Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Gníomhaíochtaí um chomhionannas inscne

Bealach fada romhainn chun comhionannas a bhaint amach

Tá réimse tionscnamh agus tograí curtha chun tosaigh ag an gCoimisiún le cuidiú chun an bealach a réiteach do shochaí inar féidir le gach duine maireachtáil faoi bhláth agus comhionannas deiseanna acu. Le déanaí, leag sé amach fís fhadtéarmach chun cearta na mban a chur chun cinn i dTreochlár nua.

Foréigean ar bhonn inscne

Gach bliain san Eoraip maraíonn páirtí nó ball teaghlaigh breis agus 3,000 bean, agus déantar dochar don iliomad ban eile, sin nó déantar ciapadh orthu.

Is iomaí cineál foréigin in aghaidh na mban a bhíonn ann, idir foréigean fisiciúil, gnéasach nó síceolaíoch, chomh maith le mí-úsáid agus teacht i dtír eacnamaíoch. Tá méadú tagtha air i suíomhanna éagsúla, mar shampla sa láthair oibre agus ar líne, agus is in olcas atá sé ag dul mar gheall ar éifeachtaí na paindéime, coinbhleachtaí, agus athrú aeráide.

  • Gender based violence against woment
    Bean amháin as gach triúr:
    sin an líon ban ar fud an domhain a d’fhulaing foréigean fisiceach nó gnéasach ar a laghad uair amháin ina saol
  • alt=""
    Beirt bhan ar a laghad in aghaidh na seachtaine:
    sin an líon ban a maraíonn páirtí dlúthchaidrimh nó ball teaghlaigh iad
  • alt=""
    32%:
    sin an céatadán de dhéantóirí an ghnéaschiaptha san Aontas ar de chúlra dífhostaithe iad

Foinsí: Mná na Náisiún Aontaithe, Eurostat, Gníomhaireacht an Aontais um Chearta Bunúsacha (FRA)

I measc na gcineálacha foréigean in aghaidh na mban tá: 

  • foréigean páirtí dlúthchaidrimh
  • foréigean gnéasach
  • banmharú
  • gáinneáil ar dhaoine
  • ciorrú ball giniúna ban
  • foréigean ar líne nó foréigean atá éascaithe ag an teicneolaíocht
  • pósadh leanaí nó pósadh éigeantais 

In 2022 mhol an Coimisiún reachtaíocht nua chun íosleibhéal cosanta in aghaidh na gcineálacha sin foréigin a chinntiú ar fud an Aontais, is cuma an ar líne nó as líne a tharla sé. Tháinig Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an togra ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2024.

Ina theannta sin, thug an tAontas i gcrích nós imeachta daingniúcháin Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, is é sin Coinbhinsiún Iostanbúl.

Tháinig Coinbhinsiún Iostanbúl don Aontas i bhfeidhm an 1 Deireadh Fómhair 2023. Leis sin, tá an tAontas faoi cheangal anois ag caighdeáin chuimsitheacha uaillmhianacha chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac.

An méid atá á dhéanamh ag an Aontas chun deireadh a chur leis an bhforéigean inscnebhunaithe

Neamhionannais sa mhargadh saothair

Tá mná faoi ró-ionadaíocht fós i bpoist ar phá íseal agus faoi ghannionadaíocht i bpoist chinnteoireachta. Sa mhullach air sin, tá mná san Aontas fós ag saothrú níos lú airgid ná fir, agus de réir mar a théann siad anonn in aois, méadaíonn an bhearna phá idir na hinscní. 

Léiríonn na staitisticí gur mná den chuid is mó a dhéanann poist áirithe. 

  • San Aontas, is mná iad 95% de na glantóirí agus cúntóirí in áiteanna cónaithe príobháideacha
  • Is mná iad formhór na múinteoirí (72%) agus na n-oibrithe cúraim sláinte (78%)  

Foinsí: EIGE, Eurostat (staitisticí faoin múinteoireacht, figiúirí maidir le hoibrithe cúraim sláinte)

Tá steiréitíopaí inscne greanta go mór inár gcultúr agus is bunchúis le neamh-chomhionannais inscne iad.   

  • alt=""
    Ní raibh ach 70.8%
    de mhná fostaithe in 2024
  • alt=""
    12%
    sin an bhearna phá idir na hinscní in 2023
  • ""
    34.8%
    sin an líon post bainistíochta ar mná a bhí iontu in 2023

Feachtas de chuid an Aontais: Dul i ngleic le steiréitíopaí inscne

#EndGenderStereotypes: Feasacht a ardú faoin ról atá ag steiréitíopaí inscne sa tsochaí

Cén inscne is túisce a thagann chun cuimhne nuair a smaoiníonn tú ar bhréagán faoi leith, jab faoi leith, spórt faoi leith, nó dath faoi leith fiú? Bíonn steiréitíopaí agus claontaí inscne greanta in intinn na ndaoine ó aois an-óg – cé nach dtugaimid faoi ndeara iad, bíonn tionchar acu orainn ar fad. Tá steiréitíopaí ann do mhná, fir, cailíní agus buachaillí, agus is féidir leo srian a chur ar ár gcumais agus ar ár mianta réimse staidéir nó oiliúna a roghnú, gairm bheatha a shaothrú, agus roghanna simplí a dhéanamh cosúil le caitheamh aimsire a roghnú. Tá sé thar am dúinn athmhachnamh a dhéanamh ar ár ndearcadh agus steiréitíopaí inscne a cheistiú!
 

Tuilleadh eolais

Cothromaíocht oibre is saoil

Léiríonn an taighde gur mná a dhéanann an ceann trom den obair chúraim agus den obair tí sa bhaile, le hais na bhfear.

Déantar freagrachtaí cúraim agus tí a roinnt go míchothrom idir fir agus mná, rud a d’fhéadfadh na deiseanna fostaíochta atá ar fáil do mhná a laghdú, nó mná a ghríosú chun jabanna páirtaimseartha a fháil a thugann níos mó solúbthachta dóibh, ach a mbíonn pá níos ísle ag gabháil leo. De réir Eurostat, in 2024 ba oibrithe páirtaimseartha a bhí i 46.6% de na mná i slite beatha neamhoilte, le hais 15.8% de na fir.

Chun dul i ngleic leis sin, ghlac an tAontas raon treoracha lena dtugtar isteach cearta íosta saoránach le go mbeidís in ann saol oibre agus saol príobháideach araon a bheith acu. Meastar go ndéanfar freagrachtaí cúraim a roinnt idir mná agus fir ar bhealach níos fearr idir dá bharr sin.

Féach reachtaíocht an Aontais maidir le cothromaíocht oibre is saoil 

Gníomhaíochtaí an Aontais chun an chothromaíocht oibre is saoil a chur chun cinn

Conair i dtreo comhionannas iomlán inscne a bhaint amach

Níor bhain an tAontas comhionannas iomlán inscne amach go fóill, ach tá dul chun cinn déanta, rud a léirítear in Innéacs Comhionannais Inscne 2025. Bhain an tAontas 63.4 pointe amach (as 100). Is é is aidhm don Aontas 100 pointe a bhaint amach, rud a chiallódh go bhfuil comhionannas iomlán idir mná agus fir bainte amach ag an Aontas.

Féach leat Innéacs Comhionannais Inscne 2025

Straitéisí um chomhionannas inscne

In 2026 ghlac an Coimisiún straitéis athnuaite um chomhionannas inscne 2026-2030, lena ndéanfar an méid seo a leanas:

  • leanúint den chomhrac i gcoinne an fhoréigin inscnebhunaithe agus béim á leagan ar an gcibearfhoréigean a chomhrac
  • dul i ngleic leis na bearnaí pá agus pinsin idir na hinscní
  • na caighdeáin sláinte is airde agus córais cúraim sláinte do chách a chur chun cinn
  • bearta breise a dhéanamh chun tacú le rannpháirtíocht chomhionann shábháilte na mban sa pholaitíocht
  • leanúint den chomhionannas inscne a chur chun cinn ar an leibhéal domhanda

Cuireann an straitéis nua leis an dul chun cinn a baineadh amach le straitéis 2020-2025, faoina bhfuil an méid seo a leanas déanta ag an Aontas:

Dul chun cinn a chothú

Leagtar béim sa tuarascáil is déanaí maidir le comhionannas inscne ar na forbairtí tábhachtacha a baineadh amach le linn shainordú an Choimisiúin roimhe seo maidir le pá comhionann, boird cuideachtaí atá cothrom ó thaobh inscne de, cothromaíocht oibre is saoil agus foréigean in aghaidh na mban a chomhrac. Luaitear sa tuarascáil freisin go bhfuil an tAontas ag dul sa treo ceart, ach tá éagsúlacht sa dul chun cinn i measc tíortha den Aontas.

Tá gá anois le hiarrachtaí comhchoiteanna comhordaithe chun a chinntiú go gcuirfear na píosaí comhfhreagracha reachtaíochta i bhfeidhm i gceart, ionas go ndéanfar cearta agus dínit na mban agus na gcailíní a fhorfheidhmiú, a chosaint agus a chur chun cinn ar deireadh agus go comhsheasmhach. Beidh gach iarracht chun comhionannas do chách agus comhionannas ar an uile chaoi a bhaint amach lárnach i gcónaí in obair an Choimisiúin.

Tá infheistíocht á déanamh ag an gCoimisiún i dtodhchaí ina mbeidh an comhionannas inscne i réim freisin. Tugtar tacaíocht agus cistiú do thionscadail a bhaineann leis an gcomhionannas inscne trí roinnt clár de chuid an Aontais, mar shampla an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV) agus cláir chistiúcháin chomhtháthaithe de chuid an Aontais

Tionscadal: An comhionannas inscne sa talmhaíocht

Tá sé de cheangal ar thíortha an Aontais Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh agus dlí an Aontais á chur i bhfeidhm acu. Is é bunreacht do thíre féin a thugann cosaint do chearta bunúsacha, de ghnáth. Má bhraitheann tú go bhfuil sárú á dhéanamh ar do chearta comhionannais, féach conas is féidir leat gearán a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta

  • Foilseacháin Ghinearálta
  • 7 Márta 2025
Factsheet on a roadmap for women's rights

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 10 Feabhra 2026