Idirphlé Straitéiseach maidir le todhchaí na talmhaíochta san Aontas Eorpach Tá na feirmeoirí ríthábhachtach don am i láthair agus don todhchaí A bhuí le hearnáil agraibhia na hEorpa, tá rochtain ag 450 milliún duine ar bhia sábháilte sláintiúil inacmhainne. Is iad feirmeoirí an Aontais cnámh droma neamhspleáchas bia na hEorpa, agus cuireann siad go mór le poist agus le fás inbhuanaithe i gceantair thuaithe. Tá siad ag cur go mór lenár n-aistriú glas comhchoiteann. Ag an am céanna tá dúshláin rompu, amhail an t-athrú aeráide agus margadh domhanda iomaíoch. Léirigh siad athléimneacht iontach le linn paindéime, géarchéim fuinnimh, iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus boilsciú ard. Is mian linn go léir earnáil rathúil bia agus feirmeoireachta a bheith againn ar fud na mór-roinne seo againn, earnáil a thugann luach saothair dár bhfeirmeoirí, dár saoránaigh agus dár n-oidhreacht nádúrtha luachmhar. Leis an tuarascáil seo, tá bunús an-láidir againn chun fís nua a fhorbairt le haghaidh bia agus feirmeoireacht san Eoraip. An táirgiúlacht,tá sí faoi bhrú mór de bharr an athraithe aeráide agus na drochaimsireNíos mó ná 17 mhilliún duine,sin é líon na ndaoine atá ag obair in earnáil na talmhaíochta57 mbliana d’aois,sin é meánaois na bhfeirmeoirí san Aontas Conclúid an Idirphlé Straitéisigh Fóram nua chun fís chomhroinnte a mhúnlú do thodhchaí chóras feirmeoireachta agus bia an AontaisD’fhógair an tUachtarán von der Leyen an tIdirphlé Straitéiseach maidir le Todhchaí na Talmhaíochta san Aontas ina haitheasc ar Staid an Aontais i mí Mheán Fómhair 2023, agus seoladh é i mí Eanáir 2024. Leis an Idirphlé Straitéiseach, tugadh le chéile 29 bpríomhpháirtí leasmhara ó earnálacha agraibhia na hEorpa, ón tsochaí shibhialta, ó phobail tuaithe agus ón saol acadúil chun teacht ar chomhthuiscint agus ar fhís choiteann maidir le todhchaí na gcóras feirmeoireachta agus na gcóras bia san Aontas. An 4 Meán Fómhair 2024, thug cathaoirleach an ghrúpa, an tOllamh Peter Strohschneider, an tuarascáil deiridh ón Idirphlé Straitéiseach don Uachtarán von der Leyen. ‘A shared prospect for farming and food in Europe’ [‘Dearcadh comhroinnte le haghaidh na feirmeoireachta agus an bhia san Eoraip’] is teideal don tuarascáil, ina gcuirtear i láthair measúnú ar na dúshláin agus ar na deiseanna agus sraith moltaí ina dhiaidh sin.Tuilleadh eolais faoin Idirphlé, faoi na cruinnithe agus faoi na rannpháirtithe An méid atá ar siúl ag an Aontas Eorpach maidir leis an talmhaíocht Talmhaíocht orgánach san ÍsiltírTá córas tacaíochta 5 bliana seolta cheana féin ag an gCoimisiún Eorpach d’fheirmeoirí i bhfoirm Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) nua in 2023. Tugadh maoiniú €300 billiún dó agus tá dreasachtaí níos láidre san áireamh ann chun cabhrú lenár bhfeirmeoirí cleachtais níos inbhuanaithe agus níos athléimní a ghlacadh. Íocfar breis airgid le feirmeoirí as a dtoradh má stórálann siad carbón freisin.Ina bpleananna straitéiseacha CBT, tá na Ballstáit ag díriú leibhéil tacaíochta níos láidre orthu siúd is mó a bhfuil sí de dhíth orthu. Mar shampla, déanfar níos mó ná 10% d’íocaíochtaí díreacha an Aontais, is é sin €4 bhilliún in aghaidh na bliana, a ath-leithdháileadh ar fheirmeacha beaga. Chomh maith leis sin, chuireamar leis an tacaíocht éigeandála i leith tubaistí nádúrtha agus suaití praghsanna.In 2023, chuir an Eoraip cúnamh eisceachtúil os cionn €500 milliún ar fáil do na feirmeoirí is mó atá thíos le géarchéimeanna. Mar fhreagairt ar ábhair imní na bhfeirmeoirí, tá roghanna curtha i láthair ag an gCoimisiún chun an t-ualach riaracháin ar fheirmeoirí an Aontais a laghdú, agus tá sé ag obair ar ghníomhaíochtaí chun seasamh na bhfeirmeoirí sa bhiashlabhra a fheabhsú agus chun forfheidhmiú i gcoinne cleachtais éagóracha trádála a fheabhsú. Tá dhá shuirbhé seolta aige freisin: an chéad cheann mar ar féidir le feirmeoirí agus le gach soláthraí beag ar fud shlabhra an tsoláthair bia a dtuairimí a chomhroinnt maidir lena dtaithí ar chleachtais éagóracha trádála, agus an dara ceann chun tuairimí feirmeoirí a bhailiú maidir le rialacha agus nósanna imeachta áirithe a shimpliú.I mí Feabhra 2025 chuir an Coimisiún fís nua i láthair maidir le todhchaí na feirmeoireachta agus an táirgthe bia san Aontas, fís a chuireann le conclúidí an Idirphlé Straitéisigh. Is é is aidhm dó córas bia níos láidre agus níos nuálaí a thógáil a rachaidh chun tairbhe d’fheirmeoirí agus do thomhaltóirí araon, agus a chruthóidh earnáil tharraingteach iomaíoch athléimneach a sheasfaidh an aimsir agus a bhfuil meas aici ar bhia agus ar dhaoine. Naisc ghaolmhara Talmhaíocht san Aontas EorpachPlean Straitéiseach CBT 2023-2027Gníomhaíochtaí an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na bhfeirmeoirí
Fóram nua chun fís chomhroinnte a mhúnlú do thodhchaí chóras feirmeoireachta agus bia an AontaisD’fhógair an tUachtarán von der Leyen an tIdirphlé Straitéiseach maidir le Todhchaí na Talmhaíochta san Aontas ina haitheasc ar Staid an Aontais i mí Mheán Fómhair 2023, agus seoladh é i mí Eanáir 2024. Leis an Idirphlé Straitéiseach, tugadh le chéile 29 bpríomhpháirtí leasmhara ó earnálacha agraibhia na hEorpa, ón tsochaí shibhialta, ó phobail tuaithe agus ón saol acadúil chun teacht ar chomhthuiscint agus ar fhís choiteann maidir le todhchaí na gcóras feirmeoireachta agus na gcóras bia san Aontas. An 4 Meán Fómhair 2024, thug cathaoirleach an ghrúpa, an tOllamh Peter Strohschneider, an tuarascáil deiridh ón Idirphlé Straitéiseach don Uachtarán von der Leyen. ‘A shared prospect for farming and food in Europe’ [‘Dearcadh comhroinnte le haghaidh na feirmeoireachta agus an bhia san Eoraip’] is teideal don tuarascáil, ina gcuirtear i láthair measúnú ar na dúshláin agus ar na deiseanna agus sraith moltaí ina dhiaidh sin.Tuilleadh eolais faoin Idirphlé, faoi na cruinnithe agus faoi na rannpháirtithe
Talmhaíocht orgánach san ÍsiltírTá córas tacaíochta 5 bliana seolta cheana féin ag an gCoimisiún Eorpach d’fheirmeoirí i bhfoirm Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) nua in 2023. Tugadh maoiniú €300 billiún dó agus tá dreasachtaí níos láidre san áireamh ann chun cabhrú lenár bhfeirmeoirí cleachtais níos inbhuanaithe agus níos athléimní a ghlacadh. Íocfar breis airgid le feirmeoirí as a dtoradh má stórálann siad carbón freisin.Ina bpleananna straitéiseacha CBT, tá na Ballstáit ag díriú leibhéil tacaíochta níos láidre orthu siúd is mó a bhfuil sí de dhíth orthu. Mar shampla, déanfar níos mó ná 10% d’íocaíochtaí díreacha an Aontais, is é sin €4 bhilliún in aghaidh na bliana, a ath-leithdháileadh ar fheirmeacha beaga. Chomh maith leis sin, chuireamar leis an tacaíocht éigeandála i leith tubaistí nádúrtha agus suaití praghsanna.In 2023, chuir an Eoraip cúnamh eisceachtúil os cionn €500 milliún ar fáil do na feirmeoirí is mó atá thíos le géarchéimeanna.