Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Cumarsáid straitéiseach agus an bhréagaisnéis a chomhrac

Is bagairt thromchúiseach ar ár sochaithe iad an bhréagaisnéis agus ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis. Is féidir leo an bonn a bhaint d’institiúidí daonlathacha agus de phróisis dhaonlathacha (toghcháin, cuir i gcás) trí dhaoine a bhacadh ar chinntí eolasacha a dhéanamh nó iad a chur ó dhoras ó thaobh vótála de. Agus is féidir leo sochaithe a dheighilt trí phobail a chur i gcoinne a chéile.

A bhuí le teicneolaíochtaí nua, is féidir le gníomhaithe naimhdeacha bréagaisnéis a scaipeadh agus faisnéis a chúbláil ar scála nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo.

Dá bhrí sin, tá an bhréagaisnéis agus ionramháil faisnéise a chomhrac ar na saincheisteanna is práinní don Aontas Eorpach agus dá Bhallstáit. 

81%
líon na saoránach Eorpach a aontaíonn gur fadhb don daonlathas í nuacht nó faisnéis nach dtugann léiriú ceart ar an bhfírinne nó atá bréagach fiú
68%
líon na saoránach Eorpach a aontaíonn gur minic a thagann siad ar nuacht nó ar fhaisnéis a chreideann siad a thugann bréagléiriú ar an bhfírinne nó atá bréagach

Sa spotsolas

Foilseachán

11 MEITHEAMH 2024
Tackling disinformation and information manipulation – Factsheet

Conas atáimid ag freagairt?

Tá an Coimisiún Eorpach ag neartú a chumarsáide straitéisí mar fhreagairt ar an mbréagaisnéis agus ar ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis a dhíríonn ar bheartais an Aontais. Chuige sin, tá gá le cur chuige uile-shochaí, ós rud é go bhfuil ról tábhachtach ag go leor earnálacha dár sochaithe maidir leis an mbréagaisnéis a chosc agus a chomhrac. Sa bhreis ar an bhfreagairt sin, tá sé tábhachtach a chinntiú go mbeidh rochtain ag na saoránaigh ar nuacht agus ar fhaisnéis ar ardchaighdeán inar féidir leo muinín a bheith acu.

Díríonn ár bhfreagairt ar an mbréagaisnéis ar an méid seo a leanas:

  • Beartais a fhorbairt chun ár ndaonlathais a neartú, é a dhéanamh níos deacra do ghníomhaithe bréagaisnéise mí-úsáid a bhaint as ardáin ar líne, agus iriseoirí agus iolrachas na meán a chosaint
  • Feasacht a ardú faoin mbréagaisnéis agus faoinár n-ullmhacht agus ár bhfreagairt
  • Athléimneacht na sochaí a fhorbairt i gcoinne na bréagaisnéise trí litearthacht sna meáin agus seiceáil fíricí
  • Comhoibriú le hinstitiúidí eile, le húdaráis náisiúnta nó le tríú páirtithe

Príomhréimsí gníomhaíochta

A person putting their vote into a ballot box.

Toghcháin shaora chothroma a chur chun cinn, an díospóireacht phoiblí a chosaint, agus an bhréagaisnéis a chomhrac tríd an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas agus tríd an bPacáiste maidir le Cosaint an Daonlathais

An online platform notifying a smartphone user that the content they are trying to access contains false information.

A chinntiú go nglacfaidh na hardáin freagracht as cur i gcoinne na bréagaisnéise, a bhuí leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, leis an gCód Cleachtais maidir le bréagaisnéis, leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, agus le trédhearcacht na fógraíochta polaitiúla

A laptop displaying both fake and real versions of a video.

Scéalta gan bhunús agus cuntais choiteanna a bhréagnú, teaicticí bréagaisnéise a nochtadh, cur i gcoinne ionramháil chórasach faisnéise na Rúise, agus ullmhacht a chinntiú i gcás cibirionsaithe

A teacher monitoring her students using laptops in a classroom.

Cur ar chumas na saoránach a mbealach a dhéanamh tríd an timpeallacht nuachta nua-aimseartha, treoraíocht a chur ar fáil chun an bhréagaisnéis a chomhrac tríd an oideachas, agus cuidiú le múinteoirí agus le daoine óga í a aithint agus stop a chur léi

Tacú le pobail neamhspleácha na hEorpa atá ag obair chun an bhréagaisnéis a chomhrac agus chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag an bpobal ar shonraí agus ar fhaisnéis iontaofa a bhfuil seiceáil fíricí déanta ina leith

Ardú feasachta, ullmhacht agus freagairt

An chibearshlándáil

Smachtbhannaí i gcoinne eagraíochtaí meán na Creimile

Tá an Rúis i mbun feachtas mórscála bréagaisnéise agus í ag iarraidh an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit a dhíchobhsú.

