
Tuilleann na mná san Aontas Eorpach níos lú ná na fir go fóill – is é 13% an mheánbhearna phá idir na hinscní san Aontas. Fágann sé sin nach dtuillfidh bean ach €0.87 in aghaidh gach €1 a thuilleann fear.
An dáta a bhíonn Lá Pá Chomhionann ann, is dáta é a léiríonn an líon breise laethanta a chaithfidh na mná a bheith ag obair go dtí deireadh na bliana chun an méid céanna a thuilleadh agus a thuill na fir sa bhliain chéanna. I mbliana is é an 15 Samhain an dáta. Is meabhrúchán dúinn é leanúint lenár n-iarrachtaí an bhearna phá idir na hinscní a dhúnadh.
Roimh an lá siombalach sin, chuir Věra Jourová, an Leas-Uachtarán um Luachanna agus um Thrédhearcacht, agus Helena Dalli, an Coimisinéir um Chomhionannas, i gcuimhne dúinn go raibh pá comhionann as an obair chéanna nó as obair ar comhionann a luach ar cheann de phrionsabail bhunaidh an Aontais. Leagadh síos é beagnach 70 bliain ó shin agus níor baineadh an méid sin amach go fóill. I mbliana, bhí dul chun cinn mall ann maidir leis an mbearna phá idir na hinscní a dhúnadh – meabhrúchán go mbíonn mná agus fir thíos le steiréitíopaí inscne i ngach réimse den saol. ‘Níor cheart do chuideachta ar bith níos lú airgid a thabhairt do mhná más ionann na scileanna, na hiarrachtaí, an fhreagracht agus na dálaí oibre atá acu agus atá ag a gcomhghleacaithe ar fir iad’, a dúirt siad.
Tá céimeanna tábhachtacha déanta ag an gCoimisiún Eorpach chun comhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn san Aontas leis an Straitéis maidir le Comhionannas Inscne. Seo a leanas an méid a glacadh leis an Straitéis go dtí seo:
- reachtaíocht nua maidir le cothromaíocht oibre is saoil agus cothromaíocht inscne ar bhoird chorparáideacha
- an Treoir maidir le Trédhearcacht Pá lena gceadaítear d’oibrithe a gceart chun pá chomhionainn a fhorfheidhmiú agus lena bhfeabhsaítear rochtain ar cheartas dóibh siúd a ndearnadh idirdhealú pá orthu.
Ina theannta sin, sheol an Coimisiún feachtas chun dul i ngleic le steiréitíopaí inscne agus aird á tabhairt ar steiréitíopaí inscne i roghanna gairme, i réimse an chúraim agus sa chinnteoireacht.
Tá an comhionannas inscne fós ar cheann de phríomhthosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin seo.
Tuilleadh eolais
Ráiteas: Is é 13% an bhearna phá idir na hinscní san Aontas fós ar Lá Pá Chomhionainn
Staid reatha na bearna pá idir na hinscní san Aontas
Bileog eolais: Tacú le comhionannas inscne san Aontas agus níos faide i gcéin
Reachtaíocht an Aontais maidir le saoirí teaghlaigh agus cothromaíocht oibre is saoil
An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne – Innéacs Comhionannais Inscne
Staidéar Eurostat ar bhearnaí pá idir na hinscní san Aontas Eorpach
- Dáta foilsithe
- 15 Samhain 2023
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide