Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

An tAontas réidh le haghaidh falscaithe samhraidh

  • Alt nuachta
  • 2 Meitheamh 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad
Romanian and French firefighters posing for a group photo in front of their fire trucks

 

I ngeall ar an athrú aeráide, is minice a tharlaíonn falscaithe agus is mó an scrios a dhéanann siad. In 2025 amháin, dódh 1 mhilliún heicteár talún ar fud an Aontais de bharr falscaithe, agus ba é sin an méid is mó talún a dódh san Aontas riamh. Tá an limistéar sin thart ar leath chomh mór leis an tSlóivéin. Mar fhreagairt air sin, tá an líon is mó riamh de chomhraiceoirí dóiteáin, d’aerárthaí agus de shaineolaithe éigeandála á gcur ar fáil ag an Aontas an samhradh seo le cabhrú chun beatha daoine, tithe agus an dúlra a chosaint

Roimh shéasúr falscaithe an tsamhraidh, threisigh an tAontas a bhearta ullmhachta chun tacú le tíortha an Aontais

  • Cuirfear 777 gcomhraiceoir dóiteáin ó 14 thír ar fáil i limistéir ardriosca i 6 thír i ndeisceart na hEorpa
  • 22 eitleán comhraic dóiteáin agus 5 héileacaptar ó chabhlach an Aontais réidh chun tacú le tíortha atá faoi bhrú
  • 21 fhoireann dheimhnithe réidh chun seasamh isteach ar fud na hEorpa 

Le linn shéasúr na bhfalscaithe, déanfaidh saineolaithe ag an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha, le tacaíocht ó shaineolaithe breise falscaithe, rioscaí a rianú agus tacóidh siad le himscaradh 24/7 bunaithe ar anailís mheitéareolaíoch agus eolaíoch. Cuirfidh an Córas Eorpach Faisnéise maidir le Dóiteáin Foraoise réamhaisnéisí leanúnacha maidir le riosca falscaithe ar fáil, agus cuirfidh seirbhísí satailíte an Aontais amhail Copernicus mapáil éigeandála agus anailís gheospásúil ar fáil chun tacú le cinntí ar an láthair. 

Ina theannta sin, tá stáisiún réigiúnach nua Eorpach um chomhrac dóiteáin á sheoladh ag an Aontas sa Chipir chun acmhainneachtaí ullmhachta agus freagartha i ndáil le falscaithe a neartú ar fud na hEorpa agus i réigiún na Meánmhara Theas. Beidh sé d’acmhainn ag an stáisiún 6 aerárthach a réamhshuí agus oiliúint a reáchtáil do chleachtóirí cosanta sibhialta.

Le linn géarchéimeanna, seasann an tAontas in éineacht lena shaoránaigh trí acmhainní, saineolas agus daoine a thabhairt le chéile ar an láthair chun beatha daoine, pobail agus an comhshaol a chosaint. Cuireann Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta agus rescEU tacaíocht riachtanach ar fáil cheana féin do thíortha an Aontais trí acmhainneacht aerchomhraic dóiteáin agus trí chúnamh trasteorann. Leis an gcur chuige nua maidir le bainistiú riosca falscaithe a cuireadh i láthair i mí an Mhárta 2026, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún cosc, ullmhacht, freagairt agus téarnamh i dtaca le falscaithe a neartú a thuilleadh ar fud an Aontais.

 

Tuilleadh eolais

Preaseisiúint

Acmhainneachtaí comhraicthe dóiteán foraoise an Aontais

An chosaint shibhialta

Dáta foilsithe
2 Meitheamh 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide