Cearta an linbh sa timpeallacht dhigiteach
Is daoine digiteacha ó dhúchas iad leanaí. Má thugtar an deis agus rochtain ar acmhainní dóibh, ní haon nath acu an t-idirlíon, na meáin shóisialta agus uirlisí digiteacha eile a láimhseáil. Tá an saol ar líne líon lán le deiseanna i dtaca leis an bhfoghlaim, idirghníomhaíochtaí sóisialta, scileanna a fhorbairt, cluichí a imirt agus an saol laethúil a eagrú. Cuidíonn gléasanna cúnta agus cláir chúnta le leanaí atá faoi mhíchumas nascadh lena bpiaraí agus páirt a ghlacadh i gceachtanna, i measc nithe eile. Tá roinnt dúshlán fós ann. Níl an rochtain chéanna ag gach leanbh ar an idirlíon, ar uirlisí leictreonacha ná ar ghléasanna leictreonacha. Baineann roinnt bagairtí leis an saol digiteach chomh maith, mar shampla mí-úsáid, cibearbhulaíocht, fuathchaint, ábhar díobhálach agus mífhaisnéis. D’fhéadfadh fadhbanna sláinte a bheith mar thoradh ar an iomarca ama a chaitheamh os comhair an scáileáin.
Gníomhaíochtaí an Aontais chun a chinntiú gur féidir le leanaí an timpeallacht dhigiteach a láimhseáil go sábháilte agus leas a bhaint as na deiseanna atá ann
Creat an Aontais chun cearta an linbh a chosaint sa timpeallacht dhigiteach:
- Treoir 2011/93/AE maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac
- Cinneadh Réime 2008/913/CGB maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac
- Treoir (AE) 2018/1808 maidir le Seirbhísí na Meán Closamhairc
- Treoir (AE) Uimh. 2019/882 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí
- Rialachán (AE) 2016/679 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin
- Treoir 2005/29/CE maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha
- Teachtaireacht maidir leis an mbréagaisnéis ar líne a chomhrac: Cur Chuige Eorpach, COM(2018)236;
- Straitéis Eorpach i ndáil le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí, COM(2012)196.
- Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha)
- Creat Inniúlachta Digití 2.0, Mol Eolaíochta an Aontais, an Coimisiún Eorpach
- Ionaid d’Idirlíon Níos Sábháilte
- Ardán um Idirlíon Níos Fearr do Leanaí
Faoi Straitéis nua an Aontais maidir le cearta an linbh, thug an Coimisiún gealltanas i dtaca leis an an méid seo a leanas:
- Straitéis nuashonraithe maidir le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí a ghlacadh in 2022;
- próiseas faoi stiúir leanaí a chruthú agus a éascú arb é is aidhm dó tacar prionsabal a fhorbairt a mbeidh ar an tionscal a chur chun cinn agus cloí leis;
- forbairt agus úsáid TFC inrochtana agus teicneolaíochtaí cúnta a chur chun cinn do leanaí atá faoi mhíchumas, amhail aithint cainte, fotheidealú iata agus cinn eile, i gcomhdhálacha agus in imeachtaí an Choimisiúin san áireamh;
- cur chun feidhme iomlán an Ghnímh Inrochtaineachta Eorpaigh a chinntiú;
- dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne gach cineál mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne, cuir i gcás an reachtaíocht is gá a mholadh, lena gcuimsítear na hoibleagáidí atá ar sholáthraithe ábhartha seirbhísí ar líne aon ábhar aitheanta ar líne maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí a bhrath agus a thuairisciú.