Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Tuarascáil 2024 maidir leis an Smacht Reachta

Le Tuarascáil 2024 maidir leis an Smacht Reachta, déantar monatóireacht ar fhorbairtí suntasacha a bhaineann leis an smacht reachta sna Ballstáit uile.

Cumarsáid agus caibidlí na dtíortha

I dTuarascáil 2024 maidir leis an Smacht Reachta, déantar scrúdú ar fhorbairtí ar fud na mBallstát uile, bíodh siad dearfach nó diúltach, i gceithre phríomhréimse i dtaca leis an smacht reachta: an córas ceartais, an creat frithéillithe, iolrachas na meán agus saoirse na meán agus saincheisteanna institiúideacha eile a bhaineann le srianta agus ceartúcháin. Áirítear ann caibidlí na dtíortha do na 27 mBallstát, a bhraitheann ar mheasúnú cáilíochtúil ón gCoimisiún, anailís ar fhorbairtí nua ó foilsíodh an Tuarascáil roimhe seo agus an obair leantach ar na dúshláin agus ar na forbairtí a sainaithníodh i dTuarascáil 2023.   

Ó 2022 i leith, áirítear sa Tuarascáil moltaí nithiúla do na Ballstáit uile. Dá bhrí sin, mar chuid den anailís i dTuarascáil 2024, áirítear freisin measúnú cáilíochtúil ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit i dtreo mholtaí 2023 a chur i bhfeidhm. Cuireann moltaí 2024 le moltaí na bliana seo caite, ag brath ar an dul chun cinn atá déanta, nó tugann siad aghaidh ar dhúshláin nua. Is é is aidhm do na moltaí tuilleadh cúnaimh a thabhairt do na Ballstáit chun a gcuid iarrachtaí athchóirithe leanúnacha a thabhairt chun cinn agus cabhrú leo na réimsí a bhfuil gá le feabhsuithe a shainaithint. 

D’ullmhaigh an Coimisiún an Tuarascáil seo bunaithe ar idirphlé leanúnach leis na húdaráis náisiúnta agus i gcomhairle le páirtithe leasmhara ar fud an Aontais, agus an fhreagracht pholaitiúil as a mheasúnú agus na moltaí a eisíodh á caomhnú aige an tráth céanna. Déanfar obair leantach sa chéad eagrán eile ar na forbairtí agus leanfar de mheasúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na moltaí atá ann.  

Den chéad uair, áirítear i dTuarascáil 2024 freisin caibidlí tíortha maidir le ceithre thír an mhéadaithe (an Albáin, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia). Toisc go bhfuil na tíortha sin san áireamh sa Tuarascáil, tacófar le hiarrachtaí athchóirithe na dtíortha sin chun dul chun cinn dochúlaithe a bhaint amach maidir leis an daonlathas agus an smacht reachta, roimh an aontachas, agus chun ardchaighdeáin bhuana a ráthú tar éis an aontachais.   

Dearbhaíodh tuilleadh sna treoirlínte polaitiúla don Choimisiún Eorpach 2024-2029 go bhfuil an smacht reachta i gcroílár Aontas Eorpach rathúil. Is í an Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta a leanfaidh de bheith ar thús cadhnaíochta san obair sin. Áireofar leis sin tuairisciú a leathnú chun glacadh le príomh-shaincheisteanna, cuir i gcás gné an Mhargaidh Aonair agus nasc níos dlúithe a thógáil idir an Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta agus na moltaí a chuimsítear ann, agus maoiniú faoi bhuiséad an Aontais. 

Tuarascáil 2024 maidir leis an Smacht Reachta – Cumarsáid agus caibidlí na dtíortha

Modheolaíocht

Ullmhaíodh an measúnú atá i gcaibidlí na dtíortha i gcomhréir leis an modheolaíocht a tugadh cothrom le dáta go deireanach in 2022, tar éis plé a dhéanamh leis na Ballstáit, d’fhonn na moltaí a cuireadh san áireamh sa Tuarascáil a léiriú freisin. Níl sé i gceist le caibidlí na dtíortha cur síos uilechuimsitheach a dhéanamh ar na saincheisteanna go léir a bhaineann leis an smacht reatha i ngach tír aonair, ach is é atá i gceist forbairtí suntasacha a chur i láthair. Tagraíonn an measúnú do cheanglais dhlí an Aontais, agus na ceanglais sin a tháinig ó chásdlí CBAE san áireamh. Sa bhreis air sin, is úsáideach an creat tagartha iad na moltaí agus na tuairimí ó Chomhairle na hEorpa, sin creat tagartha do chaighdeáin ábhartha agus do na cleachtais is fearr. 

