Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An nós imeachta coiste

Tugtar údarú don Choimisiún uaireanta i ndlíthe an Aontais gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, ina leagtar síos coinníollacha le deimhin a dhéanamh de go gcuirfear an dlí i bhfeidhm go haonfhoirmeach. Tagraíonn an nós imeachta coiste do shraith de nósanna imeachta, agus cruinnithe na gcoistí ionadaíocha san áireamh, a thugann guth do na Ballstáit faoi na gníomhartha cur chun feidhme.

Cathain a chuirtear an nós imeachta coiste i bhfeidhm?

Bíonn an nós imeachta coiste i bhfeidhm i gcásanna inar tugadh cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún mar chuid de dhlí. Sa dlí céanna sin leagtar síos coinníoll go mbeidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún agus na bearta a bheidh sa ghníomh cur chun feidhme a thiocfaidh as á shainiú.

Níl an nós imeachta coiste éigeantach do gach gníomh cur chun feidhme – is féidir leis an gCoimisiún cuid acu a ghlacadh gan dul i gcomhairle le coiste (nuair atá deontais faoi bhun méid áirithe á leithdháileadh, mar shampla).

Gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe

Conas a oibríonn an nós imeachta coiste?

Nuair a ghlacann an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, cuirtear ceann amháin de na nósanna imeachta seo a leanas i bhfeidhm:

  • an nós imeachta scrúdúcháin – a úsáidtear go háirithe do (i) bhearta a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus (ii) bhearta a d'fhéadfadh tionchar an-mhór a bheith acu (i réimsí cosúil le cánachas nó an beartas talmhaíochta)
  • an nós imeachta comhairleach – a úsáidtear de ghnáth do gach gníomh cur chun feidhme eile.

Faoin dá nós imeachta, is gá do choiste ar a bhfuil ionadaithe ó gach Ballstáit tuairim fhoirmiúil a thabhairt uaidh, i bhfoirm vóta go hiondúil, ar na bearta atá molta ag an gCoimisiún.

Ag brath ar an nós imeachta, féadfaidh tuairimí ón gcoiste a bheith ceangailteach nó gan a bheith chomh ceangailteach sin ar an gCoimisiún.

An nós imeachta scrúdúcháin

  • Má vótálann tromlach cáilithe (55% de na Ballstáit a dhéanann ionadaíocht thar ceann 65% ar a laghad de dhaonra iomlán an Aontais) i bhfabhar an ghnímh cur chun feidhme atá beartaithe, ní mór don Choimisiún é a ghlacadh
  • má vótálann tromlach cáilithe i gcoinne an ghnímh atá beartaithe, ní fhéadfaidh an Coimisiún é a ghlacadh
  • mura bhfuil tromlach cáilithe i bhfabhar ná i gcoinne an ghnímh atá beartaithe, féadfaidh an Coimisiún é a ghlacadh nó leagan leasaithe nua a chur isteach

An nós imeachta comhairleach 

  • déanann an Coimisiún cinneadh ar a chonlán féin cé acu an nglacfaidh sé nó nach nglacfaidh sé an gníomh atá beartaithe, ach ní mór dó 'lánaird a thabhairt' ar thuairim an choiste sula nglaca sé cinneadh

Conas a oibríonn na coistí?

Is é an reachtóir (sé sin an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, nó an Chomhairle léi féin) a bhunaíonn na coistí um nós imeachta coiste. Bíonn ionadaí amháin ag gach Ballstát orthu agus bíonn oifigeach ón gCoimisiún ina chathaoirleach orthu.

Cinneann gach coiste a nósanna imeachta oibre, arna mbunú ar rialacha caighdeánacha nós imeachta coiste.

Ní mór d'Ard-Stiúrthóireachtaí agus seirbhísí an Choimisiúin dréachtghníomhartha cur chun feidhme a chur faoi bhráid na gcoistí atá freagrach astu chun go dtabharfaidh siad tuairim fúthu.

Bíonn cruinnithe ag formhór na gcoistí roinnt uaireanta sa bhliain in áitribh an Choimisiúin (de ghnáth sa Bhruiséil).

Roimh gach cruinniú, seolann an Coimisiún an cuireadh, an clár oibre agus an dréachtghníomh cur chun feidhme chuig na húdaráis náisiúnta. Tar éis an chruinnithe, foilsíonn an Coimisiún torthaí vótála agus taifead achomair an chruinnithe i gclár an nós imeachta coiste.

Foilsíonn an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar obair na gcoistí um nós imeachta coiste, ina ndéantar cur síos ar a gcuid gníomhaíochtaí i ngach rannóg beartais.

Cuardaigh coiste

An Coiste Achomhairc

I gcás ina gcoiscfear an Coimisiún óna bheart cur chun feidhme molta a chur i gcrích (go háirithe i gcás inar vótáil an coiste um nós imeachta coiste ina aghaidh), féadfaidh sé an cás a tharchur chuig an gcoiste achomhairc.

Feidhmíonn an coiste achomhairc ar an mbealach céanna leis na coistí eile um nós imeachta coiste: is ionadaithe na mBallstát a bhíonn air, ach ar leibhéal níos airde ionadaíochta. Bíonn an Coimisiún ina chathaoirleach air agus tá na rialacha vótála céanna aige.

Tugann sé deis do na Ballstáit plé a dhéanamh athuair.

Má rialaíonn an coiste achomhairc in aghaidh an ghnímh cur chun feidhme atá á moladh ag an gCoimisiún, ní mór don Choimisiún cloí leis an gcinneadh sin.

Rialacha nós imeachta an choiste um achomharc 

Grinnscrúdú Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus na Parlaiminte

Chomh maith le bheith faoi réir na mBallstát a bhuí leis na coistí um nós imeachta coiste, tá cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin faoi réir seiceálacha breise freisin ó Pharlaimint na hEorpa is ó Chomhairle an AE, a bhfuil sé de cheart acu:

  • faisnéis a fháil – déantar gach gníomhaíocht atá beartaithe ag an gCoimisiún a phléitear sna coistí a nochtadh go comhuaineach don Pharlaimint agus don Chomhairle.
  • grinnscrúdú a dhéanamh – i gcás ina mbaineann gníomhaíocht an Choimisiúin le gníomh dlí arna rith faoin ngnáthnós imeachta reachtach, is féidir leis an bParlaimint agus/nó leis an gComhairle cur i gcoinne an ghnímh cur chun feidhme atá beartaithe má sháraíonn sé cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin. Ní mór don Choimisiún ansin an gníomh atá beartaithe aige a athbhreithniú i bhfianaise an méid sin agus cinneadh a dhéanamh ar cheart é a choinneáil, a leasú nó a aistarraingt.

Clár an nós imeachta coiste

I gclár an nós imeachta coiste tá liosta de na coistí coisteolaíochta sin mar aon le heolas cúlra agus doiciméid a bhaineann le hobair gach coiste.

Documents

14 FEABHRA 2017
Commission proposal amending the Comitology Regulation