Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Tuarascáil ar Staid na Deacáide Digití: tá dul chun cinn déanta, ach tá bearnaí ann go fóill

  • Alt nuachta
  • 17 Meitheamh 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad

 

I dtuarascáil bhliantúil an Choimisiúin Eorpaigh ar Staid na Deacáide Digití, déantar measúnú ar an dul chun cinn atá an tAontas Eorpach a dhéanamh i dtaca lena spriocanna 2030 i leith an chlaochlaithe dhigitigh

Léirítear i dtuarascáil 2026 go bhfuil dul chun cinn déanta ag an Aontas i bpríomhréimsí. Mar sin féin, tá bearnaí struchtúracha fós ag cur bac ar chlaochlú digiteach na hEorpa, agus beidh gá le gníomhaíocht níos tapúla chun spriocanna 2030 a bhaint amach. 

Is iad seo a leanas príomhthorthaí na tuarascála: 

  • Bonneagar digiteach: Tá cumhdach bunúsach 5G ag 96.8% de theaghlaigh anois, ach tá cur in úsáid na snáthoptaice, leathsheoltóirí agus acmhainneacht ríomhaireachta fós chun deiridh ar spriocanna 2030.
  • Gnólachtaí a dhigiteáil: tá níos mó gnólachtaí ag úsáid na néalríomhaireachta, na hanailísíochta sonraí agus na hintleachta saorga, ach tá bacainní fós roimh go leor fiontair bheaga agus mheánmhéide ardréitigh dhigiteacha a ghlacadh.
  • Scileanna digiteacha: tá bunscileanna digiteacha ar a laghad ag níos mó ná 60% de mhuintir na hEorpa anois, ach tá ganntanas suntasach speisialtóirí TFC agus an bhearna idir na hinscní fós ann. 

Tugtar moltaí soiléire sa tuarascáil don Aontas agus do na Ballstáit araon maidir leis an dóigh chun na bearnaí atá fós ann a dhúnadh, ina measc sin trí thionscadail rathúla a mhéadú agus infheistíochtaí a shlógadh. 

Tá an Coimisiún ag iarraidh anois ar na tíortha den Aontas a dtreochlár náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach a thabhairt cothrom le dáta trí bhearta nithiúla a chur leo agus iad a ailíniú ar dhóigh níos láidre leis an gcéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais.  

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú in 2027 ar spriocanna na Deacáide Digití chun forbairtí teicneolaíochta agus beartais a léiriú agus chun an creat a ullmhú do na blianta tar éis 2030.

Tuilleadh eolais

Preaseisiúint 

Staid na Deacáide Digití 2026 - tuarascáil 

Staid na Deacáide Digití 2026 - bileog eolais 

Leathanaigh fíricí de réir tíre 

Dáta foilsithe
17 Meitheamh 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide