Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Inrochtaineacht agus cuimsiú a threisiú do dhaoine faoi mhíchumas

  • Alt nuachta
  • 6 Bealtaine 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad

 

Tá plean sóisialta uaillmhianach curtha i láthair ag an gCoimisiún chun cearta daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn ar fud an Aontais Eorpaigh.

De réir Eurostat, tá 90 milliún Eorpach faoi mhíchumas. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach cuimsiú iomlán a bhaint amach ní hamháin chun a chinntiú go n-urramófar a gcearta, ach chun borradh a chur faoi gheilleagar agus faoi dhaonlathas na hEorpa freisin. Mar sin féin, tá go leor bacainní fós ann roimh dhaoine faoi mhíchumas

  • níl ach 55 % díobh fostaithe, i gcomparáid le 77% de dhaoine nach bhfuil faoi mhíchumas
  • Tá 1.4 milliún duine faoi mhíchumas fós ag maireachtáil i suíomhanna institiúideacha
  • agus tá duine amháin as gach triúr i mbaol bochtaineachta, beagnach dhá oiread mheán an Aontais

Chun a chinntiú go ndéanfar cearta daoine atá leochaileach ó thaobh na socheacnamaíochta de a chosaint agus a bhaint amach go hiomlán i ngach gné den saol, ní mór tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh. Chuige sin, tá nuashonrú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar straitéis 2021-2030 maidir le cearta daoine faoi mhíchumas agus tá dlús á chur aige lena iarrachtaí trí thionscnaimh nua, an méid seo a leanas san áireamh: 

  • an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach a chur i bhfeidhm ar fud an Aontais
  • Comhghuaillíocht um Maireachtáil Neamhspleách a sheoladh chun tacaíocht phobalbhunaithe a chur in ionad institiúidí
  • inrochtaineacht iompair a fheabhsú
  • infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí cúnta amhail uirlisí intleachta saorga

Sa phlean sóisialta nua tá an chéad straitéis frithbhochtaineachta riamh de chuid an Aontais chomh maith, togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le heisiamh tithíochta a chomhrac, agus teachtaireacht maidir le timthriall na bochtaineachta leanaí a bhriseadh.

Is gealltanas athnuaite í an straitéis nuashonraithe a fhreagraíonn riachtanais agus dúshláin nua a tháinig chun cinn ó cuireadh i láthair í in 2021. Cuirtear san áireamh inti freisin moltaí ó na Náisiúin Aontaithe agus glaonna ó dhaoine faoi mhíchumas agus óna n-eagraíochtaí ionadaíocha, ó Pharlaimint na hEorpa, agus ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Is cuid de chuspóirí níos leithne an Aontais maidir le hAontas an Chomhionannais í.

Tuilleadh eolais

Preaseisiúint

Bileog eolais

Ceisteanna agus freagraí

Comhionannas agus cuimsiú

Cothroime shóisialta na hEorpa

Sonraí

Dáta foilsithe
6 Bealtaine 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide