Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim fuinnimh

Athléimneacht le linn dúshláin dhomhanda

A bhuí lenár n-iarrachtaí comhpháirteacha, tá córas fuinnimh na hEorpa fós athléimneach in ainneoin míshocrachtaí sa mhargadh domhanda. Le soláthairtí éagsúlaithe gáis agus ola, cúltacaí straitéiseacha, agus acmhainneacht mhéadaithe iompórtála GNL, tá deimhin déanta de shlándáil an tsoláthair. Mar sin féin, tá arduithe tobanna ar phraghsanna domhanda fós ina n-ábhar imní.

AccelerateEU: an bosca uirlisí chun faoiseamh láithreach a thabhairt do theaghlaigh agus do thionscail na hEorpa

Mar fhreagairt air sin, i mí Aibreáin 2026, mhol an Coimisiún Eorpach AccelerateEU, is é sin sraith beart nua chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • comhordú an Aontais a mhéadú, laistigh den Aontas agus le soláthraithe fuinnimh agus tíortha comhpháirtíochta araon

  • tacaíocht a thabhairt do thíortha an Aontais tomhaltóirí agus gnólachtaí a chosaint ar bhuaiceanna praghsanna

  • leanúint den spleáchas ar ola agus ar ghás a laghdú

  • leictriúchán agus fuinneamh glan dúchasach a chur chun cinn

  • borradh a chur faoi infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha

Chun tacú leis na spriocanna sin, tá an Coimisiún réidh chun comhordú a dhéanamh leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (GIF) ar an scaoileadh stoc ola is mó riamh agus chun dlúthmhonatóireacht a dhéanamh ar mhargaí fuinnimh trí Thascfhórsa tiomnaithe um an Aontas Fuinnimh. 

Le AccelerateEU, moltar freisin bearta sealadacha agus spriocdhírithe a thabhairt isteach, cuir i gcás státchabhair do na hearnálacha eacnamaíocha is mó atá neamhchosanta ar arduithe tobanna ar phraghsanna. Leis an gcreat sealadach maidir le bearta státchabhrach, tugtar aghaidh ar éifeachtaí na géarchéime ar chuid d’earnálacha den gheilleagar is mó neamhchosanta: talmhaíocht, iascach, iompar agus tionscail dianfhuinnimh. Beidh sé i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2026.

Bunófar Faireachlann Bhreosla nua chun táirgeadh, iompórtálacha, easpórtálacha agus leibhéil stoic breoslaí iompair an Aontais a rianú. Leis sin, beifear in ann ganntanais a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint go tapa agus, i gcás scaoileadh éigeandála stoic, dáileadh cothrom breosla a chinntiú. 

Chun teaghlaigh agus gnólachtaí a chosaint ar arduithe tobanna ar phraghsanna, d’fhéadfadh tíortha an Aontais scéimeanna tacaíochta ioncaim, dearbháin fuinnimh agus scéimeanna léasaithe shóisialta a chur i bhfeidhm, agus cánacha leictreachais a ísliú do theaghlaigh leochaileacha. 

Tuilleadh eolais faoi AccelerateEU

Níl aon ábhar imní láithreach ann don Aontas ó thaobh slándáil an tsoláthair de. Tá ár soláthar ola – díosail agus scaird-bhreoslaí ina measc – agus gáis éagsúlaithe ar fud na margaí domhanda. D’éirigh leis an Aontas deireadh a chur leis an róspleáchas ar sholáthróir aonair gáis agus meascán de sholáthairtí píblíne agus GNL a fháil ó gach cearn den domhan.

Infheistiú i bhfuinneamh glan agus i mbonneagar

Chun fuinneamh inacmhainne agus neamhspleáchas fuinnimh a chinntiú, tá dlús á chur ag an Aontas le forbairt bonneagair agus teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain. I measc na bpríomthionscnamh tá na nithe seo a leanas:

  • an Pacáiste um na hEangacha Eorpacha, lena gcumasaítear don leictreachas sreabhadh go héifeachtúil thar theorainneacha agus lena gcomhtháthaítear fuinneamh níos saoire agus níos glaine
  • ‘mórbhealaí fuinnimh’ a chur chun cinn, tionscadail tosaíochta lena dtugtar aghaidh ar riachtanais bhonneagair, mar shampla Oileán Fuinnimh Bornholm
  • plean gníomhaíochta um an leictriúchán faoi shamhradh 2026 lena n-éascófar leictriúchán na n-earnálacha tionsclaíocha, iompair agus tógála

Idir 2025 agus 2026, cuirfear deontais ar fáil dar luach beagnach €2 bhilliún mar thacaíocht do thionscadail fuinnimh trasteorann chun an tslándáil fuinnimh agus an t-iomaíochas a neartú.

