
Tá thart ar 17 milliún duine ina gcónaí ar 4,000 oileán ar fud an Aontais, agus tá 95 mhilliún duine ina gcónaí ar chóstaí an Aontais ar fud 22 Bhallstát, is é sin an cúigiú cuid de dhaonra an Aontais. Is sócmhainní ríthábhachtacha iad an dá phobal dár ngeilleagar ach tá roinnt dúshlán rompu, mar atá: an t-athrú aeráide, inbhuanaitheacht agus fás eacnamaíoch, agus an róthurasóireacht, i measc dúshláin eile. Tá na chéad straitéisí saincheaptha riamh curtha i láthair ag an gCoimisiún Eorpach chun tacú leis an dá chineál críche agus chun leas a bhaint as a n-acmhainneacht.
Oileáin
Tá réaltachtaí agus dúshláin uathúla le sárú ag formhór oileáin an Aontais, cuir i gcás leithlisiú geografach, nascacht theoranta, costais arda iompair, margaí beaga agus meath déimeagrafach.
Chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, moltar sa straitéis an méid seo a leanas a dhéanamh:
- borradh a chur faoin bhfiontraíocht, geilleagair áitiúla, turasóireacht inbhuanaithe agus digitiú a éagsúlú, agus dul i ngleic le bearnaí nascachta
- dlús a chur leis an dícharbónú, fuinneamh in-athnuaite, oiriúnú don athrú aeráide, agus cosaint na bithéagsúlachta
- eirbhísí poiblí, cúram sláinte, tithíocht, oideachas agus cuimsiú sóisialta a neartú chun an bánú a aisiompú agus chun daoine óga a choinneáil
- athléimneacht a threisiú in aghaidh tubaistí nádúrtha a bhaineann leis an ngéarchéim aeráide, rioscaí muirí agus bagairtí eile atá ag teacht chun cinn.
Mar chuid den straitéis, cuirtear idirphlé rialta chun cinn idir institiúidí an Aontais agus ionadaithe ar mhaithe le leasanna na n-oileán.
Pobail chósta
Tá pobail chósta na hEorpa ar thúslíne an athraithe aeráide, chailliúint na bithéagsúlachta muirí agus cósta, agus an truaillithe mhuirí. Tá brú breise orthu freisin, cuir i gcás turasóireacht mhíchothrom, ganntanas tithíochta inacmhainne, séasúracht na gníomhaíochta eacnamaíche agus deiseanna fostaíochta teoranta.
Chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, dírítear leis an straitéis ar thrí thosaíocht, is iad sin:
- an rathúnas: geilleagar gorm dinimiciúil iomaíoch éagsúlaithe a chur chun cinn, nuálaíocht agus samhlacha nua gnó a chothú, agus deiseanna fostaíochta ar ardchaighdeán a chruthú
- an athléimneacht: feabhas a chur ar inoiriúnaitheacht don athrú aeráide agus do dhúshláin chomhshaoil, eacnamaíocha, shóisialta agus slándála níos leithne, mar shampla, tríd an tionscnamh OceanEye
- an mharthanacht: áiteanna beoga cuimsitheacha tarraingteacha a chur chun cinn inar féidir le daoine de gach aois rath a bheith orthu, agus an cultúr muirí, an oidhreacht agus an fhéiniúlacht áitiúil á gcosaint ag an am céanna.
Leagtar béim sa straitéis ar réitigh shaincheaptha faoi stiúir áitiúil, lena n-aithnítear riachtanais éagsúla na bpobal cósta; ó shráidbhailte iascaireachta iargúlta go cathracha móra calafoirt.
Oibríonn an dá straitéis i gcomhar le chéile, treisíonn siad a chéile chun aghaidh a thabhairt ar bhrú comhroinnte, agus ag an am céanna, is freagairt iad ar réaltachtaí uathúla na n-oileán agus na bpobal cósta araon.
Tuilleadh eolais
- Dáta foilsithe
- 10 Meitheamh 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide