Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Ardán digiteach nua chun oibrithe ar postú a dhearbhú

  • Alt nuachta
  • 14 Samhain 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad
Coronavirus - Portrait pictures of workers in the frontline in Europe

 

Tá 5 mhilliún oibrí ar postú i margadh aonair an Aontais – is é sin fostaithe a sheolann a bhfostóir iad ar bhonn sealadach chun seirbhísí a sholáthar i dtír eile san Aontas. Faoi láthair, tá cúram casta ar ghnólachtaí doiciméid iomadúla agus éagsúla a chomhlánú i ngach tír den Aontas agus oibrithe á bpostú acu. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún anois an t-ualach riaracháin sin a laghdú trí thairseach dearbhaithe dhigitigh aonair a bhunú do chuideachtaí lena húsáid agus oibrithe á seoladh acu thar lear. 

Déanfaidh an tairseach aonair um dhearbhú digiteach an méid seo a leanas: 

  • an t-ualach riaracháin a bhaineann le postú oibrithe a laghdú: leis an tairseach, beidh cuideachtaí in ann foirm aonair a úsáid, a bheidh ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, seachas 27 bhfoirm náisiúnta éagsúla a úsáid. Ar an meán, tiocfaidh laghdú 73% ar an méid ama a chaitear ar na dearbhuithe a bhuí leis sin 
  • feabhas a chur ar an gcomhar i measc thíortha an Aontais: beidh an tairseach nua mar chuid den chóras a úsáidtear cheana féin chun monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha maidir le hoibrithe a phostú 
  • tacú le cosaint oibrithe: tríd an bpróiseas a shimpliú, laghdófar cásanna neamhchomhlíonta agus méadófar trédhearcacht postuithe. Éascóidh an tairseach cigireachtaí ag tíortha an Aontais, rud a chuideoidh chun cearta oibrithe ar postú a chosaint 

Beidh tíortha an Aontais in ann an tairseach a úsáid ar bhonn deonach. Laghdófar go mór an costas riaracháin a bhaineann le hoibrithe a phostú sna Ballstáit rannpháirteacha. Cuirfidh sé sin le cuspóir an Aontais an t-ualach tuairiscithe ar chuideachtaí a laghdú 25%, mar a leagtar amach sa Teachtaireacht maidir le ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais’. 

Tuilleadh eolais 

Oibrithe ar postú 

Do chearta agus d’oibleagáidí mar oibrí ar postú 

Preaseisiúint: Tairseach aonair um dhearbhú digiteach molta ag an gCoimisiún chun an t-ualach riaracháin a bhaineann le postú oibrithe a laghdú 

Ceisteanna agus freagraí faoin tairseach aonair dearbhaithe dhigitigh atá beartaithe  

Bileog eolais 

An margadh aonair agus caighdeáin 

Dáta foilsithe
14 Samhain 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

An nuacht ghaolmhar

  • News article

Directorate-General for Digital Services of the European Commission has launched a preliminary market consultation for information-gathering and market assessment capabilities for carrier service infrastructure based on Dense Wavelength Division Multiplexing (DWDM) technology.

Am léitheoireachta: 1 nóiméad
  • Press release

The Commission has preliminary found that the addictive design of Facebook and Instagram breach the Digital Services Act. The investigation focuses on features such as infinite scroll, autoplay, push notifications, and the platforms' highly personalised recommender systems.

Am léitheoireachta: 3 nóiméad