Page contents Page contents 3 phrionsabalIs de réir na dtrí prionsabal anseo thíos a chinntear an chaoi agus na réimsí inar féidir leis an Aontas gníomhú:prionsabal na tabhartha – níl d'údarás ag an Aontas ach an t-údarás a thugtar dó le Conarthaí an Aontais, conarthaí atá daingnithe ag na Ballstáit go léirprionsabal na comhréireachta – ní féidir leis an Aontas dul thar an méid is gá a dhéanamh chun cuspóirí Chonarthaí an Aontais a bhaint amachprionsabal na coimhdeachta – i réimsí inar féidir leis an Aontas agus na rialtais náisiúnta araon gníomhú, ní fhéadfaidh an tAontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích ach amháin nuair a bheadh sin níos éifeachtaíAn tAontas Eorpach amháin a fhéadann reachtaíocht a dhéanamhI réimsí áirithe is é an tAontas Eorpach amháin a fhéadann dlíthe a rith. Níl de ról ag na Ballstáit ach an dlí a chur i bhfeidhm, ach amháin i gcás ina n-údaraíonn an tAontas dóibh dlíthe áirithe a ghlacadh iad féin. Sna réimsí seo a leanas, tá inniúlachtaí eisiacha, mar a dtugtar orthu sna conarthaí, ag an Aontas:an t-aontas custaimna rialacha iomaíochta don mhargadh aonairbeartas airgeadaíochta do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acutrádáil agus comhaontuithe idirnáisiúnta (faoi choinníollacha áirithe)ainmhithe agus plandaí mara a thagann faoin gcomhbheartas iascaighFéadann an tAontas Eorpach nó na rialtais náisiúnta reachtaíocht a dhéanamhI réimsí airithe, féadann an tAontas agus na Ballstáit ar aon dlíthe a rith. Ach ní fhéadann na Ballstáit an méid sin a dhéanamh ach amháin mura bhfuil dlíthe molta ag an Aontas cheana nó má tá sé beartaithe gan sin a dhéanamh. Sna réimsí seo a leanas, tá inniúlachtaí roinnte, mar a dtugtar orthu sna conarthaí, ag an Aontas:an margadh aonairfostaíocht agus gnóthaí sóisialtacomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochachtalmhaíochtiascachcomhshaolcosaint tomhaltóiríiompargréasáin thras-Eorpachafuinneamhceartas agus cearta bunúsachaimirce agus gnóthaí bailesláinte phoiblí (i gcás na ngnéithe ar a dtugtar sainmhíniú in Airteagal 168 maidir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) taighde agus an spáscomhar um fhorbairt agus cabhair dhaonnúilDéanann na Ballstáit reachtaíocht, cúnamh an AontaisI réimsí áirithe, ní fhéadann an tAontas ach tacú le gníomhaíocht na mBallstát nó í a chomhordú nó a chomhlánú. Ní fhéadann sé dlíthe a rith nó tionchar a imirt ar an gcumas atá ag na Ballstáit an méid sin a dhéanamh. Sna réimsí seo a leanas, tá inniúlachtaí tacaíochta, mar a dtugtar orthu sna conarthaí, ag an Aontas:sláinte phoiblíearnáil tionsclaíochtacultúrturasóireachtoideachas agus oiliúint, óige agus spórtcosaint shibhialtacomhar riaracháinTá ról ar leith ag an AontasI réimsí áirithe, tá an tAontas in ann, de bharr inniúlachtaí speisialta, ról faoi leith a ghlacadh nó dul thar an méid a cheadaítear de ghnáth faoi na conarthaí:beartais eacnamaíocha agus fostaíochta a chomhordúcomhbheartas eachtrach agus slándála a shainiú agus a chur chun feidhmean 'clásal solúbthachta', clásal a chuireann ar a chumas don Aontas, faoi réir coinníollacha dochta, gníomhú lasmuigh dá ghnáthréimsí freagrachta Naisc ghaolmhara An dóigh a ndéantar cinntíTuilleadh eolais faoi dhlí an Aontais Eorpaigh