Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  • Alt nuachta
  • 12 Samhain 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad

Bearta níos láidre chun ár ndaonlathas agus ár sochaí shibhialta a chosaint

Young girl posts vote in transparent voting box

 

Tá ár ndaonlathais faoi bhagairt sa saol seo ina bhfuil coinbhleachtaí idirnáisiúnta agus suaitheadh teicneolaíoch méadaitheach ar siúl. Féachann réimis fhorlámhacha leis an mbonn a bhaint dár muinín as institiúidí daonlathacha, as saorthoghcháin chóra agus as na luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach bunaithe. Chun dul i ngleic leis an mbagairt sin, chuir an Coimisiún Eorpach an ‘Sciath Eorpach don Daonlathas’ i láthair lena gcuirtear bearta nithiúla ar fáil chun daonlathais láidre athléimneacha a chumhachtú, a chosaint agus a chur chun cinn, agus tacaíocht agus cosaint á dtabhairt ag an am céanna d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir leis an saol daonlathach a chothú.

Díreoidh bearta na Scéithe don Daonlathas ar thrí phríomhréimse: 

sláine an spáis faisnéise a chosaint 

  • trí phrótacal teagmhas agus géarchéime a ullmhú faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha chun comhordú a éascú agus chun freagairtí tapa a chinntiú   
  • líonra Eorpach seiceálaithe fíricí neamhspleách a chur ar bun  
  • tacú leis an bhFaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha

ár n-institiúidí a neartú, saorthoghcháin chóra, agus meáin shaora neamhspleácha  

  • tríd an obair faoin Líonra Comhair Eorpach um Thoghcháin a threisiú
  • nuashonrú a dhéanamh ar shraith uirlisí an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha (GSD)
  • Moladh maidir le sábháilteacht iriseoirí agus treoir maidir le sábháilteacht gníomhaithe polaitiúla a chur i láthair
  • borradh a chur faoin tacaíocht airgeadais don iriseoireacht neamhspleách agus áitiúil
  • rialacha fógraíochta a nuachóiriú chun inbhuanaitheacht mheáin an Aontais a chothú
  • dlús a chur le gníomhaíocht chun tacú le creat reatha an Aontais chun cásanna dlí mí-úsáideacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí (SLAPPanna) a chomhrac

borradh a chur faoi athléimneacht na sochaí agus faoi rannpháirtíocht na saoránach 

  • trí litearthacht sna meáin agus an litearthacht dhigiteach a chothú do gach aois
  • treoirlínte a fhorbairt chun oideachas saoránachta a neartú sna scoileanna
  • rannpháirtíocht na saoránach sa saol daonlathach a chur chun cinn, go háirithe daoine óga agus ar an leibhéal áitiúil, trí uirlisí nua rannpháirtíochta
  • mol nua um theicneolaíocht shibhialta a bhunú
  • treoir maidir leis an daonlathas san Aontas a chur i láthair. 

Bunóidh an Coimisiún Lárionad Eorpach nua um Athléimneacht Dhaonlathach freisin chun bagairtí coiteanna atá ag teacht chun cinn a sheasamh, amhail bréagaisnéis agus cur isteach eachtrach ar thoghcháin. 

Ag an am céanna, cuirfidh an Coimisiún dlús lena rannpháirtíocht leis an tsochaí shibhialta, agus tabharfaidh sé tuilleadh tacaíochta agus cosanta d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta ina gcuid oibre trí straitéis trí ghné: 

  • rannpháirtíocht a chothú: Ardán Sochaí Sibhialta nua a bhunú faoi 2026 chun idirphlé a éascú a thuilleadh maidir le luachanna an Aontais a chosaint agus a chur chun cinn.
  • tacaíocht agus cosaint: Mol Eolais maidir leis an Spás Sibhialta ar líne a chruthú chun rochtain ar thionscadail agus ar uirlisí atá ann cheana a éascú, ina measc sin na bearta cosanta atá ar fáil. 
  • maoiniú inbhuanaithe agus trédhearcach: méadú suntasach a dhéanamh ar an tacaíocht airgeadais a thugtar d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) faoi bhuiséad fadtéarmach nua an Aontais, agus €9 mbilliún beartaithe do chlár AgoraEU.  

Tuilleadh eolais 

Ár ndaonlathas a chosaint, ár luachanna a chaomhnú 

An daonlathas agus cearta toghcháin  

Spás sibhialta rathúil chun cearta bunúsacha a chosaint 

Eorabharaiméadar Speisialta 568 ‘An daonlathas a chosaint agus a chur chun cinn’ 

Preaseisiúint: An Sciath Eorpach don Daonlathas agus Straitéis an Aontais maidir leis an tSochaí Shibhialta, réitíonn siad an bealach do dhaonlathais níos láidre agus níos athléimní

Sonraí

Dáta foilsithe
12 Samhain 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide