
Deimhnítear i suirbhé nua uile-Aontais an tionchar suntasach atá ag an iomarca am scáileáin agus na meáin shóisialta ar mheabhairshláinte agus ar shláinte fhisiciúil daoine óga. Foilsítear an suirbhé i gcomhthráth le cruinniú deiridh an phainéil speisialta maidir le sábháilteacht leanaí ar líne. Chuir an painéal comhairle ar Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh i dtaca le conas cosaint mionaoiseach ar líne a neartú a thuilleadh. Phléigh siad na ceachtanna a foghlaimíodh, dea-chleachtais, agus príomhábhair, cuir i gcás cúramóirí a chumhachtú chun folláine a leanaí ar líne a chinntiú. An 13 Iúil 2026 cuirfidh comhchathaoirligh an phainéil a moltaí deiridh faoi bhráid an Uachtaráin.
Tionchar scáileán agus na meán sóisialta ar shláinte déagóirí
Léiríodh sa suirbhé go gcaitheann daoine óga san Aontas ar an meán 4.5 uair an chloig ar líne ar laethanta scoile agus níos mó ná 6 uair an chloig ag an deireadh seachtaine. Léiríonn na torthaí an nasc láidir idir an aois ag a dtosaíonn daoine óga ag úsáid na meán sóisialta agus an t-am iomlán a chaitear ar scáileáin.
Na príomhthorthaí
- tuairiscíonn 9 as 10 ndéagóir siomptóm diúltach amháin ar a laghad a bhaineann le húsáid scáileáin, cuir i gcás súile tuirsiúla, tinneas cinn, fadhbanna comhdhírithe, nó a bheith ag ithe níos míshláintiúla
- tuairiscíonn beagnach déagóir amháin as gach triúr go mbraitheann siad go bhfuil siad faoi strus, brónach nó eisiata go sóisialta mar gheall ar na meáin shóisialta
- cuireann 45 % de dhéagóirí iad féin i gcomparáid le daoine eile ar na meáin shóisialta
- tháinig thart ar 25% de dhéagóirí ar ábhar achrannach ar líne, fuathchaint san áireamh
- iarrann 40% de dhéagóirí rochtain níos fearr ar thacaíocht mheabhairshláinte
- deir níos mó ná 50% de thuismitheoirí go mbíonn tionchar diúltach ag scáileáin ar shaol daoine óga, agus mothaíonn 36% díobh go ndéanann na meáin shóisialta dochar d’fholláine mheabhrach a linbh
- tacaíonn 54% de thuismitheoirí le teorainneacha aoise breise nó le srianta ar úsáid na meán sóisialta
Gníomhaíocht an Aontais maidir le sábháilteacht leanaí ar líne a neartú
In 2026 chuir an tUachtarán von der Leyen painéal speisialta saineolaithe ar bun le cuidiú chun cur chuige Eorpach láidir praiticiúil a fhorbairt i leith leanaí a choinneáil sábháilteacht ar líne. Thug an painéal le chéile ionadaithe óige agus speisialtóirí ó réimsí éagsúla, mar atá an tsláinte, an néareolaíocht, an tsíceolaíocht, an ríomheolaíocht, cearta leanaí agus an litearthacht dhigiteach, ó gach cearn den Aontas. Rinne siad iniúchadh ar phríomh-shaincheisteanna a bhaineann le sábháilteacht leanaí ar líne, amhail na rioscaí agus na tairbhí a bhaineann le húsáid na meán sóisialta agus na bearta atá ann cheana chun mionaoisigh a chosaint san Aontas agus ar fud an domhain, sin agus an chaoi a bhféadfaí iad a neartú.
Is príomhthosaíochtaí de chuid an Choimisiúin iad mionaoisigh a chosaint ar líne agus tacú lena meabhairshláinte. Cé go bhfuil creat rialála láidir i bhfeidhm ag an Aontas cheana féin chun leanaí a chosaint ar líne, tá dlús á chur aige lena iarrachtaí mar fhreagairt ar rioscaí agus ábhair imní ar líne atá ag dul i méid maidir le tionchar na n-ardán digiteach ar shábháilteacht, ar mheabhairshláinte agus ar fholláine mionaoiseach.
Tuilleadh eolais
Painéal speisialta maidir le sábháilteacht leanaí ar líne
An chéad chruinniú den phainéal speisialta maidir le sábháilteacht leanaí ar líne
An dara cruinniú den phainéal speisialta maidir le sábháilteacht leanaí ar líne
Daoine óga a chosaint agus a chumhachtú ar líne
Cliceanna sábháilte: Treoir phraiticiúil maidir le sábháilteacht ar líne
- Dáta foilsithe
- 16 Meitheamh 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide