Is comhpháirtithe iad an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe atá meáite go daingean ar an aistriú digiteach a chur chun cinn agus ar oibriú le chéile ar theicneolaíochtaí nua, ar bhonn na luachanna daonlathacha atá i bpáirt acu, an meas ar chearta an duine ina measc.Is é atá i gComhairle Teicneolaíochta an Aontais agus na Stát Aontaithe fóram chun a gcur chuige a chomhordú i leith ceisteanna tábhachtacha trádála domhanda, eacnamaíochta agus teicneolaíochta. Fóram is ea í, freisin, chun an caidreamh trádála agus eacnamaíoch trasatlantach a neartú ar bhonn na luachanna coiteanna sin. Bunaíodh an Chomhairle le linn an Chruinnithe Mullaigh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe an 15 Meitheamh 2021 sa Bhruiséil. Page contents Page contents Cuspóirí na comhpháirtíochta Tá an tAontas agus na Stáit Aontaithe ag obair le chéile tríd an gComhairle:lena chinntiú go rachaidh an trádáil agus an teicneolaíocht chun tairbhe ár sochaithe agus ár ngeilleagar, agus ár luachanna coiteanna á seasamh againn an tráth céannalenár gceannaireacht theicneolaíoch agus thionsclaíoch a threisiúleis an trádáil agus an infheistíocht dhéthaobhach a leathnú An Séú Cruinniú Airí (4-5 Aibreán 2024) Chruinnigh an tAontas agus na Stáit Aontaithe le chéile i Lováin (an Bheilg) an 4-5 Aibreán 2024 don séú cruinniú den Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta ar leibhéal na n-airí. Tháinig siad ar chomhaontú maidir leis na nithe seo a leanas: 1. An comhar trasatlantach a chur chun cinn maidir leis an intleacht shaorga, 6G, teicneolaíochtaí criticiúla agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn An Intleacht Shaorga: d’athdhearbhaigh siad go bhfuil siad tiomanta do chur chuige rioscabhunaithe maidir leis an intleacht shaorga agus do thacú le teicneolaíochtaí intleachta saorga sábháilte agus iontaofa a chuideoidh teacht ar réitigh ar dhúshláin dhomhanda, agus d’fhógair siad Idirphlé nua idir Oifig IS an Aontais agus Institiúid Sábháilteachta IS na Stát Aontaithe 6G: ghlac siad Fís 6G choiteann ina bhfuil treoirphrionsabail i leith na teicneolaíochta sin leagtha amach agus shínigh siad socrú riaracháin le haghaidh comhar taighde Leathsheoltóirí: chuir siad síneadh 3 bliana leis an dá shocrú riaracháin lenar féidir slabhraí soláthair leathsheoltóirí athléimneacha a thógáil Caighdeáin maidir le teicneolaíocht atá ag teacht chun cinn: d’eisigh siad Tuarascáil ar Mhapáil na Céannachta Digití chun deiseanna a shainaithint maidir le hidir-inoibritheacht thrasatlantach agus úsáid trasteorann céannachtaí digiteacha 2. Trádáil níos éasca, níos inbhuanaithe agus níos sláine ar an margadh trasatlantach a chur chun cinn Trádáil inbhuanaithe: d’athdhearbhaigh siad a thábhachtaí atá an Tionscnamh Trasatlantach maidir le Trádáil Inbhuanaithe agus chomhaontaigh siad catalóg chomhpháirteach dea-chleachtas a fhoilsiú maidir le Soláthar Poiblí Glas, chun dlús a chur le cur in úsáid tionscadal inbhuanaitheachta a mhaoinítear go poiblí Trádáil níos éasca: chomhaontaigh siad uirlisí digiteacha sa trádáil a éascú, comhordú agus ailíniú a dhéanamh ar na caighdeáin theicniúla le haghaidh córais ríomhshonrascaithe Fuinneamh glan: ba dhíol sásaimh dóibh gur foilsíodh moltaí maidir le comhoiriúnacht thrasatlantach níos fearr sa bhonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha Mianraí criticiúla: chuir siad caibidlíocht chun cinn le haghaidh Comhaontú maidir le Mianraí Criticiúla chun slabhraí soláthair idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a neartú i mianraí ríthábhachtacha le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha, agus ba dhíol sásaimh dóibh seoladh Fhóram na Comhpháirtíochta maidir le Slándáil Mianraí Slándáil eacnamaíoch: d’athdhearbhaigh siad go bhfuil ábhair imní acu araon faoi na dúshláin a bhaineann le comhéigean eacnamaíoch agus le cleachtais neamh-mhargaidh a úsáideann tríú tíortha; chinn siad leanúint dá n-iarrachtaí ar a gcaidreamh trádála agus infheistíochta a mhaolú agus a éagsúlú, agus leanúint den obair chun trádáil ardteicneolaíochta a éascú 3. Cearta an duine agus luachanna daonna a chosaint i dtimpeallacht gheopholaitiúil dhigiteach atá ag athrú Foréigean ar bhonn inscne: d’fhorbair siad tacar prionsabal comhpháirteach maidir le foréigean inscnebhunaithe ar ardáin ar líne An daonlathas agus cearta an duine: d’athdhearbhaigh siad go bhfuil siad ag tacú le stáit dhaonlathacha ar fud an domhain agus leis an gcomhrac i gcoinne ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis, agus d’fhoilsigh siad Bearta coiteanna Molta le haghaidh ardáin ar líne chun cosantóirí cheart an duine a chosaint ar líne Sonraí: gheall siad go n-éascóidís rochtain ar shonraí ó ardáin ar líne agus go bhfoilseoidís tuarascáil faoi shásraí le haghaidh rochtain do thaighdeoirí ar na sonraí sin Ráiteas Comhpháirteach Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta an Aontais Eorpaigh agus na Stát Aontaithe, an 5 Aibreán 2024 Réimsí comhair Sa chéad chruinniú den Chomhairle an 29 Meán Fómhair 2021 in Pittsburgh na Stát Aontaithe, tháinig sí ar chomhaontú maidir le cúig phríomhréimse comhair: Rialuithe ar easpórtálacha Scagadh ar infheistíochtaí díreacha coigríche Slabhraí soláthair slána (go háirithe maidir le leathsheoltóirí) Caighdeáin teicneolaíochta, an comhar maidir leis an intleacht shaorga san áireamh Dúshláin trádála dhomhanda Tuilleadh eolais Modhanna oibre Tá an Chomhairle déanta de mheithleacha atá faoi stiúir ceann amháin nó níos mó de na ranna, seirbhísí nó gníomhaireachtaí ábhartha, sa chaoi go gcuirfear na cinntí polaitiúla i ngníomh agus go ndéanfar comhordú ar an obair theicniúil. Deich meitheal a bhí ag an gComhairle ar dtús: 1. Comhar maidir le caighdeáin teicneolaíochta 2. An aeráid agus teicneolaíocht ghlan 3. Slabhraí soláthair slána 4. Slándáil agus iomaíochas TFCanna 5. Rialachas sonraí agus ardáin teicneolaíochta 6. Mí-úsáid teicneolaíochta atá ina bagairt ar an tslándáil agus ar chearta an duine 7. Comhar maidir le rialuithe ar easpórtálacha 8. Comhar maidir le scagadh ar infheistíochtaí 9. Rochtain agus úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha a chur chun cinn i measc fiontair bheaga agus mheánmhéide 10. Dúshláin trádála dhomhanda Cúlra Sheol Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen agus Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta an Aontas Eorpaigh agus na Stát Aontaithe ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe sa Bhruiséil an 15 Meitheamh 2021. Bíonn cruinnithe tréimhsiúla ag an gComhairle ar an leibhéal polaitiúil chun an comhar a stiúradh. Is iad comhchathaoirligh