Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Trasnaíocht eachtrach agus cibirionsaithe a chomhrac

Forléargas

EUvsDisinfo

Is éard atá in EUvsDisinfo, a sheol seirbhís taidhleoireachta an Aontais, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) in 2015, tionscadal suaitheanta chun an bhréagaisnéis agus na cruthanna agus na foirmeacha éagsúla ina mbíonn sí a shainaithint agus a anailísiú agus feasacht a ardú ina leith, agus béim á leagan ar chuntais agus ar oirbhearta coiteanna ón gCreimil.

Tuilleadh eolais faoina bhfuil ar siúl ag SEGS chun cur i gcoinne FIMI

An Chibearshlándáil  

Is féidir le cibirionsaithe tarlú ag an am céanna le feachtais ionramhála ar fhaisnéis, agus d’fhéadfaidís a bheith comhordaithe leo fiú, agus is féidir leo a bheith ina gcuid de straitéis níos leithne chun tionchar a imirt ar phróisis dhaonlathacha nó chun iad a dhíchobhsú. 

Borradh a chur faoin gcibearshlándáil agus faoin bhfeasacht ghaolmhar, is cuid d’fhorbairt athléimneachta iad freisin. Oibríonn tíortha an Aontais i gcomhar le chéile chun ullmhú do chibearbhagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann. Faigheann siad tacaíocht ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais, amhail Gníomhaireacht an Aontais um Chibearshlándáil nó an Fhoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais. 

Freagairt ar bhagairtí hibrideacha 

Tá creat beartais cuimsitheach forbartha ag an Aontas freisin chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí hibrideacha. Bíonn bagairtí den sórt sin ceaptha chun teacht i dtír ar leochaileachtaí tíortha agus sochaithe trí mhodhanna míleata agus neamh-mhíleata amhail cibirionsaithe, feachtais ionrámhála ar fhaisnéis nó brú eacnamaíoch a thabhairt le chéile. 

Foirne Mearfhreagartha Hibrideacha á n-imscaradh ag an Aontas chun tacú le Ballstáit an Aontais agus le tíortha comhpháirtíochta cur i gcoinne bagairtí hibrideacha. Cuirfidh siad cúnamh gearrthéarmach saincheaptha spriocdhírithe ar fáil do thíortha an Aontais, do mhisin agus d’oibríochtaí an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta, agus do thíortha comhpháirtíochta chun cur i gcoinne bagairtí agus feachtais hibrideacha. 

Smachtbhannaí i gcoinne eagraíochtaí meán na Creimile

Tá an Rúis i mbun feachtas mórscála ionrámhála ar fhaisnéis agus í ag iarraidh an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit a dhíchobhsú. Na heagraíochtaí atá faoi úinéireacht stáit agus atá fabhrach don Chreimil a eagraíonn feachtais ionramhála ar fhaisnéis, tá ról lárnach riachtanach acu maidir le tacú le fogha na Rúise faoin Úcráin. Is bagairt shuntasach dhíreach iad ar ord poiblí agus ar shlándáil an Aontais. 

Chun cur ina choinne sin, tá smachtbhannaí glactha ag an Aontas i gcoinne sócmhainní agus gníomhaithe bréagaisnéise agus cúblála faisnéise na Creimile.