Deacáid dhigiteach na hEorpa a chur chun cinnAn tAontas Eorpach: an ceannródaí ar an mbealach i dtreo domhan digiteach atá sábháilte iontaofa Credit: Adobe Stock | TippapattCur chuige ceannródaíoch domhanda an AontaisA bhuí le paindéim an choróinvíris, is léir na tairbhí a bhaineann leis an digitiú inár saol laethúil, agus is léir freisin an fáth arb é an bealach ceart chun tosaigh aistriú digiteach na hEorpa atá dírithe ar an duine. Is é an t-aistriú sin an bhunchloch ar a seasann ceithre cholún Dheacáid Dhigiteach na hEorpa:saoránaigh a chumasú le scileanna digiteachagnólachtaí a dhigitiúseirbhísí poiblí a dhigitiúan bonneagar digiteach a neartúTar éis an tsaoil, an tsaoirse chun teagmháil a dhéanamh le cairde agus le teaghlaigh thar theorainneacha, is gá gur ceart é sin seachas pribhléid. Sin an fáth ar mhol an Coimisiún, i mí Eanáir 2022, dréachtdearbhú maidir le cearta agus prionsabail dhigiteacha na hEorpa. Leanann an togra sin roinnt mórphíosaí reachtaíochta de chuid an Aontais a bhfuil spás digiteach níos sábháilte agus níos saoire á thógáil acu, san Eoraip agus níos faide i gcéin, agus a fhéachann lenár gcearta bunúsacha agus sonraí a chosaint. €250 billiúnón gclár NextGenerationEU chun borradh a chur faoin digitiú€127 mbilliúnón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta dírithe ar an réimse digiteachar a laghad 80%an céatadán de dhaonra an Aontais a mbeidh bunscileanna digiteacha acu faoi 2030 Na príomhnithe a baineadh amach Na príomhnithe a baineadh amach An intleacht shaorga a rialáil agus sonraí a chosaint D’eisigh an Coimisiún a dhréacht den ghníomh um an intleacht shaorga (IS) i mí Aibreáin 2021, dréacht a rabhthas ag súil go mór leis. Is é sin an iarracht is réamhbhreathnaithí ar domhan chun teicneolaíochtaí intleachta saorga a rialáil, lena leagtar amach cur chuige rialála trasearnála rioscabhunaithe chun córais intleachta saorga a úsáid san Aontas agus ina mhargadh aonair.Is é is aidhm dó rialacha IS a dhéanamh comhsheasmhach ar fud an Aontais agus, ar an dóigh sin, deimhneacht dhlíthiúil a chinntiú, infheistíocht agus nuálaíocht san intleacht shaorga a spreagadh agus muinín an phobail a chothú go n-úsáidtear córais intleachta saorga ar bhealaí a n-urramaítear luachanna agus cearta bunúsacha na hEorpa. I bhFómhar 2021, tháinig an Coimisiún, i gcomhar le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, ar chomhaontú maidir leis an nGníomh um Rialachas Sonraí, gníomh a mhéadaíonn an iontaoibh atá ag daoine as comhroinnt sonraí. Comhlánaíodh é i mí Feabhra 2022 le togra le haghaidh gníomh sonraí, ina leagtar amach rialacha nua maidir le cé atá in ann sonraí a ghintear san Aontas a úsáid agus a rochtain ar fud na n-earnálacha eacnamaíocha uile. Tá spásanna coiteanna sonraí Eorpacha á mbunú ag an gCoimisiún freisin i réimsí straitéiseacha, ina bhfuil gníomhaithe príobháideacha agus poiblí rannpháirteach. 