Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

An tAontas Eorpach agus an comhar idirnáisiúnta riailbhunaithe

Tosaíochtaí agus luachanna an Aontais Eorpaigh sa chóras iltaobhach

Ní mór don Aontas dlús a chur lena cheannaireacht agus ‘beart a dhéanamh mar aon aonad amháin’ ionas go n-éireoidh leis ‘mar aon aonad amháin’. Chuige sin, cuirfidh an tAontas sásraí comhordaithe níos éifeachtúla chun cinn i ndáil le tosaíochtaí comhpháirteacha agus bainfidh sé úsáid níos fearr as a neart comhchoiteann, agus forbairt a dhéanamh ar chur chuige Team Europe san áireamh. Na láidreachtaí rialála daonlathacha agus uathúla atá aici, is sócmhainní iad chun domhan níos fearr a fhorbairt, agus ag an am céanna tacaíonn a struchtúir slándála agus cosanta leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ar fud an domhain chun an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a chaomhnú, a fhothú agus a fhorbairt.

An tAontas Eorpach ag an mbord caibidlíochta

Leanfaidh an tAontas de thacaíocht a thabhairt do nuachóiriú an chórais iltaobhaigh, agus iarrachtaí athchóirithe Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe san áireamh, chomh maith le hathchóiriú na hEagraíochta Domhanda Sláinte agus na hEagraíochta Domhanda Trádála.

Forbróidh an tAontas comhghuaillíochtaí nua le tríú tíortha, neartóidh sé an comhar le heagraíochtaí iltaobhacha agus réigiúnacha, mar aon le páirtí leasmhara eile.

Doiciméid