An phaindéim a shárúCeannródaí maidir le vacsaíní agus cóireálacha sábháilte éifeachtacha Chuir paindéim an choróinvíris isteach ar shaol na milliún duine ar fud an domhain. I ngeall ar a mó is a bhí an ghéarchéim, murach sin le chéile mar Aontas, níorbh fhéadfaimis an fhreagairt iomchuí a thabhairt uirthi ar mhaithe lenár saoránaigh ná an dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta a stiúradh chun a chinntiú go sroichfidh vacsaíní sábháilte gach cearn den domhan. Chuaigh an Coimisiún Eorpach i ngleic leis an bpaindéim ar thrí bhealach:Dhíríomar ar leathadh an choróinvíris a shrianadh trí vacsaíní a chur ar fáil don oiread daoine agus arbh fhéidir.Thugamar freagra ar an suaitheadh eacnamaíoch le plean téarnaimh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe.Leanamar ar aghaidh ar an mbealach ceart lenár n-aistriú glas agus ár n-aistriú digiteach. Vacsaínísan Aontas83.4%an céatadán de dhaonra fásta an Aontaisa bhfuil vacsaíniú príomhúil (1 nó 2 dháileog) faighte acu in aghaidh COVID-1962%an céatadán de dhaonra fásta an Aontaisa bhfuil teanndáileog faighte acu NA PRÍOMHNITHE A BAINEADH AMACH NA PRÍOMHNITHE A BAINEADH AMACH Amlíne an fhormheasta: Vacsaíní sábháilte éifeachtacha in aghaidh COVID-19 21 Nollaig 2020BioNTech-Pfizer6 Eanáir 2021Moderna29 Eanáir 2021AstraZeneca11 Márta 2021Johnson & Johnson20 Nollaig 2021Novavax24 Meitheamh 2022Valneva Freagairt thapa ar an víreasGo luath sa phaindéim, rinne an Coimisiún comhaontuithe réamhcheannaigh le táirgeoirí aonair vacsaíní thar ceann na mBallstát. A bhuí leis an bhfadbhreathnaitheacht sin, agus lena cumas seachadadh vacsaíní a chinntiú, d’éirigh leis an Eoraip an phaindéim is measa le céad bliain anuas a cheansú.Cén chaoi ar baineadh an méid sin amach?Chuir an Coimisiún maoiniú ar fáil chun cuid de na costais a bhí ar tháirgeoirí vacsaíní a chlúdach ón Ionstraim Tacaíochta Éigeandála dar luach €2.7 billiún. Mar chúiteamh air sin, chinntigh an Coimisiún líon comhaontaithe vacsaíní, tráthúlacht an tseachadta agus an praghas. Tríd an méid sin a dhéanamh, chuidigh an Coimisiún chun vacsaíní sábháilte éifeachtacha a fhorbairt agus a mhonarú níos tapúla ná riamh.I gcás athraithigh nua, má údaraítear vacsaín oiriúnaithe faoi fhómhar na bliana 2022, beidh rochtain ag an Aontas ar sheachadtaí i bhfoirm vacsaíní oiriúnaithe ó BioNTech-Pfizer agus Moderna. Dul chun cinn maidir leis an líon daoine a vacsaíníodh san Aontas Níos mó ná vacsaíní Ní mór cóireálacha a bheith ann freisin chun sláinte na saoránach a chosaint. Tá cóireálacha de dhíth ar othair COVID-19 chun an galar a chomhrac, chun sealanna san ospidéal a laghdú agus chun bás daoine a chosc. Le straitéis an Aontais maidir le teiripí COVID-19, táthar ag tacú le forbairt agus infhaighteacht cógas, le haghaidh othair atá ag téarnamh san áireamh.I mí Dheireadh Fómhair 2021 chuir an Coimisiún punann le chéile de 10 dteiripe a d’fhéadfaí a úsáid in aghaidh COVID-19. Faoi mhí na Bealtaine 2022 údaraíodh ocht gcóireálacha le haghaidh COVID-19 agus tugadh i gcrích roinnt conarthaí soláthair chomhpháirtigh le haghaidh cógas COVID-19 le monaróirí chun rochtain na mBallstát a éascú ar chóireálacha COVID-19. Cad é líon na vacsaíní a údaraíodh go dtí seo? 6vacsaína údaraíodh go dtí seo, tar éis dóibh pas a fháil sna trialacha cliniciúla agus sna próisis rialála is déine ar domhan4.2 billiúndáileog vacsaínea daingníodh1.7 billiúndáileog vacsaínea seachadadh Comhar domhanda agus dlúthpháirtíocht dhomhandaÓn tús, bhí an Coimisiún tiomanta don chomhar idirnáisiúnta chun an phaindéim a chomhrac. Táimid anois ar an soláthraí vacsaíní is mó ar domhan in aghaidh COVID-19, agus ar cheann de na deontóirí is mó ar domhan do COVAX, tionscnamh domhanda atá dírithe ar rochtain chothrom ar vacsaíní in aghaidh COVID-19. I mí Feabhra 2022 gheall an tAontas €425 mhilliún ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Afracach agus an tAontas Eorpach chun cuidiú le dlús a chur le luas an vacsaínithe san Afraic.Ag an Dara Cruinniú Mullaigh Domhanda maidir le COVID i mí na Bealtaine 2022, gheall Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen €450 milliún don Chiste Domhanda um Ullmhacht i leith Paindéimí.Ar an leibhéal réigiúnach, tá an tAontas ag tacú le seoladh Ghníomhaireacht Leigheasra na hAfraice. Ar an leibhéal náisiúnta, táthar ag díriú ar acmhainneacht táirgeachta a mhéadú agus ar an éiceachóras ceart don infheistíocht a chruthú. An fhreagairt dhomhanda ar an gcoróinvíreasBreis agus 2.4 billiún dáilgeogan líon de vacsaíní in aghaidh COVID-19 a d’easpórtáil an tAontas chuig 168 dtír478 milliún dáilgeogan líon de vacsaíní a deonaíodh do thíortha a bhí i ngátar, go háirithe ar fud na hAfraice, agus go príomha trí COVAX Bhí an tAontas ar thús cadhnaíochta freisin sa fhreagairt dhomhanda trádála ar an bpaindéim. Le linn an 12ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála i mí an Mheithimh 2022, chomhaontaigh na comhaltaí oibleagáidí áirithe maoine intleachtúla a tharscoileadh maidir le vacsaíní in aghaidh COVID-19. An Eoraip agus an domhan a athoscailt Is í seo an chéad phaindéim a bhí le comhrac againn sa ré dhigiteach. Níorbh fhada go raibh Deimhniú Digiteach COVID an Aontais ina chaighdeán domhanda. Glacadh an córas i mí an Mheithimh 2021 agus leagtar amach leis an creat coiteann chun vacsaíní in aghaidh COVID-19 agus deimhnithe tástála agus téarnaimh a eisiúint, a fhíorú agus a ghlacadh chun an tsaorghluaiseacht a éascú. Ó tháinig an córas i bhfeidhm, eisíodh breis agus 2 bhilliún deimhniú ar fud an Aontais. Ba nuálaíocht ríthábhachtach é Deimhniú Digiteach COVID an Aontais i bhfreagairt na hEorpa, agus níorbh fhada go raibh sé ina caighdeán domhanda a chabhraigh le taisteal sábháilte idirnáisiúnta a atosú. Ó mhí Lúnasa 2022, is féidir le níos mó ná 1.6 billiún duine ar fud an domhain úsáid a bhaint as Deimhnithe Digiteacha COVID an Aontais le haghaidh taisteal idirnáisiúnta.D’fhorbair an tAontas caighdeán domhanda: tá 48 dtír agus gcríoch nach de chuid an Aontais iad ar fud cúig mhór-roinn tar éis dul isteach sa chóras, sa bhreis ar na 27 mBallstát. Creidiúint: John AllenNa scéalta seo agaibhseTá Adam King 6 bliana d’aois agus is as Éirinn dó. Tá ríocht na gcnámh broisc air. In 2020 bheartaigh sé gur theastaigh uaidh barróg fhíorúil a sheoladh ar fud an domhain mar shiombail dóchais le linn phaindéim an choróinvíris. Scaip a smaoineamh i bhfad agus i gcéin agus chabhraigh sé linn muid féin a leigheas le chéile. An domhain a chur ag imeacht arís Sa bhreis ar Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais sheol an Coimisiún Re-open EU, feidhmchlár gréasáin agus aip mhóibíleach a chuidíonn le muintir na hEorpa teacht ar eolas cothrom maidir le bearta taistil agus sláinte i dtíortha na hEorpa i 24 theanga.Chun a chinntiú go bhféadfadh aipeanna rianaithe teagmhálaithe náisiúnta faisnéis a mhalartú thar theorainneacha, chuir an Coimisiún seirbhís tairsí idir-inoibritheachta Eorpach i bhfeidhm. Faoi fhómhar na bliana 2021, bhí 19 mBallstát ag malartú faisnéis teagmhála riosca tríd an tairseach Eorpach, agus íoslódáladh a n-aipeanna náisiúnta níos mó ná 70 milliún uair. Aontas Sláinte Eorpach láidir a thógáil I ngeall ar chaillteanas na bithéagsúlachta agus ar an athrú aeráide, is éasca atá sé do víris dul ó ainmhithe go daoine. Má tharlaíonn paindéim eile, ní mór do na Ballstáit uile a bheith ullmhaithe agus freagrúil. Is é sin an fáth ar leag an Coimisiún bunchloch Aontas Sláinte na hEorpa. Trí Aontas Sláinte Eorpach láidir a thógáil, bainfear an méid seo a leanas amach:déanfar sláinte shaoránaigh an Aontais a chosaintcuirfear ar a gcumas don Aontas agus do na Ballstáit dul i ngleic le paindéimí a bheidh ann amach anseo agus iad a choscdéanfar athléimneacht chórais cúraim sláinte na hEorpa a neartú. Tá an tÚdarás nua um Ullmhacht agus Freagairt i gcás Éigeandálaí Sláinte (HERA) ag cuidiú chun leighis, vacsaíní agus frithbheart leighis eile a fhorbairt, a tháirgeadh agus a stoc-charnadh, cuir i gcás trealamh cosanta pearsanta.Ó cuireadh i ngníomh é, rinne HERA an méid seo a leanas:Chuir sé ar bun grúpa saineolaithe maidir le hathraithigh COVID-19 chun faireachán a dhéanamh ar shócháinCheannaigh sé vacsaíní in aghaidh bolgaí moncaíChuir sé FAB EU ar bun, ar líonra d’acmhainneachtaí táirgeachta práinnfhreagartha é chun vacsaíní agus cógais a mhonarúThosaigh sé ag déanamh stoc-charnadh ar threalamh agus drugaí i gcoinne bagairtí ceimiceacha agus núicléacha An tsláinte san Aontas a fheabhsú agus a chothúDaoine san Aontas a chosaint ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinteFeabhas a chur ar tháirgí íocshláinte, feistí leighis agus táirgí atá ábhartha i gcás géarchéimeCórais sláinte a neartú Na scéalta seo agaibhseSan Eastóin, bhunaigh Johanna-Maria Lehtme ‘Slava Ukraini’, rud a sheachaid breis agus 60 otharcharr don Úcráin, agus bhí soláthairtí leighis agus cúnamh eile iontu a bhí ag teastáil chun beatha daoine a shábháil. Athléimneacht córas sláinte a fhorbairt Leanann an phaindéim de thionchar mór a bheith aige ar othair, ar ghairmithe cúraim sláinte agus ar chórais sláinte san Aontas. Is é sin an fáth ar ceapadh an clár EU4Health le dul níos faide ná freagairt ghéarchéime chun aghaidh a thabhairt ar athléimneacht na gcóras cúraim sláinte. I ngeall ar an méid a foghlaimíodh le linn na paindéime, tá €5.3 billiún á infheistiú ag EU4Health chun córais sláinte na mBallstát a neartú. Glacadh an straitéis chógaisíochta don Eoraip i mí na Samhna 2020, agus cuirtear i láthair ann tionscnaimh nithiúla chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag othair ar chógais leighis atá sábháilte inacmhainne agus ar ardchaighdeán agus chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais nár freastalaíodh orthu. Tá sé mar aidhm aige freisin slándáil an tsoláthair a fheabhsú, aghaidh a thabhairt ar ghanntanais agus neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a chur chun cinn. I mí an Mhárta 2022 neartaíodh sainordú na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar ghanntanais cógas leighis criticiúil agus iad a mhaolú. Sonraí a úsáid chun beatha daoine a shábháil Leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte nua, tá céim stairiúil á glacadh ag an gCoimisiún i dtreo cúram sláinte digiteach san