Page contents Page contents Trí chineál modhanna bainistíochtaNa cláir go léir a mhaoinítear ó bhuiséad an Aontais, tagann siad faoi cheann amháin de thrí chineál modh cur chun feidhme, ag brath ar chineál an mhaoiniúcháin atá i gceist.bainistíocht dhíreach: Is é an Coimisiún Eorpach a bhainistíonn maoiniú an Aontais go díreachbainistíocht chomhroinnte: is iad an Coimisiún Eorpach agus na húdaráis náisiúnta i gcomhar a bhainistíonn an maoiniúbainistíocht indíreach: is iad eagraíochtaí comhpháirtíochta nó údaráis eile laistigh nó lasmuigh den Aontas a bhainistíonn an maoiniúMar sin de, cé gurb é an tAontas a chuireann an maoiniú ar fáil le haghaidh clár nó tionscadal sonrach, ní bhíonn páirt dhíreach aige i gcónaí leis an mbainistíocht laethúil. É sin ráite, cé gur faoi chúram na mBallstát atá sé mórchuid bhuiséad an Aontais a chur chun feidhme, is ar an gCoimisiún atá an fhreagracht deiridh as a chur chun feidhme.Dá réir sin, cuireann an Coimisiún rialuithe diana éifeachtacha i bhfeidhm ar an mbealach ina gcaitear cistí an Aontais. Beidh nós imeachta éagsúil ann ag brath ar conas a chuirtear an clár chun feidhme.Chun maoiniú a fháil le haghaidh tionscadail, ní mór don iarratasóir glao oiriúnach ar thograí nó ar thionscadail a aimsiú agus na treoirlínte sonracha maidir le conas iarratas a dhéanamh a leanúint go docht – ní hionann aon dá ghlao. Beidh an tionscadal in iomaíocht le tionscadail eile a ndearnadh iarratas ina leith faoin nglao.Bainistíocht dhíreachFaoin mbainistíocht dhíreach, tá an Coimisiún Eorpach freagrach go díreach as gach céim i gcur chun feidhme cláir:na glaonna ar thograí a sheoladhmeastóireacht a dhéanamh ar na tograí a seoladh isteachcomhaontuithe deontais a shíniúmonatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme tionscadailmeasúnú a dhéanamh ar na torthaííocaíochtaí a dhéanamhIs iad ranna an Choimisiúin a thugann faoi na cúraimí sin, ina cheanncheathrú, i dtoscaireachtaí an Aontais nó trí ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin an Aontais; ní bhíonn aon tríú páirtí i gceist. Baineann thart ar 20% de bhuiséad 2021-2027 an Aontais le cláir a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach.Is sampla de chlár a reáchtáiltear go díreach ag an gCoimisiún é an Clár um Iomaíochas na bhFiontar agus um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (COSME), arb é an príomhchuspóir atá aige tacú le cruthú agus méadú FBManna. Más fiontraí é an t-iarratasóir, agus tacaíocht airgeadais á lorg aige ón Aontas, is é Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, a reáchtáileann COSME, an roinn teagmhála agus bainistíochta a bheadh i gceist.Déantar glaonna ar thograí faoi bhainistíocht dhíreach a fhoilsiú ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ (SEDIA)Cuid mhór de na cistí ó NextGenerationEU, an ionstraim téarnaimh shealadach, déanfar iad a chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, go háirithe an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), lena gcuirfear iasachtaí agus deontais dar luach €723.8 billiún ar fáil chun tacú le hathchóirithe agus infheistíochtaí a dhéanann na Ballstáit.Ós rud é gur saoráid eisceachtúil é an RRF, leanfar nósanna imeachta sonracha i dtaca lena chur chun feidhme. Eisíocfar na cistí go díreach chuig na Ballstáit bunaithe ar an dul chun cinn a bheidh déanta i leith chur chun feidhme an téarnaimh náisiúnta agus na bpleananna athléimneachta.Is ceart go dtabharfaidh na pleananna aghaidh go héifeachtach ar na dúshláin a shainaithnítear sa Seimeastar Eorpach, go háirithe na moltaí tír-shonracha a bheidh glactha ag an gComhairle. Is ceart freisin go mbeidh bearta sna pleananna chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus tairbhe a bhaint as an aistriú glas agus as an aistriú digiteach.Chun eolas a fháil faoin dóigh a gcuireann na Ballstáit an RRF i bhfeidhm, féach leathanach na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.An Scórchlár Téarnaimh agus AthléimneachtaBainistíocht chomhroinnteFaoin mbainistíocht chomhroinnte, is faoin gCoimisiún Eorpach agus údaráis náisiúnta na mBallstát araon, údaráis amhail aireachtaí agus institiúidí poiblí, atá sé clár ar leith a reáchtáil. Déantar tuairim agus 70% de chláir an Aontais a reáchtáil ar an mbealach sin.Mar shampla, más feirmeoir thú atá lonnaithe aon áit san Aontas, agus má tá tionscadal agat chun trátaí orgánacha a fhás, bheifeá incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar chistí faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT). Chuige sin, chaithfeá teagmháil a dhéanamh le hAireacht Talmhaíochta do thíre, nó le hinstitiúid choibhéiseach, faoina mbeadh sé na cistí le haghaidh do thionscadail a bhainistiú thar ceann an Aontais.Is iad lucht riaracháin na mBallstát (ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil) a roghnaíonn na tionscadail atá le maoiniú agus a bhíonn freagrach as an mbainistíocht laethúil. Agus é ag obair i gcomhar leis na Ballstáit, cinntíonn an Coimisiún go gcuirfear na tionscadail i gcrích go rathúil agus go gcaitear an t-airgead i gceart.Féach na tairseacha náisiúnta aonair le haghaidh cistí bainistíochta comhroinnteConas rochtain a fháil ar mhaoiniú réigiúnach an AontaisÚdaráis mhaoiniúcháin réigiúnacha agus náisiúntaEuroAccess: uirlis chuardaigh ar líne saor in aisce chun tacú le húsáid na ndeiseanna maoiniúcháin atá ann cheana chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a fheabhsú san Aontas Eorpach agus ina Mhacrairéigiúin.Cistí an chomhbheartais talmhaíochtaCláir forbartha tuaithe de réir na tíreComhpháirtithe maoiniúcháin i réimse an oideachais a aimsiúDeiseanna maoiniúcháin i réimse na Fostaíochta, na nGnóthaí Sóisialta agus an ChuimsitheCSE+ i do thír féinCistí struchtúracha 2014-2020Mar gheall ar an nádúr fadtéarmach a bhaineann leo, is féidir le cur chun feidhme roinnt tionscadal cistí struchtúracha dul thar thréimhse an bhuiséid fhadtéarmaigh. I gcás CAI 2014-20, is féidir leis na Ballstáit cistí a ghealladh fós go dtí deireadh 2023. Chun forléargas a fháil ar na cistí sin, féach Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa 2014-2020.Bainistíocht indíreachDéantar roinnt cláir mhaoiniúcháin a chur chun feidhme go páirteach nó go hiomlán le tacaíocht ó eintitis, e.g. údaráis náisiúnta nó eagraíochtaí idirnáisiúnta. An chuid is mó de bhuiséad an Aontais atá leithdháilte ar an gcabhair dhaonna agus an fhorbairt idirnáisiúnta, mar shampla, is faoi bhainistíocht indíreach a chuirtear chun feidhme é.Ar na samplaí de sin tá an tacaíocht airgeadais chun an ráig Ebola san Afraic Thiar a chomhrac agus chun déileáil leis an gcrith talún i Neipeal in 2015. Is ionann na cláir a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach agus thart ar 10% de bhuiséad uile an Aontais.Faoin modh bainistíochta sin, déanann an Coimisiún cúraimí cur chun feidhme an bhuiséid a tharchur chuig cineálacha éagsúla páirtithe cur chun feidhme, mar shamplaTríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siadEagraíochtaí idirnáisiúnta, cuir i gcás córas na Náisiún Aontaithe, an Banc Domhanda, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI)an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI)Gníomhaireachtaí díláraithe amhail an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC), an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) nó an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex)Comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha, lena n-áirítear Comhghnóthais, cuir i gcás an Tionscnamh um Chógais Leighis Nuálacha, Shift2Rail, Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta Eorpach (EuroHPC)Comhlachtaí de chuid na mBallstát, cuir i gcás gníomhaireachtaí náisiúnta Erasmus+, gníomhaireachtaí forbartha de chuid na mBallstát, Bainc Náisiúnta le haghaidh SpreagadhChun tuilleadh samplaí de chomhpháirtithe cur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach a fheiceáil, féach An próiseas iarrataisPointí teagmhála le haghaidh Erasmus+ Naisc ghaolmhara Sula ndéanfaidh tú iarratas: Maoiniú ón Aontas do thosaitheoiríAn próiseas iarratais