1 bhilliún in aghaidh na blianale hinfheistiú san intleacht shaorga ag an gCoimisiún Eorpach Margadh digiteach níos láidre a thógáil I mí an Mhárta 2022, tháinig an tAontas ar chomhaontú cinniúnach maidir leis an ngníomh um margaí digiteacha, gníomh lena rialaítear gníomhaíochtaí na n-ardán mór digiteach, nó ‘geatóirí’, chun a chinntiú go mbíonn an margadh aonair digiteach Eorpach oscailte agus cothrom.Beidh na geatóirí sin faoi réir roinnt oibleagáidí agus toirmeasc a shaineofar go soiléir agus a chuirfidh cosc ar chuideachtaí móra digiteacha mí-úsáid a bhaint as a gcumhacht mhargaidh agus a chuirfidh ar chumas gníomhaithe nua dul isteach sa mhargadh. Leis an ngníomh um margaí digiteacha, is é an Coimisiún a bheidh ar an gcéad fheidhmitheoir ar domhan maidir le rialáil ar mhargaí teicneolaíochta móra a chumhdaíonn go leor cleachtas agus seirbhísí digiteacha. Thángthas ar chomhaontú an-tábhachtach eile i mí Aibreáin 2022 maidir leis an ngníomh um sheirbhísí digiteacha, an chéad cheann ar domhan i réimse na rialála digití. Leanann an gníomh sin an prionsabal gur gá don rud atá neamhdhleathach as líne a bheith neamhdhleathach ar líne chomh maith: beidh ar na hardáin an-mhór ar líne agus ar na hinnill chuardaigh a n-úsáideoirí a chosaint ar ábhar, earraí agus seirbhísí neamhdhleathacha. Thairis sin, beidh ar ardáin ar líne agus ar innill chuardaigh measúnú agus maolú a dhéanamh ar na díobhálacha leathana a d’fhéadfadh a bheith ag baint lena ngníomhaíochtaí agus lena n-algartaim do chearta bunúsacha, d’fholláine leanaí agus don dioscúrsa sibhialta.Tiocfaidh an gníomh um margaí digiteacha agus an gníomh um sheirbhísí digiteacha araon i bhfeidhm i mbliana agus beidh siad infheidhme in 2023. Ceannaireacht a thabhairt i margadh na sliseanna President Ursula von der Leyen with Mark Rutte and Margrethe Vestager at a semiconductors factoryAn togra le haghaidh gníomh Eorpach um shliseanna, a ghlac an Coimisiún i mí Feabhra 2022, is tionscadal suaitheanta é i gclaochlú digiteach an Aontais.Ní ann don todhchaí mura mbeidh sí digiteach, agus ní bheidh sí digiteach gan sliseanna. Tá siad inár ngutháin, inár ríomhairí, inár ngluaisteáin, inár bhfeistí leighis agus i ngach aon ghléas nasctha.Mar thoradh ar an gcur isteach leanúnach atá á dhéanamh ag an bpaindéim ar an slabhra soláthair, treisíodh an gá atá le hinfheistíocht a dhéanamh: Ní mór dúinn an Eoraip a chur ar thús cadhnaíochta arís i ndearadh agus i dtáirgeadh leathsheoltóirí. Infheistíochtchun éiceachóras sliseanna Eorpach a chruthú€43 bhilliún in infheistíocht phoiblícurtha ar aghaidh ag an Aontas agus ag na Ballstáit chun forbairt agus monarú sliseanna a chur chun cinn€19 mbillion infheistithe san Aontas cheana féin ag an monaróir sliseanna is mó de chuid na Stát Aontaithe Na teorainneacha atá ag teacht chun cinn san aistriú digiteach: airgeadas agus spás I mí Eanáir 2021, chomhaontaigh an Coimisiún agus an Banc Ceannais Eorpach oibriú le chéile chun staidéar a dhéanamh ar roghanna deartha agus ar impleachtaí rialála gaolmhara an euro dhigitigh. Thabharfadh leagan digiteach d’airgead bainc ceannais rogha níos fearr do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí i gcásanna nach féidir airgead tirim fisiciúil a úsáid. Chomhlánódh an euro digiteach airgead tirim agus d’fhreagródh sé do riachtanais nua íocaíochta ar fud an domhain. Is é an tAontas an chéad rialtóir ar domhan freisin chun a shaoránaigh a chosaint ar rioscaí áirithe a bhaineann le hinfheistíochtaí criptea-shócmhainní, agus é mar aidhm aige cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus nuálaíocht san earnáil a chothú ag an am céanna. I mí an Mheithimh 2022, tháinig comhreachtóirí an Aontais ar chomhaontú cinniúnach i dtaca leis an rialachán maidir le criptea-shócmhainní atá beartaithe ag an gCoimisiún. Idir an dá linn, cuireann clár spáis an Aontais sonraí agus seirbhísí ar fáil cheana féin do réimse leathan feidhmeanna laethúla, cuir i gcás tacaíocht a thabhairt don iompar tráchtála agus don loingseoireacht phearsanta, an talmhaíocht bheacht a chur chun cinn agus réitigh a chur ar fáil ar an athrú aeráide. I mí Feabhra 2022 mhol an Coimisiún Eorpach dhá thionscnamh shuaitheanta nua chun borradh a chur faoi nascacht shlán shaitilítbhunaithe agus faoi bhainistiú an spástráchta. Comhoibriú le tríú tíortha maidir leis an teicneolaíocht dhigiteach European Commission President Ursula von der Leyen and US President Joe BidenLeis an gComhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe, a bunaíodh i mí an Mheithimh 2021, cuirtear ardán éifeachtach ar fáil chun cuir chuige a chomhordú agus chun an comhar a neartú maidir le príomh-shaincheisteanna digiteacha, teicneolaíocha, eacnamaíocha agus trádála.Fógraíodh tionscnaimh nua maidir le slabhraí soláthair, slándáil bia, teicneolaíocht atá ag teacht chun cinn, bonneagar digiteach agus trádáil. Déanfaidh na tionscnaimh sin an méid seo a leanas:ár gcomhluachanna daonlathacha a threisiúborradh a chur faoin iomaíochas trasatlantach domhandatairbhe a dhéanamh d’oibrithe agus do theaghlaigh ar dhá thaobh an Atlantaighan t-aistriú digiteach agus teicneolaíoch domhanda a mhúnlú Tá an tAontas Eorpach ag obair freisin le comhpháirtithe eile atá ar aon intinn leis ar fud an domhain chun rialacha domhanda a mhúnlú sa réimse digiteach. Tá uasghrádú á dhéanamh againn ar an gcaidreamh digiteach le príomh-chomhpháirtithe chun na rialacha maidir leis an trádáil dhigiteach a leagan síos, agus tá sin á nascadh againn le réamh-mheastachán ár n-athchóirithe inmheánacha. Tugadh comhpháirtíocht dhigiteach i gcrích leis an tSeapáin ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin i mí na Bealtaine 2022, agus tá caibidlíocht chomhchosúil ar siúl le Singeapór agus leis an gCóiré Theas. Taighde agus nuálaíocht a stiúradh Is é Fís Eorpach an clár trasnáisiúnta taighde agus nuálaíochta is mó ar domhan, agus maoiniú €95.5 billiún aige don tréimhse suas go dtí 2027.Faoin gclár suaitheanta sin, bhunaigh an Coimisiún an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach chun tacú le nuálaíochtaí claochlaitheacha ar feadh a saolré.Idir an dá linn, glacadh an clár oibre nua Eorpach um nuálaíocht i mí Iúil 2022, agus áiríodh ann cúig mhórchlár shuaitheanta chun an tAontas a bheith ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain i réimse na nuálaíochta domhainteicneolaíochta. D’fhéadfadh sé thart ar €45 bhilliún a shlógadh ó infheisteoirí institiúideacha príobháideacha chun tacú leis an uas-scálú. Ina theannta sin, bunófar leis an gclár oibre clár chun oiliúint a chur ar 1 mhilliún duine i scileanna domhainteicneolaíochta.Is comhpháirtíocht nua é AE-Catalyst atá dírithe ar infheistíochtaí i dtionscadail ardtionchair atá bunaithe san Aontas i dteicneolaíochtaí aeráide ríthábhachtacha (hidrigin ghlas, breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, gabháil dhíreach ón aer agus stóráil fuinnimh fhadtréimhseach) a spreagadh agus a uas-scálú, agus leis sin tá iarrachtaí á neartú ag an gCoimisiún chun ceannródaíocht a dhéanamh i dtionscadail teicneolaíochta glaise. Seoladh an chomhpháirtíocht ag COP26, agus d’fhéadfadh sé suas le €840 milliún a shlógadh faoi 2026. 