Aontas. Tá saoránaigh á gcumhachtú ag an gCoimisiún trí smacht iomlán a thabhairt dóibh ar a gcuid sonraí sláinte agus trí chúram sláinte níos fearr a éascú. Cothóidh sé freisin fíormhargadh aonair Eorpach le haghaidh seirbhísí agus táirgí sláinte digiteacha trí chreat a chur ar fáil chun sonraí sláinte a úsáid don taighde, don nuálaíocht, do cheapadh beartas agus do ghníomhaíochtaí rialála. Beidh sé sin thar a bheith luachmhar d’eolaithe, do thaighdeoirí, do nuálaithe agus do lucht déanta beartas atá ag obair ar chóireálacha nuálacha a shábhálann beatha daoine. A bhuí leis na ceachtanna a foghlaimíodh le linn na paindéime, agus na bearta a cuireadh i bhfeidhm ó shin i leith, tá an tAontas anois i staid níos láidre ná riamh chun géarchéimeanna sláinte a bheidh ann amach anseo a chomhrac. Séanadh: Rinneadh na sonraí ar an leathanach seo a nuashonrú go deireanach an 31 Lúnasa 2022 Dul chun cinn i réimsí eile Dlúthpháirtíocht leis an ÚcráinAn t-aistriú glas a stiúradhREPowerEUAn t-aistriú cóir a stiúradhDeacáid dhigiteach na hEorpa a chur chun cinnLuachanna an Aontais a chosaintDéimeagrafaíocht, óige agus éagsúlacht na hEorpa An méid a baineadh amachle linn Choimisiún von der LeyenTuilleadh eolais Naisc ghaolmhara An fhreagairt ar an gcoróinvíreas
Chuir paindéim an choróinvíris isteach ar shaol na milliún duine ar fud an domhain. I ngeall ar a mó is a bhí an ghéarchéim, murach sin le chéile mar Aontas, níorbh fhéadfaimis an fhreagairt iomchuí a thabhairt uirthi ar mhaithe lenár saoránaigh ná an dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta a stiúradh chun a chinntiú go sroichfidh vacsaíní sábháilte gach cearn den domhan. Chuaigh an Coimisiún Eorpach i ngleic leis an bpaindéim ar thrí bhealach:Dhíríomar ar leathadh an choróinvíris a shrianadh trí vacsaíní a chur ar fáil don oiread daoine agus arbh fhéidir.Thugamar freagra ar an suaitheadh eacnamaíoch le plean téarnaimh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe.Leanamar ar aghaidh ar an mbealach ceart lenár n-aistriú glas agus ár n-aistriú digiteach.
Ní mór cóireálacha a bheith ann freisin chun sláinte na saoránach a chosaint. Tá cóireálacha de dhíth ar othair COVID-19 chun an galar a chomhrac, chun sealanna san ospidéal a laghdú agus chun bás daoine a chosc. Le straitéis an Aontais maidir le teiripí COVID-19, táthar ag tacú le forbairt agus infhaighteacht cógas, le haghaidh othair atá ag téarnamh san áireamh.I mí Dheireadh Fómhair 2021 chuir an Coimisiún punann le chéile de 10 dteiripe a d’fhéadfaí a úsáid in aghaidh COVID-19. Faoi mhí na Bealtaine 2022 údaraíodh ocht gcóireálacha le haghaidh COVID-19 agus tugadh i gcrích roinnt conarthaí soláthair chomhpháirtigh le haghaidh cógas COVID-19 le monaróirí chun rochtain na mBallstát a éascú ar chóireálacha COVID-19.
I mí Feabhra 2022 gheall an tAontas €425 mhilliún ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Afracach agus an tAontas Eorpach chun cuidiú le dlús a chur le luas an vacsaínithe san Afraic.Ag an Dara Cruinniú Mullaigh Domhanda maidir le COVID i mí na Bealtaine 2022, gheall Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen €450 milliún don Chiste Domhanda um Ullmhacht i leith Paindéimí.Ar an leibhéal réigiúnach, tá an tAontas ag tacú le seoladh Ghníomhaireacht Leigheasra na hAfraice. Ar an leibhéal náisiúnta, táthar ag díriú ar acmhainneacht táirgeachta a mhéadú agus ar an éiceachóras ceart don infheistíocht a chruthú.
Is í seo an chéad phaindéim a bhí le comhrac againn sa ré dhigiteach. Níorbh fhada go raibh Deimhniú Digiteach COVID an Aontais ina chaighdeán domhanda. Glacadh an córas i mí an Mheithimh 2021 agus leagtar amach leis an creat coiteann chun vacsaíní in aghaidh COVID-19 agus deimhnithe tástála agus téarnaimh a eisiúint, a fhíorú agus a ghlacadh chun an tsaorghluaiseacht a éascú. Ó tháinig an córas i bhfeidhm, eisíodh breis agus 2 bhilliún deimhniú ar fud an Aontais.
Creidiúint: John AllenNa scéalta seo agaibhseTá Adam King 6 bliana d’aois agus is as Éirinn dó. Tá ríocht na gcnámh broisc air. In 2020 bheartaigh sé gur theastaigh uaidh barróg fhíorúil a sheoladh ar fud an domhain mar shiombail dóchais le linn phaindéim an choróinvíris. Scaip a smaoineamh i bhfad agus i gcéin agus chabhraigh sé linn muid féin a leigheas le chéile.
Sa bhreis ar Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais sheol an Coimisiún Re-open EU, feidhmchlár gréasáin agus aip mhóibíleach a chuidíonn le muintir na hEorpa teacht ar eolas cothrom maidir le bearta taistil agus sláinte i dtíortha na hEorpa i 24 theanga.Chun a chinntiú go bhféadfadh aipeanna rianaithe teagmhálaithe náisiúnta faisnéis a mhalartú thar theorainneacha, chuir an Coimisiún seirbhís tairsí idir-inoibritheachta Eorpach i bhfeidhm. Faoi fhómhar na bliana 2021, bhí 19 mBallstát ag malartú faisnéis teagmhála riosca tríd an tairseach Eorpach, agus íoslódáladh a n-aipeanna náisiúnta níos mó ná 70 milliún uair.
I ngeall ar chaillteanas na bithéagsúlachta agus ar an athrú aeráide, is éasca atá sé do víris dul ó ainmhithe go daoine. Má tharlaíonn paindéim eile, ní mór do na Ballstáit uile a bheith ullmhaithe agus freagrúil. Is é sin an fáth ar leag an Coimisiún bunchloch Aontas Sláinte na hEorpa. Trí Aontas Sláinte Eorpach láidir a thógáil, bainfear an méid seo a leanas amach:déanfar sláinte shaoránaigh an Aontais a chosaintcuirfear ar a gcumas don Aontas agus do na Ballstáit dul i ngleic le paindéimí a bheidh ann amach anseo agus iad a choscdéanfar athléimneacht chórais cúraim sláinte na hEorpa a neartú.
Na scéalta seo agaibhseSan Eastóin, bhunaigh Johanna-Maria Lehtme ‘Slava Ukraini’, rud a sheachaid breis agus 60 otharcharr don Úcráin, agus bhí soláthairtí leighis agus cúnamh eile iontu a bhí ag teastáil chun beatha daoine a shábháil.
Leanann an phaindéim de thionchar mór a bheith aige ar othair, ar ghairmithe cúraim sláinte agus ar chórais sláinte san Aontas. Is é sin an fáth ar ceapadh an clár EU4Health le dul níos faide ná freagairt ghéarchéime chun aghaidh a thabhairt ar athléimneacht na gcóras cúraim sláinte. I ngeall ar an méid a foghlaimíodh le linn na paindéime, tá €5.3 billiún á infheistiú ag EU4Health chun córais sláinte na mBallstát a neartú.
Leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte nua, tá céim stairiúil á glacadh ag an gCoimisiún i dtreo cúram sláinte digiteach san Aontas. Tá saoránaigh á gcumhachtú ag an gCoimisiún trí smacht iomlán a thabhairt dóibh ar a gcuid sonraí sláinte agus trí chúram sláinte níos fearr a éascú. Cothóidh sé freisin fíormhargadh aonair Eorpach le haghaidh seirbhísí agus táirgí sláinte digiteacha trí chreat a chur ar fáil chun sonraí sláinte a úsáid don taighde, don nuálaíocht, do cheapadh beartas agus do ghníomhaíochtaí rialála. Beidh sé sin thar a bheith luachmhar d’eolaithe, do thaighdeoirí, do nuálaithe agus do lucht déanta beartas atá ag obair ar chóireálacha nuálacha a shábhálann beatha daoine.