
Tá an-imní go deo ar mhuintir na hEorpa faoi na contúirtí a bhíonn roimh leanaí agus iad ag baint úsáid as na meáin shóisialta. Sin ceann de na torthaí is suntasaí a d’eascair as suirbhé nua de chuid an Aontais i dtaobh thosaíochtaí an Aontais agus na ndúshlán atá le sárú aige. Ar na réimsí eile atá ag déanamh an-imní do dhaoine, tá an athléimneacht dhaonlathach, an chosaint agus an t-aistriú fuinnimh.
Chomh fada agus a bhaineann sé le sábháilteacht leanaí ar líne, is iad an chibearbhulaíocht agus an ciapadh is mó atá ag cur imní ar dhaoine, rud atá amhlaidh i gcás 71% de na freagróirí, agus is beag nach é a oiread céanna imní atá ar dhaoine faoin mealltóireacht ar líne agus faoin teacht i dtír gnéasach (70%). Ba mhaith le formhór mór mhuintir na hEorpa go ndéanfadh an tAontas níos mó chun leanaí a chosaint ar na contúirtí sin agus ar chontúirtí eile a bhíonn rompu agus iad ar líne. Beagnach dhá thrian de na freagróirí, ba mhaith leo go dtabharfaí isteach rialacha de chuid an Aontais a shrianfadh rochtain leanaí ar na meáin shóisialta de réir aoise.
Le cois an suirbhé sin a bheith déanta, tá tuarascáil foilsithe ag an bpainéal speisialta maidir le sábháilteacht leanaí ar líne. Chuir an tUachtarán von der Leyen painéal speisialta saineolaithe ar bun chun cur chuige Eorpach láidir praiticiúil a fhorbairt i dtaobh leanaí a choinneáil sábháilte ar líne. Ó mhí an Mhárta go mí an Mheithimh 2026, tháinig an painéal le chéile trí huaire go bhfiosróidís na deiseanna agus na contúirtí a bhaineann le leanaí a bheith ag caitheamh am ar líne.
Sa tuarascáil ón bpainéal speisialta, leagtar béim ar na mórdhúshláin a bhíonn le sárú ag leanaí agus iad ar líne, agus cuirtear idir mholtaí agus smaointe spreagúla in iúl i dtaobh leanaí a chosaint ar bhealach níos fearr, i dtaobh iad a chumhachtú ar bhealach níos fearr, agus i dtaobh na meáin shóisialta agus seirbhísí digiteacha eile a úsáid ar bhealach aoisoiriúnach. Is éard atá beartaithe go molfaidh an Coimisiún gníomhartha chun cur le sábháilteacht leanaí ar líne de réir na moltaí thuasluaite, agus go ndéanfar amhlaidh ar an leibhéal náisiúnta freisin. Tá sé de rún ag an gCoimisiún tograí a chur i láthair i bhfianaise na tuarascála nuair a bheidh an samhradh caite.
Tuilleadh eolais
Painéal speisialta maidir le sábháilteacht leanaí ar líne
Ráiteas ón Uachtarán von der Leyen maidir le sábháilteacht leanaí ar líne
- Dáta foilsithe
- 13 Iúil 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide