Luachanna an Aontais a chosaintAn daonlathas agus saoirsí bunúsacha Na príomhnithe a baineadh amach Na príomhnithe a baineadh amach Mar a léirigh ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, is coincheap leochaileach é an daonlathas nach mór a chothú agus a chosaint i gcónaí. An smacht reachta a chosaint Is leis an Smacht Reachta a cheanglaítear le chéile an tAontas Eorpach. Trí dhul isteach san Aontas, gheall gach ceann de na 27 mBallstát an smacht reachta a chosaint, rud atá riachtanach chun na luachanna ar ar bunaíodh an tAontas Eorpach a chosaint: an daonlathas, an tsaoirse, an comhionannas agus meas ar chearta an duine. Tá trí Thuarascáil bhliantúla maidir leis an Smacht Reachta foilsithe anois i dtaca leis an méid atá ag titim amach faoi láthair ar fud na mBallstát i gceithre phríomhréimse:An córas ceartaisAn creat frithéillitheIolrachas sna meáinSaincheisteanna institiúideacha eile maidir le srianta agus ceartúcháinUirlisí breise chun an smacht reachta a chosaint san AontasSásra an Smachta Reachta Cuireann an Sásra idirphlé oscailte maidir leis an smacht reachta chun cinn i measc institiúidí an Aontais, na mBallstát agus na sochaí sibhialta.An Rialachán maidir le Coinníollacht Déanann sé faireachán ar sháruithe ar an smacht reachta sna Ballstáit a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais. Trédhearcacht níos fearr i bhfógraíocht pholaitiúil I mí na Samhna 2021 chuir an Coimisiún Eorpach togra i láthair maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla mar chuid de bhearta arb é is aidhm dóibh sláine na dtoghchán agus díospóireacht dhaonlathach oscailte a chosaint.Credit: Adobe Stock | anko_ter Iriseoireacht agus saoirse cainte Ní féidir leis an daonlathas feidhmiú ach amháin nuair a bhíonn rochtain éasca ag saoránaigh ar eolas atá saor in aisce agus ar ardchaighdeán. Sin an fáth a bhfuil saoirse agus iolrachas na meán ríthábhachtach le go bhfeidhmeoidh an córas daonlathach mar is ceart, agus is réimse tosaíochta iad sa phlean gníomhaíochta um an daonlathas Eorpach.I mí na Nollag 2021, d’fhógair an Coimisiún clár nua ‘An Eoraip Dhomhanda: Cearta an Duine agus an Daonlathas’, ar fiú €1.5 billiún é, chun dlús a chur le tacaíocht ón Aontas chun cearta an duine, saoirsí bunúsacha, an daonlathas, an smacht reachta agus obair eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cosantóirí chearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain go dtí 2027. Is minic a scaipeann dul chun cinn daonlathach go tapa trí réigiún iomlán... rud a léiríonn an chumhacht atá ag an daonlathas chun móiminteam agus creideamh a chothú gur féidir athruithe a dhéanamh Tacú le meáin neamhspleácha agus sochaí shibhialta na hÚcráine Tá an Coimisiún ag tacú go gníomhach le meáin neamhspleácha agus le sochaí shibhialta na hÚcráine, mar chuid den chabhair dhaonnúil dar luach €700 milliún a tugadh don Úcráin. Tá sochaí shibhialta na hEorpa ag cur dlús freisin le tacaíocht a thabhairt d’iriseoirí ón Úcráin.Credit: Adobe Stock | daniilvolkov €150,000 ciste éigeandála do mheáin na hÚcráinecurtha ar bun ag eagraíochtaí meán éagsúla san Eoraip chun tacú le hobair a gcomhghleacaithe san Úcráin.€1.5 milliún tiomsaithe go dtí seochun cabhrú le hiriseoirí na hÚcráine na costais oibriúcháin a bhaineann le tuairisciú ar an gcogadh a chlúdach.€1.5 billiún chun saoirsí bunúsacha a chur chun cinnlena n-áirítear cearta an duine, an daonlathas, an smacht reachta agus obair eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar fud an domhain go dtí 2027. Na scéalta seo agaibhseBhog Nadia Dobrianska ó Chív go Corcaigh tar éis do theaghlach Éireannach a rá go n-óstálfadh sé í féin agus a teaghlach. Tá Nadia ag doiciméadú sáruithe ar chearta an duine agus coireanna cogaidh ag arm na Rúise. Chomh maith leis sin, seinneann sí an fheadóg mhór agus canann sí amhráin thraidisiúnta na hÉireann. Credit: John Allen Na dúshláin atá romhainn De bharr na n-athruithe teicneolaíochta agus na corraíola sóisialta atá ag tarlú le blianta beaga anuas, tá go leor iriseoirí ann anois nach féidir leo a gcuid oibre a dhéanamh i gceart. Chun go mbeidh a mhalairt de threocht ann, tá trí bheart curtha chun feidhme nó á n-ullmhú ag an gCoimisiún:Sábháilteacht iriseoirí – as líne agus ar líne – Áirítear leis na príomhthionscnaimh seirbhísí tacaíochta náisiúnta neamhspleácha a chruthú amhail línte cabhrach, comhairle dlí, tacaíocht shíceolaíoch, cosaint mhéadaithe d’iriseoirí le linn léirsithe, agus dídean d’iriseoirí agus do ghairmithe meán a bhfuil bagairtí orthu.Reachtaíocht chun iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a chosaint ar chásanna de mhí-úsáid an dlí – Cuirfidh na bearta nua ar chumas na mbreithiúna na SLAPPanna, mar a thugtar orthu, (dlíthíocht straitéiseach i gcoinne rannpháirtíochtaí poiblí) a dhíbhe go tapa agus iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a chumasú ina n-iarrachtaí labhairt amach ar mhaithe le leas an phobail.Gníomh um Shaoirse na Meán – Cumhdófar leis an ngníomh coimircí comhchoiteanna, den chéad uair i ndlí an Aontais, chun iolrachas na meán agus neamhspleáchas eagarthóireachta a chosaint. Déantar faireachán freisin ar shaoirse na meán, ar an iolrachas agus ar shábháilteacht iriseoirí sna tuarascálacha bliantúla ar an Smacht Reachta. Na scéalta seo agaibhseTá iriseoirí cróga ag cur a mbeatha i mbaol agus tionchar daonna an chogaidh san Úcráin á chlúdach acu. Ní raibh Frederic Leclerc-Imhoff, fear ón bhFrainc, ach 32 nuair a fuair sé bás in ionsaí Rúiseach ar chonbhua daonnúil san Úcráin.Credit: BERTRAND GUAY/AFP via Getty Images Séanadh: Rinneadh na sonraí ar an leathanach seo a nuashonrú go deireanach an 31 Lúnasa 2022 Dul chun cinn i réimsí eile An phaindéim a shárúAn dlúthpháirtíocht leis an ÚcráinAn t-aistriú glas a stiúradhAn t-aistriú cóir a stiúradhAontas an chomhionannais a fhorbairtDéimeagrafaíocht, óige agus éagsúlacht na hEorpa An méid a baineadh amachle linn Choimisiún von der LeyenTuilleadh eolais Naisc ghaolmhara Ár ndóigh bheatha Eorpach a chur chun cinnUgach nua do dhaonlathas na hEorpaAn Smacht Reachta
I mí na Samhna 2021 chuir an Coimisiún Eorpach togra i láthair maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla mar chuid de bhearta arb é is aidhm dóibh sláine na dtoghchán agus díospóireacht dhaonlathach oscailte a chosaint.Credit: Adobe Stock | anko_ter
Ní féidir leis an daonlathas feidhmiú ach amháin nuair a bhíonn rochtain éasca ag saoránaigh ar eolas atá saor in aisce agus ar ardchaighdeán. Sin an fáth a bhfuil saoirse agus iolrachas na meán ríthábhachtach le go bhfeidhmeoidh an córas daonlathach mar is ceart, agus is réimse tosaíochta iad sa phlean gníomhaíochta um an daonlathas Eorpach.I mí na Nollag 2021, d’fhógair an Coimisiún clár nua ‘An Eoraip Dhomhanda: Cearta an Duine agus an Daonlathas’, ar fiú €1.5 billiún é, chun dlús a chur le tacaíocht ón Aontas chun cearta an duine, saoirsí bunúsacha, an daonlathas, an smacht reachta agus obair eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cosantóirí chearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain go dtí 2027.
Tá an Coimisiún ag tacú go gníomhach le meáin neamhspleácha agus le sochaí shibhialta na hÚcráine, mar chuid den chabhair dhaonnúil dar luach €700 milliún a tugadh don Úcráin. Tá sochaí shibhialta na hEorpa ag cur dlús freisin le tacaíocht a thabhairt d’iriseoirí ón Úcráin.Credit: Adobe Stock | daniilvolkov
Na scéalta seo agaibhseBhog Nadia Dobrianska ó Chív go Corcaigh tar éis do theaghlach Éireannach a rá go n-óstálfadh sé í féin agus a teaghlach. Tá Nadia ag doiciméadú sáruithe ar chearta an duine agus coireanna cogaidh ag arm na Rúise. Chomh maith leis sin, seinneann sí an fheadóg mhór agus canann sí amhráin thraidisiúnta na hÉireann. Credit: John Allen
Na scéalta seo agaibhseTá iriseoirí cróga ag cur a mbeatha i mbaol agus tionchar daonna an chogaidh san Úcráin á chlúdach acu. Ní raibh Frederic Leclerc-Imhoff, fear ón bhFrainc, ach 32 nuair a fuair sé bás in ionsaí Rúiseach ar chonbhua daonnúil san Úcráin.Credit: BERTRAND GUAY/AFP via Getty Images