Céannacht Dhigiteach do mhuintir uile na hEorpaTiachóg dhigiteach phearsanta do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do chónaitheoirí an Aontais Is é Tiachóg na Céannachta Digití (eID) ón Aontas freagra na hEorpa ar na dúshláin a bhaineann le céannacht a chruthú. Cuirfidh sé ar chumas úsáideoirí rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha ar líne agus as líne, doiciméid dhigiteacha a stóráil agus a chomhroinnt, agus sínithe ceangailteacha a chruthú.Cuirfidh na Ballstáit tiachóga ar fáil do gach saoránach, gach cónaitheoir agus gach gnólacht faoi dheireadh 2026. Buntáistí Baineann go leor buntáistí le Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí, cuir i gcásrochtain níos éasca ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha do shaoránaighdéantar sonraí pearsanta a chosaint toisc nach gcomhroinneann úsáideoirí ach an méid is gácibearshlándáil fheabhsaithe a bhuí le caighdeáin láidre slándálacosc níos fearr ar chalaois don riarachán poiblí agus do ghnólachtaíníos lú riaracháin agus costas níos ísle ar fhíordheimhniú custaiméara do ghnólachtaíis féidir le gach duine seirbhísí digiteacha a úsáid a bhuí le rochtain leictreonach shlán Cén fáth a bhfuil gá leis? Tá seirbhísí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach á dtairiscint níos mó agus níos mó ar líne, rud a chruthaíonn gá méadaitheach le fíordheimhniú digiteach slán. An tráth céanna, tá bagairtí ar phríobháideachas digiteach tagtha chun solais, agus tá daoine ag éirí níos buartha faoi phróifíliú agus faireachas.Is é Creat an Aontais um Chéannacht Dhigiteach an freagra. Tá sé bunaithe ar an bprionsabal gur cheart go mbeadh smacht ag gach duine ar a gcuid céannachta digití i gcónaí. Is iad Tiachóga na Céannachta Digití ón Aontas an chaoi chun an sprioc sin a bhaint amach.Ba cheart do shaoránaigh a bheith in ann a gcuid céannachta digití a thabhairt leo ar fud an Aontais, iad ag gluaiseacht go rianúil thar theorainneacha gan smacht ar a gcuid sonraí a chailleadh riamh, sin agus príobháideachas agus slándáil a bheith i gcroílár an tionscadail. Príomhphrionsabail Aon saoránach, cónaitheoir nó gnólacht den Aontas ar mian leis í a úsáid, beidh fáil aige uirthiIs féidir í a úsáid go forleathan chun céannacht a chruthú nó chun tréithe pearsanta áirithe a dheimhniú agus rochtain á fáil ar sheirbhísí digiteacha ar fud an AontaisTabharfaidh sí smacht iomlán d’úsáideoirí maidir leis an méid atá le comhroinnt acu a roghnú, agus súil a choinneáil air Úsáid phraiticiúil Cuireann an tiachóg ar do chumas an méid seo a leanas a dhéanamh:FíordheimhnighDo chuid céannachta a chruthú le níos mó seirbhísí agus do phríobháideachas a chosaint ag an am céanna.StóráilDoiciméid éagsúla a stóráil go slán i do thiachóg, ó thicéad traenach go dioplóma ollscoile.ComhroinnDoiciméid atá stóráilte a chomhroinnt ó do thiachóg. Mar shampla, cóip de do chuid dintiúr a thabhairt d’fhostóir féideartha.SínighRíomhshínithe atá ceangailteach ó thaobh dlí a dhéanamh go tapa agus go héasca le do thiachóg. Samplaí praiticiúla den chaoi ar féidir an tiachóg a úsáidBeidh tú in ann na gnéithe sin a úsáid in go leor cásanna laethúla, cuir i gcás: rochtain a fháil ar sheirbhísí rialtais, cuir i gcás iarratas a dhéanamh ar phas nó ar cheadúnas tiomána, cánacha a chomhdú, nó rochtain a fháil ar eolas slándála sóisialta.cuntas bainc a oscailt: Do chuid céannachta a chruthú ar líne gan