Chun cur ina choinne sin, tá smachtbhannaí glactha ag an Aontas i gcoinne sócmhainní agus gníomhaithe bréagaisnéise agus cúblála faisnéise na Creimile.

Freagairt ar bhagairtí hibrideacha 

Tá creat beartais cuimsitheach forbartha ag an Aontas freisin chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí hibrideacha. Is straitéisí iad sin atá ceaptha chun teacht i dtír ar leochaileachtaí tíortha agus sochaithe trí mhodhanna míleata agus neamh-mhíleata amhail cibirionsaithe, feachtais bhréagaisnéise nó brú eacnamaíoch a thabhairt le chéile. 

Foirne Mearfhreagartha Hibrideacha á n-imscaradh ag an Aontas chun tacú le Ballstáit an Aontais agus le tíortha comhpháirtíochta cur i gcoinne bagairtí hibrideacha. Cuirfidh siad cúnamh gearrthéarmach saincheaptha spriocdhírithe ar fáil do thíortha an Aontais, do mhisin agus d’oibríochtaí an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta, agus do thíortha comhpháirtíochta chun cur i gcoinne bagairtí agus feachtais hibrideacha. 

Athléimneacht na sochaí a fhorbairt i gcoinne na bréagaisnéise

Chun cur i gcoinne na bréagaisnéise, tá sé ríthábhachtach go mbíonn na hacmhainní cuí ag saoránaigh, eagraíochtaí agus údaráis phoiblí.

Litearthacht sna meáin a mhéadú

A person reading a newspaper at a newsstand.

Treoirlínte do na Ballstáit chun é a chur ar a gcumas do shaoránaigh de gach aois a mbealach a dhéanamh tríd an timpeallacht nuachta nua-aimseartha agus cinntí eolasacha a dhéanamh

An animated graphic depicting four people looking at mobile phones, with the text "How to spot and fight disinformation".

Leis an tsraith straitéisí seo, is féidir le múinteoirí meánscoile tacú lena ndaltaí bréagaisnéis a aithint agus iad ag brabhsáil ar líne

Tacú le heagraíochtaí seiceála fíricí

Amchlár ghníomhaíochtaí an Aontais i gcoinne na bréagaisnéise

  1. Márta 2024

    D’fhoilsigh an Coimisiún treoirlínte faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha le haghaidh Ardáin agus Innill Chuardaigh an-mhór ar líne chun maolú a dhéanamh ar rioscaí ar líne a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar shláine toghchán, agus treoraíocht shonrach sna treoirlínte céanna maidir le toghcháin Pharlaimint na hEorpa i mí an Mheithimh 2024.

  2. Márta 2024

    Foilsíodh coimre nua maidir leis an gCibearshlándáil maidir le conas sláine na dtoghchán a chosaint

  3. Nollaig 2023

    Ghlac an Coimisiún Eorpach pacáiste maidir le Cosaint an Daonlathais roimh thoghcháin Eorpacha 2024

  4. Deireadh Fómhair 2023

    D’fhoilsigh an Coimisiún glao ar thograí chun tacú le seiceálaithe fíricí an Aontais agus iad ag sainaithint agus ag bréagnú na bréagaisnéise

  5. Deireadh Fómhair 2022

    D’fhoilsigh an Coimisiún treoirlínte do mhúinteoirí agus oideachasóirí sna bunscoileanna agus meánscoileanna maidir le conas aghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis agus an litearthacht dhigiteach a chur chun cinn sna seomraí ranga

  6. Meán Fómhair 2022
  7. Meitheamh 2022

    Shínigh mórardáin ar líne, ardáin atá ag teacht chun cinn agus ardáin speisialaithe, gníomhaithe sa tionscal fógraíochta, seiceálaithe fíricí, eagraíochtaí taighde agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta Cód Cleachtais neartaithe maidir le Bréagaisnéis

  8. Samhain 2021

    Chuir an Coimisiún togra i láthair le haghaidh dlíthe nua maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla

  9. Nollaig 2020

    Chuir an Coimisiún togra i láthair don Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha

  10. Nollaig 2020
  11. Márta 2019
  12. Nollaig 2018

    Bhunaigh an Coimisiún agus SEGS plean gníomhaíochta i gcoinne na bréagaisnéise 

  13. Meán Fómhair 2018

    Bunaíodh an chéad Chód Cleachtais maidir le bréagaisnéis

  14. Meán Fómhair 2018
  15. Aibreán 2016

    Glacadh Creat Comhpháirteach maidir le cur i gcoinne bagairtí hibrideacha chun cur i gcoinne gníomhaíochtaí naimhdeacha a ceapadh chun réigiún nó stát a dhíchobhsú

  16. Eanáir 2015

    Seoladh Tascfhórsa Cumarsáide Straitéisí an Oirthir de chuid SEGS chun aghaidh a thabhairt ar fheachtais bhréagaisnéise na Rúise