chuireamar borradh faoi chumas na hEorpa tacaíocht ríthábhachtach a chur ar fáil do thíortha atá buailte ag tubaistí, ó thuilte go dóiteáin foraoise, ó chreathanna talún go héigeandálaí leighis. 

Agus d’fhorbraíomar glúin nua comhpháirtíochtaí le Global Gateway, an clár infheistíochta domhanda is mó a bhí ag an Eoraip riamh. Is í an Tairseach Dhomhanda, dar luach EUR 300 billiún, an tairiscint atá againn le haghaidh tionscadail ardcháilíochta infheistíochta agus bonneagair lena gcloítear le hardchaighdeáin chomhshaoil agus shóisialta agus lena gcruthaítear poist agus fás go háitiúil.   

Tá an Eoraip ag daingniú a cáile mar chomhpháirtí fadtéarmach iontaofa, agus í ag obair ar mhaithe le sochair fhrithpháirteacha. 

Na gealltanais a comhlíonadh

Méadú 

Tacaíocht don Úcráin

  • Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin in 2022, sheas an Coimisiún leis an Úcráin agus chuir sé tacaíocht bhuanseasmhach taidhleoireachta, airgeadais, mhíleata agus eacnamaíoch ar fáil di. Ghlac sé roinnt pacáistí smachtbhannaí fadréimseacha i gcoinne na Rúise agus a comhghuaillithe.  

Global Gateway 

  • Tá tairbhí marthanacha á soláthar ag clár infheistíochta Global Gateway agus tá poist agus fás á dtabhairt aige do phobail áitiúla le beagnach 225 thionscadal shuaitheanta, ina measc sin comhpháirtíochtaí straitéiseacha maidir le hamhábhair leis an Úcráin, leis an gCasacstáin, leis an Namaib, leis an tSile agus leis an Airgintín, agus comhar maidir le hidrigin in-athnuaite le Maracó, leis an Máratáin, leis an Éigipt, leis an gCéinia agus leis an Namaib.
  • Ina theannta sin, díríodh €3.2 billiún ar thionscadail fuinnimh in-athnuaite a rachaidh chun tairbhe do 100 milliún duine san Afraic faoi 2030 agus tá os cionn €1.2 billiún á infheistiú ag Team Europe i monarú áitiúil vacsaíní, cógas agus teicneolaíochtaí sláinte san Afraic.
  • I Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib, tá €145 mhilliún á infheistiú sa Chomhghuaillíocht Dhigiteach, ina measc sin leathnú talún an Chábla Bella snáthoptaice fhomhuirí, chun feabhas a chur ar an gcomhar maidir le taighde agus nuálaíocht. Agus san Áise, san áireamh inár dtacaíocht tá tionscadail grianchumhachta agus hidreachumhachta sa Bhútáin, agus acmhainneacht stórála hidrileictreachais i Neipeal. 

An comhar domhanda i gcoinne an athraithe aeráide 

  • Sheolamar an Gealltanas Domhanda maidir le Meatán agus thacaíomar go seasta le gníomhú ar son na haeráide ag na COPanna.
  • I mí na Samhna 2024 sheol an tUachtarán von der Leyen agus Uachtarán na hAfraice Theas, Cyril Ramaphosa, an feachtas domhanda ‘Foinsí fuinnimh in-athnuaite a mhéadú san Afraic’.
  • Ag COP15 maidir leis an mbithéagsúlacht, bhíomar chun tosaigh maidir le comhaontú domhanda bithéagsúlachta ina leagtar síos spriocanna domhanda chun éiceachórais a athbhunú agus a chosaint agus na rioscaí a bhaineann le lotnaidicídí a laghdú faoina leath go dtí 2030.
  • Bhí muid i gceannas ar thabhairt i gcrích Chonradh na Náisiún Aontaithe um an Mórmhuir, ar comhaontú domhanda é chun bithéagsúlacht na mórmhara a chosaint.
  • In éineacht lenár gcomhpháirtithe G7, sheolamar Comhpháirtíochtaí um Aistriú Fuinnimh Cóir leis an Afraic Theas, leis an tSeineagáil, leis an Indinéis agus le Vítneam, chun tacú leo agus iad ag aistriú i dtreo roghanna malartacha fuinnimh ghlain. 

Aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 ar fud an domhain 

  • Shlóg Team Europe €53.7 billiún chun cabhrú le tíortha comhpháirtíochta dul i ngleic le paindéim COVID-19.
  • Chuir an Coimisiún €400 milliún le clár COVAX, ar iarracht iltaobhach é chun vacsaíní a thabhairt do thíortha i mbéal forbartha.
  • Chinntigh Team Europe gur deonaíodh 10.5 milliún dáileog vacsaíne trí COVAX do bhreis agus 55 thír ar fud an domhain.
  • Trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, chuireamar breis agus 190 milliún earra trealaimh leighis agus cosanta pearsanta ar fáil do thríú tíortha. 

Trádáil dhomhanda 

  • Thugamar trí cinn de Chomhaontuithe Saorthrádála nuaghlúine i gcrích leis an Nua-Shéalainn, leis an tSile agus leis an gCéinia.
  • Thugamar ár gcéad chomhaontú infheistíochta inbhuanaithe le hAngóla riamh i gcrích.
  • Sheolamar caibidlíocht, agus leanamar den chaibidlíocht sin, i dtreo comhaontuithe saorthrádála amach anseo le comhpháirtithe tábhachtacha, ina measc sin an India, an Indinéis, an Astráil, Mercosur, an Téalainn, na hOileáin Fhilipíneacha agus an Mhalaeisia.
  • Leanamar de bheith ag obair chun na rialacha is bonn leis an trádáil idirnáisiúnta a chobhsú trí iarrachtaí a threorú chun an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a athchóiriú, a sásra um réiteach díospóidí san áireamh. 

An Meánoirthear  

  • Thugamar comhaontú i gcrích le hÚdarás na Palaistíne chun aghaidh a thabhairt ar a staid chriticiúil bhuiséadach agus fhioscach, agus chuireamar os cionn €380 milliún i ndeontais agus in iasachtaí ar fáil idir mí Iúil agus mí na Samhna 2024 mar thacaíocht airgeadais éigeandála.
  • Amhail ó mhí na Samhna 2024, a bhuí leis an Aerdhroichead Daonnúil, sheachaid os cionn 60 eitilt thart ar 3,000 tona cabhrach do mhuintir na Palaistíne in Gaza.
  • Chuireamar cúnamh daonnúil ar fáil don Liobáin ar fiú breis agus €104 mhilliún é. 

Caidreamh idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá 

  • I mí na Nollag 2020 sheol an Coimisiún Clár Oibre Nua Trasatlantach don Athrú Domhanda chun ár gcomhpháirtíocht leis na Stáit Aontaithe a athbheochan.
  • Chuireamar an Chomhairle agus an tIdirphlé Fuinnimh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe chun cinn, agus bhunaíomar Tascfhórsa nua um Shlándáil Fuinnimh.
  • Sheolamar an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe in 2021, inar neartaíomar an comhar trasatlantach; inar mhúnlaíomar go comhpháirteach na rialacha agus na caighdeáin maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, nascacht agus bonneagar digiteach, agus ina ndearnamar dul chun cinn i dtreo trádáil níos glaise agus níos cothroime. 

Freagairt ar ghéarchéimeanna idirnáisiúnta 

  • Bhunaíomar stoc-chairn leighis rescEU, ina bhfuil trealamh ríthábhachtach amhail aerálaithe, trealamh cosanta pearsanta, agus cógais leighis, chomh maith leis an bhféidearthacht ospidéil mhachaire a chur in úsáid le linn géarchéimeanna.
  • Sheolamar eitiltí Aerdhroichead an Aontais um Chabhair Dhaonnúil chun cabhair a dhíriú ar na limistéir is deacra teacht orthu.
  • D’fhorbraíomar aerfhlít comhraic dóiteáin foraoise rescEU, rud atá á óstáil ar fud Bhallstáit an Aontais, chun freagairt ar bhealach níos fearr ar éigeandálaí dóiteáin foraoise ar fud na hEorpa, amhail sa Ghréig i samhradh 2023.
  • D’fhorbraíomar stoc-chairn dhomhanda de chabhair, iad á n-óstáil i Meiriceá Laidineach, sa Mheánoirthear, san Áise agus san Eoraip, chun bheith in ann cabhair a sheoladh níos tapúla chuig criosanna géarchéime, amhail i ndiaidh an chreatha talún sa Tuirc agus sa tSiria in 2023.
  • I gcomhthéacs chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chuireamar moil lóistíochta ar bun chun breis agus 152,000 tona cabhrach a sheachadadh chuig an Úcráin, chomh maith le breis agus 3,800 othar Úcránach a gortaíodh agus a bhí an-tinn a aslonnú chuig ospidéil ar fud na hEorpa. 

Comhaontuithe déthaobhacha agus réigiúnacha 

  • Shínigh an tAontas Comhaontú Shamó le comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin i mí na Samhna 2023, lenar cumhdaíodh forbairt agus fás inbhuanaithe, cearta an duine, agus an tsíocháin agus an tslándáil.
  • Sheol an Coimisiún, in éineacht leis an Ardionadaí, an Straitéis maidir le Comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach i mí Mheán Fómhair 2021.
  • In 2023 sheolamar an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus an India chun an trádáil dhéthaobhach a mhéadú agus chun comhoibriú maidir le teicneolaíocht iontaofa.
  • Thugamar comhpháirtíochtaí digiteacha i gcrích leis an tSeapáin, le Poblacht na Cóiré, le Singeapór agus le Ceanada.
  • Rinneamar Comhaontuithe Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe nuaghlúine a chaibidliú le tíortha aonair san Áise Láir. 

An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe 

  • Shíníomar an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe i mí na Nollag 2020, inar sonraíodh an caidreamh a bheidh ag an Aontas leis an Ríocht Aontaithe amach anseo, tar éis Brexit.
  • I mí Feabhra 2023, chomhaontaigh an tUachtarán von der Leyen agus an Príomh-Aire Rishi Sunak Creat Windsor ina bhfuil réitigh chuimsitheacha san áireamh darb aidhm aghaidh a thabhairt ar na dúshláin phraiticiúla atá roimh shaoránaigh agus gnólachtaí i dTuaisceart Éireann.
  • I mí Dheireadh Fómhair 2024, tháinig an tUachtarán von der Leyen agus Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, Keir Starmer, le chéile agus chomhaontaigh siad an caidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas a neartú. 

Cearta an duine 

  • Sheol an tAontas creataí nua le haghaidh idirphlé a bhí dírithe ar chearta an duine leis an Araib Shádach agus Óman, agus chuireamar tús an athuair leis an idirphlé leis an India, le hIosrael agus leis an tSín.  

Tuilleadh eolais faoi na héachtaí sin 

Réimsí beartais

Comhpháirtíochtaí nascachta a fhorbairt ar fud an domhain agus borradh a chur faoin trádáil agus faoin infheistíocht

Cuidiú le gnólachtaí an Aontais an leas is fearr is féidir a bhaint as deiseanna domhanda chun rathúnas, iomaíocht chothrom agus infheistíocht a chinntiú