 
Is a bhuí le dlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta a tháinig ann don Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta agus braitheann sí ar roinnt foinsí éagsúla. Iarradh ar na Ballstáit agus ar thíortha an mhéadaithe uile rannchuidiú leis an bpróiseas, ionchur i scríbhinn a chur ar fáil agus páirt a ghlacadh i gcuairteanna tíre tiomnaithe a tionóladh idir mí Eanáir agus mí an Mhárta 2024. I gcás na gcuairteanna tíre sin, d’eagraigh an Coimisiún níos mó ná 640 cruinniú le húdaráis náisiúnta, comhlachtaí neamhspleácha agus páirtithe leasmhara, eagraíochtaí na sochaí sibhialta ina measc (tá sceideal mionsonraithe na gcuairteanna tíre le fáil i roinn na nDoiciméad thíos). Ina theannta sin, phléigh an Coimisiún an Tuarascáil ar an leibhéal polaitiúil le húdaráis náisiúnta agus le rialtais, chomh maith le hionadaithe sna Parlaimintí náisiúnta. Sular glacadh an Tuarascáil seo, tugadh deis do na Ballstáit faisnéis fhíorasach nua cothrom le dáta a sholáthar le haghaidh a gcaibidle tíre. 

 
An líonra de phointí teagmhála náisiúnta maidir leis an smacht reachta ar bunaíodh é in 2020 chun cuidiú leis an sásra a chur ar bun, is cainéal cumarsáide leis na Ballstáit é fós chun an Tuarascáil a ullmhú agus na cleachtais is fearr a chomhroinnt. Ó 2024 i leith, beidh ceithre thír an mhéadaithe rannpháirteach mar bhreathnóirí ar an líonra sin freisin.  

Tuarascáil 2024 maidir leis an Smacht Reachta – Modheolaíocht

Ionchur ó na Ballstáit agus ó thíortha an mhéadaithe

Iarradh ar gach Ballstát eolas a sholáthar faoi fhorbairtí suntasacha, go háirithe ó glacadh Tuarascáil 2023 maidir leis an Smacht Reachta, agus an t-eolas sin bunaithe ar cheistneoir nuashonraithe a pléadh leis na Ballstáit. Tá an t-ionchur bunaithe ar cheithre cholún atá cumhdaithe sa Tuarascáil - an córas ceartais, an creat frithéillithe, iolrachas na meán agus saincheisteanna institiúideacha eile a bhaineann le srianta agus ceartúcháin - agus soláthraíodh i dteimpléad comhaontaithe é. I ngeall ar an gcomhroinnt eolais le linn na gcuairteanna tíre agus sonraí ábhartha a fuarthas ó pháirtithe leasmhara eile, cuireadh leis an ionchur i scríbhinn a rinne na Ballstáit. Sholáthair tíortha an mhéadaithe nuashonruithe i scríbhinn freisin, rud a chomhlánaíonn an t-eolas a soláthraíodh i gcomhthéacs phróiseas an mhéadaithe. 

Tuarascáil 2024 maidir leis an Smacht Reachta – ionchur ó na Ballstáit agus ó thíortha an mhéadaithe 

Comhairliúchán spriocdhírithe le páirtithe leasmhara

Mar chuid den ullmhúchán do Thuarascáil 2024 maidir leis an Smacht Reachta, d’iarr an Coimisiún Eorpach ar pháirtithe leasmhara aighneachtaí i scríbhinn a chur ar fáil trí chomhairliúchán spriocdhírithe le páirtithe leasmhara ón 7 Samhain 2023 go dtí an 14 Eanáir 2024. A bhuí leis an gcomhairliúchán, fuarthas timpeall 250 aighneacht chothrománach agus thír-shonrach ó réimse leathan rannpháirtithe, gníomhaíochtaí de chuid an Aontais, líonraí Eorpacha, eagraíochtaí sochaí sibhialta náisiúnta agus Eorpacha agus comhlachais ghairmiúla ina measc, mar aon le gníomhaithe idirnáisiúnta agus Eorpacha. Ina theannta sin, sholáthair Comhairle na hEorpa forbhreathnú ar na tuairimí agus na tuarascálacha a d’eisigh sí le déanaí. An t-eolas a fuarthas tríd an gcomhairliúchán sin, chuir sé torthaí fíorasacha maidir le forbairtí ar an leibhéal náisiúnta ar fáil do mheasúnú an Choimisiúin. 

Tuarascáil 2024 maidir leis an Smacht Reachta – comhairliúchán spriocdhírithe le páirtithe leasmhara

Rannán na ndoiciméad

  • 10 EANÁIR 2024
Country Visit schedule 2024
  • 24 IÚIL 2024
2024 Rule of law report - methodology
  • 24 IÚIL 2024
The EU’s rule of law toolbox – factsheet 2024
  • 24 IÚIL 2024
The annual Rule of Law cycle – factsheet 2024