
Tá staid ár nAontais níos láidre ná riamh roimhe. D’fhéadfaí a rá freisin gur údar imní chomh mór céanna é staid ár nAontais agus a bhí riamh roimhe. D’fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil an dá ráiteas sin ar neamhréir lena chéile. Ach tá an dá cheann acu fíor. Agus is léiriú ar an tréimhse eisceachtúil seo iad. Aois chasta seo na bhféidearthachtaí iontacha agus na bpriacal mór, a bhfuil gach tír ag iarraidh dul i ngleic leo. Sa domhan seo, roghnaigh an Eoraip a conair féin a chruthú. Agus tá Eoraip níos láidre, níos neamhspleáiche ag teacht chun cinn anois.
An t-iomaíochas
Chuireamar plean misniúil i bhfeidhm nuair a thángamar i mbun oifige. Geilleagar a fhorbairt ina sreabhann an nuálaíocht agus an fuinneamh thar theorainneacha. Mar a dtéann cuideachtaí in iomaíocht, mar a bhfásann siad ar fud na hEorpa, mar a maoiníonn na coigiltis ár dtodhchaí. Is é sin loighic thuarascáil Draghi agus thuarascáil Letta. I dteannta a chéile, tá beart á dhéanamh againn de réir ár mbriathair.
An t-ollchóiriú stairiúil ar an margadh aonair a chur i gcrích faoin mbliain seo chugainn, ar bhonn an treochláir ‘Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin’.
Comhaontú i gcoinne na Rórialála lena léirítear go bhfuilimid dáiríre faoin simpliú.
Corparáid Eorpach um Amhábhair Chriticiúla a chur ar bun chun an méid atá de dhíth orainn do charranna leictreacha, sliseanna, ceallraí, teicneolaíocht ghlan, cosaint agus tuilleadh a fháil agus a stoc-charnadh.
Pacáiste baincéireachta atá dírithe ar shimpliú agus ar dhul i ngleic leis an ilroinnt.
An t-athrú aeráide, an comhshaol agus an tslándáil bia
Ba iad sin na míonna samhraidh ba theo riamh – ach is dócha nach mbeidh samhradh chomh fionnuar céanna againn arís choíche. Tá an eolaíocht soiléir. Tá an Eoraip ag téamh ag ráta atá dhá oiread níos airde ná an ráta domhanda. Ar ndóigh, tá an t-aistriú casta. Agus beidh orainn dul in oiriúint agus a bheith ag foghlaim san am céanna. Ach níl amhras ar bith ann: Rud is féidir leis an Eoraip a dhéanamh, rud nach mór di a dhéanamh agus rud a dhéanfaidh sí, is é sin fanacht ar an mbóthar ceart maidir lenár spriocanna aeráide.
Creat don athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide le cur i láthair i mí Dheireadh Fómhair.
100 ceann de na críocha is leochailí san Eoraip a shainaithint agus measúnú a dhéanamh ar na rioscaí atá rompu.
Comhaontas Árachais Aeráide chun an bhearna árachais a chumhdach chun a chinntiú nach mbeidh buiséid náisiúnta mar árachóir na rogha deiridh.
Plean Eorpach um Thonn Teasa ar mhaithe le luathrabhadh agus ullmhacht sláinte níos fearr.
Tionscnamh Eorpach maidir le hUisce chun bainistiú riosca a fheabhsú, ó tharla go bhfuil uisce de dhíth ar fheirmeoirí agus ar an tionscal.
Flít Eorpach Dóiteáin a fhorbrófar ar bhonn moltaí ó chuid de na comhraiceoirí dóiteáin agus na freagróirí éigeandála is sinsearaí san Eoraip. Breathnóidh siad freisin ar ullmhacht, ar chosc, ar chomhar sibhialta-míleata agus ar an ngá atá le cumais nua eile.
Tograí chun feabhas a chur ar bhainistiú riosca sa talmhaíocht agus chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna árachais.
Leas a bhaint as an Intleacht Shaorga
Táim dóchasach go bhfuil sé d’acmhainn ag an intleacht shaorga dul chun tairbhe don chine daonna, ach í a úsáid mar is ceart. Mar sin féin, agus ach an oiread le haon teicneolaíocht chumhachtach nua, baineann cothromaíocht idir dheiseanna agus rioscaí leis an intleacht shaorga. Mura dtabharfaimid aghaidh ar na rioscaí sin, ní bheimid in ann leas a bhaint as féidearthachtaí na hintleachta saorga choíche.
Na príomhshaotharlanna atá ar thús cadhnaíochta a thabhairt le chéile chun plé a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir leis an Eoraip tacú le hiarrachtaí leanúnacha an tionscail chun súil ghéar a choinneáil ar an bhforbairt is déanaí.
Leanúint de bheith ag obair le comhpháirtithe atá ar aon intinn maidir le meastóireacht samhla, le fíorú, le luathrabhadh agus tuilleadh eile.