Dlús a chur leis an aistriú fuinnimh

  • Giniúint leictreachais in 2024 ar fuinneamh in-athnuaite agus fuinneamh núicléach é 71% de,

    méadú ó 63% roimh an ngéarchéim is déanaí

Chun dlús a chur leis an aistriú fuinnimh, cuideoidh an Coimisiún le tíortha an Aontais maoiniú ón Aontas a úsáid ar an mbealach is fearr is féidir, agus infheistíochtaí príobháideacha a chur in úsáid don aistriú san am céanna. 

Tá a Chóras Trádála Astaíochtaí (CTA) á nuachóiriú ag an Aontas freisin chun spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú a thuilleadh agus chun infheistíochtaí i bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh agus i gcumhacht núicléach a spreagadh. 

  • Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh a mhéadú chun luaineacht praghsanna a laghdú

  • €30 billiún a leithdháileadh trí Threiseoir Infheistíochta CTA le haghaidh tionscadail dícharbónaithe thionsclaíoch

  • tacaíocht a thabhairt do thíortha ísealioncaim an Aontais le rochtain airgeadais ráthaithe

Ceisteanna coitianta

Cad as a dtagann an fuinneamh?

Is ó fhoinsí éagsúla, ón Aontas féin agus ó lasmuigh den Aontas, a thagann an fuinneamh a úsáidimid inár dtithe san Aontas.

Tuilleadh eolais faoi tháirgeadh fuinnimh an Aontais agus fuinneamh a iompórtálann an tAontas..

Cén fáth a bhfuil praghsanna ag dul i méid?

Tá ardú ag teacht ar phraghsanna breoslaí iontaise agus ar chostais iompórtála mar gheall ar an gcoinbhleacht leanúnach sa Mheánoirthear. Tá an tAontas fós ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise iompórtáilte, mar sin nuair a tharlaíonn suaitheadh praghsanna thar lear tagann ardú láithreach ar chostais sa bhaile. I bhfianaise luaineacht na margaí domhanda, tá an tAontas ullmhaithe go maith ach tá dlús á chur aige leis an ngníomhaíocht a dhéantar sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon.

An bhfuil aon tacaíocht ón Aontas ann do shaoránaigh atá ag dul i ngleic le costais arda fuinnimh?

In 2025, ghlac an Coimisiún an plean gníomhaíochta um fhuinneamh inacmhainne, ina bhfuil bearta nithiúla gearrthéarmacha agus struchtúracha chun billí leictreachais a laghdú, neamhchosaint ar shuaitheadh praghsanna a laghdú agus tomhaltóirí a chosaint. Mar chuid riachtanach den phlean gníomhaíochta sin, leagtar amach i bpacáiste fuinnimh na saoránach gníomhaíochtaí nithiúla chun billí a laghdú, tomhaltóirí a chosaint agus dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh trí chuidiú a chur ar fáil na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • aistriú chuig soláthróir fuinnimh níos saoire. D’fhéadfadh tomhaltóirí €150 ar an meán a shábháil in aghaidh na bliana

  • cánacha agus tobhaigh a laghdú ar a mbillí leictreachais. D’fhéadfadh sin €200 ar an meán in aghaidh na bliana a shábháil ar theaghlaigh

  • eolas níos trédhearcaí a sholáthar faoi bhillí agus conarthaí fuinnimh. Cuidíonn sin le tomhaltóirí cinntí feasacha a dhéanamh

Moltar do thíortha an Aontais cabhrú le tomhaltóirí leochaileacha, trí thacaíocht ioncaim spriocdhírithe, trí dhearbháin fuinnimh, agus trí chánacha fuinnimh a ísliú. Ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as na rialacha atá ann cheana freisin chun tomhaltóirí leochaileacha a chosaint ar dhícheangal óna soláthar fuinnimh. 

Cad atá beartaithe ag an Aontas chun teaghlaigh agus gnólachtaí atá ag dul i ngleic leis an ngéarchéim fuinnimh a chosaint?

Leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe ag an Aontas, dírítear ar an méid seo a leanas:

  • comhordú láidir idir na Ballstáit, mar shampla ar líonadh stórála gáis, chun cosc a chur ar roinnt tíortha teacht isteach sa mhargadh san am céanna, chomh maith le scaoileadh comhordaithe stoic

  • bearta do na Ballstáit chun cosaint níos fearr a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha agus d’earnálacha leochaileacha ar phraghsanna arda fuinnimh agus creat sealadach nua maidir le bearta státchabhrach

  • bearta chun an t-éileamh a laghdú agus saor-rogha tomhaltóirí á hurramú go hiomlán san am céanna, cuir i gcás athchóiriú foirgneamh nó athnuachan trealaimh in oibríochtaí tionsclaíocha

An mbeidh ganntanais fuinnimh ann?

