An dlí príomhúil: Conarthaí an Aontais Eorpaigh
Is ar na conarthaí atá gach beart a dhéanann an tAontas Eorpach bunaithe. Sna comhaontuithe ceangailteacha seo idir na Ballstáit, go háirithe Conradh na Róimhe agus Conradh Maastricht, leagtar amach cuspóirí an Aontais Eorpaigh, rialacha le haghaidh institiúidí an Aontais, an chaoi a ndéantar cinntí agus an gaol idir an tAontas agus a bhaill.
Is iad na conarthaí an pointe tosaigh do dhlí an Aontais agus tugtar an reachtaíocht phríomha orthu dá réir sin. Ní féidir leis an Aontas dlíthe a rith ach sna réimsí beartais sin ina bhfuil údarú tugtha dó ag na Ballstáit déanamh amhlaidh, trí chonarthaí an Aontais. Prionsabal na tabhartha a thugtar air sin.
Déanann Ballstáit an Aontais go léir caibidlíocht faoi na conarthaí agus tagann siad ar chomhaontú ina leith, agus déantar iad a dhaingniú ina gcuid parlaimintí, tar éis reifrinn i gcásanna áirithe. Le himeacht ama, leasaíodh conarthaí an Aontais chun fáilte a chur roimh Bhallstáit nua, institiúidí an Aontais a athchóiriú agus chun réimsí breise cúraimí a thabhairt don Aontas.
Gníomhartha reachtacha na reachtaíochta tánaistí
Reachtaíocht thánaisteach a thugtar ar an mbailiúchán dlíthe a eascraíonn as prionsabail agus cuspóirí na gconarthaí. Ina measc sin tá gníomhartha reachtacha agus neamhreachtacha.
Is éard is gníomhartha reachtacha ann cinntí a ghlactar tar éis ceann de na nósanna imeachta reachtacha atá leagtha síos i gconarthaí an Aontais (gnáthnós imeachta nó nós imeachta speisialta).
Faoi láthair tá cúig chineál de ghníomhartha reachtacha ann, mar atá rialacháin, treoracha, cinntí, moltaí agus tuairimí.
Is gníomhartha dlíthiúla iad na rialacháin atá ceangailteach go huile agus go hiomlán. Bíonn feidhm acu go huathoibríoch agus go haonfhoirmeach ar gach Ballstát a luaithe a thagann siad i bhfeidhm, agus ní gá iad a thrasuí sa dlí náisiúnta.
Leagtar síos le treoracha cuspóirí ceangailteacha ar Bhallstáit an Aontais chun toradh áirithe a bhaint amach, ach bíonn an tsaoirse acu an dóigh leis na cuspóirí sin a bhaint amach a roghnú.
A luaithe a ghlacfar treoir ar leibhéal an Aontais, ní mór do na Ballstáit bearta a ghlacadh chun í a ionchorprú (a thrasuí) sa dlí náisiúnta. Ní mór do na húdaráis náisiúnta na bearta sin a chur in iúl don Choimisiún Eorpach.
Ní mór an trasuí sa dlí náisiúnta a bheith déanta faoin spriocdháta a ghabhann leis an treoir (faoi cheann 2 bhliain go hiondúil). I gcásanna nach ndéanann tír treoir a thrasuí, féadfaidh an Coimisiún nósanna imeachta um shárú a thionscnamh.
Tá na cinntí ceangailteach go huile agus go hiomlán. I gcás cinneadh ina sonraítear iad siúd chuig a ndírítear é, is orthu sin amháin a bheidh sé ina cheangal.
Tá na moltaí neamhcheangailteach. Le moltaí, is féidir le hinstitiúidí an Aontais a dtuairimí féin a chur in iúl agus gníomhaíochtaí a mholadh, gan aon oibleagáid dhlíthiúil a chur orthu siúd chuig a ndírítear an moladh.
Tá na tuairimí neamhcheangailteach. Le tuairimí, is féidir le hinstitiúidí an Aontais ráiteas a dhéanamh gan aon oibleagáid dhlíthiúil a chur orthu siúd ar a ndírítear an tuairim.
Reachtaíocht thánaisteach a thugtar ar an mbailiúchán dlíthe a eascraíonn as prionsabail agus cuspóirí na gconarthaí. Ina measc sin tá gníomhartha reachtacha agus neamhreachtacha.
Is éard is gníomhartha neamhreachtacha ann cinntí nach nglactar iad leis an ngnáthnós imeachta reachtach ná leis an nós imeachta reachtach speisialta, ach cinntí a ghlactar le rialacha sonracha. Chun go nglacfar gníomh neamhreachtach, ní mór an chumhacht a thabhairt ar dtús trí ghníomh reachtach chun é a ghlacadh.
Tá dhá chineál de ghníomh neamhreachtach ann, mar atá gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme.
Tuilleadh eolais maidir le gníomhartha cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe