De réir mar a théann falscaithe i méid san Eoraip, oibríonn an tAontas i gcomhar le tíortha an Aontais chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- rioscaí a chosc agus a laghdú
- monatóireacht a dhéanamh ar fhalscaithe agus ullmhú dóibh
- freagairt ar chásanna éigeandála
- tacú leis an téarnamh
Falscaithe ag dul i méid
Is é an t-athrú aeráide is cúis le tonnta teasa agus triomaigh a tharlaíonn go minic, agus cruthaíonn siad araon dálaí inar féidir le falscaithe leathadh níos tapúla agus éirí níos deacra chun iad a cheansú. Ní dhéanann bánú na tuaithe agus athruithe ar bhainistiú talún ach an bhagairt mhéadaitheach sin a dhéanamh níos measa. Tá séasúir na bhfalscaithe ag éirí níos faide, go háirithe i réigiún na Meánmhara, agus d’fhéadfadh réigiúin nach bhfuil i mbaol dóiteán faoi láthair a bheith i mbaol amach anseo.
Tá níos mó i gceist le falscaithe ná díreach bagairt d’fhoraoisí, do scrobarnach agus don talmhaíocht. Is féidir leo beatha daoine agus tithe a chur i mbaol, dochar a dhéanamh d’éiceachórais agus don bhithéagsúlacht, difear a dhéanamh don talmhaíocht agus don bhonneagar, agus cur isteach ar na pobail agus ar na geilleagair a bhíonn ag brath orthu. I ndlíthe an Aontais, éilítear gníomhaíocht chun cabhrú leis an Eoraip dul in oiriúint d’aeráid atá ag athrú, athléimneacht chomhshaoil a neartú, agus leochaileacht a laghdú.
In 2025 dódh níos mó ná 1 mhilliún heicteár talún san Aontas, rud a fhágann gurb é an séasúr falscaithe is díobhálaí dár taifeadadh riamh é.

Mar fhreagairt air sin, tá dlús á chur ag an Aontas lena iarrachtaí chun beatha daoine, tithe agus an dúlra a chosaint.
Samhradh 2026: ullmhacht le haghaidh falscaithe ar an scála is mó riamh san Eoraip
Le linn shéasúr na bhfalscaithe i samhradh 2026, rinne an tAontas comhraiceoirí dóiteáin, aerárthaí agus saineolaithe éigeandála breise a imscaradh, rud a chuir ar chumas tíortha freagairt níos tapúla nuair a bhí ró-ualach ar acmhainneachtaí náisiúnta.
Cad atá á dhéanamh ag an Aontas faoi fhalscaithe?
Ag obair le chéile chun an méid is cás linn a chosaint
Níl teorainn ar bith le falscaithe, agus sin an fáth a bhfuil rialacha comhchoiteanna agus comhar ríthábhachtach. Seasann an tAontas le saoránaigh in aimsir ghéarchéime, agus cuireann sé a chuid acmhainní, saineolais agus daoine ar an láthair ag obair i dteannta a chéile chun cabhrú sna háiteanna is mó a bhfuil gá leis. Tacaíonn sé leis na Ballstáit ar fud thimthriall iomlán an bhainistithe riosca falscaithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: rioscaí a chosc agus a laghdú, faireachán a dhéanamh ar fhalscaithe agus ullmhú dóibh, freagairt ar éigeandálaí, agus tacú leis an téarnamh.
Beartais chun foraoisí an Aontais a chosaint ar dhóiteáin

Oibríonn an Eoraip chun falscaithe a chosc agus chun foraoisí agus tírdhreacha a dhéanamh níos athléimní

Oibríonn an Eoraip le chéile chun daoine a chosaint agus chun freagairt nuair a sháraíonn falscaithe an acmhainneacht náisiúnta

Tá ról tábhachtach ag feirmeoirí agus ag sealbhóirí foraoise i mbainistiú riosca
Straitéis nua 2026 chun dul i ngleic ar bhealach níos fearr le bagairt mhéadaitheach na bhfalscaithe
I mí an Mhárta 2026 chuir an Coimisiún cur chuige comhtháite nua i láthair maidir le bainistiú riosca falscaithe, é mar fhreagairt ar an mbagairt mhéadaitheach a bhaineann le séasúir na bhfalscaithe atá ag éirí níos déine. I gcomhréir leis an straitéis um aontas na hullmhachta, cuirtear treoir ar fáil leis an gcur chuige nua maidir le conas falscaithe a chosc, ullmhú dóibh, freagairt orthu agus téarnamh uathu ar bhealach níos fearr.
- Rioscaí a chosc agus a laghdúRioscaí a laghdú trí bhainistiú talún agus foraoisí níos fearr, trí athchóiriú an dúlra, trí fheasacht an phobail agus trí bhearta eile lena ndéanfar tírdhreacha níos athléimní.
- Ullmhacht: sonraí, oiliúint, imscaradh i réigiúin ardrioscaFeabhas a chur ar mheasúnú riosca, sonraí, oiliúint, réamhshuíomh agus acmhainneacht oibríochtúil i limistéir a bhfuil ardriosca falscaithe ag baint leo.
- Freagairt: acmhainneachtaí comhraicthe dóiteáin a neartúCinnte a dhéanamh de gur féidir leas a bhaint as comhraiceoirí dóiteáin, aerárthaí, saineolaithe agus acmhainní eile go tapa.
- Téarnamh: atógáil chun feabhais ar mhaithe leis an athléimneacht a fheabhsúMeasúnú a dhéanamh ar dhamáiste agus tacú leis an téarnamh agus leis an atógáil ar bhealaí lena laghdófar riosca na bhfalscaithe amach anseo agus lena gcothófar athléimneacht níos fearr.
Córais luathrabhaidh agus rianú satailíte chun falscaithe a bhrath
Tacaíonn an tAontas leis na Ballstáit le huirlisí, le treoraíocht agus le heolas chun rioscaí falscaithe a shainaithint, tírdhreacha agus foraoisí a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtaí, agus dóiteáin a bhrath go luath.
Chun dálaí contúirteacha a shainaithint níos luaithe agus chun eolas níos fearr a thabhairt do chomhraiceoirí dóiteáin faoin áit a bhfuil na dóiteáin ag leathadh, úsáideann an tAontas