Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Nós imeachta dámhachtana agus síniú conartha

Déantar grinnscrúdú ar gach tionscadal sula dtugtar maoiniú lena aghaidh.

Tograí/tairiscintí a thíolacadh, a fháil agus a chlárú

Tar éis glao ar thograí (deontais) nó glao ar thairiscintí (soláthar), féadfaidh na hiarratasóirí/tairgeoirí a dtograí/a dtairiscintí a sheoladh isteach.

Is ceart dóibh cloí leis na socruithe atá sonraithe sa ghlao maidir le tograí nó tairiscintí a sheoladh agus a thabhairt ar láimh, an sprioc, cuir i gcás, an dáta agus an t-am freisin, b’fhéidir. Ní dhéanfar meastóireacht ach ar aighneachtaí a chomhlíonann na forálacha sin.

An próiseas meastóireachta

Is é an t-údarás conarthach a dhéanann meastóireacht ar na tograí/tairiscintí a fhaightear, déanann sé cinneadh bronnta agus cuireann sé na hiarratasóirí/tairgeoirí ar an eolas.

Bíonn an Coimisiún ag brath ar shaineolaithe chun na tograí/tairiscintí a mheas. Uaireanta is baill foirne den Choimisiún na saineolaithe, uaireanta eile is saineolaithe neamhspleácha iad a earcaíodh chun plé le glao ar leith, toisc na scileanna, na taithí agus an eolais atá acu.

Bíonn eintitis éagsúla freagrach as meastóireacht a dhéanamh ar an tionscadal ag brath ar mhodh bainistíochta an tionscadail:

  • bainistíocht dhíreach: is é an Coimisiún a dhéanann meastóireacht ar na tograí/tairiscintí go díreach
  • bainistíocht indíreach: déanann tríú páirtí, a d’fhéadfadh a bheith ina thír chomhpháirtíochta, ina eagraíocht idirnáisiúnta nó ina ghníomhaireacht forbartha, meastóireacht ar na tograí/tairiscintí
  • bainistíocht chomhroinnte: is iad údaráis chonarthacha sna Ballstáit a dhéanann meastóireacht ar na tograí/tairiscintí

Ní mór don mheastóireacht ar na hiarratais cloí go dian leis na critéir a fógraíodh do na hiarratasóirí/tairgeoirí féideartha sa ghlao. Ina cheann sin, ní mór na critéir sin a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach maidir le gach iarratas/tairiscint chun cóir chomhionann a chinntiú. Cloíonn baill den choiste meastóireachta le modheolaíocht mheastóireachta a shainítear roimh ré. Léirítear san amlíne thíos sampla de sheicheamh loighciúil cuid den phróiseas.

Nós imeachta um dhámhachtain

  1. Céim 1
    Critéir incháilitheachta agus eisiaimh
  2. Céim 2
    Critéir roghnúcháin
  3. Céim 3
    Critéir dhámhachtana
  4. Céim 4
    Togra dámhachtana

Tabhair do d’aire go bhféadfadh measúnú ar acmhainn airgeadais an iarratasóra a bheith i gceist leis na critéir roghnúcháin.

Fógra

Cuirtear toradh an nós imeachta meastóireachta, cibé acu a glacadh leo nó a diúltaíodh dóibh, in iúl do na hiarratasóirí/tairgeoirí trí litir nó trí fhógra ar líne.

Síniú an chomhaontaithe deontais/an chonartha soláthair

Síníonn an t-iarratasóir/tairgeoir gealltanas dlíthiúil leis an údarás conarthach i bhfoirm comhaontú deontais nó conradh soláthair. Is é an gealltanas dlíthiúil sin an bunús dlí le cur chun feidhme na gníomhaíochta/an tionscadail agus is é an doiciméad tagartha i gcás dlíthíochta é.

Liosta ionadaithe

Uaireanta, tairgtear maoiniú do thograí tionscadail nár roghnaíodh i dtosach aimsire, nuair nach leantar ar aghaidh le tionscadail eile a roghnaíodh nó nuair a chuirtear maoiniú breise ar fáil. Mar sin de, tá iarratasóirí ar aon liosta ionadaithe le cur san áireamh le linn na tréimhse fógartha, ach níl siad le cur san áireamh le linn na tréimhse bronnta, ós rud é nach mbaineann sé sin ach le hiarratasóirí ar éirigh leo.

Is cuid den chinneadh maidir le bronnadh é an liosta ionadaithe agus cuirtear tograí leis an liosta de réir ord ginearálta an rangaithe, rud a dhéanann soiléir an t-ord inar féidir leis an gCoimisiún teagmháil a dhéanamh leis na hiarratasóirí a sheol isteach na tograí sin má bhíonn cistí buiséadacha ar fáil. Is ceart freisin iad a chur ar an eolas ar a dhéanaí faoi dháta sonrach (ar aon dul leis na gealltanais bhuiséadacha) go bhféadfaí a n-iarratas a mhaoiniú. D’fhéadfaí teagmháil a dhéanamh le hiarratasóirí ón liosta ionadaithe freisin más rud é go mbeidh leithreasaí breise buiséadacha ar fáil le linn na bliana lena mbaineann an cinneadh maoiniúcháin faoi seach. Tá an teorainn ama sin le socrú, agus de ghnáth ní sháraíonn sí an spriocdháta féideartha maidir le gealltanais bhuiséadacha dhlíthiúla a bhunú; mura ndéanfar sin is cinneadh críochnaitheach a bheidh sa chinneadh sin ón dáta sin amach.

Ceanglais trédhearcachta

Is ceanglas é foilsiú tairbhithe chistí an Aontais a eascraíonn ó phrionsabal na trédhearcachta. Is ceart don údarás conarthach eolas a chur ar fáil maidir lena bhfuil beartaithe aige, a chuspóirí, a chuid oibríochtaí, a chleachtais agus a thorthaí. Comhlíontar an oibleagáid sin ar bhealach éagsúil ag brath ar an modh bainistíochta faoina n-eisíoctar an maoiniú:

  • foilsítear eolas faoi mhaoiniú bainistíochta dírí gach bliain ar bhunachar sonraí an chórais Trédhearcachta Airgeadais
  • maidir le cistí bainistíochta comhroinnte, is iad na Ballstáit atá freagrach as an eolas faoi thairbhithe a fhoilsiú. Féach tairseach na Sonraí comhtháthaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoin tréimhse 2014-2020
  • maidir le bainistíocht indíreach, tá sé d’oibleagáid ar na comhpháirtithe cur chun feidhme an t-eolas faoi na tairbhithe deiridh a fhoilsiú

Cosaint bhuiséad an Aontais