Tionscnaimh cheannródaíocha, atá le cur i láthair i mí na Samhna, le haghaidh earnálacha ardluacha ina bhfuil acmhainneacht mhór ag an intleacht shaorga thionsclaíoch agus ina bhfuil na sonraí againn, is iad sin: an tsláinte, an t-iompar, an t-agraibhia, an ardmhonaraíocht, agus an chosaint agus an spás. Tabharfar cuireadh do na Ballstáit, d’Fheisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa, don tionscal agus d’fhiontraithe a bheith ar bord linn.
Aontas cothrom
Ní pribhléid é fanacht sa réigiún. Ní pribhléid é an cúram. Ní pribhléid í an tithíocht. Is cearta iad. (...) Athraíonn an saol, athraíonn teicneolaíochtaí, ach ní athraíonn ár luachanna.
Gníomh um Poist Ardcháiliochta roimh dheireadh na bliana chun scileanna a fhorbairt, feabhas a chur ar cháilíocht na bpost atá ann, agus deis chothrom a thabhairt d’oibrithe.
Comhaontú Eorpach maidir le Cúram chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann lenár n-athruithe déimeagrafacha.
Cruinniú mullaigh a chomhóstálfar le hUachtarán na Comhairle Eorpaí chun prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a urramú.
An Eoraip Dhomhanda: comhpháirtíochtaí níos láidre
Roghnaíonn tíortha áirithe seasamh leo féin. Ach ní rogha dúinne é sin. Beidh an Eoraip ar thús cadhnaíochta i gcónaí ó thaobh an córas riailbhunaithe a chosaint. Ach ní féidir linn brath air a thuilleadh mar an t-aon bhealach chun ár leasanna a dhaingniú. Ná talamh slán a dhéanamh de go mbeidh sé ina chosaint dúinn ar na bagairtí casta atá os ár gcomhair. Sa domhan nua seo, ní mór dúinn ár gcomhpháirtíochtaí a athshamhlú go práinneach. Agus comhghuaillíochtaí domhanda a fhorbairt ar mhaithe lenár n-athléimneacht agus lenár ndaonlathais.
An doras a oscailt do Cheanada chun bheith ina chéad bhall comhlach den Aontas agus Comhghuaillíocht don Todhchaí a fhorbairt le chéile: chun spás coiteann rathúnais agus slándála eacnamaíche a chruthú, comhghuaillíocht teicneolaíochta a chruthú agus boinn thionsclaíocha cosanta a chomhtháthú.
Infheistíocht a dhéanamh sa Mheánchonair lena nascfar Cugas Theas agus an Áise Láir go díreach leis an margadh Eorpach chun bealaí a éagsúlú, sreafaí trádála a mhéadú faoi thrí agus amanna idirthurais lasta a laghdú faoi 2030.
Cruinniú Mullaigh maidir le Nascacht a chomheagrófar le Príomh-Aire na Bulgáire.
Slándáil na hEorpa
Is ar mhaithe leis an tsíocháin a chreid an Eoraip sa chomhar i gcónaí. Is é ár raison d’être é. Tá an tsíocháin sin faoi bhagairt anois.
Ná bíodh aon seachmall orainn faoina bhfuil ag tarlú anseo: na bagairtí hibrideacha atá os comhair na hEorpa, is lú an ghné hibrideach atá ag baint leo, agus is mó ionsaí ná bagairt atá i gceist leo anois.
Straitéis nua Slándála na hEorpa a chuirfear i láthair in éineacht leis an Ardionadaí / Leas-Uachtarán.
Prótacal Slándála Éigeandála, is é sin ‘Airteagal 4 ECAT’ dá cuid féin don Eoraip. Nuair a ghníomhachtódh Ballstát amháin é, thiocfadh na Ballstáit uile le chéile chun freagairt Eorpach chomhordaithe a mhúnlú.
Comhairle Slándála Eorpach a oibreoidh i ndlúthchomhar le compháirtithe amhail Ceanada, an Iorua, an Ríocht Aontaithe agus an Úcráin.
Ionstraim Eorpach maidir le Cumasóirí Straitéiseacha a bheidh ailínithe go hiomlán le ECAT chun na córais atá de dhíth orainn a chur ar fáil, ó chosaint aeir agus diúracán, iompar straitéiseach agus athbhreoslú aer go haer, go dtí an spás agus an cibearspás.
Slándáil na hÚcráine
Ó tharla go bhfuil muintir na hÚcráine ag troid ar son rud éigin. Tá siad ag troid ar son mharthanas a dtíre, ar son a bhféiniúlachta agus ar son a saoirse. Agus tá siad ag troid freisin ar son ár saoirse agus ár bhféinchinntiúcháin. Is é an cúram atá orainn i gcónaí tacú leis an Úcráin ar an mbealach is fearr is féidir linn.
Leanúint de thacaíocht a thabhairt don Úcráin ar gach bealach le linn an gheimhridh, go háirithe le cabhair dhaonnúil agus le tacaíocht fuinnimh.
Sásra cosanta diúracán a fhorbairt in éineacht leis an Úcráin, ag tosú leis an tionscadal frithbhalaistíoch ‘Freya’.
Clár le haghaidh comhthionscadail le cuideachtaí na hÚcráine atá le cistiú leis an méid atá fágtha ó chistí SAFE.
Leanúint den bhrú a mhéadú ar an Rúis trí smachtbhannaí agus trí theacht timpeall ar smachtbhannaí a chomhrac.
Ár dteorainneacha a chosaint
Tá gáinneálaithe agus smuigléirí uafásacha ag teacht i dtír ar dhaoine leochaileacha. (...) Cloífimid i gcónaí lenár luachanna agus lenár gcearta bunúsacha. Ach ní ghéillfimid riamh maidir lenár dteorainneacha a chosaint. Is sinne, muintir na hEorpa, a chinneann cé a thagann chuig an Aontas seo againne agus cé na cúinsí faoina dtagann siad. Agus ní na smuigléirí ná na gáinneálaithe
Leanfaimid den Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann a chur i bhfeidhm. Faoi láthair, cuireann sé comhchreat Eorpach ar fáil ina bhfuil freagrachtaí do chách agus dlúthpháirtíocht do chách.
Creat Eorpach Práinnfhreagartha a bheidh le gníomhachtú faoi chritéir shainithe.
Frontex a neartú, go háirithe chun dlús a chur leis an bhfilleadh.
Feabhas a chur ar chórais luathrabhaidh, i gcomhpháirtíocht le tríú tíortha freisin.
Tionscnamh nua na Meánmhara maidir le Scileanna agus Poist don Óige chun deiseanna fiúntacha a chur ar fáil do dhaoine óga ionas nach gcuirfear iallach orthu a saol a chur i mbaol.
Na meáin shóisialta – Ár leanaí a chosaint
Is éard atá le feiceáil againn, ár leanaí á ngabháil go mór. Gabháil a n-airde, a bhfócais, a n-intinne atá i gceist. Táthar ag baint shoineantacht na hóige díobh. Is éard atá de dhíth ar ár leanaí chun go dtiocfaidh a bpearsantacht féin i méid, teacht i méid le daoine eile.
A bheith i ngleic leis na mothúcháin uile agus na roghanna uile a ghabhann leis an bhfíorshaol. Tá am de dhíth orthu chun bheith dubh dóite fiú. Mar gur lena linn sin a bhíonn orthu úsáid a bhaint as a samhlaíocht.
Gníomh Eorpach um Leas ár Leanaí ar Líne, ar thogra reachtach é a glacadh an 17 Meán Fómhair, le cur chuige de réir a chéile agus íogaireachtaí gach aoise á gcur san áireamh ann: gan aon mheáin shóisialta a bheith ag leanaí faoi aois 13; gan aon chuntas pearsanta a bheith ag leanaí faoi aois 15. Mionchuntais a chruthóidh tuismitheoirí agus ar a ndéanfaidh siad maoirseacht do leanaí idir 13 agus 15 bliana d’aois, agus dearadh sábháilte éigeantach do gach cuntas do leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois, agus na mionchuntais sin amháin.
Dualgas cruthúnais a aistriú: beidh ar ardáin a chruthú go bhfuil siad sábháilte do leanaí.
Gníomh um Chothroime Dhigiteach a bheidh le moladh an fómhar seo chun aghaidh a thabhairt ar dhearadh andúile.
Aontas níos láidre
Fanfaidh an Eoraip de bheith dílis i gcónaí dá luachanna. Cuireadh tús leis an Aontas seo againne mar thionscadal síochána. Ionas go bhféadfadh ár stair thragóideach a fhágáil inár ndiaidh agus an bealach a réiteach i dtreo todhchaí choiteann do mhuintir na hEorpa. Agus blianta fada ina dhiaidh sin, tá na milliúin daoine den tuairim go bhfuil gealladh faoin Eoraip i gcónaí, agus uaireanta ó áiteanna i bhfad i gcéin amhail Ceanada. Ach mar sin féin, is minic a dhéanaimid dearmad ar cé chomh cumhachtach agus atá an gealltanas sin fós.
Níor cheart dúinn riamh dearmad a dhéanamh ar fhréamhacha an Aontais seo againne. Náisiúin a chaith an oiread sin ama i mbun cogaidh atá anois tagtha le chéile chun cinniúint choiteann a chruthú. Cinniúint na síochána agus an rathúnais, an daonlathais agus na saoirse. Níor scríobh siad síos riamh cá gcríochnódh aisteach na cinniúna sin. Ach tá gach glúin tar éis forbairt a dhéanamh ar bhunchlocha a réamhtheachtaithe. Céim ar chéim. Diaidh ar ndiaidh. Ar ndóigh, tá ár lochtanna, ár n-éagsúlacht agus ár ndifríochtaí fós ann. Ach is iad sin go díreach is cúis leis an Eoraip seo againne. Lenár mbaile Eorpach coiteann.
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 16 Meán Fómhair 2026