Níl aon ábhar imní láithreach ann don Aontas ó thaobh slándáil an tsoláthair de. Tá ár soláthar ola – díosail agus scaird-bhreoslaí ina measc – agus gáis éagsúlaithe ar fud na margaí domhanda. D’éirigh leis an Aontas deireadh a chur leis an róspleáchas ar sholáthróir aonair gáis agus meascán de sholáthairtí píblíne agus GNL a fháil ó gach cearn den domhan.

Conas atá infheistíochtaí an Aontais i bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh ag cuidiú chun tionchar na géarchéime fuinnimh domhanda san Eoraip a mhaolú?

Bíonn tionchar mór ag spleáchas na hEorpa ar bhreoslaí iontaise iompórtáilte ar chostais arda fuinnimh. Dá ndéanfaí méid agus raon na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite a leathnú, chuideofaí le costais an tsoláthair fuinnimh agus praghsanna fuinnimh don tionsclaíocht agus do shaoránaigh a laghdú. Ballstáit a bhfuil sciar ard foinsí in-athnuaite fuinnimh agus fuinnimh núicléach acu, is iondúil go mbíonn praghsanna leictreachais faoi bhun mheán an Aontais acu. Ó bhí 2021 ann, tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Aontas i dtaca lena acmhainneacht in-athnuaite a leathnú, agus tháinig ardú ar sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh sa mheascán leictreachais ó 36% go 48% faoi 2025. In éineacht le fuinneamh núicléach, déantar níos mó ná 70% dár leictreachas a tháirgeadh anois ó fhoinsí fuinnimh ísealcharbóin.

An bhfuil aon rud á dhéanamh ag an Aontas chun stop a chur le cuideachtaí fuinnimh táille ró-ard a ghearradh ar thomhaltóirí?

Tá margaí fuinnimh á rialáil go gníomhach ag an Aontas chun cosc a chur ar phraghsáil éagórach, ar dhrochúsáid mhargaidh, agus ar chleachtais a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le táille ró-ard a ghearradh ar thomhaltóirí. Is príomhbheartas de chuid an Aontais é an Rialachán maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Fuinnimh lena gcosnaítear saoránaigh agus gnólachtaí an Aontais ar dhrochúsáid sa mhargadh fuinnimh. Leis sin, cuirtear cosc ar chúbláil mhargaidh trí thuairisciú idirbheart a shainordú, trí chreataí monatóireachta praghsanna a shocrú, agus trí chur ar chumas rialtóirí imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe, mar shampla trádáil cos istigh, agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith.

Sa teachtaireacht i dtaca le AccelerateEU, dheimhnigh an Coimisiún gur féidir leis na Ballstáit bearta a dhéanamh freisin i ndáil le cánachas ar bhrabúis amhantair chun cothroime shóisialta a chinntiú; urramóidh an Coimisiún cinntí na mBallstát agus déanfaidh sé measúnú ar na bearta náisiúnta sin agus ar an tionchar a bheidh acu ar an margadh aonair. 

Cad é an scéal is déanaí maidir le hinfhaighteacht scaird-bhreosla d’aerlínte san Aontas?

Níl aon ghanntanas scaird-bhreosla san Aontas faoi láthair. Is tosaíocht de chuid an Aontais é a ráthú go mbeidh an breosla a theastaíonn uathu ag aerlínte. Anseo san Aontas Eorpach, tá neart acmhainneachta againn freisin amhola a scagadh agus scaird-bhreosla a tháirgeadh. Tá pleananna á gcur i bhfeidhm againn ionas go mbeimid réidh le gníomhú go tapa má thagann dúshláin chun cinn amach anseo.

Cad iad na cearta atá agam má chuirtear m’eitilt nó mo shaoire ar ceal?

Má chuireann aerlíne eitilt atá curtha in áirithe agat cheana ar ceal nó má athraíonn sí í mar gheall ar an méadú ar phraghsanna breosla, tá tú faoi chosaint ag rialacha an Aontais.

  • Má chuirtear d’eitilt ón Aontas Eorpach nó chuig an Aontas Eorpach ar ceal, tá tú i dteideal atháirithint a dhéanamh nó aisíocaíocht a fháil. 
    Má dhéantar an cealú níos lú ná 14 lá roimh an eitilt, tá tú i dteideal cúitimh freisin. 
    Tuilleadh eolais faoi chearta paisinéirí
  • I gcás saoirí láneagraithe, féadfaidh cuideachtaí taistil suas le 8% a chur le praghas do shaoire tar éis don turas láneagraithe a bheith íoctha sa chás go bhfuil údar leis an méadú agus go gcuirtear ar an eolas thú 20 lá roimh an imeacht ar a dhéanaí agus sa chás sin amháin. Más mó ná 8% an méadú praghais, tá sé de cheart agat é a chur ar ceal.
    Tuilleadh eolais faoi shaoirí láneagraithe

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 22 Aibreán 2026