164 ghnólacht nuathionscanta agus FBM nuálacharoghnaithe ag an gComhairle Nuálaíochta Eorpach chun maoiniú €990 milliún a fháil le haghaidh nuálaíochtaí ceannródaíocha Séanadh: Rinneadh na sonraí ar an leathanach seo a nuashonrú go deireanach an 31 Lúnasa 2022 Dul chun cinn i réimsí eile An phaindéim a shárú le dlúthpháirtíocht agus le heolaíochtAn t-aistriú glas a stiúradhREPowerEUAn t-aistriú cóir a stiúradhAontas an chomhionannais a thógáilDéimeagrafaíocht, óige agus éagsúlacht na hEorpa An méid a baineadh amachle linn Choimisiún von der LeyenTuilleadh eolais Naisc ghaolmhara Eoraip atá oiriúnach don Aois DhigiteachTodhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú
Credit: Adobe Stock | TippapattCur chuige ceannródaíoch domhanda an AontaisA bhuí le paindéim an choróinvíris, is léir na tairbhí a bhaineann leis an digitiú inár saol laethúil, agus is léir freisin an fáth arb é an bealach ceart chun tosaigh aistriú digiteach na hEorpa atá dírithe ar an duine. Is é an t-aistriú sin an bhunchloch ar a seasann ceithre cholún Dheacáid Dhigiteach na hEorpa:saoránaigh a chumasú le scileanna digiteachagnólachtaí a dhigitiúseirbhísí poiblí a dhigitiúan bonneagar digiteach a neartúTar éis an tsaoil, an tsaoirse chun teagmháil a dhéanamh le cairde agus le teaghlaigh thar theorainneacha, is gá gur ceart é sin seachas pribhléid. Sin an fáth ar mhol an Coimisiún, i mí Eanáir 2022, dréachtdearbhú maidir le cearta agus prionsabail dhigiteacha na hEorpa. Leanann an togra sin roinnt mórphíosaí reachtaíochta de chuid an Aontais a bhfuil spás digiteach níos sábháilte agus níos saoire á thógáil acu, san Eoraip agus níos faide i gcéin, agus a fhéachann lenár gcearta bunúsacha agus sonraí a chosaint.
D’eisigh an Coimisiún a dhréacht den ghníomh um an intleacht shaorga (IS) i mí Aibreáin 2021, dréacht a rabhthas ag súil go mór leis. Is é sin an iarracht is réamhbhreathnaithí ar domhan chun teicneolaíochtaí intleachta saorga a rialáil, lena leagtar amach cur chuige rialála trasearnála rioscabhunaithe chun córais intleachta saorga a úsáid san Aontas agus ina mhargadh aonair.Is é is aidhm dó rialacha IS a dhéanamh comhsheasmhach ar fud an Aontais agus, ar an dóigh sin, deimhneacht dhlíthiúil a chinntiú, infheistíocht agus nuálaíocht san intleacht shaorga a spreagadh agus muinín an phobail a chothú go n-úsáidtear córais intleachta saorga ar bhealaí a n-urramaítear luachanna agus cearta bunúsacha na hEorpa.
I mí an Mhárta 2022, tháinig an tAontas ar chomhaontú cinniúnach maidir leis an ngníomh um margaí digiteacha, gníomh lena rialaítear gníomhaíochtaí na n-ardán mór digiteach, nó ‘geatóirí’, chun a chinntiú go mbíonn an margadh aonair digiteach Eorpach oscailte agus cothrom.Beidh na geatóirí sin faoi réir roinnt oibleagáidí agus toirmeasc a shaineofar go soiléir agus a chuirfidh cosc ar chuideachtaí móra digiteacha mí-úsáid a bhaint as a gcumhacht mhargaidh agus a chuirfidh ar chumas gníomhaithe nua dul isteach sa mhargadh. Leis an ngníomh um margaí digiteacha, is é an Coimisiún a bheidh ar an gcéad fheidhmitheoir ar domhan maidir le rialáil ar mhargaí teicneolaíochta móra a chumhdaíonn go leor cleachtas agus seirbhísí digiteacha.
