Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Comhoibriú le seiceálaithe fíricí, leis an tsochaí shibhialta, leis na meáin agus leis an saol acadúil

Obair a dhéanamh le heagraíochtaí neamhspleácha seiceála fíricí

An Fhaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha (EDMO)

Is tionscadal í an Fhaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha (EDMO) a thacaíonn le pobal neamhspleách ildisciplíneach, ina bhfuil seiceálaithe fíricí, acadóirí, cleachtóirí litearthachta sna meáin agus páirtithe leasmhara ábhartha eile, agus iad uile ag teacht le chéile chun na hionramhála ar fhaisnéis agus cur isteach eachtrach a chomhrac. Cuireann líonra EDMO cumhdach geografach cuimsitheach ar fáil don Aontas. 

I bhfianaise thoghcháin Eorpacha 2024, tá tascfhórsa tiomnaithe curtha ar bun ag EDMO chun scaipeadh na bréagaisnéise faoi na toghcháin a bhrath agus chun foláireamh a thabhairt ina leith. D’eisigh an tascfhórsa nuashonruithe laethúla faoin mbréagaisnéis bhréagnaithe (seiceálacha fíricí), nuashonruithe seachtainiúla maidir le treochtaí bréagaisnéise, chomh maith le luathrabhaidh agus imscrúduithe ábhartha. Reáchtáil EDMO feachtas litearthachta sna meáin freisin, ‘Be Elections Smart’ (‘Bítear cliste maidir leis na toghcháin’).

An Líonra Eorpach um Chaighdeáin um Sheiceáil Fíricí (EFSCN)

Is éard atá sa EFSCN comhlachas neamhspleách d’eagraíochtaí seiceála fíricí Eorpacha a sheasann leis na caighdeáin is airde seiceála fíricí agus litearthachta sna meáin agus a chuireann chun cinn iad chun an mhífhaisnéis a chomhrac ar mhaithe le leas an phobail. 

Oibríonn EFCSN agus a chomhaltaí fíoraithe chun rochtain ar fhaisnéis iontaofa a ndéantar seiceáil fíricí uirthi a chur chun cinn agus chun feasacht a mhúscailt i dtaca le conas measúnú a dhéanamh ar chruinneas na faisnéise sa réimse poiblí.

Tacú leis an tsochaí shibhialta, leis na meáin agus leis an lucht acadúil

Samplaí de thionscadail a fhaigheann tacaíocht

AI-CODE – Réitigh ghiniúnacha IS-bhunaithe chun tacú le gairmithe meán

Cuirfidh tionscadail AI-CODE seirbhísí núíosacha IS-bhunaithe ar fáil do ghairmithe meán chun tacú lena gcuid oibre sa timpeallacht dhigiteach atá ag teacht chun cinn.  Is é an aidhm atá ann uirlisí agus teicnící a chur ar fáil do ghairmithe sna meáin chun cineálacha nua ionramhála ábhair a bhrath. 

Tá thart ar €5 mhilliún curtha ar fáil ag an Aontas chun tacú leis an tionscadal sin.

AI4Debunk – Uirlisí atá cumhachtaithe ag an intleacht shaorga chun tacú le saoránaigh eolas a fhíorú 

Is é is aidhm don tionscadal AI4Debunk ceithre chomhéadan IS-lárnach a fhorbairt: breiseán gréasáin, ardán comhoibríoch, aip d’fhóin chliste, agus comhéadan réaltachta breisthe. Tacóidh na comhéadain sin le saoránaigh nascleanúint a dhéanamh ar thírdhreach na meán digiteach go sábháilte agus cinntí eolasacha a dhéanamh. 

Tá thart ar €4.9 milliún curtha ar fáil ag an Aontas chun tacú leis an tionscadal sin.

EU-HYBNET – Gníomhaíocht nuálach chun bagairtí hibrideacha a chomhrac

Díreoidh tionscadal EU-HYBNET ar ullmhú do bhagairtí hibrideacha agus ar chosaint ina gcoinne, chomh maith le líonra Eorpach don earnáil a fhorbairt agus a thógáil. 