do shonraí pearsanta a athlíonadh isteach.SIM a chlárú: Do chuid céannacht a chruthú agus cárta SIM á fháil agat, rud a laghdóidh calaois agus costais d’oibreoirí líonraí móibíleacha.ceadúnas tiomána móibíleach: Do cheadúnas tiomána digiteach a stóráil agus a thaispeáint ar líne agus i bpearsa araon.conarthaí a shíniú: Doiciméid a shíniú ar líne, gan gá le doiciméid pháipéir agus sínithe fisiciúla.oidis a éileamh: Sonraí oideas a chomhroinnt le cógaslann chun do chógas a fháil.Ag taisteal: Eolas a chur i láthair ó dhoiciméid taistil (e.g. pas, víosa), rud a fhágann gur féidir do bhealach a dhéanamh trí shlándáil aerfort agus trí chustaim níos tapúla.céannachtaí dhigiteacha eagraíochtúla: A chruthú gur ionadaí dlisteanach eagraíochta nó cuideachta thú.íocaíochtaí: Do chuid céannachta a dheimhniú agus íocaíochtaí ar líne á ndéanamh agat.teastais oideachasúla: Do chuid dioplómaí, céimeanna agus teastais a thaispeáint agus tú ag cur isteach ar phoist nó ar bhreisoideachas.rochtain a fháil ar shochair slándála sóisialta: Rochtain shlán a fháil ar do chuid eolais agus ar do shochair slándála sóisialta, agus doiciméid amhail an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a stóráil. Úsáid a bhaint as an gCéannacht Dhigiteach ón Aontas: iarratas a dhéanamh ar iasacht ón mbancPróiseas a mbíonn céimeanna éagsúla i gceist leis de ghnáth is ea iarratas a dhéanamh ar iasacht ón mbanc, ó choinní a shocrú agus bualadh le hionadaí ón mbanc go dtí na doiciméid pháipéir ar fad a bhailiú agus a shíniú – agus é sin uilig a dhéanamh arís má tá aon rud ar iarraidh. Trí úsáid a bhaint as an gCéannacht Dhigiteach ón Aontas, ní bheidh le déanamh ag an úsáideoir ach na doiciméid riachtanacha a stóráiltear go háitiúil ina thiachóg dhigiteach a roghnú chun freagra a thabhairt ar iarratas an bhainc. Cruthóidh sé sin doiciméid dhigiteacha infhíoraithe a sheolfar ar bhealach slán chuig an mbanc lena bhfíorú, agus ansin beidh an banc in ann leanúint leis an bpróiseas iarratais. An saol a éascú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí Na seirbhísí aitheantais agus iontaoibhe seo a leanas, baineann éifeacht dhlíthiúil leo ar fud an Aontais agus is féidir iad a úsáid a bhuí leis an gcreat iontaoibhe a cruthaíodh le Rialachán eIDAS. Is príomhuirlisí iad chun iontaoibhe agus slándáil a chumasú sa Mhargadh Aonair Digiteach. Déanfar roinnt seirbhísí, cuir i gcás ríomhShínithe, a chomhtháthú sa tiachóg chun go mbeifear in ann iad a úsáid. SaoránaighGnólachtaí ríomhShíniúLéiriú i bhformáid leictreonach go nglacann duine leis an ábhar atá i ndoiciméad. Comhtháthófar an fheidhm sin leis an tiachóg.Cuideoidh sé liom doiciméid dhlíthiúla a shíniú agus iad a sheoladh trí ríomhphost gan aon rud a chló ar pháipéarLaghdóidh sé costais agus am trí phróisis chuíchóirithe agus cuideoidh sé chun nósanna imeachta gnólachtaí a dhéanamh nuálach ríomhStampa AmaFianaise leictreonach go raibh ann do thacar sonraí ag am ar leithTabharfaidh sé fianaise dom gur cheannaigh mé mo thicéid cheolchoirmeCuirfidh sé le rianú doiciméad agus bainfear cuntasacht níos fearr amach a bhuí leis eIDBealach chun go mbeidh gnólachtaí agus tomhaltóirí in ann a gcuid céannachta a chruthú go leictreonachCuirfidh sé ar mo chumas dom cuntas bainc a oscailt i dtír eile le m’aitheantas náisiúntaMéadóidh sé mo bhonn custaiméirí, sábhálfaidh sé costais agus am, agus cothóidh sé muinín in idirbhearta