President Ursula von der Leyen with Mark Rutte and Margrethe Vestager at a semiconductors factoryAn togra le haghaidh gníomh Eorpach um shliseanna, a ghlac an Coimisiún i mí Feabhra 2022, is tionscadal suaitheanta é i gclaochlú digiteach an Aontais.Ní ann don todhchaí mura mbeidh sí digiteach, agus ní bheidh sí digiteach gan sliseanna. Tá siad inár ngutháin, inár ríomhairí, inár ngluaisteáin, inár bhfeistí leighis agus i ngach aon ghléas nasctha.Mar thoradh ar an gcur isteach leanúnach atá á dhéanamh ag an bpaindéim ar an slabhra soláthair, treisíodh an gá atá le hinfheistíocht a dhéanamh: Ní mór dúinn an Eoraip a chur ar thús cadhnaíochta arís i ndearadh agus i dtáirgeadh leathsheoltóirí.
I mí Eanáir 2021, chomhaontaigh an Coimisiún agus an Banc Ceannais Eorpach oibriú le chéile chun staidéar a dhéanamh ar roghanna deartha agus ar impleachtaí rialála gaolmhara an euro dhigitigh. Thabharfadh leagan digiteach d’airgead bainc ceannais rogha níos fearr do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí i gcásanna nach féidir airgead tirim fisiciúil a úsáid. Chomhlánódh an euro digiteach airgead tirim agus d’fhreagródh sé do riachtanais nua íocaíochta ar fud an domhain. Is é an tAontas an chéad rialtóir ar domhan freisin chun a shaoránaigh a chosaint ar rioscaí áirithe a bhaineann le hinfheistíochtaí criptea-shócmhainní, agus é mar aidhm aige cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus nuálaíocht san earnáil a chothú ag an am céanna. I mí an Mheithimh 2022, tháinig comhreachtóirí an Aontais ar chomhaontú cinniúnach i dtaca leis an rialachán maidir le criptea-shócmhainní atá beartaithe ag an gCoimisiún.
European Commission President Ursula von der Leyen and US President Joe BidenLeis an gComhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe, a bunaíodh i mí an Mheithimh 2021, cuirtear ardán éifeachtach ar fáil chun cuir chuige a chomhordú agus chun an comhar a neartú maidir le príomh-shaincheisteanna digiteacha, teicneolaíocha, eacnamaíocha agus trádála.Fógraíodh tionscnaimh nua maidir le slabhraí soláthair, slándáil bia, teicneolaíocht atá ag teacht chun cinn, bonneagar digiteach agus trádáil. Déanfaidh na tionscnaimh sin an méid seo a leanas:ár gcomhluachanna daonlathacha a threisiúborradh a chur faoin iomaíochas trasatlantach domhandatairbhe a dhéanamh d’oibrithe agus do theaghlaigh ar dhá thaobh an Atlantaighan t-aistriú digiteach agus teicneolaíoch domhanda a mhúnlú
Is é Fís Eorpach an clár trasnáisiúnta taighde agus nuálaíochta is mó ar domhan, agus maoiniú €95.5 billiún aige don tréimhse suas go dtí 2027.Faoin gclár suaitheanta sin, bhunaigh an Coimisiún an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach chun tacú le nuálaíochtaí claochlaitheacha ar feadh a saolré.Idir an dá linn, glacadh an clár oibre nua Eorpach um nuálaíocht i mí Iúil 2022, agus áiríodh ann cúig mhórchlár shuaitheanta chun an tAontas a bheith ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain i réimse na nuálaíochta domhainteicneolaíochta.