Chun na riachtanais is práinní a shainaithint le bagairtí hibrideacha a chomhrac, tabharfar cleachtóirí agus páirtithe leasmhara le chéile sa tionscadal. Déanfaidh sé anailís dhomhain ar na bearnaí agus ar na riachtanais agus déanfaidh sé tástáil ar na nuálaíochtaí is mó a bhfuil gealladh fúthu (teicniúil agus sóisialta).

Tá thart ar €3.5 milliún curtha ar fáil ag an Aontas chun tacú leis an tionscadal sin.

E-engAGEd – Ag tacú le rannpháirtíocht dhigiteach idirghlúine

Is é is aidhm don tionscadal E-engAGEd rannpháirtíocht dhigiteach, shóisialta agus pholaitiúil daoine óga agus daoine fásta níos sine a mhéadú le cur chuige foghlama idirghlúine. Cuireann sé spásanna ar fáil le haghaidh díospóireachtaí agus malartuithe idir saoránaigh d’aoiseanna éagsúla faoin timpeallacht faisnéise nua-aimseartha, faoin tsaoránacht dhigiteach agus faoin rannpháirtíocht shibhialta.  

Tá thart ar €206,000 curtha ar fáil ag an Aontas chun tacú leis an tionscadal sin.

DRONE – Litearthacht dhigiteach a chur chun cinn i measc scoileanna 

Baineann tionscadal DRONE úsáid as cur chuige éiceachórais uile-scoile lena dtugtar ról do cheannairí scoile agus do thuismitheoirí san idirphlé agus lena meastar litearthacht dhigiteach agus litearthacht sna meáin na ndaltaí a bheith ina ngnéithe ríthábhachtacha d’ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna i bpobail scoile. 

Tá sé is aidhm don tionscadal tionchar a imirt ar leibhéil éagsúla trí ábhair nuálacha do mhúinteoirí a tháirgeadh agus trí chúrsaí oiliúna a chruthú chun saoránacht ghníomhach dhigiteach a chur chun cinn i bpobail scoile.

Tá thart ar €1.5 milliún curtha ar fáil ag an Aontas chun tacú leis an tionscadal sin.

RESONANT – Taighde a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag cosc faisnéise 

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal RESONANT léargas agus tuiscint níos fearr a fhorbairt ar ghníomhaithe Stáit agus neamhstáit a chuireann cosc ar fhaisnéis mar ghné amháin den ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (FIMI). Forbróidh sé straitéisí, uirlisí agus modheolaíochtaí chun tionchar agus leochaileacht spriocghrúpaí a laghdú.

Tá thart ar €3 mhilliún curtha ar fáil ag an Aontas chun tacú leis an tionscadal sin.

SOLARIS – Ag freagairt do na dúshláin a bhaineann le domhainbhrionnuithe

Déanfaidh tionscadal SOLARIS anailís ar rioscaí a bhaineann le Líonraí Sáraíochta Giniúna (GANanna), aicme líonraí néaracha atá in ann ábhar ilmheán a chruthú (grianghraif, físeáin, fuaim) lena n-ionsamhlaítear fíorábhar go han-bheacht – rud ar a dtugtar domhainbhrionnuithe go minic. Is é is aidhm don tionscadal nuálaíochtaí a fhorbairt chun rioscaí domhainbhrionnaithe a bhrath agus a mhaolú. 

Tá thart ar €2.8 milliún curtha ar fáil ag an Aontas chun tacú leis an tionscadal sin. 

SPEAK OUT – An óige a spreagadh i bpobail áitiúla 

Is é is aidhm don tionscadal SPEAK OUT malartú idir daoine óga a chur chun cinn i bpobail éagsúla. Trí oiliúint, idirphlé agus imeachtaí mórscála, spreagann an tionscadal daoine óga chun páirt a ghlacadh sa daonlathas agus ardaíonn sé feasacht maidir le hionramháil ar fhaisnéise. 

Tá thart ar €390,000 curtha ar fáil ag an Aontas chun tacú leis an tionscadal sin. 

Athbhreithníodh an leathanach seo den uair dheireanach an 12 Márta 2026