Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Tuarascáil Fadbhreathnaitheachta Straitéiseach 2022

Agus práinn athnuaite ann a bhaineann le forbairt ghasta na staide geopholaitiúla, sa Tuarascáil Fadbhreathnaitheachta Straitéiseach 2022 i ndáil le ‘An t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a nascadh sa chomhthéacs nua geopholaitiúil’ tugtar dearcadh cuimsitheach réamhbhreathnaitheach ar an idirghníomhú idir an dá aistriú i dtreo 2050.

Tá tús áite ag an dá aistriú sin i gclár oibre polaitiúil an Aontais agus beidh impleachtaí ollmhóra ann don todhchaí i ngeall ar an idirghníomhú idir an dá cheann acu. Cé nach ionann iad agus go bhfuil an dá cheann acu faoi réir dhinimic shonrach, is ceart grinnscrúdú níos dlúithe a dhéanamh ar a nascadh, i.e. a n-acmhainneacht treisiú a dhéanamh ar a chéile. Tá sé an-tábhachtach na hidirghníomhaíochtaí sin a thuiscint ar bhealach níos fearr chun a sineirgí a uasmhéadú agus chun an teannas iontu a íoslaghdú. Tá an méid sin ríthábhachtach sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair ina bhfuil sé d’aidhm ag an Aontas dlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach araon, rud a neartóidh athléimneacht an Aontais agus neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais ar deireadh. I dTuarascáil Fadbhreathnaitheachta Straitéiseach 2022 tugtar anailís atá dírithe ar an todhchaí ar an ról mór atá ag na teicneolaíochtaí digiteacha agus ar an tionchar atá ag tosca geopholaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta agus rialála sa nascadh. Bunaithe ar an anailís sin orthu, aithnítear sa tuarascáil deich bpríomhréimse ina mbeidh gá le gníomhaíocht.

Cuireann an Teachtaireacht leis an tuarascáil maidir leis an eolaíocht don bheartas ón Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC): Towards a green and digital future. Key requirements for successful twin transitions in the European Union [I dtreo todhchaí ghlas agus dhigiteach. Na príomhrudaí atá de dhíth chun go n-éireoidh leis an dá aistriú san Aontas Eorpach].

Na príomhshineirgí agus na príomhphointí teannais:

Tá sineirgí láidre idir an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach:

  • D’fhéadfadh ról lárnach a bheith ag na teicneolaíochtaí digiteacha chun an aeráidneodracht a bhaint amach, truailliú a laghdú agus an bhithéagsúlacht a athbhunú. Mar shampla, trí mhonatóireacht phearsanta a dhéanamh ar an neamhchosaint ar thruailliú, nó trí rannchuidiú le sonraí comhshaoil agus rochtain a fháil ar na sonraí sin trí líonraí micreabhraiteoirí agus gléasanna cliste, cumasófar daoine chun roghanna níos eolasaí a dhéanamh.
  • Tríd an aistriú glas a bhaint amach, déanfar an earnáil dhigiteach a athrú ó bhonn. Mar shampla, tríd an aeráidneodracht agus fuinneamhéifeachtúlacht na lárionad sonraí agus na mbonneagar néalríomhaireachta a bhaint amach faoi 2030, agus freastal ar a n-éileamh leictreachais trí fhuinneamh gréine nó gaoithe a úsáid, tacófar leis an nglasú teicneolaíochtaí. Amhail an anailísíocht mórshonraí, blocshlabhra, nó idirlíon na rudaí nithiúla.

Mar sin féin, tá réimsí ann freisin ina bhféadfadh an dá aistriú difear diúltach a dhéanamh dá chéile:

  • D’fhéadfadh sé go dtiocfadh méadú ar an ídiú fuinnimh mura n-éireoidh na teicneolaíochtaí digiteacha níos fuinneamhéifeachtúla. Is iad na TFC is cúis le 5-9% den úsáid leictreachais ar fud an domhain. D’fhéadfadh sé sin méadú de réir mar a thiocfaidh méadú ar úsáid blocshlabhraí, idirlíon na rudaí nithiúla, ardán, inneall cuardach, agus coincheap réaltachta fíorúla.
  • Mar thoradh ar úsáid mhéadaithe na dteicneolaíochtaí digiteacha d’fhéadfadh sé go méadófaí an dramhaíl leictreonach agus a tionchar ar an gcomhshaol freisin. D’fhéadfadh sé a bheith chomh hard le 75 mhilliún tona faoi 2030.
  • Leis an dul chun cinn atá á dhéanamh san aistriú digiteach, méadófar úsáid an uisce freisin, e.g. chun ionaid sonraí a fhuarú nó i monaraíocht na sliseanna.

Príomhtheicneolaíochtaí le haghaidh an nasctha

Más rud é go ndéanfar iad a bhainistiú i gceart, féadfaidh na teicneolaíochtaí digiteacha cuidiú chun geilleagar agus sochaí atá aeráidneodrach agus atá tíosach ar acmhainní a chruthú, agus acmhainní a shábháil in earnálacha eacnamaíocha ríthábhachtacha – arb iad is cúis freisin leis an gcuid is mó d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais sa lá atá inniu ann:

Fadbhreathnaitheacht maidir le fuinneamh 2022
Fuinneamh a dhigitiú: Is féidir le teicneolaíochtaí digiteacha na sonraí is gá a chur ar fáil chun an soláthar agus an t-éileamh a mheaitseáil ar leibhéal atá níos imdhealaithe agus gar don fhíor-am. Is féidir feabhas a chur ar an réamhaisnéis maidir le táirgeacht agus éileamh fuinnimh le teicneolaíochtaí digiteacha, braiteoirí nuálacha, sonraí satailíte agus blocshlabhra.
Fadbhreathnaitheacht maidir le hiompar 2022
Iompar níos glaise: Cuirfidh an digitiú agus an intleacht shaorga borradh faoi theacht chun cinn réiteach soghluaisteachta ilmhódaí níos éifeachtúla, amhail ‘soghluaisteacht ar éileamh’ nó ‘iompar ar éileamh’. Le glúin nua ceallraí agus teicneolaíochtaí digiteacha amhail idirlíon na rudaí nithiúla, beifear in ann aistriú suntasach a dhéanamh i dtreo soghluaisteacht níos inbhuanaithe le haghaidh modhanna éagsúla iompair ó iompar paisinéirí go dtí iompar trucailí tromshaothair nó an eitlíocht.
Fadbhreathnaitheacht maidir le tionsclaíocht 2022
Aeráidneodracht na tionsclaíochta a neartú: D’fhéadfadh méadair chliste agus braiteoirí cliste an fhuinneamhéifeachtúlacht agus éifeachtúlacht ábhair a mhéadú sa táirgeadh. D’fhéadfadh leathchúplaí digiteacha (macasamhail fhíorúil ar rud) feabhas a chur ar dhearaí córais, táirgí nua a thástáil, cothabháil choisctheach a chinntiú agus monatóireacht a dhéanamh uirthi, saolré an táirge a mheasúnú, agus na hábhair is fearr is féidir a roghnú.
Fadbhreathnaitheacht maidir leis an tógáil 2022
Foirgnimh a ghlasú leis an aistriú digiteach: D’fhéadfadh sonraí agus teicneolaíochtaí, amhail samhaltú faisnéise, feabhas a chur ar roghanna fadtéarmacha ag céim an deartha agus fuinneamhéifeachtúlacht na hearnála a mhéadú. Le hinfhaighteacht sonraí anaithnide agus fearais chliste, chomh maith le hiompraíocht na dtomhaltóirí, beifear in ann infheistíochtaí spriocdhírithe a dhéanamh san athchóiriú.
Fadbhreathnaitheacht maidir le talmhaíocht 2022
Talmhaíocht níos cliste agus níos glaise: D’fhéadfadh braiteoirí digiteacha, in éineacht le sonraí spáis seirbhísbhunaithe, uisce agus fuinneamh a shábháil, agus úsáid lotnaidicídí agus leasachán a laghdú ag an am céanna. Le hardáin dhigiteacha lena n-éascaítear dáileadh áitiúil agus lena seachnaítear cur amú bia, d’fhéadfaí borradh a chur faoi tháirgeadh áitiúil agus chiorcaid ídithe a ghiorrú.

Ról na dtosca geopholaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta agus rialála

Beidh rath an nasctha ag brath freisin ar thosca geopholaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta agus rialála ina bhfuil an dá aistriú ar siúl. Mar gheall ar na hathruithe geopholaitiúla atá ar siúl faoi láthair ar spreag fogha míleata na Rúise faoin Úcráin iad, tá práinn athnuaite ann le dlús a chur leis an dá aistriú, agus le hathléimneacht agus oscailteacht an Aontais Eorpaigh a threisiú. Cuirtear i dtábhacht freisin an gá atá le rochtain a fháil ar amhábhair chriticiúla lena bhfuil gá chun an dá aistriú a chothú agus a bhfuil an tAontas ag brath go mór ar thríú tíortha go fóill ina leith.

Leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, beidh gá freisin le beartais eacnamaíocha an Aontais a choigeartú i dtreo inbhuanaitheacht níos fearr agus geilleagar níos ciorclaí a bheith ann. Beidh sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí araon infheistíocht i dtionscadail inbhuanaithe. Meastar go bhféadfadh sé go mbeadh €650 billiún in aghaidh na bliana de dhíth ar an dá aistriú faoi 2030, ar an gcuid is ísle.

Ina theannta sin, beidh cothrom na Féinne agus an inacmhainneacht i gcroílár an dá athrú chun dul chun tairbhe do gach Eorpach, gach earnáil agus gach réigiún san Eoraip agus níos faide i gcéin. Is mó an baol atá ann do na daoine ar ísealioncam agus ar meánioncaim maidir leis an tionchar a bheidh ag an dá aistriú ó thaobh na bpost, rochtain ar sheirbhísí poiblí digiteacha, agus praghsanna níos airde ar an bhfuinneamh agus ar earraí de. Tiocfaidh athrú mór ar na margaí saothair agus ar na scileanna i ngeall ar an dá aistriú sin freisin. Ní mór don Aontas a bheith airdeallach chun an comhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch a neartú feadh na n-aistrithe.  

Ar deireadh, beidh ról tábhachtach ag an Aontas mar chumhacht dhomhanda um chaighdeánú chun gur féidir an nascadh a dhéanamh. Chun tomhaltóirí san Aontas a chosaint ar tháirgí nó ar phróisis neamh-inbhuanaithe, agus chun a chinntiú go n-urramaíonn caighdeáin idirnáisiúnta inbhuanaitheacht agus caighdeáin eiticiúla an Aontais.

Réimsí gníomhaíochta chun go n-éireoidh leis an nascadh

Sainaithníodh sa Tuarascáil Fadbhreathnaitheachta Straitéiseach 10 réimse gníomhaíochta a bhfuil gá leo chun deiseanna a neartú agus chun íoslaghdú a dhéanamh ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann leis an idirghníomhaíocht idir an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach go dtí 2050.

ceanntásc do Thuarascáil Fadbhreathnaitheachta Straitéiseach 2021
  1. Athléimneacht agus neamhspleáchas straitéiseach oscailte a threisiú in earnálacha atá ríthábhachtach don dá aistriú, mar shampla trí obair Fhaireachlann an Aontais Eorpaigh um Theicneolaíochtaí Criticiúla.
  2. Dlús a chur le taidhleoireacht ghlas agus dhigiteach, trí chumhacht rialála agus caighdeánaithe an Aontais a threisiú, agus luachanna an Aontais a chur chun cinn agus comhpháirtíochtaí a chothú ag an am céanna.
  3. Soláthar ábhar criticiúil agus tráchtearraí criticiúla a bhainistiú go straitéiseach, trí chur chuige sistéamach fadtéarmach a ghlacadh chun gaiste spleách nua a sheachaint.
  4. An comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú, trí chosaint shóisialta agus an stát leasa a dhaingniú
  5. Córais oideachais agus oiliúna a chur in oiriúint do réaltacht theicneolaíoch agus shocheacnamaíoch atá ag athrú go tapa agus ag tacú le soghluaisteacht an luchta shaothair thar earnálacha.
  6. Infheistíocht bhreise a sheasfaidh an aimsir a shlógadh i dteicneolaíochtaí agus i mbonneagair nua.
  7. Creataí monatóireachta a fhorbairt chun folláine a thomhas thar OTI
  8. Deimhin a dhéanamh de go mbeidh creat rialála slán i bhfad na haimsire ann don Mhargadh Aonair a bheidh fabhrach do shamhlacha gnó inbhuanaithe agus do phatrúin tomhaltóirí.
  9. Dlús a chur le cur chuige domhanda maidir le caighdeáin a leagan síos agus maidir le tairbhe a bhaint as buntáiste ceannródaí an Aontais san inbhuanaitheacht iomaíoch.
  10. Cibearshlándáil láidir agus creat slán comhroinnte sonraí a chur chun cinn chun a chinntiú, i measc nithe eile, gur féidir le heintitis chriticiúla suaitheadh a chosc, cur ina aghaidh, agus teacht slán uathu.

Documents

21 MEITHEAMH 2022
Strategic Foresight Report - 2022

28 MEITHEAMH 2022
Strategic Foresight Report - 2022 - reader friendly version