
Clúdaíonn an t-aigéan 70% de dhromchla an domhain ach níl taiscéalaíocht ná mapáil déanta againn ach ar 5% de. Dá mhéad eolais atá againn faoin aigéan, is amhlaidh is fearr is féidir linn é a chosaint.
Chun feabhas a chur ar an gcaoi a ndéanaimid monatóireacht ar an aigéan agus an tuiscint atá againn air, tá OceanEye glactha ag an gCoimisiún. Tríd an tionscnamh nua seo, tá sé d’aidhm ag an Aontas 35% den chóras domhanda um fhaire na n-aigéan a chur ar fáil faoi 2035 agus é féin a chur ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain maidir le faisnéis faoin aigéan.
Beidh an méid seo a leanas ar phríomhghníomhaíochtaí an Aontais faoin tionscnamh seo:
- an córas digiteach Eorpach um an aigéan a thabhairt isteach, pointe iontrála aonair le haghaidh sonraí faoin aigéan agus eolas muirí
- comhghuaillíocht idirnáisiúnta nua a sheoladh chun infheistíocht a shlógadh don Chóras Domhanda um Fhaire na nAigéan (GOOS)
- a chinntiú go mbeidh European Digital Twin Ocean lánoibríochtúil ann faoi 2030, is é sin macasamhail fhíorúil den aigéan, rud a bheidh ar fáil mar sheirbhís phoiblí do mhuintir na hEorpa agus don domhan mór
- féachaint ar bhealaí cruthaitheacha chun daoine a nascadh leis an aigéan ar dhóigh níos fearr, ina measc sin trí shuiteáin phoiblí, taispeántais mhúsaeim, agus comhshaothair ealaíontóirí agus dearthóirí
Chun tacú leis na hiarrachtaí sin, infheisteoidh an Coimisiún €62 mhilliún faoin gclár Fís Eorpach chun cur le rannchuidiú an Aontais le GOOS agus le córais dhomhanda sonraí aigéin. Cuirfear €30 milliún breise ar fáil chun tacú le nuálaíochtaí i dteicneolaíochtaí fairthe na n-aigéan.
Is gné thábhachtach é OceanEye den Chomhshocrú Eorpach um an Aigéan, príomhstraitéis an Aontais chun an t-aigéan a chosaint ar bhealach níos fearr, geilleagar gorm rathúil a chinntiú, agus tacú le folláine daoine i bpobail chósta.
Tuilleadh eolais
- Dáta foilsithe
- 3 Meitheamh 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide