Forléargas
Tá faisnéis chruinn iontaofa ríthábhachtach chun dul i ngleic le hionramháil ar fhaisnéis agus cur isteach eachtrach.
Tá rogha acmhainní le fáil anseo a d’fhorbair an Coimisiún, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus rialtais náisiúnta i dtaca le hábhair ar a ndíríonn gníomhaithe ionramhála ar fhaisnéis go minic.
Acmhainní an Choimisiúin

Is minic gur ráitis mhothúchánacha nó pholaraithe a spreagann an díospóireacht phoiblí ar an ábhar seo. Féach leat fíricí fianaisebhunaithe maidir leis an imirce agus beartas imirce an Aontais

Súil níos géire ar an gcaoi a n-oibríonn beartas talmhaíochta an Aontais i ndáiríre

Is féidir leis an ionramháil ar fhaisnéis agus an mhífhaisnéis an chabhair dhaonnúil agus gníomhaíochtaí cosanta sibhialta le haghaidh freagairt ar thubaistí a chur i mbaol go mór

Faigh tuilleadh eolais faoin gcaoi a rachaidh an comhaontú chun tairbhe do shaoránaigh agus do chuideachtaí na hEorpa, trí bhorradh a chur faoin trádáil, trí chaighdeáin an Aontais a chaomhnú, agus trí bhreis agus 350 táirge de chuid an Aontais a chosaint, agus gealltanas á thabhairt ag an am céanna maidir leis an inbhuanaitheacht.

Tá praghsáil carbóin ar cheann de na huirlisí is éifeachtaí chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, ach is minic a bhaintear míthuiscint aisti. Foghlaim conas a oibríonn sí, agus conas a théann sí chun tairbhe do chách

Bíonn eachtraí adhaimsire ag tarlú níos minice, agus tá siad níos déine ná mar a bhíodh fiú cúpla scór bliain ó shin. Tuilleadh eolais faoin gceangal idir na heachtraí adhaimsire sin agus an t-athrú aeráide

D’ainneoin na dtairbhí soiléire a bhaineann leis, tá roinnt amhrais ann go fóill faoin ngrianfhuinneamh. Faigh tuilleadh eolais faoin bhfoinse fuinnimh shábháilte inacmhainne seo

Faigh na fíricí faoin ngaoth – foinse fuinnimh atá glan, inacmhainne agus dúchasach.

Aghaidh a thabhairt ar roinnt miotais choiteanna faoi bheartas an Aontais i leith gluaisteáin astaíochtaí nialasacha

Eolas soiléir iontaofa a chur ar fáil faoi rialacha an Aontais maidir le bia a thagann ó fheithidí

Míthuiscintí coiteanna a shoiléiriú agus eolas cruinn a chur ar fáil faoi bheartas imirce an Aontais

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a bhfuil an tAontas ag tacú leis an Úcráin agus le muintir na hÚcráine

Féach leat tuilleadh eolais faoin dóigh a n-oibríonn buiséad an Aontais agus faoin dóigh a dtéann sé chun tairbhe duitse go díreach

Míthuiscintí agus insintí coiteanna i dtaca le beartas comhtháthaithe an Aontais a bhréagnú

Le linn phaindéim COVID-19, thug an Coimisiún aghaidh ar insintí coitianta míchearta nó meabhlacha agus chuir sé eolas cruinn cothrom le dáta ar fáil faoi vacsaíní
Acmhainní seachtracha

Tá acmhainn forbartha ag UNEP a chuireann i gcoinne miotais a bhaineann leis an aeráid le heolas fíorasach

Ar an leathanach gréasáin seo ó ECAT tá eolas fíorasach faoin eagraíocht, faoina caidreamh leis an Úcráin agus faoina freagairt ar an gcogadh atá ar siúl faoi láthair

Tionscnamh de chuid Rialtas na Sualainne is ea an suíomh gréasáin seo lenar féidir teacht go héasca ar eolas agus ar chomhairle a sheiceáiltear de réir fíricí le linn géarchéimeanna agus éigeandálaí

Tá tionscnamh seolta ag na Náisiúin Aontaithe chun eolas cruinn a chur ar fáil le cur i gcoinne mífhaisnéis agus bréagaisnéis faoi ghéarchéimeanna domhanda amhail an t-athrú aeráide agus COVID-19

Cuireann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte eolas fíoraithe ar fáil faoi raon saincheisteanna sláinte i bhfoirm ceisteanna agus freagraí
Athbhreithníodh an leathanach seo den uair dheireanach an 18 Nollaig 2025