na gcruinnithe sin ó thaobh an Aontais Margrethe Vestager, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin sa Choimisiún Eorpach agus an Coimisinéir um Iomaíocht, agus Valdis Dombrovskis, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin sa Choimisiún Eorpach agus an Coimisinéir um Thrádáil; agus Rúnaí Stáit na Stáit Aontaithe, Antony Blinken, Rúnaí Tráchtála na Stát Aontaithe, Gina Raimondo, agus Ionadaí Trádála na Stát Aontaithe, Katherine Tai, ar thaobh na Stát Aontaithe. An tráth céanna, tá Idirphlé Comhpháirteach maidir leis an mBeartas Iomaíochta Teicneolaíochta bunaithe ag an Aontas agus na Stáit Aontaithe a bheidh dírithe ar chur chuige coiteann a fhorbairt agus ar an gcomhar a neartú maidir leis an mbeartas iomaíochta agus an forfheidhmiú in earnálacha na teicneolaíochta. Amlíne 4-5 Aibreán 2024Tionóladh an séú cruinniú ar leibhéal na n‑airí i Lováin na Beilge30-31 Eanáir 2024 Tionóladh an cúigiú cruinniú ar leibhéal na n-airí in Washington DC sna Stáit Aontaithe 30-31 Bealtaine 2023Tionóladh an ceathrú cruinniú ar leibhéal na n-airí in Luleå na Sualainne 5 Nollaig 2022Tionóladh an tríú cruinniú ar leibhéal na n-airí in College Park, Maryland (na Stáit Aontaithe)15-16 Bealtaine 2022Tionóladh an dara cruinniú ar leibhéal na n-airí i bPáras18 Deireadh Fómhair 2021Sheol an Coimisiún ardán comhairliúcháin le haghaidh rannpháirtíocht ó pháirtithe leasmhara i múnlú an chomhair thrasatlantaigh29 Meán Fómhair 2021Tionóladh an chéad chruinniú ar leibhéal na n-airí in Pittsburgh na Stát AontaitheTaispeáin 4 de ní eile15 Meitheamh 2021Bunaíodh an Chomhairle ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe sa Bhruiséil Doiciméid 5 AIBREÁN 2024Factsheet: EU-US Trade and Technology Council (2021-2024) 31 BEALTAINE 2023Factsheet - Fourth ministerial meeting: Key outcomes 4 NOLLAIG 2022Factsheet - Technology outcomes of the TTC of December 2022 5 NOLLAIG 2022EU-US Trade and Technology Council: 3rd Ministerial meeting - Trade outcomes 12 BEALTAINE 2022Factsheet: EU-US Trade and Technology Council - Second Ministerial Meeting Naisc ghaolmhara An Caidreamh Trádála idir an tAontas agus na Stáit AontaitheBileog Eolais Ghinearálta
Is comhpháirtithe iad an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe atá meáite go daingean ar an aistriú digiteach a chur chun cinn agus ar oibriú le chéile ar theicneolaíochtaí nua, ar bhonn na luachanna daonlathacha atá i bpáirt acu, an meas ar chearta an duine ina measc.Is é atá i gComhairle Teicneolaíochta an Aontais agus na Stát Aontaithe fóram chun a gcur chuige a chomhordú i leith ceisteanna tábhachtacha trádála domhanda, eacnamaíochta agus teicneolaíochta. Fóram is ea í, freisin, chun an caidreamh trádála agus eacnamaíoch trasatlantach a neartú ar bhonn na luachanna coiteanna sin. Bunaíodh an Chomhairle le linn an Chruinnithe Mullaigh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe an 15 Meitheamh 2021 sa Bhruiséil.
Tá an tAontas agus na Stáit Aontaithe ag obair le chéile tríd an gComhairle:lena chinntiú go rachaidh an trádáil agus an teicneolaíocht chun tairbhe ár sochaithe agus ár ngeilleagar, agus ár luachanna coiteanna á seasamh againn an tráth céannalenár gceannaireacht theicneolaíoch agus thionsclaíoch a threisiúleis an trádáil agus an infheistíocht dhéthaobhach a leathnú