trasteorann Deimhniú Cáilithe Barántúlachta GréasáinDeimhin a dhéanamh de go bhfuil suíomhanna gréasáin iontaofa agus gur féidir brath orthuCuirfidh sé ar an eolas mé go bhfuil na suíomhanna gréasáin agus na haipeanna is maith liom a úsáid iontaofa sábháilteMéadóidh sé muinín an tomhaltóra agus cuideoidh sé chun fioscaireacht a sheachaint, rud a chosnóidh cáil mo ghnólachta ríomhShéalaDearbhú a thabhairt maidir le bunús agus sláine doiciméidDearbhóidh sé gur fíorthicéid iad na ticéid don chluiche, nach cinn bhréige iadLaghdóidh sé costais agus am trí phróisis chuíchóirithe agus cothóidh sé iontaoibh maidir le bunús an doiciméid Ríomhsheirbhís Seachadta ChláraitheCuireann sí cosaint ar fáil maidir leis an mbaol caillteanais, gada, damáiste nó athruithe nuair atá doiciméid á seoladhCinnteoidh sé go seachadfar an bronntanas do bhreithlá mo mhic go sábháilteLaghdóidh sé an t-am agus na costais a bhaineann le doiciméid a mhalartú, méadóidh sé éifeachtúlacht agus iontaoibhe agus cuirfidh sé feabhas ar an gcaoi le doiciméid a rianú Sonraíochtaí teicniúla Beidh ar gach Ballstát tiachóg EUDI amháin ar a laghad a chur ar fáil dá shaoránaigh. Chun a chinntiú go mbeidh an tiachóg inúsáidte i ngach áit san Aontas, ní mór do gach tír na caighdeáin agus na sonraíochtaí céanna a leanúint. Ar an gcaoi sin, cinntítear idir-inoibritheacht. Na rialacha maidir le córas Thiachóga na Céannachta Digití ón Aontas, leagtar amach iad sa Chreat Ailtireachta agus Tagartha (ARF). Sonraítear iontu caighdeáin, prótacail agus formáidí na malartuithe eolais idir eisitheoirí, tiachóga agus soláthraithe seirbhíse.Cuidíonn Cur Chun Feidhme Tagartha Thiachóg na Céannachta Digití ón Aontas le tíortha agus le páirtithe leasmhara an Aontais a dtiachóga féin a fhorbairt. Is éard atá ann leabharlanna cód foinse oscailte, comhpháirteanna modúlacha, agus feidhmchlár tagartha lánfheidhmiúil bunaithe ar ARF.Faigh tuilleadh eolais faoi shonraíochtaí teicniúla Tionscadail phíolótacha ar mhórscála Le tionscadail phíolótacha ar mhórscála, tá tástáil á déanamh ar an gcaoi a bhfeidhmíonn Tiachóga na Céannachta Digití ón Aontas i raon leathan cásanna, sula seoltar ar fud an Aontais í. Tá páirt á glacadh ag os cionn 350 cuideachta agus údarás poiblí i 26 Bhallstát agus san Iorua, san Íoslainn agus san Úcráin iontu. Cuireadh tús leis an gcéad ghrúpa de thionscadail phíolótacha an 1 Aibreán 2023. Cuirfear tús leis an dara céim níos déanaí in 2025. Doiciméid Ar an leathanach seo gheobhaidh tú doiciméid a bhaineann leis an gCéannacht Dhigiteach Eorpach.
Tá seirbhísí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach á dtairiscint níos mó agus níos mó ar líne, rud a chruthaíonn gá méadaitheach le fíordheimhniú digiteach slán. An tráth céanna, tá bagairtí ar phríobháideachas digiteach tagtha chun solais, agus tá daoine ag éirí níos buartha faoi phróifíliú agus faireachas.Is é Creat an Aontais um Chéannacht Dhigiteach an freagra. Tá sé bunaithe ar an bprionsabal gur cheart go mbeadh smacht ag gach duine ar a gcuid céannachta digití i gcónaí. Is iad Tiachóga na Céannachta Digití ón Aontas an chaoi chun an sprioc sin a bhaint amach.Ba cheart do shaoránaigh a bheith in ann a gcuid céannachta digití a thabhairt leo ar fud an Aontais, iad ag gluaiseacht go rianúil thar theorainneacha gan smacht ar a gcuid sonraí a chailleadh riamh, sin agus príobháideachas agus slándáil a bheith i gcroílár an tionscadail.