
Dearc do chuid comharthaí, cosain do chroí – déan seiceáil shimplí agus glac páirt i gcomhrac na hEorpa i gcoinne an mharfóra chiúin. Inniu cuirtear tús leis an gcéad Seachtain Eorpach riamh maidir le Scagthástáil lena spreagtar daoine chun tástáil a dhéanamh le haghaidh galair chardashoithíocha agus feasacht a mhúscailt i dtaca le cosc.
Is iad galair chardashoithíocha is mó a mharaíonn saoránaigh den Aontas, agus faigheann 1.7 milliún duine bás gach bliain dá ndeasca. Is féidir thart ar 80% de ghalair chardashoithíocha a chosc trí dhul i ngleic le tosca riosca, mar atá:
- brú fola ard
- colaistéaról
- siúcra fola ard
- murtall
Tá sé d’aidhm ag an Aontas básanna cardashoithíocha anabaí a laghdú 25% faoi 2035 trí Plean an Aontais um an tSláinte Chardashoithíoch, trí dhul i ngleic leis na tosca riosca sin san áireamh. Tá feachtas uile-Aontais á sheoladh ag an Aontas freisin lena spreagtar daoine chun labhairt le gairmí sláinte faoi sheiceálacha sláinte cardashoithíche chun beatha daoine a shábháil.
Roimh Lá Domhanda an Chroí an 29 Meán Fómhair, tá Moladh maidir le seiceálacha sláinte cardashoithíche molta ag an gCoimisiún Eorpach freisin. Féachann sé sin le feabhas a chur ar luathbhrath agus scagthástáil agus, ar deireadh, básanna anabaí ó ghalair chardashoithíocha a laghdú. Leis an Moladh:
- tacaítear le tíortha den Aontas seiceálacha sláinte cardashoithíche a chur i bhfeidhm agus a dhearadh ar an leibhéal náisiúnta
- moltar go mbeadh rochtain ag cách ar na seiceálacha sin agus go dtabharfaí aghaidh ar riachtanais grúpaí ardriosca agus leochaileacha go háirithe
- spreagtar tíortha den Aontas cosc pearsantaithe agus comhairle iomchuí vacsaínithe a chur ar fáil do shaoránaigh atá i mbaol méadaithe galar cardashoithíoch.
Cuidíonn litearthacht sláinte le daoine a sláinte a bhainistiú agus tuiscint a fháil ar an bhfáth a bhfuil seiceálacha sláinte cardashoithíche rialta ríthábhachtach. Leis an moladh, spreagtar tíortha den Aontas feasacht a mhúscailt agus úsáid fhorleathan na seiceálacha sin a chur chun cinn.
Tuilleadh eolais
Dearc do chuid comharthaí - An tSláinte Phoiblí
- Dáta foilsithe
- 28 Meán Fómhair 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
An nuacht ghaolmhar
Ár n-agallamh le linn Dheireadh Fómhair Bándearg leis an eagraíocht abhcóideachta is mó san Eoraip d’othair ailse cíche
Leis an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte is féidir leat cúram leighis riachtanach agus práinneach a fháil thar lear, lena n-áirítear le haghaidh tinnis ainsealacha nó tinnis atá ort cheana, chomh maith le toircheas agus breith clainne. Tá an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte bailí in aon tír den Aontas, san Íoslainn, i Lichtinstéin, san Iorua, san Eilvéis nó sa Ríocht Aontaithe duit.
The Commission has unveiled an update of the European Code Against cancer, which sets out practical ways to help prevent the disease. The revised code puts strong focus on lifestyle choices and public health measures to reduce cancer risk.
Tá lear mór beart nua curtha chun cinn ag an gCoimisiún Eorpach lena gcuirfear feabhas ar shláinte mhuintir na hEorpa agus lena gcuirfear le hearnáil cúraim sláinte níos nua-aimseartha, níos éifeachtúla agus níos athléimní san Aontas.